San am a caitheadh 

Tá an-athrú tagtha ar Pharlaimint na hEorpa thar na blianta. Tá freagrachtaí breise faighte aici agus tá méadú tagtha ar a cuid tábhachta. Ní raibh ach ról maoirseachta ag a réamhtheachtaí - an Tionól - ach na laethanta seo is í Parlaimint na hEorpa an t-aon chomhlacht de chuid an AE atá tofa go díreach. Chomh maith le leasanna an phobail a chur chun cinn tá ról ag an bParlaimint mar chomhreachtóir. Déanann sí scrúdú ar institiúidí an AE agus is gníomhaire í ar son chearta an duine san Eoraip féin agus ar fud na cruinne. Anseo is féidir leat teacht ar neart eolais faoi na hathruithe atá tagtha ar an bParlaimint thar na blianta.

Toghcháin roimhe seo 

Ó 1979, toghtar na Feisirí i ndírthoghcháin ar fud an Aontais. Faigh amach na figiúirí uile ó na toghcháin is déanaí agus na sonraí stairiúla faoi chomhdhéanamh polaitiúil na Parlaiminte, faoin ráta vótála agus faoi chion na mban atá ina bhFeisirí.

Conarthaí agus an Pharlaimint 

I ngeall ar athruithe ar na conarthaí Eorpacha, tá méadú tagtha de réir a chéile ar chumhachtaí na Parlaiminte. Léigh faoi fhorbairt dhlí príomha AE agus a thionchar ar an bParlaimint.

Cartlann Pharlaimint na hEorpa 

Caith súil ar fhoinsí, ailt agus staidéir stairiúla agus faigh amach faoin obair atá déanta ag an bParlaimint ar son lánpháirtiú na hEorpa.

in the past    
 

Amlíne Pharlaimint na hEorpa

Caith súil ar an amlíne seo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na hathruithe atá tagtha ar Pharlaimint na hEorpa thar na blianta agus chun súil a chaitheamh ar ghrianghraif agus ar fhíseáin de na himeachtaí stairiúla a rinne an Pharlaimint a mhúnlú.

Cartlann Pharlaimint na hEorpa

Is í Cartlann Pharlaimint na hEorpa coimeádaí oifigiúil thaifid na hinstitiúide ó bunaíodh an institiúid in 1952. Tá bailiúcháin cáipéisí i dtaisce inti ar ghníomhaíochtaí reachtaíochta, polaitíochta agus riaracháin na hinstitiúide.