Bí ar an eolas 

An mbraitheann tú go bhfuil Parlaimint na hEorpa lonnaithe i bhfad ón áit ina bhfuil cónaí ort? Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoin tslí a n-oibríonn an Pharlaimint? Sa roinn seo, insítear na bealaí éagsúla atá ann chun léargas níos fearr a fháil ar a bhfuil ar siúl ag an institiúid AE atá tofa go díreach.

    

Na meáin shóisialta

Ar ndóigh, ní gá duit imeacht ón deasc ná ón seomra suite chun labhairt linn. Tá fáil orainn ar gach ceann de na príomhárdáin meán sóisialta agus ba mhaith linn cloisteáil uait. Seo leat, bí linn!

    

Bileoga eolais faoin Aontas Eorpach

Má tá uait forléargas breá a fháil ar bheartais an AE agus ar ról na Parlaiminte sna beartais sin, seo túsphointe maith duit. Tá na bileoga eolais gonta ach fós tugtar léargas iomlán iontu agus déantar iad a nuashonrú go tráthrialta.

    

Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa

Is é atá i Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) ná meitheal mhachnaimh in-tí na Parlaiminte. Soláthraíonn an tseirbhís seo anailís neamhspleách agus oibiachtúil ar shaincheisteanna atá i mbéal an phobail faoi láthair agus tá rochtain ag an bpobal i gcoitinne uirthi.

    

Citizens' App

Tríd an Citizens' App a shuiteáil, foghlaimeoidh tú cé na daoine a dhéanann rudaí éagsúla san Aontas, cén bhaint atá ag an méid sin ar fad le do shaol laethúil agus cad iad na dúshláin atá roimh an Aontas, ar dúshláin iad roinnt mhaith díobh a mhúnlóidh do thodhchaí.

    

Cainéil meán sóisialta a chlúdaíonn parlaimintí

An bhfuil suim agat i gcainéil teilifíse agus idirlín a chlúdaíonn gníomhaíochtaí parlaiminteacha inár mBallstáit? Seo é an áit!

    

Slándáil agus Cead isteach

Foghlaim conas a dhéanaimid iarracht an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir slándáil ár n-áitreabh agus an Pharlaimint a choinneáil ar oscailt do chuairteoirí.

    

Fothaí RSS

What is the procedure for submitting a petition to the European Parliament? Citizens are broadly aware of their right to submit a petition, however they often request further information about the procedure to send the petition and on the way the petitions are afterwards discussed in the EP Committee.

AYS home banner    
 

An bhfuil ceist eile fós agat?

Níl le déanamh ach an cheist a chur ag Ask EP agus tá seirbhís ar leith ansin againn a dhéanfaidh a dícheall freagra a thabhairt ar nithe a bhaineann le gníomhaíochtaí, cumhachtaí agus eagar Pharlaimint na hEorpa.