Cumhachtaí reachtacha

 
An gnáthnós imeachta reachtach

Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, gníomhaíonn Parlaimint na hEorpa ar bhonn cothrom le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus iad ag déileáil le raon leathan réimsí (mar shampla, rialachas eacnamaíoch, inimirce, fuinneamh, iompar, an comhshaol agus cosaint an tomhaltóra). Déanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle formhór mór na ndlíthe Eorpacha a ghlacadh i gcomhpháirt lena chéile.

 
Computer graphic: Ordinary legislative procedure   Cliceáil anseo chun go bhfaighidh tú an t-eolas ar fad faoin ngnáthnós imeachta reachtach.

Tugadh isteach nós imeachta na comhchinnteoireachta le Conradh Maastricht ar an Aontas Eorpach (1992), agus rinneadh an nós imeachta sin a leathnú amach agus cuireadh bonn níos éifeachtaí leis i gConradh Amstardam (1999). Nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, athainmníodh an nós imeachta go dtí an gnáthnós imeachta reachtach agus rinneadh de an príomhnós imeachta reachtach i gcóras cinnteoireachta AE.

 
 
Comhairliúchán
 

Faoi Airteagal 289 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is nós imeachta reachtach speisialta atá sa chomhairliúchán, trína n-iarrtar ar an bParlaimint a tuairim i dtaobh reachtaíocht bheartaithe a thabhairt uaithi sula nglacann an Chomhairle an reacht.

Féadann Parlaimint na hEorpa an togra reachtach a fhormheas nó diúltú dó, nó féadfaidh sí leasuithe ar an togra a mholadh. Níl aon oibleagáid dhlíthiúil ar an gComhairle an tuairim ón bParlaimint a chur san áireamh, ach de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, ní fhéadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh gan an tuairim sin a bheith faighte aici.

I dtús ama, le Conradh na Róimhe 1957, is ról comhairleach sa phróiseas reachtach a bhí ag an bParlaimint; dhéanadh an Coimisiún an reachtaíocht a mholadh agus is í an Chomhairle a ghlacadh í.

Bunaithe ar an Ionstraim Eorpach Aonair (1986) agus ar Chonarthaí Maastricht, Amstardam, Nice agus Liospóin, leathnaíodh amach sainchumais na Parlaiminte diaidh ar ndiaidh. Is féidir léi anois a bheith ina comhreachtóir ar bhonn comhionann leis an gComhairle i bhformhór mór na réimsí (féach An Gnáthnós Imeachta Reachtach), agus rinneadh nós imeachta reachtach speisialta (nó fiú nós imeachta neamhreachtach) den chomhairliúchán nach mbíonn in úsáid ach i líon teoranta cásanna.

Tá an nós imeachta seo infheidhme anois i líon teoranta réimsí reachtacha, amhail díolúintí sa mhargadh inmheánach agus dlí na hiomaíochta. Bíonn gá le comhairliúchán na Parlaiminte freisin, mar nós imeachta neamhreachtach, i gcás ina mbíonn comhaontuithe idirnáisiúnta á nglacadh faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES).

For further information see:
 
 
Toiliú
 

I réimsí reachtacha áirithe, iarrtar ar Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt – mar nós imeachta reachtach speisialta faoi Airteagal 289(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tugann nós imeachta an toilithe an ceart don Pharlaimint togra reachtach a chrosadh. Dá réir sin, is é an ról atá ag an bParlaimint an togra reachtach a fhormheas nó diúltú dó ach gan aon leasuithe eile a dhéanamh agus ní féidir leis an gComhairle gan géilleadh do chinneadh na Parlaiminte. Bíonn gá le toiliú freisin – mar nós imeachta neamh-reachtach – nuair a bhíonn comhaontuithe idirnáisiúnta áirithe á nglacadh ag an gComhairle.

Thugtaí nós imeachta an aontaithe air roimhe seo agus tugadh isteach é leis an Ionstraim Eorpach Aonair (1986) in dhá réimse: comhaontuithe comhlachais agus comhaontuithe lena rialaítear aontachas leis an Aontas Eorpach. Rinneadh an raon feidhme do chur i bhfeidhm an nós imeachta a leathnú amach i ngach modhnú a rinneadh ina dhiaidh sin ar na Conarthaí.

Mar nós imeachta neamhreachtach, bíonn feidhm aige de ghnáth maidir le comhaontuithe áirithe arna gcaibidliú ag an Aontas Eorpach a dhaingniú, nó is é an cás is suntasaí ina bhfuil sé infheidhme ná i gcásanna ina ndéantar sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha faoi Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) nó le haghaidh aontachas Bhallstáit nua AE nó le haghaidh socruithe chun tarraingt siar ón Aontas.

Mar nós imeachta reachtach, baintear úsáid as freisin nuair a bhíonn reachtaíocht nua maidir leis an idirdhealú a chomhrac á ghlacadh agus anois tugann sé an ceart do Pharlaimint na hEorpa togra reachtach a chrosadh nuair a bhíonn bunús dlí ginearálta na coimhdeachta á chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 352 CFAE.

For further information see:
 
 
Airteagail
 

I dteannta na gceithre phríomhnós imeachta reachtach, tá nósanna imeachta eile ann a leanann an Pharlaimint i réimsí ar leith.

 
Tuairim a thagann faoi Airteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (aontas airgeadaíochta)

Déanann an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach tuarascálacha a tharraingt suas don Chomhairle ar dhul chun cinn na mBallstát a bhfuil maolú acu i gcomhall a n oibleagáidí maidir le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta.

Tar éis don Pharlaimint a tuairim a thabhairt, cinnfidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cé hiad na Ballstáit a bhfuil maolú acu agus a chomhallann na coinníollacha le aghaidh airgeadra aonair a ghlacadh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 140(1) CFAE agus leis sin aisghaireann sí maoluithe na mBallstát sin. Sa nós imeachta seo, vótálann an Pharlaimint ar na leasuithe uile in aon vóta amháin agus ní féidir léi a cuid leasuithe féin a chur síos.

  • Rialacha Nós Imeachta: Riail 83
 
Nósanna imeachta a bhaineann le hagallamh idir na comhpháirtithe sóisialta

Áirítear ar chuspóirí an Aontais an t agallamh idir an dá thaobh sa tionsclaíocht a chur chun cinn d'fhonn comhaontuithe agus coinbhinsiúin a thabhairt chun críche.

Faoi Airteagal 154 CFAE, tá de chúram ar an gCoimisiún comhairliúchán idir na comhpháirtithe sóisialta a chur ar aghaidh ar leibhéal an Aontais agus á dhéanamh sin dó cuireann sé treoirlínte féideartha le haghaidh gníomhaíocht Aontais faoi bhráid na Parlaiminte tar éis dó dul i gcomhairle leis an dá thaobh sa tionsclaíocht.

Déantar aon doiciméad ón gCoimisiún nó aon chomhaontú idir na comhpháirtithe sóisialta a tharchur chuig an gcoiste freagrach den Pharlaimint. I gcás ina bhfuil na comhpháirtithe sóisialta tar éis teacht ar chomhaontú agus go n-iarrann siad, i gcomhpháirt lena chéile, go gcuirfear an comhaontú chun feidhme le cinneadh ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún faoi Airteagal 155(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an coiste freagrach tairiscint i gcomhair rúin a chur síos á mholadh go bhformheasfar an iarraidh nó go ndiúltófar di.

  • Rialacha Nós Imeachta: Rialacha 84
 
Nósanna imeachta maidir le comhaontuithe deonacha a bhreithniú

Cuireann an Coimisiún in iúl don Pharlaimint nuair a bhíonn sé ar intinn aige leas a bhaint as comhaontuithe deonacha seachas reachtaíocht. Féadann an coiste i dtrácht tuarascáil féintionscnaimh a tharraingt suas faoi Riail 48. Cuireann an Coimisiún in iúl don Pharlaimint nuair a bhíonn sé ar intinn aige comhaontú deonach a thabhairt chun críche. Féadann an coiste freagrach tairiscint i gcomhair rúin a chur síos ina moltar go ndéanfar an togra a ghlacadh nó diúltú dó agus cad iad na coinníollacha is mian leis a fhorchur ar an gcomhaontú.

  • Rialacha Nós Imeachta: Rialacha 48, 85
 
Códú

Is é is códú oifigiúil ann ná an nós imeachta lena ndéantar na gníomhartha atá á gcódú a aisghairm agus lena gcuirtear gníomh aonair ina n-ionad. Bíonn ar áireamh sa leagan comhdhlúite na modhnuithe uile a rinneadh ó tháinig an gníomh i bhfeidhm an chéad lá riamh. Ní bhíonn aon mhodhnú ann a athraíonn substaint an ghnímh. Cabhraíonn an códú le soiléiriú a dhéanamh ar reachtaíocht AE a bhfuil modhnuithe déanta go minic uirthi. Déanann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla sa Pharlaimint an togra ón gCoimisiún le haghaidh códaithe a scrúdú. Mura ndéantar aon mhodhnú ar an tsubstaint, bíonn feidhm ag an nós imeachta simplithe chun tuarascáil a ghlacadh faoi Riail 46. Glacfaidh an Pharlaimint cinneadh trí vótáil aonair, gan leasú ná díospóireacht.

  • Rialacha Nós Imeachta: Rialacha 46, 86
 
Provisions on implementing and delegated provisions

Féadann an Coimisiún forálacha cur chun feidhme a thabhairt isteach i gcás reachtaíocht atá cheana ann. Déantar na forálacha sin a thíolacadh do choistí saineolaithe ó na Ballstáit agus cuirtear ar aghaidh chuig an bParlaimint iad mar bheart faisnéise nó chun go ndéanfadh an Pharlaimint iad a ghrinnscrúdú. Ar mholadh óna choiste freagrach, féadann an Pharlaimint rún a ghlacadh a chuireann i gcoinne an bhirt, á rá di go dtéann an dréachtbheart cur chun feidhme thar na cumhachtaí a leagtar síos sa ghníomh reachtach lena mbaineann, nach bhfuil an dréachtbheart sin ag luí le haidhm nó le hinneachar na bunionstraime nó nach bhfuil prionsabail na coimhdeachta nó na comhréireachta á n urramú sa dréachtbheart, agus á iarraidh di ar an gCoimisiún an dréacht de na bearta a tharraingt siar nó a leasú nó togra a thíolacadh faoin nós imeachta reachtach iomchuí.

I gcás ina ndéanann gníomh reachtach an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun eilimintí neamhriachtanacha de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú, scrúdóidh an coiste freagrach aon dréachtghníomh tarmligthe i gcás ina ndéantar é a tharchur chuig an bParlaimint i gcomhair a ghrinnscrúdaithe agus féadann sé, i dtairiscint i gcomhair rúin, aon togra iomchuí a thíolacadh don Pharlaimint i gcomhréir le forálacha an ghnímh reachtaigh.

  • Rialacha Nós Imeachta: Rialacha 87a, 88
 
 
Tionscnamh reachtach
 

Is leis an gCoimisiún a luíonn an chumhacht reachtaíocht a thionscnamh. Faoi Chonradh Maastricht arna leathnú amach le Conradh Liospóin, áfach, tá an ceart tionscnaimh reachtaigh ag Parlaimint na hEorpa sa mhéid go gceadaítear di a iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh di.

 
Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil

De réir an Chonartha glacfaidh an Coimisiún tionscnaimh a bhaineann le pleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil an Aontais. D'fhonn an sprioc sin a bhaint amach, ullmhaíonn an Coimisiún a chlár oibre arb é sin rannchuidiú an Choimisiúin le pleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil an Aontais. Bíonn Parlaimint na hEorpa ag comhoibriú leis an gCoimisiún fiú ag tráth dréachtaithe chlár oibre an Choimisiúin agus cuireann an Coimisiún na tosaíochtaí a léiríonn an Pharlaimint san áireamh ag an gcéim sin. Tar éis don Choimisiún é a ghlacadh, foráiltear go mbeadh cruinniú tríthaobhach ann idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le clársceidealú an Aontais.

Tá socruithe mionsonraithe, lena n áirítear tráthchlár, leagtha amach in Iarscríbhinn XIV de na Rialacha Nós Imeachta (Creat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach).

Glacann an Pharlaimint rún maidir leis an gclársceideal bliantúil. Iarrann an tUachtarán ar an gComhairle tuairim a thabhairt ar chlár oibre an Choimisiúin agus ar rún na Parlaiminte. I gcás nach bhfuil institiúid in ann an tráthchlár atá leagtha síos a chomhlíonadh, tá sé de cheangal uirthi na cúiseanna atá leis an moill a chur in iúl do na hinstitiúidí eile agus tráthchlár nua a mholadh.

 
Tionscnamh faoi Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Ar bhonn tuarascála ó cheann dá cuid coistí, faoi Airteagal 225 CFAE, féadann an Pharlaimint, ag gníomhú di le tromlach na bhFeisirí, a iarraidh ar an gCoimisiún aon togra reachtach iomchuí a chur faoina bráid. Féadann an Pharlaimint, ag an am céanna, sprioc-am a shocrú do thíolacadh togra den sórt sin. Ní mór don choiste freagrach sa Pharlaimint údarú a lorg ar dtús ó Chomhdháil na nUachtarán. Féadann an Coimisiún a aontú an togra a iarradh a thíolacadh, nó féadann sé diúltú don iarraidh.

Féadann Feisire aonair de Pharlaimint na hEorpa togra i gcomhair gnímh Aontais a thairiscint ar bhonn an chirt tionscnaimh arna dheonú don Pharlaimint faoi Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Cuirtear an togra sin faoi bhráid Uachtarán na Parlaiminte agus tarchuireann an tUachtarán chuig an gcoiste freagrach é lena bhreithniú. Féadann sé a chinneadh an togra a thíolacadh don suí iomlánach (féach thuas).

Tuilleadh faisnéise:
 
Tuarascálacha Féintionscnaimh

Sna réimsí ina dtugtar ceart tionscnaimh do Pharlaimint na hEorpa de bhua na gConarthaí, féadann coistí na Parlaiminte tuarascáil a tharraingt suas maidir le hábhar a thagann faoina réimse freagrachtaí agus tairiscint i gcomhair rúin a thíolacadh don Pharlaimint. Ní mór dóibh údarú a lorg ar Chomhdháil na nUachtarán sula ndéanann siad tuarascáil a tharraingt suas.

Tuilleadh faisnéise:
 
 
 
Tools
 
 

Conas a oibríonn an próiseas reachtaíochta?

Déanann Feisire de Pharlaimint na hEorpa, ag obair dó nó di i gceann de na coistí parlaiminteacha, tuarascáil a tharraingt suas maidir le togra le haghaidh 'téacs reachtach' arna thíolacadh ag an gCoimisiún, an t-aon institiúid a chumhachtaítear chun reachtaíocht a thionscnamh. Vótálann an coiste parlaiminteach ar an tuarascáil sin agus, b'fhéidir, leasaíonn sé í. Nuair a bhíonn an téacs athbhreithnithe agus glactha sa suí iomlánach, bíonn a sheasamh ghlactha ag an bParlaimint. Déantar an próiseas an athuair, uair amháin eile nó roinnt uaireanta, ag brath ar an gcineál nós imeachta agus cibé ar thángthas ar chomhaontú leis an gComhairle nó nár thángthas.

I nglacadh gníomhartha reachtacha, déantar idirdhealú idir an gnáthnós imeachta reachtach (comhchinnteoireacht), mar a mbíonn an Pharlaimint ar bhonn comhionann leis an gComhairle, agus nósanna imeachta reachtacha speisialta, nach bhfuil feidhm acu ach amháin i gcásanna sonracha mar ar ról comhairleach amháin a bhíonn ag an bParlaimint.

I dtaobh ceisteanna áirithe (e.g. cánachas), is tuairim chomhairleach amháin a thugann Parlaimint na hEorpa (an 'nós imeachta comhairliúcháin'). I gcásanna áirithe forálann an Conradh go bhfuil comhairliúchán éigeantach, go gceanglaíonn an bunús dlí go gcaithfear é a dhéanamh, agus ní féidir feidhm dlí a bheith ag gabháil leis an togra mura rud é go dtugann an Pharlaimint tuairim ina leith. Sa chás seo, ní chumhachtaítear don Chomhairle cinneadh a ghlacadh as a stuaim féin.

Tá cumhacht tionscnaimh pholaitiúil ag an bParlaimint

Is féidir léi a iarraidh ar an gCoimisiún tograí reachtacha le haghaidh dlíthe a thíolacadh don Chomhairle.

Tá ról dílis aici maidir le dlíthe nua a chruthú, óir go scrúdaíonn sí clár oibre bliantúil an Choimisiúin agus go ndeir sí cad iad na dlíthe ba mhaith léi a fheiceáil á dtabhairt isteach.