[KEY NOT FOUND : wai.to_content]

Cookies on the EU website

We use cookies to give the best experience on our site. Continue without changing your settings, and you'll receive cookies, or change your cookie settings at any time.

Lean
 
 

Charlemagne Youth Prize 2018 goes to Polish project on WW2 camp

 

Dámhtar Duais Charlemagne don Óige 2018 ar thionscadal ón bPolainn maidir le campa ón Dara Cogadh Domhanda

(Ó chlé): Farah abdi (Never Arrive); Mirko Gragnato agus Rozemarijn Tiben (Juvenilia); Artur Meier agus Tomasz Tomalik (Worcation)
(Ó chlé): Farah abdi (Never Arrive); Mirko Gragnato agus Rozemarijn Tiben (Juvenilia); Artur Meier agus Tomasz Tomalik (Worcation)
 .

Dámhadh Duais Charlemange don Óige 2018 ar thionscadal ón bPolainn a spreagann daoine óga foghlaim faoi stair Stalag VIII, campa príosúnach cogaidh.

Faoin duais

 

Tugann Parlaimint na hEorpa agus Fondúireacht Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne an duais bhliantúil do dhaoine óga idir 16 bliana agus 30 bliain d’aois a raibh baint acu le tionscadail ina gcabhraítear le tuiscint idir daoine ó thíortha éagsúla na hEorpa a chur chun cinn.

Tugadh cuireadh d’ionadaithe ó na 28 dtionscadal náisiúnta bhuaiteacha chuig Aachen, an Ghearmáin, an áit a raibh an searmanas bronnta ar siúl ar an 8 Bealtaine. Fuair na tionscadail bhuaiteacha €7,500, €5,000 agus €2,500 faoi seach.

 

Buaiteoirí 2018 

 

An chéad áit - Worcation (An Pholainn)

 

Tugann Worcation daoine óga ó thíortha difriúla le chéile chun oibriú ar shuíomh Stalag VIII A, campa príosúnach cogaidh Gearmánach atá suite in Görlitz agus Zgorzelec, ar an dá thaobh d'abhainn Neisse. Tar éis oiliúint a fháil, oibríonn na hoibrithe deonacha mar sheandálaithe nó déanann siad agallaimh le teaghlaigh na n-iarphríosúnach.

 

An dara háit - Juvenilia (An Iodáil)

 

Tá sé d’aidhm ag Juvenilia suim a spreagadh i gceoldrámaíocht, i mbailé agus in amharclannaíocht i measc na ndaoine atá faoi 35 bliana d’aois. Eagraíonn sé malartuithe cultúrtha i gcathracha difriúla san Eoraip agus déanann siad caibidlíocht ar phraghsanna ticéad ionas go mbeadh na praghsanna níos réasúnta chun dul chuig na taispeántais. Is féidir le rannpháirtithe dul ar chúl an stáitse agus bualadh leis na healaíontóirí, turais chathrach a dhéanamh agus bualadh le daoine cosúil leo féin ó thíortha eile.

 

An tríú háit - Never arrive 2 (Malta)

Tá dhá leabhar faoi na hábhair frustrachais agus na cruatain a bhaineann le bheith mar dhídeanaí san Eoraip scríofa ag dídeanaí agus blagálaí óg ón tSomáil darb ainm Farah Abdullahi Abdi. Tá sí ag iarraidh a léiriú nach bhfuil dídeanaithe anseo chun cúrsaí a chur ina gcíor thuathail ach go bhfuil siad ag iarraidh glacadh leis an saol san Eoraip agus cur lena fhorbairt. Agus í ag taisteal tríd an Eoraip, labhair sí le mic léinn faoina saol, agus chuir pictiúr difriúil in iúl dóibh ón gceann a d'fhéadfaidís a fháil ó na foinsí frith-inimirce.

 

Dámhadh Duais Charlemagne 2018 ar Emmanuel Macron

Dámhadh Duais Charlemagne 2018 ar uachtarán na Fraince Emmanuel Macron, Déardaoin an 10 Bealtaine, dá “phaisean agus a thiomantas don Eoraip”. Bhuail buaiteoirí Dhuais Charlemagne don Óige leis agus labhair siad leis freisin.