Nós Imeachta : 2018/0044(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0261/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0261/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 13/02/2019 - 8.4

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0086

TUARASCÁIL     ***I
PDF 592kWORD 92k
16.7.2018
PE 621.985v02-00 A8-0261/2018

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de

(COM(2018)0096 – C8‑0109/2018 – 2018/0044(COD))

An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla

Rapóirtéir: Pavel Svoboda

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de

(COM(2018)0096 – C8‑0109/2018 – 2018/0044(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0096),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 81(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0109/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0261/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go cuí, chun intuarthacht a fheabhsú i dtaca le toradh dlíthíochta, is gá deimhneacht i dtaca le cén dlí is infheidhme agus saorghluaiseacht breithiúnas, chun go n-ainmneofar le rialacha na heasaontachta dlíthe sna Ballstáit an dlí náisiúnta céanna mar an dlí is infheidhme, gan beann ar cén Ballstát ina bhfuil an chúirt ina dtugtar an chaingean.

(3)  Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go cuí - chun intuarthacht a fheabhsú i dtaca le toradh dlíthíochta, is gá deimhneacht dhlíthiúil i dtaca le cén dlí is infheidhme agus saorghluaiseacht agus aitheantas breithiúnas - chun go n-ainmneofar le rialacha na heasaontachta dlíthe sna Ballstáit an dlí náisiúnta céanna mar an dlí is infheidhme, gan beann ar cén Ballstát ina bhfuil an chúirt ina dtugtar an chaingean.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)  Ní ann do rialacha na heasaontachta dlíthe lena rialaítear éifeachtaí tríú páirtí (nó dílseánaigh) ó thaobh sannadh éileamh de ar leibhéal an Aontais faoi láthair. Is ar leibhéal na mBallstát a leagtar síos na rialacha easaontachta dlíthe sin, ach bíonn siad neamhréireach agus doiléir go minic. I gcás sannadh éileamh trasteorann, is é an toradh ar neamhréireacht na rialacha easaontachta dlíthe éiginnteacht dhlíthiúil maidir le cén dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh an tsannta de. Cruthaíonn an easpa deimhneachta dlíthiúla riosca dlíthiúil i sannadh éileamh trasteorann nach bhfuil ann i gcás sannadh intíre mar is féidir rialacha substainteacha náisiúnta difriúla a chur i bhfeidhm ag brath ar cén Ballstát a dhéanann a chúirteanna nó a údaráis díospóid maidir leis an teideal dlí ar na héilimh a mheas.

(11)  Ní ann do shraith chomhchuibhithe rialacha easaontachta dlíthe lena rialaítear éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de ar leibhéal an Aontais faoi láthair. Is ar leibhéal na mBallstát a leagtar síos na rialacha easaontachta dlíthe sin, ach bíonn siad neamhréireach - mar gheall ar iad a bheith bunaithe ar nascfhachtóirí éagsúla chun an dlí is infheidhme a chinneadh - agus doiléir, dá bhrí sin, go háirithe sna tíortha sin nach ndéantar rialacha den sórt sin a rialú iontu le forálacha reachtacha ar leithligh. I gcás sannadh éileamh trasteorann, is é an toradh ar neamhréireacht na rialacha easaontachta dlíthe éiginnteacht dhlíthiúil maidir le cén dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh an tsannta de. Cruthaíonn an easpa deimhneachta dlíthiúla riosca dlíthiúil i sannadh éileamh trasteorann nach bhfuil ann i gcás sannadh intíre mar is féidir rialacha substainteacha náisiúnta difriúla a chur i bhfeidhm ag brath ar cén Ballstát a dhéanann a chúirteanna nó a údaráis díospóid maidir leis an teideal dlí ar na héilimh a mheas; is intuigthe as sin go mbeidh toradh éagsúil ar choinbhleacht tosaíochta maidir le húinéireacht éilimh tar éis sannadh trasteorann, ag brath ar an dlí náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Mura bhfuil na sannaithe ar an eolas faoin riosca dlíthiúil nó má roghnaíonn siad neamhaird a dhéanamh de, féadfaidh caillteanais airgeadais gan choinne a bheith ann dóibh. Is féidir torthaí iarmhartacha a bheith ar an éiginnteacht maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar na héilimh arna sannadh ar bhonn trasteorann agus is féidir léi tionchar na géarchéime airgeadais a dhoimhniú agus a mhéadú. Má chinneann na sannaithe an riosca dlíthiúil a mhaolú trí chomhairle dlí shainiúil a lorg, tabhóidh siad costais idirbheart níos airde nach bhfuil gá leo i gcás sanntaí intíre. Má tá na sannaithe á gcosc ag an riosca dlíthiúil agus má roghnaíonn siad é a sheachaint, féadfaidh siad deiseanna gnó a chailleadh agus féadfaidh sé go dtiocfaidh laghdú ar chomhtháthú an mhargaidh.

(12)  Mura bhfuil na sannaithe ar an eolas faoin riosca dlíthiúil nó má roghnaíonn siad neamhaird a dhéanamh de, féadfaidh caillteanais airgeadais gan choinne a bheith ann dóibh. Is féidir torthaí iarmhartacha a bheith ar an éiginnteacht maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar na héilimh arna sannadh ar bhonn trasteorann agus is féidir léi tionchar na géarchéime airgeadais a dhoimhniú agus a mhéadú. Má chinneann na sannaithe an riosca dlíthiúil a mhaolú trí chomhairle dlí shainiúil a lorg, tabhóidh siad costais idirbheart níos airde nach bhfuil gá leo i gcás sanntaí intíre.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a)  Is féidir leis an riosca dlíthiúil sin a bheith ina dhíspreagadh, freisin. Féadfaidh na sannaithe agus na sannóirí rogha a dhéanamh é a sheachaint, agus deiseanna gnó a chailleadh ar an gcaoi sin. Taibhsíonn sé, dá bhrí sin, nach bhfuil an easpa soiléireachta seo i gcomhréir leis an gcuspóir maidir le comhtháthú an mhargaidh agus le prionsabal na saorghluaiseachta caipitil a chumhdaítear in Airteagal 63 go hAirteagal 66 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Is é cuspóir an Rialacháin seo foráil a dhéanamh maidir le deimhneacht dhlíthiúil trí rialacha comhchoiteanna easaontachta dlíthe a leagan síos lena n-ainmnítear an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.

(13)  Is é cuspóir an Rialacháin seo foráil a dhéanamh maidir le deimhneacht dhlíthiúil trí rialacha comhchoiteanna easaontachta dlíthe a leagan síos lena n-ainmnítear an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, agus idirbhearta éileamh trasteorann a mhéadú ar an gcaoi sin, chun go spreagfaí an infheistíocht thrasteorann san Aontas agus go n-éascófaí rochtain ar mhaoiniú do ghnólachtaí - lena n-áirítear fiontair bheaga agus mhéanmhéide (FBManna) - agus do thomhaltóirí.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a)  Ní bheartaítear leis an Rialachán seo go n-athrófar forálacha Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 maidir le héifeacht dílseánaigh sannta shaorálaigh, amhail idir sanntóir agus sannaí nó idir sannaí agus féichiúnaí.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  Ba cheart go rialódh na rialacha easaontachta dlíthe a leagtar síos sa Rialachán seo éifeachtaí dílseánaigh ó thaobh sannadh éileamh de idir na páirtithe go léir a bhaineann leis an sannadh (is é sin, idir an sannóir agus an sannaí agus idir an sannaí agus an féichiúnaí) agus i ndáil le tríú páirtithe (creidiúnaí de chuid an tsannóra, mar shampla).

(15)  Ba cheart go rialódh na rialacha easaontachta dlíthe a leagtar síos sa Rialachán seo éifeachtaí ó thaobh sannadh éileamh de i ndáil le tríú páirtithe, creidiúnaí de chuid an tsannóra, mar shampla, diomaite den fhéichiúnaí.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  Is infháltais trádála iad na héilimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, éilimh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais44 agus airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa. Áirítear le hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/65/AE urrúis agus díorthaigh arna dtrádáil ar na margaí airgeadais. Cé gur sócmhainní iad urrúis, is conarthaí iad díorthaigh lena n-áirítear cearta (nó éilimh) agus oibleagáidí ar na páirtithe sa chonradh.

(16)  Sna héilimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, áirítear infháltais trádála, éilimh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle44 agus airgead tirim a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa. Áirítear le hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/65/AE urrúis agus díorthaigh arna dtrádáil ar na margaí airgeadais. Cé gur sócmhainní iad urrúis, is conarthaí iad díorthaigh lena n-áirítear cearta (nó éilimh) agus oibleagáidí ar na páirtithe sa chonradh.

___________________

___________________

44Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE, IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349-496.

44Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE, IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)   Baineann an Rialachán seo le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Ní chumhdaítear leis aistriú na gconarthaí sin (amhail conarthaí díorthacha), ina bhfuil cearta (nó éilimh) agus oibleagáidí san áireamh, nó nuachan conarthaí ina gcuimsítear cearta agus oibleagáidí den sórt sin. Toisc nach gcumhdaítear leis an Rialachán sin aistriú ná nuachan conarthaí, leanfar den trádáil in ionstraimí airgeadais, agus imréiteach agus socrú na n-ionstraimí sin, a bheith arna rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil le hoibleagáidí conarthacha mar a leagtar síos i Rialachán na Róimhe I é. De ghnáth, is iad na páirtithe sa chonradh a roghnaíonn an dlí sin nó ainmnítear é le rialacha neamhroghnacha is infheidhme maidir le margaí airgeadais.

(17)  Baineann an Rialachán seo le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Cumhdaítear ann go háirithe aistriú na gconarthaí (amhail conarthaí díorthacha), ina bhfuil cearta (nó éilimh) agus oibleagáidí san áireamh, nó nuachan conarthaí ina gcuimsítear cearta agus oibleagáidí den sórt sin.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)  Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear d'ábhair arna rialú ag an Treoir Comhthaobhachta Airgeadais44, an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta45, an Treoir maidir le Foirceannadh 46 agus Rialachán na Clárlainne 47.

(18)  Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear d’ábhair arna rialú ag Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle44, Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45, Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46 agus Rialachán (AE) Uimh. 389/201347 ón gCoimisiún, ós rud é nach bhfuil forluí ann, dá bhrí sin, idir raon feidhme rialacha na heasaontachta dlíthe sa Rialachán seo agus raon feidhme rialacha na heasaontachta dlíthe sna trí Threoir sin.

_________________

_________________

44 Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais IO L 168, 27.6.2002, lgh. 43–50.

44 Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).

45 Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, IO L 166, 11.6.1998, lgh. 45–50.

45 Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).

46 Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa, IO L 125, 5.5.2001, lgh. 15–23.

46 Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa, (IO L 125, 5.5.2001, lch. 15).

47 Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinneadh Uimh. 280/2004/CE agus Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 agus Rialachán Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún, IO L 122, 3.5.2013, lgh. 1-59.

47 Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinneadh Uimh. 280/2004/CE agus Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 agus Rialachán Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún, (IO L 122, 3.5.2013, lch. 1).

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)  I gcomhréir le cleachtas an mhargaidh agus le riachtanais rannpháirtithe sa mhargadh, ba cheart éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh áirithe de, mar eisceacht, a bheith arna rialú ag dlí an éilimh arna shannadh, is é sin, an dlí lena rialaítear an chéad chonradh idir an creidiúnaí agus an féichiúnaí as a n-eascraíonn an t-éileamh.

(25)  I gcomhréir le cleachtas an mhargaidh agus le riachtanais rannpháirtithe sa mhargadh, ba cheart éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh áirithe de, mar eisceacht, a bheith arna rialú ag dlí an éilimh arna shannadh, is é sin, an dlí lena rialaítear an chéad chonradh idir an creidiúnaí agus an féichiúnaí a bhfuil an t-éileamh mar thoradh air.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)  Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an tsolúbthacht i gcinneadh an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i gcomhthéacs urrúsú chun freastal ar riachtanais na n-urrúsóirí uile agus chun leathnú an mhargaidh urrúsúcháin trasteorann a éascú d'oibreoirí beaga. Cé gur cheart go mbeadh feidhm ag an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra mar an riail réamhshocraithe i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i gcomhthéacs urrúsaithe, ba cheart go mbeadh an sannóir (an tionscnóir) agus an sannaí (an t-aonán sainchuspóireach) in ann a roghnú gur cheart go mbeadh feidhm ag dlí an éilimh arna shannadh maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Ba cheart don sannóir agus don sannaí a bheith in ann a chinneadh go bhfanfaidh éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, i gcomhthéacs urrúsaithe, de bheith faoi réir na rialach ginearálta maidir le gnáthchónaí an tsannóra nó ba cheart iad a bheith in ann dlí an éilimh arna shannadh a roghnú maidir le feidhm struchtúir agus shaintréithe an idirbhirt, mar shampla líon agus suíomh na dtionscnóirí agus an líon dlíthe lena rialaítear na héilimh arna sannadh.

scriosta

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)  Féadfaidh coinbhleachtaí tosaíochta tarlú idir sannaithe an éilimh chéanna i gcás ina mbeidh éifeachtaí tríú páirtí an tsannta faoi réir an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra i sannadh amháin agus faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh i sannadh eile. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gurb é an dlí is infheidhme i ndáil leis an gcoinbhleacht tosaíochta a réiteach an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éilimh de a tháinig de bheith i bhfeidhm den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoin dlí is infheidhme i ndáil leis.

(29)  Féadfaidh coinbhleachtaí tosaíochta tarlú idir sannaithe an éilimh chéanna i gcás ina mbeidh éifeachtaí tríú páirtí an tsannta faoi réir an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra i sannadh amháin agus faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh i sannadh eile. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gurb é an dlí is infheidhme i ndáil leis an gcoinbhleacht tosaíochta a réiteach an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éilimh de a tháinig chun bheith i bhfeidhm den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoin dlí is infheidhme i ndáil leis. I gcás ina dtagann an dá shannadh éileamh chun bheith éifeachtach in aghaidh tríú páirtithe ag an am céanna, ba cheart forlámhas a bheith ag an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30)  Ba cheart raon feidhme an dlí náisiúnta arna ainmniú ag an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a bheith aonfhoirmeach. Ba cheart a rialú faoin dlí náisiúnta arna ainmniú mar an dlí is infheidhme an méid seo a leanas go háirithe: (i) éifeachtacht an tsannta in aghaidh tríú páirtithe, is é sin, na bearta is gá don sannaí a dhéanamh chun a áirithiú go bhfaigheann sé teideal dlí ar an éileamh arna shannadh (an sannadh a chlárú le húdarás poiblí nó le clárlann nó fógra a thabhairt don fhéichiúnaí i scríbhinn maidir leis an sannadh, mar shampla); agus (ii) saincheisteanna tosaíochta, is é sin, coinbhleachtaí idir éilitheoirí éagsúla maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar an éileamh (idir beirt sannaithe, mar shampla, i gcás inar sannadh an t-éileamh céanna faoi dhó, nó idir sannaí agus creidiúnaí de chuid an tsannóra).

(30)  Ba cheart raon feidhme an dlí náisiúnta arna ainmniú ag an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a bheith aonfhoirmeach. Ba cheart a rialú faoin dlí náisiúnta arna ainmniú mar an dlí is infheidhme an méid seo a leanas go háirithe: (i) éifeachtacht an tsannta in aghaidh tríú páirtithe, is é sin, na bearta agus na nósanna imeachta is gá don sannaí cloí leo chun a áirithiú go bhfaigheann sé teideal dlí ar an éileamh arna shannadh (an sannadh a chlárú le húdarás poiblí nó le clárlann nó fógra a thabhairt don fhéichiúnaí i scríbhinn maidir leis an sannadh, mar shampla); agus (ii) saincheisteanna tosaíochta, is é sin, réiteach coinbhleachtaí idir éilitheoirí éagsúla maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar an éileamh tar éis sannadh trasteorann (idir beirt sannaithe, mar shampla, i gcás inar sannadh an t-éileamh céanna faoi dhó, nó idir sannaí agus creidiúnaí de chuid an tsannóra).

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34)  Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Rialachán seo le cur i bhfeidhm Airteagal 17 agus Airteagal 47 a chur chun cinn, airteagail a bhaineann, faoi seach, leis an gceart chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil.

(34)  Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Rialachán seo le cur i bhfeidhm Airteagal 17 agus Airteagal 47 a chur chun cinn, airteagail a bhaineann, faoi seach, leis an gceart chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, mar aon le hAirteagal 16 a bhaineann leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i gcásanna ina mbeidh easaontacht dlíthe, maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de in ábhair shibhialta agus tráchtála.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i gcásanna ina mbeidh easaontacht dlíthe, maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de in ábhair shibhialta agus tráchtála seachas éifeachtaí tríú páirtí maidir leis an bhféichiúnaí ar sannadh an t-éileamh dó.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta maidir le cosaint tomhaltóirí.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  sannadh éileamh a eascraíonn as réimis maoine pósta, réimis maoine caidreamh a measann an dlí is infheidhme i ndáil le caidrimh den sórt sin éifeachtaí inchomparáide a bheidh acu le pósadh, agus uachtanna agus comharbas;

(b)  sannadh éileamh a eascraíonn as réimis maoine pósta, réimis maoine caidreamh a measann an dlí is infheidhme i ndáil le caidrimh den sórt sin éifeachtaí inchomparáide a bheidh acu le pósadh, lena n-áirítear páirtnéireachtaí cláraithe, agus uachtanna agus comharbas;

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa)  éilimh a shannadh le linn comhimeachta faoi Rialachán (AE) 2015/848.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)  ciallaíonn "éifeachtaí tríú páirtí" éifeachtaí dílseánaigh, is é sin, ceart an tsannaí a theideal dlí a dhearbhú ar éileamh a shanntar dó i leith sannaithe nó tairbhithe eile ar an éileamh céanna nó ar éileamh atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de, creidiúnaithe an tsannóra nó i leith tríú páirtithe eile;

(e)  ciallaíonn ‘éifeachtaí tríú páirtí’ éifeachtaí dílseánaigh, is é sin, ceart an tsannaí a theideal dlí a dhearbhú ar éileamh a shanntar dó i leith sannaithe nó tairbhithe eile ar an éileamh céanna nó ar éileamh atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de, creidiúnaithe an tsannóra nó i leith tríú páirtithe eile, diomaite den fhéichiúnaí;

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h)  ciallaíonn "airgead" airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa in aon chineál airgeadra;

scriosta

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 4

Airteagal 4

An dlí is infheidhme

An dlí is infheidhme

1.  Mura bhforáiltear a mhalairt san Airteagal seo, is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir ag an am ábhartha an dlí lena rialófar éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt san Airteagal seo, is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir tráth a thabharfar conradh an tsannta i gcrích an dlí lena rialófar éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.

I gcás ina n-athróidh an sannóir áit a ghnáthchónaithe idir dhá shannadh den éileamh céanna ar shannaithe éagsúla, beidh tosaíocht cirt sannaí ar cheart sannaí eile arna rialú ag an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra ag an am a tháinig an sannadh i bhfeidhm den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoin dlí a ainmnítear mar an dlí is infheidhme de bhun na chéad fhomhíre.

I gcás ina n-athróidh an sannóir áit a ghnáthchónaithe idir dhá shannadh den éileamh céanna ar shannaithe éagsúla, beidh tosaíocht cirt sannaí ar cheart sannaí eile arna rialú ag an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra ag am a tháinig an sannadh i bhfeidhm den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe eile faoin dlí a ainmnítear mar an dlí is infheidhme de bhun na chéad fhomhíre.

2.  Rialóidh an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh éifeachtaí tríú páirtí maidir le sannadh na nithe seo a leanas:

2.  D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, rialóidh an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh éifeachtaí tríú páirtí maidir le sannadh na nithe seo a leanas:

(a)  airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa;

(a)  airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa;

(b)  éilimh a eascraíonn as ionstraim airgeadais.

(b)  éilimh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais.

3.   Féadfaidh an sannóir agus an sannaí an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh a roghnú mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i bhfianaise urrúsú.

 

Luafar an rogha dlí go sainráite i gconradh an tsannta nó i gcomhaontú ar leithligh. Beidh bailíocht shubstaintiúil agus fhoirmiúil an ghnímh trína ndearnadh rogha an dlí arna rialú ag an dlí arna roghnú.

 

4.  Déanfar coinbhleacht tosaíochta idir sannaithe an éilimh chéanna, i gcás ina bhfuil éifeachtaí tríú páirtí ceann amháin de na sanntaí arna rialú ag dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir agus éifeachtaí tríú páirtí sanntaí eile arna rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh, déanfar an choinbhleacht sin a rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí an éilimh arna shannadh a raibh feidhm leis den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoina dhlí is infheidhme.

.  Déanfar coinbhleacht tosaíochta idir sannaithe an éilimh chéanna, i gcás ina bhfuil éifeachtaí tríú páirtí ceann amháin de na sanntaí arna rialú ag dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir agus éifeachtaí tríú páirtí sanntaí eile arna rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh, déanfar an choinbhleacht sin a rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí an éilimh arna shannadh a raibh feidhm leis den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoina dhlí is infheidhme. I gcás ina dtagann an dá shannadh chun bheith éifeachtach in aghaidh tríú páirtithe ag an am céanna, ba cheart forlámhas a bheith ag dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Tabharfar éifeacht d’fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha dhlí an Bhallstáit ar ghá an sannadh a fheidhmiú ann, nó inar feidhmíodh an sannadh, a mhéid a fhágann na forálacha sainordaitheacha sáraitheacha sin go mbeidh feidhmiú an chonartha neamhdhleathach.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Cinnfear leis an dlí is infheidhme de bhun an Rialacháin seo an bhfuil tosaíocht ag cearta tríú páirtí i leith éileamh arna shannadh tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chearta tríú duine eile a fuarthas sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

2.  Cinnfear leis an dlí is infheidhme de bhun an Rialacháin seo an bhfuil tosaíocht ag cearta tríú páirtí i leith éileamh arna shannadh tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chearta tríú duine eile a fuarthas sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. I gcás ina bhfuil coimhlint idir éilimh bunaithe ar shannacháin, cinnfear leis an dlí is infheidhme de bhun an Rialacháin seo cearta na sannaithe faoi seach, ach amháin maidir le sanntaí arna gcur gcrích tar éis ... [dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Áiríodh rialacha a bhaineann leis an dlí is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de sa togra ón gCoimisiún, Rialachán (CE) Uimh. 593/208 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) ina dhiaidh sin, ach níor áiríodh na rialacha sin sa téacs críochnaitheach. Agus na ceisteanna seo á mbaint as Rialachán na Róimhe I acu, ba é rún soiléir na reachtóirí go cheart don Choimisiún teacht ar ais le togra tráth níos déanaí.

Tarraingíodh na ceisteanna anuas athuair i bhfianaise Phlean Gníomhaíochta 2015 maidir le hAontas na Margaí Caipitil (CMU). I mí na Bealtaine 2017, leagadh amach in Athbhreithniú Meántéarmach an Choimisiúin na bearta eile a dhéanfar chun bunchlocha Aontas na Margaí Caipitil a chur i bhfeidhm faoi 2019, agus é mar chuspóir leis bacainní ar infheistíocht trasteorann a bhaint agus costais chistithe a ísliú.

Raon feidhme na Tuarascála

Tá cúig airteagal déag sa togra ón gCoimisiún. Cloítear go dlúth ann le Rialachán na Róimhe I agus le Rialachán na Róimhe II. Sa tuarascáil seo, cuirtear béim ar na forálacha a bhaineann go sonrach leis an Togra sin, ach ní dhéantar aon athrú ar na forálacha a tógadh ó Rialachán na Róimhe I agus ó Rialachán na Róimhe II. Tá an seasamh seo á ghlacadh go sonrach d’fhonn go m’fhéidir go bhféadfaí an comhad reachtach seo a chur i gcrích roimh dheireadh na tréimshe reachtaí.

An phríomhriail

Sa togra ón gCoimisiún, is í an phríomhriail i dtaca leis an dlí is infheidhme maidir le sanntaí ná an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra. Sin í an riail atá i bhfeidhm i roinnt Ballstát, ach i mBallstáit eile, mar shampla, cuirtear i bhfeidhm an dlí is infheidhme maidir leis an éileamh arna shannadh. D’fhéadfadh sé go ndéanfadh príomh-iarmhairtí diúltacha sannta difear do chreidiúnaithe an tsannóra nó do thríú páirtithe a bhaineann leis an sannóir. Chuige sin, faoin dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra, beidh leibhéal ard trédhearcachta agus intuarthachta ann do na tríú páirtithe a bhféadfadh baint a bheith acu leis.

Eisiamh sainráite na bhféichiúnaithe

Rialaítear an dlí is infheidhme maidir le hiarmhairtí sannta ar an bhféichiúnaí le hAirteagal 14 de Rialachán na Róimhe I. I gcás nach n-eisiafaí féichiúnaithe go sainráite ó thríú páirtithe faoin Rialachán sin, chiallódh sé sin go mbeadh feidhm lex specialis ag an bhforáil i Rialachán na Róimhe I ach go bhfhéadfadh go dtarraingeofaí ceist i dtaca lena mhéid a dhéanann an Rialachán sin Rialachán na Róimhe I a fhorlíonadh. Ionas go ndéanfar iarmhairtí tríú páirtithe ar fhéichiúnaithe a rialáil le Rialachán na Róimhe I amháin, ba cheart eisiamh sainráite a thabhairt isteach sa Rialachán sin.

Eisiamh imeachtaí dócmhainneachta

Tá rialacha maidir leis an dlí is infheidhme i Rialachán (AE) Uimh. 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta. Ar an gcúis sin, maidir le sannacháin a dhéantar le linn comhimeachta de réir an Rialacháin sin, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Urrúsú

Tá sé molta ag an gCoimisiún go mbeadh an sannóir agus an sannaí in ann an dlí is infheidhme maidir le hiarmhairtí tríú páirtí sannta a roghnú. Tá riail den sórt sin contrártha do cheann de bhunphrionsabail dhlí sibhialta na hEorpa, eadhon: nach bhféadfaidh páirtithe i gcomhaontú cearta tríú páirtithe a shealbhú tríd an gcomhaontú. Rachfaí thar cailc dá mbeadh lánrogha ag na páirtithe sa chomhaontú um shannadh i ndáil leis an méid sin, go háirithe i bhfianaise Airteagal 3. Le réiteach, áfach, ina mbeadh na páirtithe sa chomhshocrú i dtaca le hurrúsú in ann a roghnú go mbeadh feidhm maidir le gach éileamh ag an dlí is infheidhme maidir leis an líon is mó éileamh, bhainfí cuíchóiriú leordhóthanach amach, ach bheadh leibhéal leordhóthanach cosanta do thríú páirtithe fós ann.


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

An dlí is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de

Tagairtí

COM(2018)0096 – C8-0109/2018 – 2018/0044(COD)

Dáta a thíolactha don Pharlaimint

7.3.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

JURI

16.4.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

16.4.2018

 

 

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

ECON

20.6.2018

 

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Pavel Svoboda

27.3.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

24.4.2018

15.5.2018

20.6.2018

 

Dáta an ghlactha

10.7.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

17

0

1

Comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Max Andersson, Joëlle Bergeron, Marie-Christine Boutonnet, Jean-Marie Cavada, Kostas Chrysogonos, Rosa Estaràs Ferragut, Lidia Joanna Geringer de Oedenberg, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Gilles Lebreton, António Marinho e Pinto, Emil Radev, Pavel Svoboda, Axel Voss, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Pascal Durand, Angel Dzhambazki, Evelyne Gebhardt, Răzvan Popa

Dáta don chur síos

17.7.2018


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

17

+

ALDE

EFDD

ENF

PPE

S&D

VERTS/ALE

Jean-Marie Cavada, António Marinho e Pinto

Joëlle Bergeron

Marie-Christine Boutonnet, Gilles Lebreton

Rosa Estaràs Ferragut, Emil Radev, Pavel Svoboda, Axel Voss, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka

Evelyne Gebhardt, Lidia Joanna Geringer de Oedenberg, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Razvan Popa

Max Andersson, Pascal Durand

0

-

 

 

1

0

ECR

Angel Dzhambazki

Key to symbols:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 29 Lúnasa 2018Fógra dlíthiúil