Ó thaobh dhlí na gcuideachtaí de, is príomhthosaíocht don choiste é go dtabharfar an obair ar na rialacha dócmhainneachta chun críche agus go ndéanfar an togra nua maidir le cuideachtaí príobháideacha teoranta aonbhaill a mheas. Ag an am céanna, leanfaidh an coiste de bheith dírithe ar shaoránaigh, ar teaghlaigh agus ar ghnólachtaí sa mhargadh inmheánach tríd an athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar na rialacha sa dlí príobháideach idirnáisiúnta maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora (lena n-áirítear fuadach leanaí) agus tríd an togra chun an nós imeachta um éilimh bheaga a nuashonrú.
Ar deireadh, cabhraíonn an coiste leis an bParlaimint ina hiomláine tuairim eolasach a bheidh aici i dtaca le líon saincheisteanna thar a bheith teicniúil, lena n-áirítear maoirseacht a dhéanamh ar úsáid reachtaíochta tarmligthe agus cur chun feidhme, a áirithiú go dtugtar an tábhacht chuí don ionchur a thugann Parlaimintí náisiúnta faoi shásra na coimhdeachta mar aon le cinntí a ghlacadh maidir le leasanna na Parlaiminte a chosaint sa chúirt.
Tá súil agam go dtabharfaidh an láithreán gréasáin seo go leor faisnéise duit agus gabhaim buíochas leat as do shuim sa Choiste um Gnóthaí Dlíthiúla.
Pavel Svoboda, Cathaoirleach