Eagraíocht 

D’fhéadfadh na Feisirí róil éagsúla a ghlacadh agus dul i bpáirt le grúpálacha foirmiúla nó neamhfhoirmiúla éagsúla sa Pharlaimint a bhfuil baint acu lena gcuid oibre. Seo léargas ginearálta.

Rialacha Nós Imeachta

Deir Airteagal 232 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa Rialacha Nós Imeachta. Is iad seo rialacha inmheánacha eagrúcháin agus oibríochta na Parlaiminte.