Na Toghcháin Eorpacha 

Gach cúig bliana roghnaíonn saoránaigh AE na daoine a dhéanann ionadaíocht orthu i bParlaimint na hEorpa, an institiúid a thoghtar go díreach agus a chosnaíonn a leasanna i bpróiseas cinnteoireachta AE. Úsáidtear cleachtais vótála éagsúla ar fud AE, ach tá roinnt gnéithe i gcoitinne acu freisin. Seo forléargas achomair ar an gcaoi a ndéantar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEanna) a thoghadh.

Cá mhéad FPE atá i ngach tír?

Tá leithdháileadh na suíochán leagtha síos sna conarthaí Eorpacha. Cuirtear méid an daonra i ngach tír san áireamh agus tugtar níos mó suíochán do thíortha beaga thar mar a gheobhaidís dá leanfaí an próiseas cionmhar go docht. I láthair na huaire, réimsíonn an líon Feisirí ó sheisear do Mhálta, do Lucsamburg, don Chipir agus don Eastóin go dtí 96 don Ghearmáin.

An córas toghchánach

De réir na rialacha, ba cheart foirm éigin den ionadaíocht chionmhar a úsáid nuair a bhíonn FPEanna á dtoghadh. Áirithíonn an córas sin go mbeidh isteach agus amach le 20% de na suíocháin ag páirtí a fhaigheann 20% de na vótaí. Mar sin, bíonn deis ag páirtithe móra agus ag páirtithe beaga araon ionadaithe thar a gceann a chur chuig Parlaimint na hEorpa.

Fágtar faoi gach tír cinneadh a dhéanamh as a stuaim féin faoi mhórán gnéithe tábhachtacha eile den nós imeachta vótála. Mar shampla, roinneann tíortha áirithe a gcríoch i dtoghcheantair réigiúnacha, agus ní bhíonn ag tíortha eile ach toghcheantar amháin.

Laethanta vótála

Tá traidisiúin éagsúla vótála ag na tíortha in AE agus féadfaidh gach ceann díobh socrú beacht faoin lá vótála a dhéanamh ach é a bheith laistigh de thréimhse ama ceithre lá, a réimsíonn ón Déardaoin (an lá a gcaitear vóta de ghnáth sa Ríocht Aontaithe agus san Ísiltír) go dtí an Domhnach (an lá a mbíonn na toghcháin ann de ghnáth i bhformhór na dtíortha).

Cé a bhíonn san iomaíocht sna toghcháin?

Is iad na páirtithe polaitiúla náisiúnta a chuireann iarrthóirí ar aghaidh don toghchán, ach a luaithe a thoghtar na Feisirí, socraíonn an chuid is mó acu go rachaidh siad le ceann de na grúpaí polaitiúla trasnáisiúnta. Tá an chuid is mó de na páirtithe náisiúnta cleamhnaithe le páirtí polaitiúil tras-Eorpach (féach an colún ar dheis le haghaidh tuilleadh eolais), mar sin is é ceann de na mórcheisteanna oíche an chomhairimh ná cé acu ceann de na grúpaí Eorpacha seo is mó a mbeidh tionchar aige sa chéad téarma reachtach eile.

Guth a bheith agat maidir le ceannaire an Choimisiúin

I dtoghcháin 2014, d’ainmnigh na príomhpháirtithe polaitiúla Eorpacha, den chéad uair riamh, a n-iarrthóirí féin le bheith mar uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, brainse feidhmeannais AE. Ba é iarrthóir an pháirtí leis an líon is mó vótaí (Páirtí an Phobail Eorpaigh) a fuair an post mar uachtarán ar an gCoimisiún, tar éis an ceapachán sin a fhormheas sa Pharlaimint nua. Dá réir sin, trí vótáil sna toghcháin Eorpacha, ní hé amháin go raibh an deis ag na saoránaigh tionchar a bheith acu ar chomhdhéanamh na Parlaiminte ach bhí an deis acu freisin a chinneadh cé a bheadh i gceannas ar bheartais AE a mholadh agus a riar.

Na Páirtithe Polaitiúla Eorpacha

Tá páirtí polaitiúil ar an leibhéal Eorpach comhdhéanta de pháirtithe náisiúnta agus de dhaoine aonair agus bíonn ionadaíocht aige i roinnt Ballstát éagsúil. Is iad na páirtithe náisiúnta a chuireann iarrthóirí chun cinn le haghaidh na dtoghchán Eorpach, ach is minic a bhíonn siad bainteach le páirtí polaitiúil Eorpach agus i ndiaidh na dtoghchán téann na hiarrthóirí rathúla le grúpa polaitiúil i bParlaimint na hEorpa a bhfuil páirtithe den mheon céanna óna bhfine polaitiúil sa ghrúpa sin.