An Pharlaimint tar éis Chonradh Liospóin: Ról níos mó i ndáil le cruthú na hEorpa 

Le conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm ag deireadh na bliana 2009, tugadh cumhachtaí nua déanta dlíthe do Pharlaimint na hEorpa agus cuireadh ar comhchéim í le Comhairle na nAirí i dtaca le cinneadh a dhéanamh i dtaobh cad a dhéanann AE agus conas a chaitear airgead. Chomh maith leis sin, d’athraigh sé an tslí ina n-oibríonn an Pharlaimint i gcomhar le hinstitiúidí eile agus thug sé tuilleadh tionchair do na Feisirí ar lucht reáchtála AE. Mar thoradh ar na hathchóirithe sin go léir, áirithíodh gur féidir leatsa, nuair a chaitheann tú do vóta sna toghcháin Eorpacha, tionchar níos mó a imirt ar an treo ina bhfuil an Eoraip ag gluaiseacht.

Tuilleadh cumhachtaí

Le conradh Liospóin, méadaíodh cumas AE agus a Pharlaiminte chun gníomhú agus chun torthaí a bhaint amach. Leathnaigh sé cumhacht reachtach iomlán na Parlaiminte chuig níos mó ná 40 réimse nua, lena n-áirítear talmhaíocht, slándáil fuinnimh, inimirce, ceartas agus cistí AE, agus cuireadh an Pharlaimint ar comhchéim le Comhairle na nAirí a fheidhmíonn thar ceann rialtais na mBallstát. Ina theannta sin, fuair an Pharlaimint an chumhacht chun buiséad iomlán AE a fhormheas i gcomhar leis an gComhairle.

Tugadh an ceart do na Feisirí diúltú do chomhaontuithe idirnáisiúnta agus ní raibh aon leisce uirthi an chumhacht sin a úsáid chun stop a chur le comhaontú conspóideach i.e. an Comhaontú Trádála um Fhrith-Ghóchumadh (ACTA), ar comhaontú é a raibh imní ar chuid mhór daoine ina leith go gcuirfeadh sé isteach ar shaoirsí bunúsacha. Chruthaigh an méid sin gurb é a lean as an méadú cumhachtaí ná go bhféadfaidh tionchar níos mó a bheith ag na cinntí a dhéanann na Feisirí ar ghnáthshaol laethúil mhuintir na hEorpa.

Ról níos mó

Ní hamháin go ndearna conradh Liospóin na cumhachtaí céanna déanta dlíthe agus atá ag an gComhairle a thabhairt don Pharlaimint ach thug sé cumhacht don Pharlaimint freisin chun treo polaitíochta na hEorpa a leagan amach. De réir na n-athruithe ar na conarthaí, is í an Pharlaimint a thoghann ceann an Choimisiúin, is é sin comhlacht feidhmiúcháin AE, agus le linn an cinneadh ina leith sin a dhéanamh, ní mór torthaí na dtoghchán Eorpach agus, dá bhrí sin, rogha na vótálaithe a chur san áireamh.

Guth níos láidre do na saoránaigh

Ina cáil mar an t-aon institiúid amháin de chuid AE a dtoghann na saoránaigh go díreach í, tá cumhachtaí ag an bParlaimint, agus tá freagracht uirthi, chun a chinntiú go bhfuil institiúidí AE cuntasach. Is í an Pharlaimint caomhnóir na Cairte um Chearta Bunúsacha, atá ina cuid dhílis de Chonradh Liospóin, agus is í freisin caomhnóir an chirt nua-bhunaithe maidir le tionscnamh ó na saoránaigh, ar dá réir atá daoine in ann tograí nua beartais a iarraidh má shíníonn milliún duine achainí á iarraidh sin.