Tuarascáil - A8-0260/2018Tuarascáil
A8-0260/2018

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga

16.7.2018 - (COM(2018)0021 – C8‑0022/2018 – 2018/0006(CNS)) - *

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Tom Vandenkendelaere

Nós Imeachta : 2018/0006(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0260/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0260/2018
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga

(COM(2018)0021 – C8‑0022/2018 – 2018/0006(CNS))

(Nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0021),

–  ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0022/2018),

–  ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0260/2018),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle21, ceadaítear do na Ballstáit leanúint dá scéimeanna speisialta a chur i bhfeidhm maidir le fiontair bheaga i gcomhréir le forálacha comhchoiteanna agus d’fhonn comhchuibhiú níos dlúithe a bhaint amach. Tá na forálacha sin as dáta, áfach, agus ní dhéanann siad an t-ualach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga a laghdú ar an ábhar gur ceapadh iad le haghaidh córas cánach breisluacha (CBL) atá bunaithe ar chánachas sa Bhallstát tionscnaimh.

(1)  Le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle21, ceadaítear do na Ballstáit leanúint dá scéimeanna speisialta a chur i bhfeidhm maidir le fiontair bheaga i gcomhréir le forálacha comhchoiteanna agus d’fhonn comhchuibhiú níos dlúithe a bhaint amach. Tá na forálacha sin as dáta, áfach, agus ní chomhlíonann siad a gcuspóir maidir le laghdú a dhéanamh ar an ualach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga ar an ábhar gur ceapadh iad le haghaidh córas cánach breisluacha (CBL) atá bunaithe ar chánachas sa Bhallstát tionscnaimh.

_________________

_________________

21 IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

21 IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

Leasú    2

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Ina phlean gníomhaíochta CBL22, d’fhógair an Coimisiún pacáiste cuimsitheach simplithe d’fhiontair bheaga, ar pacáiste é atá dírithe ar a n-ualach riaracháin a laghdú agus ar chuidiú le timpeallacht fhioscach a chruthú chun a bhfás a éascú agus chun trádáil trasteorann a fhorbairt. Ag baint leis sin, bheadh athbhreithniú ar an scéim speisialta d’fhiontair bheaga mar a léirítear sa Teachtaireacht ar an obair leantach maidir leis an bplean gníomhaíochta ar CBL23 . Dá bhrí sin, tá an t-athbhreithniú ar an scéim speisialta d’fhiontair bheaga ina ghné thábhachtach den phacáiste um athchóiriú a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta CBL.

(2)  Ina phlean gníomhaíochta CBL22, d’fhógair an Coimisiún pacáiste cuimsitheach simplithe d’fhiontair bheaga, ar pacáiste é atá dírithe ar a n-ualach riaracháin a laghdú agus ar chuidiú le timpeallacht fhioscach a chruthú chun a bhfás a éascú agus chun trádáil trasteorann a fhorbairt, agus chun comhlíonadh CBL a mhéadú. Tá fiontair bheaga gníomhach san Aontas go háirithe in earnálacha ar leith a oibríonn thar theorannacha, amhail earnálacha na tógála, na cumarsáide agus na seirbhíse bia, agus earnáil na trádála miondíola, agus is féidir leo a bheith ina bhfoinse thábhachtach fostaíochta. Chun na cuspóirí sin a ghnóthú, tá gá le hathbhreithniú ar an scéim speisialta d’fhiontair bheaga mar a léirítear sa Teachtaireacht ar an obair leantach maidir leis an bplean gníomhaíochta ar CBL23. Dá bhrí sin, tá an t-athbhreithniú ar an scéim speisialta d’fhiontair bheaga ina ghné thábhachtach den phacáiste um athchóiriú a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta CBL.

_________________

_________________

22 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le plean gníomhaíochta CBL — I dtreo Limistéar CBL aonair san Aontas Eorpach – An t-am le cinneadh a dhéanamh, COM(2016) 148 final an 7.4.2016).

22 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le plean gníomhaíochta CBL — I dtreo Limistéar CBL aonair san Aontas Eorpach – An t-am le cinneadh a dhéanamh, COM(2016) 148 final an 7.4.2016).

23 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin obair leantach maidir leis an bplean gníomhaíochta CBL — I dtreo Limistéar CBL aonair san Aontas Eorpach – Is mithid beart a dhéanamh, COM(2017) 566 final an 4.10.2017).

23 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin obair leantach maidir leis an bplean gníomhaíochta CBL — I dtreo Limistéar CBL aonair san Aontas Eorpach – Is mithid beart a dhéanamh, COM(2017) 566 final an 4.10.2017).

Leasú    3

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Tá dlúthbhaint ag an athbhreithniú ar an scéim speisialta sin leis an togra ón gCoimisiún ina leagtar amach na prionsabail maidir le córas críochnaitheach CBL le haghaidh trádáil trasteorann gnólacht le gnólacht idir na Ballstáit ar bhonn an chánachais ar sholáthar trasteorann earraí sa Bhallstát cinn scríbe24 . Le haistriú an chórais CBL i dtreo cánachas atá bunaithe ar cheann scríbe, tá sé léirithe i gcás roinnt de na rialacha reatha nach bhfuil siad oiriúnach do chóras cánach atá bunaithe ar cheann scríbe.

(3)  Tá dlúthbhaint ag an athbhreithniú ar an scéim speisialta leis an togra ón gCoimisiún ina leagtar amach na prionsabail maidir le córas críochnaitheach CBL le haghaidh trádáil trasteorann gnólacht le gnólacht idir na Ballstáit ar bhonn an chánachais ar sholáthar trasteorann earraí sa Bhallstát cinn scríbe24 . Le haistriú an chórais CBL i dtreo cánachas atá bunaithe ar cheann scríbe, tá sé léirithe i gcás roinnt de na rialacha reatha nach bhfuil siad oiriúnach do chóras cánach atá bunaithe ar cheann scríbe. Tagann na príomhdheacrachtaí a ghabhann le trádáil trasteorann feabhsaithe d’fhiontair bheaga chun cinn mar thoradh ar na rialacha casta agus éagsúla a bhaineann le CBL ar fud an Aontais, agus mar thoradh ar an bhfhíoras nach bhfuil an díolúine náisiúnta FBM chun tairbhe ach d’fhiontair bheaga sa Bhallstát ina bhfuil na fiontair bheaga sin bunaithe.

_________________

_________________

24 Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha i ndáil le rialacha áirithe comhchuibhithe agus simplithe laistigh den chóras reatha cánach breisluacha agus lena dtugtar isteach an córas críochnaitheach do chánachas trádála idir na Ballstáit (COM(2017) 569 final an 4.10.2017).

24 Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha i ndáil le rialacha áirithe comhchuibhithe agus simplithe laistigh den chóras reatha cánach breisluacha agus lena dtugtar isteach an córas críochnaitheach do chánachas trádála idir na Ballstáit (COM(2017) 569 final an 4.10.2017).

Leasú    4

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist an ualaigh dhíréirigh comhlíonta a bhíonn ar fhiontair bheaga, ba cheart go mbeadh bearta simplithe ar fáil, ní hamháin d’fhiontair atá díolmhaithe faoi na rialacha reatha, ach freisin dóibh sin a mheastar a bheith beag i dtéarmaí eacnamaíochta. Chun na rialacha CBL a shimpliú, mheasfaí fiontair a bheith ‘beag’ má tá siad cáilithe mar mhicrifhiontair faoin sainmhíniú ginearálta dá bhforáiltear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún25, mar gheall ar a láimhdeachas.

(4)  Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist an ualaigh dhíréirigh comhlíonta a bhíonn ar fhiontair bheaga, ba cheart go mbeadh bearta simplithe ar fáil, ní hamháin d’fhiontair atá díolmhaithe faoi na rialacha reatha, ach freisin dóibh sin a mheastar a bheith beag i dtéarmaí eacnamaíochta. Tá fáil ar bhearta den sórt sin ábhartha go háirithe mar gheall ar go bhfuil tromlach na bhfiontar beag, bíodh siad díolmhaithe nó ná bíodh, faoi oibleagáid úsáid a bhaint as seirbhísí ó chomhairleoirí nó sainchomhairleoirí seachtracha a chuidíonn leo a n-oibleagáidí CBL a chomhlíonadh, rud a chuireann ualach airgeadais breise ar na fiontair sin. Chun na rialacha CBL a shimpliú, mheasfaí fiontair a bheith ‘beag’ má tá siad cáilithe mar mhicrifhiontair faoin sainmhíniú ginearálta dá bhforáiltear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún25 mar gheall ar a láimhdeachas.

_________________

_________________

25 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

25 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

Leasú    5

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Ní fhéadfaidh fiontair bheaga tairbhe a bhaint as an díolúine ach amháin i gcás ina bhfuil a láimhdeachas bliantúil faoi bhun na tairsí arna cur i bhfeidhm ag an mBallstát ina bhfuil an CBL dlite. Agus a dtairseach á socrú acu, ba cheart do na Ballstáit cloí leis na rialacha maidir le tairseacha a leagtar amach le Treoir 2006/112/CE. Níl na rialacha sin, ar cuireadh an chuid is mó acu i bhfeidhm in 1977, oiriúnach a thuilleadh.

(6)  Ní fhéadfaidh fiontair bheaga tairbhe a bhaint as an díolúine ach amháin i gcás ina bhfuil a láimhdeachas bliantúil faoi bhun na tairsí arna cur i bhfeidhm ag an mBallstát ina bhfuil an CBL dlite. Agus a dtairseach á socrú acu, ba cheart do na Ballstáit cloí leis na rialacha maidir le tairseacha a leagtar amach le Treoir 2006/112/CE. Níl na rialacha sin, ar cuireadh an chuid is mó acu i bhfeidhm in 1977, oiriúnach a thuilleadh. Ar mhaithe le solúbthacht agus chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit tairseacha níos ísle a shocrú atá iomchuí agus atá comhréireach le méid agus riachtanais a ngeilleagair, níor cheart ach uastairseacha a shocrú ar leibhéal an Aontais.

Leasú    6

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  Ba cheart go bhfágfaí faoi na Ballstáit a dtairseach náisiúnta a shocrú don díolúine ag an leibhéal is fearr a oireann dá ndálaí eacnamaíocha agus polaitiúla, faoi réir na huastairsí dá bhforáiltear faoin Treoir seo. Maidir leis sin, ba cheart a shoiléiriú i gcás ina mbíonn feidhm ag tairseacha éagsúla i mBallstáit éagsúla, gur ghá é sin a bhunú ar chritéir oibiachtúla.

(8)  Ba cheart go bhfágfaí faoi na Ballstáit a dtairseach náisiúnta a shocrú don díolúine ag an leibhéal is fearr a oireann dá ndálaí eacnamaíocha agus polaitiúla, faoi réir na huastairsí dá bhforáiltear faoin Treoir seo. Maidir leis sin, ba cheart a shoiléiriú i gcás ina mbíonn feidhm ag tairseacha éagsúla i mBallstáit, gur ghá é sin a bhunú ar chritéir oibiachtúla. Chun gnó trasteorann a éascú, ba cheart go mbeadh gach fiontar beag atá toilteanach oibriú i roinnt Ballstát in ann an liosta de thairseacha náisiúnta do dhíolúine a rochtain go héasca.

Leasú    7

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  I gcás ina bhfuil díolúine i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh rochtain, ar a laghad, ar oibleagáidí simplithe clárúcháin, saonrasctha, cuntasaíochta agus tuairiscithe CBL ag fiontair bheaga atá ag baint leasa as an díolúine.

(12)  I gcás ina bhfuil díolúine i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh rochtain, ar a laghad, ar oibleagáidí simplithe clárúcháin, saonrasctha, cuntasaíochta agus tuairiscithe CBL ag fiontair bheaga atá ag baint leasa as an díolúine. Chun mearbhall agus éiginnteacht dhlíthiúil sna Ballstáit a sheachaint, ba cheart don Choimisiún treorlínte a sholáthar maidir le clárúchán agus cuntasaíocht shimplithe, ar treorlínte iad ina míneofar ar bhealach níos mionsonraithe cad iad na nósanna imeachta ba cheart a shimpliú agus a mhéid ba cheart iad a shimpliú. Faoin ... [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], ba cheart an simpliú sin a chur faoi mheastóireacht ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun a mheas an bhfuil breisluach agus fíorthionchar dearfach d’fhiontair agus do thomhaltóirí ag baint léi.

Leasú    8

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Thairis sin, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le díolúine arna deonú ag Ballstát d’fhiontair nach bhfuil bunaithe ann, is gá a cheangal go dtabharfaidís réamhfhógra go bhfuil rún acu an díolúine a úsáid. Ba cheart fógra den sórt sin a bheith déanta ag an bhfiontar beag chuig an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe. Ba cheart don Bhallstát sin, bunaithe ar an bhfaisnéis a dhearbhaítear maidir le láimhdeachas an fhiontair sin, an fhaisnéis sin a chur ar fáil ina dhiaidh sin do na Ballstáit eile lena mbaineann.

(13)  Thairis sin, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le díolúine arna deonú ag Ballstát d’fhiontair nach bhfuil bunaithe ann, is gá a cheangal go dtabharfaidís réamhfhógra go bhfuil rún acu an díolúine a úsáid. Ba cheart go dtabharfaí fógra den sórt sin trí thairseach ar líne atá le cur ar bun ag an gCoimisiún. Ba cheart do Bhallstát na bunaíochta, bunaithe ar an bhfaisnéis a dhearbhaítear maidir le láimhdeachas an fhiontair sin, an méid sin a chur in iúl ina dhiaidh sin do na Ballstáit eile lena mbaineann. Is féidir le fiontair bheaga fógra a thabhairt am ar bith do Bhallstát a gcláraithe maidir lena dtoilteanas filleadh ar an gcóras ginearálta CBL.

Leasú    9

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  Chun an t-ualach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga nach bhfuil díolúine acu a laghdú, ba cheart go mbeadh sé de cheangal ar na Ballstáit clárúchán CBL agus córas coimeádta taifead a shimpliú agus tréimhsí cánach a fhadú chun foráil a dhéanamh maidir le gan tuairisceáin CBL a thíolacadh ar bhonn chomh minic agus a dhéantar iad a thíolacadh faoi láthair.

(15)  Chun an t-ualach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga nach bhfuil díolúine acu a laghdú, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit clárúchán CBL agus an córas coimeádta taifead a shimpliú. Thairis sin, ba cheart go mbunódh an Coimisiún ionad ilfhreastail le haghaidh tuairisceáin CBL a thíolacadh i mBallstáit eile.

Leasú    10

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)  Is é is cuspóir leis an Treoir seo ná an t-ualach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga a laghdú, rud nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go leordhóthanach agus is fearr is féidir, dá bhrí sin, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Mar thoradh air sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(17)  Is é is cuspóir leis an Treoir seo ná an t-ualach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga a laghdú, rud nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go leordhóthanach agus is fearr is féidir, dá bhrí sin, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Mar thoradh air sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Ina ainneoin sin, is ionstraimí láidre frithchalaoise cánach iad na rialuithe CBL a eascraíonn as nósanna imeachta comhlíonta. Ní mór a thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, nár cheart nósanna imeachta d’fhiontair bheaga a mhaolú chun dochair don chomhrac in aghaidh calaois CBL.

Leasú    11

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 284 – mír 4 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Sula mbainfidh leas as an díolúine i mBallstáit eile, tabharfaidh an fiontar beag fógra faoin méid sin don Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

Déanfaidh an Coimisiún tairseach ar líne a chur ar bun ar a gcláróidh fiontair bheaga a bheidh toilteanach leas a bhaint as an díolúine i mBallstát eile.

Leasú    12

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 284 – mír 4 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina mbainfidh fiontar beag leas as an díolúine i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe, déanfaidh Ballstát na bunaíochta na bearta uile is gá chun a áirithiú go dtabharfaidh an fiontar beag dearbhú cruinn maidir leis an láimhdeachas bliantúil san Aontas agus an láimhdeachas bliantúil sa Bhallstát agus cuirfidh sé údaráis chánach na mBallstát eile lena mbaineann ina dtéann sé i mbun soláthair ar an eolas faoin méid sin.;

I gcás ina mbainfidh fiontar beag leas as an díolúine i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe, déanfaidh Ballstát na bunaíochta na bearta uile is gá chun a áirithiú go dtabharfaidh an fiontar beag dearbhú cruinn maidir leis an láimhdeachas bliantúil san Aontas agus an láimhdeachas bliantúil sa Bhallstát agus cuirfidh sé údaráis chánach na mBallstát eile lena mbaineann ina dtéann sé i mbun soláthair ar an eolas faoin méid sin. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfuil eolas leordhóthanach acu maidir le stádas na bhfiontar beag agus a gcaidrimh scairshealbhóireachta nó úinéireachta, chun a ráthú gur fiontair bheaga iad go deimhin.

Leasú    13

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 288a – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás, le linn bliana féilire ina dhiaidh sin, ina dtéann an láimhdeachas bliantúil sa Bhallstát thar an tairseach dhíolúine dá dtagraítear in Airteagal 284(1), beidh an fiontar beag in ann leanúint de thairbhe a bhaint as an díolúine don bhliain sin, ar choinníoll nach rachaidh a láimhdeachas bliantúil sa Bhallstát le linn na bliana sin níos mó ná 50% thar an tairseach a leagtar amach in Airteagal 284(1).;

I gcás, le linn bliana féilire ina dhiaidh sin, ina dtéann an láimhdeachas bliantúil sa Bhallstát thar an tairseach dhíolúine dá dtagraítear in Airteagal 284(1), beidh an fiontar beag in ann leanúint de thairbhe a bhaint as an díolúine go ceann dhá bhliain eile, ar choinníoll nach rachaidh a láimhdeachas bliantúil sa Bhallstát le linn an dá bhliain sin níos mó ná 33% thar an tairseach a leagtar amach in Airteagal 284(1).;

Leasú    14

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)  scriostar Airteagal 291 go hAirteagal 294;

(17)  scriostar Airteagal 291 agus Airteagal 292.

Leasú    15

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 17 a (nua)

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 293 – mír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(17 a)  in Airteagal 293, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

Gach ceithre bliana tar éis dháta glactha na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún a thíolacadh don Chomhairle, ar bhonn na faisnéise a gheobhaidh sé ó na Ballstáit, tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Caibidle sin, i dteannta, i gcás inarb iomchuí, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le cóineasú fadtéarmach na rialachán náisiúnta a áirithiú, tograí maidir leis na hábhair seo a leanas: (1) feabhsuithe ar an scéim speisialta d’fhiontair bheaga;(2) oiriúnú córas náisiúnta maidir le díolúintí agus faoiseamh cánach grádaithe; (3) oiriúnú na n-uasteorainneacha dá bhforáiltear i Roinn 2.

“Gach ceithre bliana tar éis dháta glactha na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ar bhonn na faisnéise a gheobhaidh sé ó na Ballstáit, tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Caibidle sin, i dteannta, i gcás inarb iomchuí agus aird á tabhairt ar an ngá atá le cóineasú fadtéarmach na rialachán náisiúnta a áirithiú, tograí maidir leis na hábhair seo a leanas:

 

(i) feabhsuithe ar an scéim speisialta d’fhiontair bheaga;

 

(ii) oiriúnú córas náisiúnta maidir le díolúintí agus an fhéidearthacht na tairseacha díolúine a chomhchuibhiú ar fud an Aontais;

 

(iii) oiriúnú na n-uasteorainneacha dá bhforáiltear in Roinn 2.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:02006L0112-20160601&qid=1528271574699&from=EN)

Leasú    16

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 17 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17b)  Scriostar Airteagal 294;

Leasú    17

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 294e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 294e

Airteagal 294e

Féadfaidh na Ballstáit fiontair bheaga dhíolmhaithe a scaoileadh ón oibleagáid chun tuairisceán CBL a thíolacadh mar a leagtar síos in Airteagal 250.

Scaoilfidh na Ballstáit fiontair bheaga dhíolmhaithe ón oibleagáid chun tuairisceán CBL a thíolacadh mar a leagtar síos in Airteagal 250, ceadóidh siad do na fiontair bheaga sin tuairisceán CBL simplithe a thíolacadh – tuairisceán CBL lena n-áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad: CBL inmhuirearaithe, CBL inasbhainte, glanmhéid CBL (iníoctha nó infhála), luach iomlán na n-idirbheart ionchuir agus luach iomlán na n-idirbheart aschuir – chun tréimhse bliana féilire a chumhdach. Féadfaidh fiontair bheaga a roghnú, áfach, an tréimhse chánach a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 252 a chur i bhfeidhm.

I gcás nach bhfeidhmeofar an rogha sin, ceadóidh na Ballstáit d’fhiontair bheaga den sórt sin tuairisceán CBL simplithe a thíolacadh chun tréimhse bliana féilire a chumhdach. Féadfaidh fiontair bheaga a roghnú, áfach, an tréimhse chánach a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 252 a chur i bhfeidhm.

 

Leasú    18

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 294i – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

D’fhiontair bheaga is tréimhse bliana féilire a bheidh sa tréimhse a bheidh le cumhdach i dtuairisceán CBL. Féadfaidh fiontair bheaga a roghnú, áfach, an tréimhse chánach a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 252 a chur i bhfeidhm.

scriosta

Leasú    19

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 294i (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 294i a

 

Cuirfidh an Coimisiún ionad ilfhreastail ar bun trínar féidir le fiontair bheaga tuairisceáin CBL ó na Ballstát éagsúla ina bhfuil siad ag oibriú a thaisceadh. Beidh Ballstát na bunaíochta freagrach as bailiú CBL.

Leasú    20

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 294j

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 294j

scriosta

D’ainneoin Airteagal 206, ní chuirfidh na Ballstáit de cheanglas ar fhiontair bheaga íocaíochtaí eatramhacha a dhéanamh.

 

Leasú    21

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 904/2010

Airteagal 31 – mír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

Airteagal 1a

 

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 mar a leanas:

 

In Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.  Áiritheoidh na húdaráis inniúla i ngach Ballstát, maidir leis na daoine a bhfuil baint acu le soláthair earraí nó seirbhísí laistigh den Chomhphobal agus daoine inchánacha neamhbhunaithe a sholáthraíonn seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí craoltóireachta agus seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, go háirithe na cinn sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn II de Threoir 2006/112/CE, go bhféadfadh siad, chun críocha na n-idirbheart sin, deimhniúchán a fháil trí mheán leictreonach maidir le bailíocht uimhir aitheantais CBL aon duine sonraithe, mar aon leis an ainm agus seoladh a ghabhann leis an uimhir sin. Freagróidh an fhaisnéis sin do na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17.

‘1.  Áiritheoidh na húdaráis inniúla i ngach Ballstát, maidir leis na daoine a bhfuil baint acu le soláthair earraí nó seirbhísí laistigh den Chomhphobal agus daoine inchánacha neamhbhunaithe a sholáthraíonn seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí craoltóireachta agus seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, go háirithe na cinn sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn II de Threoir 2006/112/CE, go bhféadfadh siad, chun críocha na n-idirbheart sin, deimhniúchán a fháil trí mheán leictreonach maidir le bailíocht uimhir aitheantais CBL aon duine sonraithe, mar aon leis an ainm agus seoladh a ghabhann leis an uimhir sin. Freagróidh an fhaisnéis sin do na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17. Áireofar sa chóras malartaithe faisnéise CBL (VIES) tagairt i dtaobh cé acu a úsáideann fiontair bheaga incháilithe an díolúine CBL nó nach n-úsáideann.’

Leasú    22

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2019 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Leasú    23

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2022.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2020.

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Is díol sásaimhdon Rapóirtéir an togra ón gCoimisiún chun ualach comhlíonta CBL ar FBManna a laghdú. Bíonn ar ghnólachtaí beaga costais CBL i ndáil le comhlíonadh atá níos airde go comhréireach a iompar ná mar a dhéanann gnólachtaí atá níos mó, ar rud é nach amháin a sháraíonn prionsabal an chánachais chothroim, ach a chuireann srian ar fhiontraíocht. Is é is aidhm don togra seo fiontraíocht a chothú ar fud an Aontais trí roinnt beart simplithe riaracháin a thabhairt isteach le haghaidh fiontair bheaga.

Chun an sprioc sin a bhaint amach, tá roinnt feabhsuithe á meas ag an Rapóirtéir i dtaobh na dtrí ghné seo a leanas:

Ar an gcéad dul síos, tá sé mar aidhm ag an togra seo an díolúine CBL d’fhiontair bheaga a leathnú ó chóras a leantar ag an leibhéal náisiúnta amháin go córas uile-Aontais. Dá bhrí sin, creideann an Rapóirtéir gur cheart an córas sin a chomhchuibhiú dá réir sin chun nach gcuirfí oibriú an mhargaidh inmheánaigh as riocht. Tá roinnt leasuithe tugtha isteach chuige sin. Féachann an Rapóirtéir le tairseach díolúintí CBL a chomhchuibhiú trí uasteorainn agus íosteorainn a shocrú don tairseach. Tá sé mar aidhm ag an Rapóirtéir freisin go mbeadh sé éigeantach do na Ballstáit gan tuairisceáin CBL a chur de cheangal ar fhiontair bheaga atá díolmhaithe ó CBL. Sa bhreis air sin, molann an Rapóirtéir go gcuirfí tairseach ar líne ar bun ar ar cheart d’fhiontair bheaga atá ag iarraidh leas a bhaint as an díolúine CBL i mBallstát eile clárú.

Ar an dara dul síos, tá sé mar aidhm ag an Rapóirtéir fíor-shimplithe riaracháin a fhorchur do FBManna.

Mar aon leis na bearta simplithe atá molta, iarrann an Rapóirtéir freisin go mbunófaí ionad ilfhreastail do thuairisceáin CBL. Is iad teangacha an chonstaic is mó atá ann do FBManna agus iad ag gníomhú ar bhonn trasteorann. Dá bhrí sin, trí thuairisceáin CBL ó Bhallstáit éagsúla a thíolacadh trí ionad ilfhreastail, d’fhéadfadh simpliú suntasach a bheith i gceist d’fhiontair bheaga.

Ar an taobh eile, ní chiallódh an tuairisceán bliantúil CBL do chuideachtaí beaga atá molta go mbeadh fíor-shimpliú ann do FBManna. Cé gur dóigh go bhfuil an beart sin tarraingteach, dáiríre, bheadh an iomarca fo-iarmhairtí diúltacha ag baint leis. Dá mbeadh tuairisceáin bhliantúla CBL le déanamh ag FBManna, d’ardódh líon na bhféimheachtaí dá bharr. Iarrann fiontraithe beaga iad féin nuashonruithe go minic freisin maidir lena leabharchoimeád agus lena staid airgeadais. Dá bhrí sin, iarrann an Rapóirtéir an beart sin a scriosadh.

Ar an tríú dul síos, creideann an Rapóirtéir gur cheart deileáil leis an gcomhad seo ar leithligh ó chomhaid eile CBL. D'fhéadfaí bearta simplithe CBL d’fhiontair bheaga a chur chun feidhme níos tapúla ná an córas cinntitheach CBL. Níor cheart go mbeadh aon mhoill ag gabháil le cothú na fiontraíochta. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí dáta chur chun feidhme an togra seo a thabhairt chun tosaigh.

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Comhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga

Tagairtí

(COM(2018)0021 – C8-0022/2018 – 2018/0006(CNS))

Dáta a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint

5.2.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

8.2.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

8.2.2018

JURI

8.2.2018

 

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

IMCO

21.2.2018

JURI

24.1.2018

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Tom Vandenkendelaere

23.1.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

28.5.2018

2.7.2018

 

 

Dáta an ghlactha

11.7.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

44

4

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gerolf Annemans, Burkhard Balz, Pervenche Berès, Esther de Lange, Markus Ferber, Jonás Fernández, Giuseppe Ferrandino, Sven Giegold, Neena Gill, Roberto Gualtieri, Brian Hayes, Petr Ježek, Barbara Kappel, Georgios Kyrtsos, Philippe Lamberts, Werner Langen, Olle Ludvigsson, Ivana Maletić, Fulvio Martusciello, Costas Mavrides, Alex Mayer, Bernard Monot, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Stanisław Ożóg, Dimitrios Papadimoulis, Sirpa Pietikäinen, Dariusz Rosati, Pirkko Ruohonen-Lerner, Anne Sander, Alfred Sant, Martin Schirdewan, Molly Scott Cato, Pedro Silva Pereira, Peter Simon, Theodor Dumitru Stolojan, Paul Tang, Ramon Tremosa i Balcells, Ernest Urtasun, Marco Valli, Miguel Viegas, Jakob von Weizsäcker, Marco Zanni

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Manuel dos Santos, Paloma López Bermejo, Luigi Morgano, Siegfried Mureşan, Andreas Schwab, Joachim Starbatty, Romana Tomc, Lieve Wierinck

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pilar Ayuso

Dáta don chur síos

16.7.2018

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

44

+

ALDE

Petr Ježek, Caroline Nagtegaal, Ramon Tremosa i Balcells, Lieve Wierinck

ECR

Pirkko Ruohonen-Lerner

EFDD

Bernard Monot, Marco Valli

ENF

Barbara Kappel

PPE

Pilar Ayuso, Burkhard Balz, Markus Ferber, Brian Hayes, Georgios Kyrtsos, Esther de Lange, Werner Langen, Ivana Maletić, Fulvio Martusciello, Siegfried Mureşan, Luděk Niedermayer, Sirpa Pietikäinen, Dariusz Rosati, Anne Sander, Andreas Schwab, Theodor Dumitru Stolojan, Romana Tomc

S&D

Pervenche Berès, Jonás Fernández, Giuseppe Ferrandino, Neena Gill, Roberto Gualtieri, Olle Ludvigsson, Costas Mavrides, Alex Mayer, Luigi Morgano, Alfred Sant, Manuel dos Santos, Pedro Silva Pereira, Peter Simon, Paul Tang, Jakob von Weizsäcker

VERTS/ALE

Sven Giegold, Philippe Lamberts, Molly Scott Cato, Ernest Urtasun

4

-

GUE/NGL

Paloma López Bermejo, Dimitrios Papadimoulis, Martin Schirdewan, Miguel Viegas

4

0

ECR

Stanisław Ożóg, Joachim Starbatty

ENF

Gerolf Annemans, Marco Zanni

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 29 Lúnasa 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais