Ó cuireadh Conradh Liospóin chun feidhme, tá ról cinntitheach ag Parlaimint na hEorpa i sainiú bheartas trádála an Aontais agus is féidir breathnú ar obair na Parlaiminte ina leith sin mar a bheadh coinsias daonlathach an Aontais ann. Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo ós rud é gur le comhaontú Pharlaimint na hEorpa amháin is féidir reachtaíocht trádála agus comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a chur chun feidhme.
Tá súil agam go mbeidh an láithreán gréasáin seo mar fhoinse faisnéise agus uirlis taighde éifeachtach a chuideoidh le saoránaigh na hEorpa tuiscint níos fearr a fháil ar obair agus imeachtaí INTA, mar aon le beartas trádála an Aontais i gcoitinne.
Go raibh maith agat as do chuairt. Má tá aon cheist eile agat maidir le hobair an Choiste déan teagmháil leis an Rúnaíocht, le do thoil.