Tréimhsí Oiliúna i bParlaimint na hEorpa

 

Tairgeann an Pharlaimint roghanna oiliúna maidir le tréimhsí oiliúna laistigh dá Rúnaíocht chun deiseanna gairmoiliúna agus deiseanna foghlama faoi céard í Parlaimint na hEorpa agus cad a dhéanann sí a sholáthar.

 
 
 
Tréimhsí oiliúna do chéimithe ollscoile – Rogha Ghinearálta nó Rogha Iriseoireachta (Scoláireachtaí Schuman)

Tá tréimhsí oiliúna do chéimithe ollscoile ceaptha chun a chumasú d’oiliúnaithe an t-eolas a fuair siad le linn dóibh a bheith i mbun staidéar a fhorlíonadh agus eolas a fháil ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, ar ghníomhaíochtaí Pharlaimint na hEorpa.

Is iad seo a leanas na tréimhsí oiliúna lena mbaineann:

  • Scoláireachtaí Robert Schuman, rogha ghinearálta
  • Scoláireachtaí Robert Schuman, rogha iriseoireachta

Maidir le hiarratasóirí ar thréimhse oiliúna do chéimithe ollscoile:

  • ní mór dóibh a bheith ina náisiúnaigh de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach nó de chuid tíre is iarratasóir, ach sin gan dochar d’fhorálacha mhír 2 d’airteagal 5 de na rialacha Inmheánacha;
  • ní mór dóibh a bheith 18 mbliana d'aois nó os a chionn ar dháta tosaithe a dtréimhse oiliúna;
  • ní mór dóibh eolas críochnúil a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh;
  • ní ceadmhach aon tréimhse oiliúna eile a bheith faighte acu roimhe sin ná ní ceadmhach fostaíocht íoctha a bheith acu roimhe sin ar feadh tráth is faide ná ceithre seachtaine as a chéile ar chostas bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

Ní mór d’iarratasóirí ar scoláireachtaí Robert Schuman, rogha iriseoireachta, a thaispeáint go bhfuil taithí ghairmiúil acu agus fianaise a thabhairt air sin i bhfoirm saothar atá foilsithe nó i bhfoirm comhaltais i gcumann iriseoirí i mBallstát den Aontas Eorpach nó i bhfoirm cáilíochta san iriseoireacht atá aitheanta i mBallstáit an Aontais Eorpaigh nó i dtíortha is iarratasóirí.

Déantar na tréimhsí oiliúna sin a dhámhadh i leith tréimhse a mhaireann cúig mhí, ar tréimhse í nach féidir a leathnú.

Dátaí na dtréimhsí oiliúna agus na tréimhsí ar lena linn nach mór iarratas a dhéanamh
An tréimhse ar lena linn nach mór iarratas a dhéanamh An tréimhse oiliúna
15 Lúnasa – 15 Deireadh Fómhair (meán oíche) 1 Márta – 31 Iúil
15 Márta – 15 Bealtaine (meán oíche) 1 Deireadh Fómhair – 28/29 Feabhra (meán oíche)

Chun iarratas a dhéanamh ar thréimhse oiliúna, ní mór duit na coinníollacha a chomhlíonadh agus an fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú.

Molaimid duit gan fanacht go dtí an lá deiridh chun iarratas a dhéanamh le nach ndéanfar an córas a ró-ualú mar gheall ar líon mór iarratas a bheith á ndéanamh an tráth céanna.

Nuair atá iarratas á dhéanamh ar líne, bíonn 30 nóiméad ar a mhéad agat chun gach leathanach ar leith den fhoirm iarratais a chomhlánú. Tabhair do d’aire le do thoil go gcaillfear na sonraí atá curtha isteach agat má fhágann tú d’fhoirm iarratais neamhghníomhach ar feadh 30 nóiméad. Molaimid duit, dá bhrí sin, ‘na rialacha Inmheánacha lena rialaítear tréimhsí oiliúna agus cuairteanna staidéir i Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa’ agus na Ceisteanna a Chuirtear go Minic a léamh go cúramach sula gcomhlánóidh tú an fhoirm iarratais.

Chun iarratas a dhéanamh chuig na hArd-Stiúrthóireachtaí sin is fearr a oireann do do phróifíl féin, is féidir leat tuairisc fúthu a léamh tríd an gcnaipe faisnéise  a bhrú ar an leathanach deiridh den fhoirm iarratais nó is féidir dul chuig láithreán gréasáin Pharlaimint na hEorpa.

Ní féidir an t-iarratas a athrú ar líne agus déantar é a chomhlánú agus a sheoladh in aon oibríocht amháin. Tar éis d’iarratas a chomhlánú, déan deimhin de go bhfuil sé ceart agus iomlán sula seolfaidh tú ar aghaidh é.

Ní fhéadfaidh tú ach iarratas amháin a dhéanamh i gcás ceann ar leith de na roghanna i leith tréimhse oiliúna. I gcás ina ndéantar níos mó ná iarratas amháin i gcás ceann ar leith de na roghanna ní choimeádfar ach an t-iarratas is déanaí.

NB: Diúltófar go huathoibríoch d’aon iarratais neamhiomlána.

Nuair atá d’iarratas ar líne daingnithe/seolta ar aghaidh agat, gheobhaidh tú, go huathoibríoch, teachtaireacht dhaingnithe a chuirfear chuig do sheoladh ríomhphoist. Beidh uimhir dhaingnithe ann sa teachtaireacht sin agus is ceart duit an uimhir sin a lua i ngach comhfhreagras ina dhiaidh sin maidir leis an tréimhse oiliúna agus beidh achoimre ar d’iarratas i bhformáid pdf le fáil sa teachtaireacht sin freisin agus iarrfar leagan páipéir de sin má thairgimid tréimhse oiliúna duit.

 
 
Socrúcháin oiliúna

Déanann Parlaimint na hEorpa deis chun dul i mbun socrúchán oiliúna a thairiscint do dhaoine óga a bhfuil deimhniú faighte acu tar éis an mheánscoil a fhágáil (agus é faighte roimh an dáta deiridh chun glacadh le hiarratais) ar deimhniú e a fhreagraíonn don leibhéal is gá i gcomhair iontrála chuig Ollscoil nó do dhaoine óga a bhfuil cúrsa níos airde ná sin nó cúrsa teicniúil go leibhéal coibhéiseach críochnaithe acu. Tugtar tús áite do dhaoine óga nach mór dóibh socrúchán oiliúna a chur i gcrích mar chuid dá gcúrsa staidéir, ar choinníoll go bhfuil aois 18 mbliana sroichte acu faoin gcéad lá den socrúchán.

Déantar socrúcháin oiliúna a dhámhadh i leith tréimhsí a mhaireann idir mí amháin agus ceithre mhí, ach d’fhéadfadh sé go mbeidh eisceachtaí ann ina leith sin.

(1) Socrúcháin oiliúna neamhéigeantacha

Dátaí tosaithe agus dátaí deiridh chun glacadh le hiarratais i gcás socrúchán oiliúna neamhéigeantach:
An tréimhse ar lena linn nach mór iarratas a dhéanamh Tús an tsocrúcháin (4 mhí ar a mhéad)
1 Lúnasa – 1 Deireadh Fómhair 1 Eanáir
1 Nollaig – 1 Feabhra 1 Bealtaine
1 Aibreán – 1 Meitheamh 1 Meán Fómhair

(2) Socrúcháin oiliúna éigeantacha

Is féidir leis an bParlaimint glacadh le hiarratasóirí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta maidir le hinghlacthacht agus ar ina leith atá socrúchán oiliúna ina cheanglas éigeantach:

  • mar chuid de chúrsa staidéir in ollscoil nó i bhforas oideachais den tsamhail chéanna ó thaobh caighdeáin de,
  • i ndáil le gairmoiliúint ardleibhéil arna heagrú ag comhlacht neamhbhrabúis (go háirithe, institiúidí nó comhlachtaí poiblí ),
  • mar réamhriachtanas chun rochtain a fháil ar ghairm,

ach sin faoi réir doiciméid tacaíochta ón gcomhlacht a thugann rochtain ar an ngairm atá i dtrácht a thíolacadh.

Dátaí tosaithe agus dátaí deiridh chun glacadh le hiarratais i gcás socrúchán oiliúna éigeantach:
An dáta deiridh chun glacadh le hiarratais Tús an tsocrúcháin
1 Deireadh Fómhair Idir 1 Eanáir agus 30 Aibreán
1 Feabhra Idir 1 Bealtaine agus 31 Lúnasa
1 Meitheamh Idir 1 Meán Fómhair agus 31 Nollaig

Chun iarratas a dhéanamh ar shocrúchán oiliúna, ní mór duit na coinníollacha maidir le hinghlacthacht a chomhlíonadh agus ní mór duit an fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú.

Molaimid duit gan fanacht go dtí an lá deiridh chun iarratas a dhéanamh mar gur dóigh go ndéanfar an córas a ró-ualú i gcás líon mór iarratas a bheith á ndéanamh an tráth céanna.

Tabhair do d’aire le do thoil go gcaillfear na sonraí atá curtha isteach agat má fhágann tú d’fhoirm iarratais neamhghníomhach ar feadh 30 nóiméad. Molaimid duit, dá bhrí sin, na Rialacha Inmheánacha lena Rialaítear Tréimhsí Oiliúna agus cuairteanna staidéir i Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus na Ceisteanna a Chuirtear go Minic a léamh go cúramach sula gcomhlánóidh tú an fhoirm iarratais.

Chun cabhrú linn d’iarratas a chur chuig na hArd-Stiúrthóireachtaí (DG-anna) is fearr a oireann do do phróifíl, is féidir leat tuairisc faoi na DG-anna go léir a léamh tríd an gcnaipe faisnéise i a bhrú ar an leathanach deiridh den fhoirm iarratais nó is féidir dul chuig láithreán gréasáin rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa.

Ní féidir an t-iarratas a athrú ar líne agus déantar í é a chomhlánú agus a sheoladh in aon oibríocht amháin. Nuair atá d’fhoirm iarratais comhlánaithe agat ar líne, cinntigh go bhfuil sé i gceart slua gcliceálfaidh tú ar 'seol'.

Tabhair do d’aire, le do thoil, go ndiúltófar go huathoibríoch d’aon iarratais neamhiomlána.

Nuair atá d’iarratas ar líne daingnithe/seolta ar aghaidh agat, gheobhaidh tú, go huathoibríoch, teachtaireacht dhaingnithe a chuirfear chuig do sheoladh ríomhphoist. Beidh uimhir dhaingnithe ann sa teachtaireacht sin agus is ceart duit an uimhir sin a lua i ngach comhfhreagras ina dhiaidh sin maidir leis an socrúchán oiliúna agus, chomh maith leis sin, beidh ceangaltán ann a chumasóidh duit rochtain a fháil ar achoimre ar d’iarratas i bhformáid pdf agus iarrfar leagan páipéir de sin má thairgimid socrúchán duit.

 
 
 
Socrúcháin oiliúna aistriúcháin

Déanann Parlaimint na hEorpa deis chun dul i mbun socrúchán oiliúna aistriúcháin a thairiscint d’iarratasóirí ag a bhfuil deimhniú faighte acu tar éis an mheánscoil a fhágáil acu, agus é faighte roimh an dáta deiridh chun glacadh le hiarratais, ar deimhniú e a fhreagraíonn don leibhéal is gá i gcomhair iontrála chuig ollscoil nó d’iarratasóirí a bhfuil cúrsa níos airde ná sin nó cúrsa teicniúil staidéir go leibhéal coibhéiseach críochnaithe acu. Tá na socrúcháin seo ceaptha go háirithe d’iarratasóirí nach mór dóibh socrúchán oiliúna a chur i gcrích mar chuid dá gcúrsa staidéir, ar choinníoll go bhfuil aois 18 mbliana sroichte acu faoin gcéad lá den socrúchán oiliúna.

Maidir le hiarratasóirí ar shocrúchán oiliúna aistriúcháin:

  • ní mór dóibh a bheith ina náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach nó de thír is iarrthóir;
  • ní mór dóibh a bheith 18 mbliana d'aois nó os a chionn ar dháta tosaithe na tréimhse oiliúna
  • ní mór dóibh eolas iomlán a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh nó ar theanga oifigiúil tíre is iarrthóir agus eolas críochnúil a bheith acu ar dhá theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh
  • ní ceadmhach aon tréimhse oiliúna eile a bheith faighte acu roimhe sin ná ní ceadmhach fostaíocht íoctha a bheith acu roimhe sin ar feadh tráth is faide ná ceithre seachtaine as a chéile ar chostas bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

Déantar socrúcháin oiliúna aistriúcháin a dhámhadh i leith tréimhse idir aon mhí amháin agus trí mhí. I gcásanna eisceachtúla, féadfar iad a fhadú go ceann tréimhse trí mhí ar a mhéad.

Tréimhsí socrúcháin oiliúna agus na dátaí deiridh comhfhreagracha chun iarratas a dhéanamh:
Tús an tsocrúcháin oiliúna An tréimhse ar lena linn nach mór iarratas a dhéanamh
1 Eanáir 15 Meitheamh – 15 Lúnasa (meán oíche)
1 Aibreán 15 Meán Fómhair – 15 Samhain (meán oíche)
1 Iúil 15 Nollaig – 15 Feabhra (meán oíche)
1 Deireadh Fómhair 15 Márta - 15 Bealtaine (meán oíche)

Molaimid duit gan fanacht go dtí an lá deiridh chun iarratas a dhéanamh mar gur dóigh go ndéanfar an córas a ró-ualú i gcás líon mór iarratas a bheith á ndéanamh an tráth céanna.

Is i Lucsamburg a bhíonn socrúcháin oiliúna aistriúcháin.

Gheobhaidh oiliúnaithe atá i mbun socrúcháin oiliúna aistriúcháin liúntas míosúil.

Mar léiriú, is ionann an liúntas agus EUR 300 sa mhí sa bhliain 2014

Má tá spéis agat i socrúchán oiliúna aistriúcháin, léigh na Rialacha Inmheánacha lena Rialaítear Tréimhsí Oiliúna Aistriúcháin.

Tabhair do d’aire le do thoil na coinníollacha maidir le hinghlacthacht. Má réamhroghnaítear thú, iarrfar na nithe seo a leanas mar dhoiciméid tacaíochta:

  • an fhoirm iarratais, agus í comhlánaithe agus sínithe go cuí,
  • cóip de do phas nó de do chárta aitheantais,
  • cóipeanna de do chuid dioplómaí agus deimhnithe,
  • agus cóip de do chuid torthaí ollscoile, má tá siad agat.

Ní ceart na doiciméid tacaíochta a sheoladh ar aghaidh ag an gcéim seo. Ní iarrfar ort iad a sholáthar ach amháin má éiríonn leat sa chéim réamhroghnúcháin.

Má réamhroghnaítear thú i gcomhair socrúcháin oiliúna, ní mheasfar iarratas bailí a bheith déanta agat ach amháin i gcás ina soláthróidh tú an tsraith iomlán doiciméad atá liostaithe thuas.

Má chomhlíonann tú na coinníollacha maidir le hinghlacthacht, comhlánaigh an fhoirm iarratais ar líne le do thoil.

Tabhair do d’aire le do thoil go gcaillfear na sonraí atá curtha isteach agat má fhágann tú d’fhoirm iarratais neamhghníomhach ar feadh 30 nóiméad. Dá bhrí sin, molaimid duit na Rialacha Inmheánacha lena Rialaítear Tréimhsí Oiliúna Aistriúcháin a léamh go cúramach sula gcomhlánóidh tú an fhoirm iarratais.

Tar éis an t-iarratas a sheoladh, ní féidir é a athrú ar líne agus déantar é a chomhlánú agus a sheoladh in aon oibríocht amháin. Tá foirm shamplach ar fáil (féach an nasc thíos) chun cabhrú leat d’iarratas a ullmhú sula seolfaidh tú ar aghaidh é ar líne.

NB: Tugtar uimhir duit nuair a dhéanann tú d’iarratas ar líne a bhailíochtú agus is ceart duit cóip den uimhir sin a choimeád.

 
 
Ateangairí comhdhála

Ní sholáthraíonn Stiúrthóireacht Ateangaireachta Pharlaimint na hEorpa bunoiliúint do theangeolaithe ar mian leo speisialtóireachta shaothrú in ateangaireacht chomhdhála ós rud é, faoi phrionsabal na coimhdeachta, go bhfuil an fhreagracht as sin ar údaráis náisiúnta na mBallstát.

Má tá cáilíocht agat cheana féin in ateangaireacht chomhdhála agus má tá an cumasc teangacha atá agat ábhartha don institiúid, ansin is ceart duit breithniú a dhéanamh maidir le hiarratas a dhéanamh ar thástáil chreidiúnaithe nó ar chomórtas oscailte (féach Interpreting for Europe).

Deiseanna eile

Más spéis leat teacht chun bheith i d’ateangaire comhdhála ach nach bhfuil tú cáilithe fós, tairgeann roinnt ollscoileanna san Eoraip cúrsaí as a leanann cáilíocht san aistriúchán agus san ateangaireacht. Chun liosta ollscoileanna a thairgeann cúrsaí lánaimseartha a fháil téigh chuig an nasc seo this link.

Agus má tá céim agat cheana féin in aon ábhar, ach gur mhaith leat oiliúint a fháil chun teacht chun bheith i d’ateangaire comhdhála, d’fhéadfadh spéis a bheith agat sa Mháistreacht Eorpach seo «European Masters» atá á tairiscint i roinnt institiúidí ardoideachais.

 
 
 
 
Tools
 
 
Teagmháil
 
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil leis an oifig chuí i gcás an chineáil ar leith tréimhse oiliúna a bhfuil spéis agat ann, ach sin a dhéanamh tar éis na rialacha ábhartha a léamh:

 
I gcás na rogha ginearálta/iriseoireachta, socrúcháin oiliúna:
  • Parlaimint na hEorpa
  • Oifig na dTréimhsí Oiliúna
    GEO 02A018
    L - 2929 LUCSAMBURG
  • +352 / 43 00 248 82
 
I gcás tréimhsí oiliúna aistriúcháin