Nós Imeachta : 2017/0293(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0287/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0287/2018

Díospóireachtaí :

PV 02/10/2018 - 15
CRE 02/10/2018 - 15
PV 26/03/2019 - 18
CRE 26/03/2019 - 18

Vótaí :

PV 03/10/2018 - 9.5
CRE 03/10/2018 - 9.5
Mínithe ar vótaí
PV 27/03/2019 - 18.5

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0370
P8_TA(2019)0304

TUARASCÁIL     ***I
PDF 1156kWORD 119k
18.9.2018
PE 619.135v02-00 A8-0287/2018

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí do charranna nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (athmhúnlú)

(COM(2017)0676 – C8-0395/2017 – 2017/0293(COD))

An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

Rapóirtéir: Miriam Dalli

(Athmhúnlú – Riail 104 de na Rialacha Nós Imeachta)

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 IARSCRÍBHINN: LITIR ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA
 IARSCRÍBHINN: TUAIRIM Ó MHEITHEAL CHOMHAIRLEACH SHEIRBHÍSÍ DLÍTHIÚLA PHARLAIMINT NA hEORPA, NA COMHAIRLE AGUS AN CHOIMISIÚIN
 TUAIRIM ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht
 NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
 TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí do charranna nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (athmhúnlú)

(COM(2017)0676 – C8-0395/2017 – 2017/0293(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach - athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0676),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0395/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(1),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 14 Márta 2018 a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 104 agus do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0287/2018),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é, ag áireamh mholtaí Mheitheal Oibre sheirbhís dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Leagtar amach cuspóir soiléir sa Straitéis Eorpach maidir le Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí16: faoi lár an chéid seo, ní mór astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil iompair a bheith 60 % níos lú ar a laghad ná mar a bhí in 1990, agus a bheith ag dul i dtreo nialais. Ní mór astaíochtaí truailleán aeir ón earnáil iompair a dhéanann dochar dár sláinte a laghdú go mór gan mhoill. Ní mór astaíochtaí ó ghnáth-innill dócháin a laghdú tuilleadh tar éis 2020. Ní mór feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a úsáid agus sciar nach beag den mhargadh a ghnóthú faoi 2030.

(3)  Is í earnáil an iompair an t-aon phríomhearnáil san Aontas ina bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa fós ag dul i méid. Chun na gealltanais a thug an tAontas ag an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCC) a reáchtáladh i bPáras in 2015 a chomhlíonadh, ní mór dlús a chur le dícharbónú na hearnála iompair ar fad agus ba cheart astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil sin a bheith ag dul go diongbháilte i dtreo astaíochtaí nialasacha faoi lár na haoise. Ina theannta sin, ní mór astaíochtaí truailleán aeir ón earnáil iompair a dhéanann dochar suntasach dár sláinte agus don chomhshaol a laghdú go mór gan mhoill. Ní mór astaíochtaí ó ghnáth-innill dócháin a bheith laghdaithe tuilleadh tar éis 2020. Ní mór feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a úsáid agus sciar nach beag den mhargadh a ghnóthú faoi 2030.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)  Tá sé ríthábhachtach straitéisí a fhorbairt i dtaobh taighde, soláthar, próiseáil agus táirgeadh maidir le forbairtí i ndéantús comhpháirteanna éadroma chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le haistriú ísealcharbóin sa tionscal gluaisteán. Tá méadú ag teacht ar an mbailiúchán taighde ar amhábhar snáithín nádúrtha mar chuid den ról atá ag teacht chun cinn maidir leis an mbithgheilleagar agus na táirgí in-athnuaite, in-athchúrsáilte agus inbhuanaithe is féidir a tháirgeadh leis. Ní mór na forbairtí sin a leagan amach bunaithe ar thuiscint maidir leis na teorainneacha a bhaineann le hacmhainní nádúrtha, infhaighteacht talún agus, dá bhrí sin, an gá atá le réitigh inbhuanaithe dheiridh ré a chur ar fáil.

Réasúnú

In ainneoin chomhthéacs na neodrachta teicneolaíochta, is iad na feithiclí leictreacha a mheastar a bheith ina réiteach maidir le haistriú ísealcharbóin san earnáil. Is gné ríthábhachtach é meáchan éadrom na bhfeithiclí sin, agus bíonn na saintréithe sin ag gabháil le comhpháirteanna bith-ilchodacha.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b)  Chun aistriú i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, ar aistriú é a bheidh inghlactha go sóisialta agus cothrom, a bhaint amach, tá gá le hathruithe sa slabhra luacha ar fad sa tionscal gluaisteán, agus an éifeacht dhíobhálach fhéideartha ar shaoránaigh agus réigiúin sna Ballstáit uile á cur san áireamh. Tá sé tábhachtach na héifeachtaí sóisialta a bheidh ag an aistriú a chur san áireamh agus tá sé tábhachtach a bheith réamhghníomhach, agus aghaidh á tabhairt ar na himpleachtaí maidir leis an bhfostaíocht. Tá sé ríthábhachtach ar fad, dá bhrí sin, go mbeadh cláir spriocdhírithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh athsciliú, uas-sciliú agus ath-imlonnú oibrithe ag gabháil leis na bearta reatha freisin, mar aon le tionscnaimh chuardaithe poist i bpobail agus réigiúin a bhíonn thíos leis an aistriú, ar tionscnaimh iad a reáchtálfar i ndlúth-idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta agus na húdaráis inniúla.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4c)  Chun aistriú rathúil chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a bhaint amach, tá gá le comhchreat beartais d’fheithiclí, do bhonneagair, d'eangacha leictreachais, do tháirgeadh inbhuanaithe ceallraí, do sholáthar agus athchúrsáil, ar comhchreat beartais é lena ngabhfadh dreasachtaí eacnamaíocha agus fostaíochta a bheadh ag obair i gcomhar le chéile ar fud leibhéal an Aontais, an leibhéil náisiúnta, an leibhéil réigiúnaigh agus an leibhéil áitiúil, agus a mbeadh ionstraimí chistiúcháin níos láidre de chuid an Aontais ag tacú leo.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Formhuiníodh i gConclúidí na Comhairle Eorpaí, Deireadh Fómhair 2014, laghdú 30 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 2005 do na hearnálacha nach cuid de chóras trádála astaíochtaí an Aontais iad. Is í an earnáil iompair de bhóthar is cúis le cuid mhór d'astaíochtaí na n-earnálacha sin, agus tá na hastaíochtaí a bhaineann léi cuid mhór os cionn leibhéil 1990 go fóill. Más rud é go leantar den mhéadú ar na hastaíochtaí de bharr iompar de bhóthar, cealóidh sé na laghduithe atá á ndéanamh in earnálacha eile chun an t-athrú aeráide a chomhrac.

(6)  Tá astaíochtaí ó iompar de bhóthar cuid mhór os cionn leibhéil 1990 go fóill, rud a bhaineann de na laghduithe atá á ndéanamh in earnálacha eile chun an t-athrú aeráide a chomhrac.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Ba é an chonclúid a baineadh as meastóireacht a rinneadh in 2015 ar Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ná go raibh na Rialacháin sin ábhartha agus comhleanúnach den chuid is mó de, go raibh laghdú suntasach déanta ar astaíochtaí dá mbarr, ach, ag an am céanna, go raibh siad níos costéifeachtaí ná mar a rabhthas ag súil leis ar dtús. Ina theannta sin, tá méid suntasach breisluacha ginte acu freisin don Aontas, rud nach bhféadfaí a dhéanamh a mhéid chéanna trí bhíthin bearta náisiúnta.

(9)  Ba é an chonclúid a baineadh as meastóireacht a rinneadh in 2015 ar Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ná go raibh na Rialacháin sin ábhartha agus comhleanúnach den chuid is mó de, go raibh laghdú suntasach déanta ar astaíochtaí dá mbarr, ach, ag an am céanna, go raibh siad níos costéifeachtaí ná mar a rabhthas ag súil leis ar dtús. Ina theannta sin, tá méid suntasach breisluacha ginte acu freisin don Aontas, rud nach bhféadfaí a dhéanamh a mhéid chéanna trí bhíthin bearta náisiúnta. Baineadh an chonclúid as an meastóireacht sin freisin, áfach, go bhfuil an coigilteas iarbhír CO2 atá bainte amach roinnt mhaith níos lú ná an coigilteas a léiríodh sa tástáil cineálcheadaithe agus, mar gheall ar an ‘mbearna astaíochtaí’ idir torthaí na tástála cineálcheadaithe agus leibhéal na fíorfheidhmíochta, go bhfuil an bonn bainte go mór ó éifeachtacht na gcaighdeán CO2 agus ón muinín atá ag tomhaltóirí maidir leis na coigiltí breosla a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le feithiclí nua.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a)  Chun éifeachtacht an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart laghduithe ar astaíochtaí CO2 a shaothrú sna dálaí a bhíonn ann le linn gnáthoibriú agus gnáthúsáid feithicle. Is iomchuí, dá bhrí sin, diantoirmeasc ar ghairis sáraithe a áireamh sa Rialachán seo agus na hacmhainní chun a áirithiú go ndéanfaí an toirmeasc sin a chomhlíonadh a thabhairt do na húdaráis.

Réasúnú

Déantar foráil in Airteagal 13 de Threoir 510/2011 d’athbhreithniú ar na spriocanna agus módúlachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo. Tá na heilimintí a chumhdaítear leis an leasú seo nasctha le cuspóir an Rialacháin seo agus le gnóthú na spriocanna a leagtar síos anseo.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Tá sé tábhachtach gurb é a tharlóidh, de thoradh ar cheanglais a leagan amach maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2, go leanfar de chinnteacht na hintuarthachta agus na pleanála a sholáthar ar fud an Aontais do mhonaróirí feithiclí maidir lena bhflít gluaisteán nua agus a bhflít feithiclí tráchtála éadroma nua san Aontas.

(12)  De thoradh ar cheanglais a leagan amach maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2, leantar de chinnteacht na hintuarthachta agus na pleanála a sholáthar ar fud an Aontais do mhonaróirí feithiclí maidir lena bhflít gluaisteán nua agus a bhflít feithiclí tráchtála éadroma nua san Aontas.

Réasúnú

Déantar foráil in Airteagal 13 de Threoir 510/2011 d’athbhreithniú ar na spriocanna agus módúlachtaí a leagtar amach sa Rialacháin seo. Tá na heilimintí a chumhdaítear leis an leasú seo nasctha le cuspóir an Rialacháin seo agus le gnóthú na spriocanna a leagtar síos anseo.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12 a)   Sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún in 2016 ar Threoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1a, sainaithníodh gá atá le soiléiriú breise agus simpliú breise a dhéanamh ar an reachtaíocht, rud a d’fhéadfadh cur lena hábharthacht, lena héifeachtacht, lena héifeachtúlacht agus lena comhsheasmhacht. Is é is aidhm le Moladh (AE) 2017/948 ón gCoimisiún1b ná cur chun feidhme comhchuibhithe Threoir 1999/94/CE a spreagadh. Mar sin féin, maidir le ceanglais de chuid an Aontais atá deartha níos fearr agus comhchuibhithe níos mó maidir le lipéadú ar charranna lena soláthraítear faisnéis inchomparáide, iontaofa agus shoiléir do thomhaltóirí faoi na tairbhí a bhaineann le carranna astaíochtaí ísle, lena n-áirítear faisnéis faoi thruailleáin aeir agus costais reatha sa bhreis ar fhaisnéis faoi astaíochtaí CO2, d'fhéadfaidís tacú le glacadh na gcarranna is éifeachtúla ó thaobh breosla de agus is glaise ar fud an Aontais. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 1999/94/CE tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2019 agus togra reachtach ábhartha a chur chun cinn. Ina theannta sin, amhail i gcás na gcarranna paisinéirí, d’fhéadfadh earnáil na bhfeithiclí tráchtála éadroma tairbhe a bhaint freisin as lipéad den sórt sin maidir le barainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 a thabhairt isteach. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh freisin ar na roghanna sin don earnáil sin agus, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha ábhartha a chur chun cinn.

 

_______________

 

1aTreoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le carranna nua paisinéirí a chur ar an margadh (IO L 12, 18.1.2000, lch. 16).

 

1b Moladh (AE) 2017/948 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017 maidir le húsáid luachanna ídithe breosla agus astaíochtaí CO2 a dhéantar a chineálcheadú agus a thomhas i gcomhréir leis an Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda d’Fheithiclí Éadroma agus faisnéis á cur ar fáil do thomhaltóirí de bhun Threoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 142, 2.6.2017, lch. 100).

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Ba cheart, dá bhrí sin, leibhéil laghdúcháin a shocrú do 2025 agus 2030 le haghaidh flíteanna gluaisteán nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua ar fud an Aontais, ag cur san áireamh an t-am is gá chun an flít feithiclí a athnuachan agus an gá don earnáil iompair de bhóthar cuidiú chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach. Comhartha luath agus soiléir is ea an cur chuige céim ar chéim sin freisin do thionscal na mótarfheithiclí gan moill a chur ar theicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh agus feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a thabhairt a fhad leis an margadh.

(13)  Ba cheart leibhéil laghdúcháin a shocrú do 2025 agus 2030 le haghaidh flíteanna carranna nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua ar fud an Aontais, ag cur san áireamh an t-am is gá chun an flít feithiclí a athnuachan agus an gá don earnáil iompair de bhóthar rannchuidiú le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach do 2030 agus ina dhiaidh sin. Comhartha luath agus soiléir is ea an cur chuige céim ar chéim sin freisin do thionscal na mótarfheithiclí gan moill a chur ar theicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh agus feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a thabhairt a fhad leis an margadh. Ina theannta sin, chun móiminteam an laghdaithe ar astaíochtaí a choinneáil ar siúl i ndiaidh 2030, ba cheart go mbeadh an chonair chéanna ar a laghad i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí a laghdú amhail an 1 Eanáir 2031, agus dícharbónú leanúnach na hearnála i gcomhréir leis na gealltanais faoi Chomhaontú Pháras á chur san áireamh.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  Cé go bhfuil an tAontas ar cheann de na príomhtháirgeoirí mótarfheithiclí ar domhan, agus go léiríonn sé ceannaireacht theicneolaíoch san earnáil sin, tá an iomaíocht ag dul i méid agus tá an earnáil mótarfheithiclí ag athrú go tapa a bhuí le nuálaíochtaí nua i ngléasraí cumhachta leictrithe agus le soghluaisteacht chomhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe. Chun go leanfaidh an tAontas de bheith iomaíoch ar an leibhéal domhanda, agus rochtain a bheith aige ar na margaí, tá creat rialála de dhíth air, lena n-áirítear dreasacht ar leithligh i réimse na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, rud a chruthóidh mórmhargadh baile agus a thacóidh le forbairt agus nuálaíocht teicneolaíochta.

(14)  Cé go bhfuil an tAontas ar cheann de na príomhtháirgeoirí mótarfheithiclí ar domhan, agus go léiríonn sé ceannaireacht theicneolaíoch san earnáil sin, tá an iomaíocht ag dul i méid agus tá an earnáil mótarfheithiclí ag athrú go tapa a bhuí le nuálaíochtaí nua i ngléasraí cumhachta leictrithe agus le soghluaisteacht chomhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe. Má bhíonn tionscal an Aontais mall ó thaobh a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh atá riachtanach san earnáil iompair, beidh baol ann go gcaillfeadh sé an ról ceannasach atá aige. Chun go leanfaidh an tAontas de bheith iomaíoch ar an leibhéal domhanda, agus chun rochtain a bheith aige ar na margaí, ní mór dó creat rialála a bheith aige, lena n-áirítear sásra beartais ar leithligh i réimse na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, rud a chruthóidh mórmhargadh baile agus a thacóidh le forbairt agus nuálaíocht teicneolaíochta.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a)  In éagmais nuálaíocht teicneolaíochta agus dul chun cinn teicniúil, ní bheidh sé indéanta an sprioc fhadtéarmach maidir le soghluaisteacht an Aontais a dhícharbónú ina hiomláine a bhaint amach. Mar gheall air sin, agus i bhfianaise an mhéadaithe ar an iomaíocht idirnáisiúnta, tá sé bunriachtanach go leanfadh an tAontas agus na Ballstáit dá n-iarrachtaí iniúchadh agus forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh ina gcuirtear chun cinn na sineirgí féideartha san earnáil, agus Comhaontas deireanach Ceallraí an Aontais ina bhunús leis sin, agus go dtacóidís leis an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa taighde agus sa nuálaíocht i dtionscal gluaisteán an Aontais chun go leanfadh an tAontas de bheith ina cheannaire teicneolaíoch san earnáil sin agus chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach a bhoinn thionsclaíoch a áirithiú, rud a d’fhágfadh go leanfadh sé de bheith éifeachtúil agus iomaíoch ar an margadh domhanda.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  Ba cheart sásra tiomnaithe dreasachta a thabhairt isteach chun aistriú rianúil chuig soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí a éascú. Ba cheart an sásra creidiúnúcháin sin a cheapadh sa chaoi is go gcuirfidh sé chun cinn úsáid feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ar mhargadh an Aontais.

(15)  Ba cheart sásra tiomnaithe beartais a thabhairt isteach chun aistriú rianúil chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a éascú agus chun dlús a chur leis. Ba cheart an sásra creidiúintí agus dochair sin a cheapadh sa chaoi is go ndéanfadh sé úsáid feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ar mhargadh an Aontais a chur chun cinn agus chun cinnteacht infheistíochta a áirithiú maidir le feidhmiú céimneach tráthúil agus leordhóthanach an bhonneagair luchtaithe riachtanaigh.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  Trí thagarmharc láidir a leagan síos le haghaidh an sciar d'fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a bheadh i bhflít an Aontais Eorpaigh chomh maith le sásra dea-cheaptha chun sprioc CO2 sonrach monaróra a choigeartú ar bhonn an sciar d'fheithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a bheadh i bhflít an mhonaróra féin, ba cheart gur chomhartha láidir inchreidte a bheadh sa mhéid sin ar son fhorbairt agus úsáid na bhfeithiclí sin, ach go bhféadfaí tuilleadh feabhsaithe a dhéanamh ar éifeachtúlacht na ngnáth-inneall dócháin inmheánaigh mar sin féin.

(16)  Trí thagarmharc láidir a leagan síos le haghaidh an sciar d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a bheadh i bhflít an Aontais Eorpaigh chomh maith le sásra dea-cheaptha chun sprioc CO2 sonrach monaróra a choigeartú ar bhonn an sciar d'fheithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a bheadh i bhflít an mhonaróra féin, ba cheart gur chomhartha láidir inchreidte a bheadh sa mhéid sin ar son fhorbairt agus úsáid agus margaíocht na bhfeithiclí sin, ach go bhféadfaí tuilleadh feabhsaithe a dhéanamh ar éifeachtúlacht na ngnáth-inneall dócháin inmheánaigh mar sin féin.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)  Agus na creidiúintí le haghaidh feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha á gcinneadh, is iomchuí a chur san áireamh an difear idir astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí sin. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an sásra coigeartúcháin sin go mbeadh sprioc shonrach CO2 níos airde ag monaróir a sháródh leibhéal an tagarmhairc. Chun cur chuige cothrom a áirithiú, ba cheart na teorainneacha a shocrú ar an leibhéal coigeartúcháin is indéanta faoin sásra sin. Ar an gcaoi sin, déanfar foráil maidir le dreasachtaí, a chuirfidh chun cinn cur i bhfeidhm tráthúil bonneagair athluchtúcháin agus athbhreoslúcháin agus a mbeidh neart sochar ag dul leo do thomhaltóirí, don iomaíochas agus don chomhshaol.

(17)  Agus na tagarmharcanna maidir leis an sciar d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle á gcinneadh, is iomchuí an difear idir astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí sin a chur san áireamh. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an sásra coigeartúcháin go mbeadh sprioc shonrach CO2 níos airde ag monaróir a sháródh leibhéal an tagarmhairc. Os a choinne sin, i gcás monaróra nach mbaineann an tagarmharc amach, bheadh air sprioc CO2 níos déine a chomhlíonadh. Chun cur chuige cothrom a áirithiú, ba cheart na teorainneacha a shocrú ar an leibhéal coigeartúcháin is indéanta faoin sásra sin. Ar an gcaoi sin, déanfar foráil maidir le dreasachtaí, a chuirfidh chun cinn cur i bhfeidhm tráthúil bonneagair athluchtúcháin agus athbhreoslúcháin agus a mbeidh neart sochar ag dul leo do thomhaltóirí, don iomaíochas agus don chomhshaol.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17 a) Ba cheart infheistíochtaí tráthúla agus leordhóthanacha a dhéanamh i dtáirgeadh agus feidhmiú céimneach feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, agus sa bhonneagar foriomlán tacaíochta is gá, lena n-áirítear infheistíochtaí maidir le ceallraí a tháirgeadh, a sholáthar agus a athchúrsáil ar bhealach inbhuanaithe. Ní mór ionstraimí tacaíochta éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon a bheith ag obair go héifeachtacht i gcomhar lena chéile, agus infheistíocht shuntasach, idir phoiblí agus phríobháideach, á slógadh agus á spreagadh acu. Ní mór bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a chur ar bun go gasta chun muinín a thabhairt do thomhaltóirí agus chun cinnteacht ghnó a thabhairt do mhonaróirí feithiclí. Dá bhrí sin, más féidir, ba cheart tacú le monarú ceallraí agus ceall ceallraí san Aontas, atá lonnaithe gar do láithreáin mhonaraíochta feithiclí.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)  Ba cheart cothromaíocht a áirithiú, mar sin féin, idir na dreasachtaí a thugtar d'éiceanuálaíochtaí agus do na teicneolaíochtaí sin dá léirítear éifeacht an laghdaithe ar astaíochtaí sa nós imeachta tástála oifigiúil. Dá bhrí sin, is iomchuí uasteorainn a choimeád ar na coigiltis ó thaobh éiceanuálaíochta de a fhéadfaidh monaróir a chur san áireamh chun críocha sprioc a chomhlíonadh. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na huasteorann, go háirithe chun a chur san áireamh éifeachtaí an athraithe ar an nós imeachta tástála oifigiúil. Is iomchuí freisin a shoiléiriú conas is ceart na coigiltis a ríomh chun críocha sprioc a chomhlíonadh.

(23)  Ba cheart cothromaíocht a áirithiú, mar sin féin, idir na dreasachtaí a thugtar d’éiceanuálaíochtaí agus do na teicneolaíochtaí sin dá léirítear éifeacht an laghdaithe ar astaíochtaí sa nós imeachta tástála oifigiúil. Dá bhrí sin, is iomchuí uasteorainn a choimeád ar na coigiltis ó thaobh éiceanuálaíochta de a fhéadfaidh monaróir a chur san áireamh chun críocha sprioc a chomhlíonadh. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na huasteorann agus coigeartú síos a dhéanamh air, go háirithe chun éifeachtaí an athraithe ar an nós imeachta tástála oifigiúil a chur san áireamh. Is iomchuí freisin a shoiléiriú conas is ceart an coigilteas a ríomh chun críocha sprioc a chomhlíonadh.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(25a)  I gcásanna ina bhféadfaí méadú a dhéanamh ar mheáchanfeithiclí tráchtála éadroma troma (catagóir N1 Aicme III), dá gcuirfí ceallra leictreach iontu sa mhéid is go ndéanfaí iad a athaicmiú i gcatagóir N2, ba cheart aghaidh a thabhairt ar fhadhb theicniúil den sórt sin.

Réasúnú

Mar thoradh ar fheithiclí tráchtála éadroma a leictriú, d’fhéadfaí a meáchan a mhéadú mar gheall ar mheáchan na gceallraí. Má sháraítear teorainn mheáchain aicme feithicle mar gheall ar an meáchan níos troime, níorbh fhéidir na hiarrachtaí maidir le líon na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha i bhflít a mhéadú a chur san áireamh faoin rialachán seo. D'fhéadfaí aghaidh a thabhairt air sin tríd an teorainn mheáchain don aicme sin a ardú sna cásanna sin ina bhfuil nasc soiléir idir na hiarrachtaí chun astaíochtaí a laghdú trí chóras eile tiomána.

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)  Áiritheoidh an nós imeachta chun maoluithe a dheonú ón sprioc 95 g CO2/km don fhlít do mhonaróirí nideoige .go mbeidh an iarracht ar laghdú atá riachtanach ó mhonaróirí nideoige comhsheasmhach le hiarracht monaróirí ardtáirgeachta maidir leis an sprioc sin. Mar sin féin, is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo go bhfuil an cumas céanna ag na monaróirí nideoige agus atá ag monaróirí ardtáirgeachta spriocanna CO2 a chomhlíonadh, agus maidir leis na spriocanna arna socrú ó 2025 amach, ní mheastar go bhfuil sé iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir an dá chatagóir monaróirí sin.

(28)  Is léir ón taithí go mbíonn an acmhainneacht chéanna ag monaróirí nideoige agus a bhíonn ag monaróirí móra maidir le spriocanna CO2 a bhaint amach, dá bhrí sin, ní mheastar a thuilleadh, dá bhrí sin, gurb iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir an dá chatagóir sin de mhonaróirí.

Réasúnú

Déantar foráil in Airteagal 13 de Threoir 510/2011 d’athbhreithniú ar na spriocanna agus módúlachtaí a leagtar amach sa Rialacháin seo. Tá na heilimintí a chumhdaítear leis an leasú seo nasctha le cuspóir an Rialachán seo agus le gnóthú na spriocanna a leagtar síos anseo.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37)  Tomhaistear astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin nua paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma nua ar bhonn comhchuibhithe san Aontas de réir na modheolaíochta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. Chun ualach riaracháin an Rialacháin seo a íoslaghdú, ba cheart go dtomhaisfí comhlíonadh faoi threoir sonraí maidir le clárú gluaisteán nua agus feithiclí tráchtála éadroma nua san Aontas , ar sonraí iad a bhailíonn na Ballstáit agus a thuairiscítear don Choimisiún. Chun comhsheasmhacht a áirithiú maidir leis na sonraí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh, ba cheart na rialacha a bhaineann le bailiú agus tuairisciú na sonraí sin a chomhchuibhiú a mhéid is féidir. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhreagracht atá ar na húdaráis inniúla sonraí cearta agus iomlána a sholáthar a shonrú go soiléir mar aon leis an ngá le comhar éifeachtach idir na húdaráis sin agus an Coimisiún maidir le dul i ngleic le saincheisteanna cáilíochta sonraí.

(37)  Tomhaistear astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin nua paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma nua ar bhonn comhchuibhithe san Aontas de réir na modheolaíochta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. Chun ualach riaracháin an Rialacháin seo a íoslaghdú, ba cheart go dtomhaisfí comhlíonadh faoi threoir sonraí maidir le clárú gluaisteán nua agus feithiclí tráchtála éadroma nua san Aontas , ar sonraí iad a bhailíonn na Ballstáit agus a thuairiscítear don Choimisiún. Chun comhsheasmhacht a áirithiú maidir leis na sonraí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh, ba cheart na rialacha a bhaineann le bailiú agus tuairisciú na sonraí sin a chomhchuibhiú. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhreagracht atá ar na húdaráis inniúla sonraí cearta agus iomlána a sholáthar a shonrú go soiléir mar aon leis an ngá le comhar éifeachtach idir na húdaráis sin agus an Coimisiún maidir le dul i ngleic le saincheisteanna cáilíochta sonraí.

Réasúnú

Déantar foráil in Airteagal 13 de Threoir 510/2011 d’athbhreithniú ar na spriocanna agus módúlachtaí a leagtar amach sa Rialacháin seo. Tá na heilimintí a chumhdaítear leis an leasú seo nasctha le cuspóir an Rialachán seo agus le gnóthú na spriocanna a leagtar síos anseo.

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38)   Ba cheart go ndéanfaí comhlíonadh na spriocanna faoin Rialachán seo ag na monaróirí a mheasúnú ar leibhéal an Aontais. Maidir le monaróirí a dtéann a gcuid meánastaíochtaí sonracha CO2 thar an leibhéal astaíochtaí a cheadaítear faoin Rialachán seo, ba cheart go ndéanfaidís préimh astaíochtaí iomarcacha a íoc maidir le gach bliain féilire. Ba cheart go measfaí, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais.

(38)   Ba cheart go ndéanfaí comhlíonadh na spriocanna faoin Rialachán seo ag na monaróirí a mheas ar leibhéal an Aontais. Maidir le monaróirí a dtéann a gcuid meánastaíochtaí sonracha CO2 thar an leibhéal astaíochtaí a cheadaítear faoin Rialachán seo, ba cheart go ndéanfaidís préimh astaíochtaí iomarcacha a íoc maidir le gach bliain féilire. Ba cheart go measfaí, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais agus go mbainfí úsáid astu chun rannchuidiú le haistriú cothrom i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha. Ba cheart úsáid a bhaint freisin as na méideanna sin chun comhlánú a dhéanamh ar chláir spriocdhírithe le haghaidh athsciliú, uas-sciliú agus oideachas do na hoibrithe a ndéanfaidh athruithe struchtúrtha sa slabhra luacha sa tionscal gluaisteán difear dóibh, agus le haghaidh ath-leithdháileadh an lucht saothair agus tionscnaimh chuardaithe poist i ndlúth-idirphlé le comhpháirtithe sóisialta, pobail agus údaráis inniúla sna réigiúin a ndéanann an t-aistriú post difear dóibh.

Réasúnú

Dlúthbhaint le leasuithe eile.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 41

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(41)  I bhfírinne, braitheann éifeachtacht na spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú go mór ar a ionadaíoch atá an nós imeachta tástála oifigiúil. I gcomhréir leis an Tuairim ón Sásra le haghaidh Comhairle Eolaíoch23 agus leis an moladh ó Pharlaimint na hEorpa tar éis di tomhais astaíochtaí san earnáil mótarfheithiclí a fhiosrú24, ba cheart sásra a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar a ionadaíoch atá astaíochtaí CO2 feithiclí agus luachanna ídithe fuinnimh arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151 i dtaca le fíordhálaí domhanda. Ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún lena áirithiú go mbíonn na sonraí sin ar fáil don phobal agus, más gá, chun na nósanna imeachta a fhorbairt is gá chun na sonraí a theastaíonn chun na measúnuithe sin a dhéanamh a shainaithint agus a bhailiú.

(41)  I bhfírinne, braitheann éifeachtacht na spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú go mór ar a ionadaíche atá an nós imeachta tástála oifigiúil. I gcomhréir leis an Tuairim ón Sásra le haghaidh Comhairle Eolaíoch23 agus leis an moladh ó Pharlaimint na hEorpa tar éis di tomhais astaíochtaí san earnáil mótarfheithiclí a fhiosrú24, ba cheart sásra a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar a ionadaíoch atá astaíochtaí CO2 feithiclí agus luachanna ídithe fuinnimh arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151 i dtaca le fíordhálaí domhanda. Is é an bealach is iontaofa chun fíorionadaíocht luachana cineálcheadaithe a áirithiú ná tástáil ar fhíorastaíochtaí CO2 i bhfíordhálaí domhanda a thabhairt isteach. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, agus oiriúnacht úsáid PEMS á cur san áireamh, tástáil fíorastaíochtaí CO2 a fhorbairt agus í a thabhairt isteach tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dháta cur chun feidhme anRialacháin seo. Go dtí go mbeidh an tástáil sin infheidhme, áfach, ba cheart comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú trí úsáid a bhaint as sonraí ó mhéadair ídithe breosla, ar sonraí iad a dhéanfaidh monaróirí a thuairisciú, mar aon le teorainn, a shocrófar in 2021 do gach monaróir mar dhifear céatadáin nach ceart dul thairis. Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí ag an gCoimisiún chun a áirithiú go mbíonn na sonraí ídithe breosla sin ar fáil don phobal agus chun na nósanna imeachta a fhorbairt is gá chun tuairisc a thabhairt maidir leis na sonraí sin a theastaíonn chun na measúnuithe sin a dhéanamh. Ba cheart don Choimisiún bearta iomchuí a dhéanamh i gcás neamhchomhlíonadh ag monaróirí maidir le ceanglais fíorastaíochtaí CO2 faoin Rialachán seo.

__________________

__________________

23 Grúpa ardleibhéil de Chomhairleoirí Eolaíocha, Tuairim eolaíoch 1/2016 dar teideal “Closing the gap between light-duty vehicle real-world CO2 emissions and laboratory testing”.

23 Grúpa ardleibhéil de Chomhairleoirí Eolaíocha, Tuairim eolaíoch 1/2016 dar teideal ‘Closing the gap between light-duty vehicle real-world CO2 emissions and laboratory testing’.

24 Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2017 don Chomhairle agus don Choimisiún tar éis di tomhais astaíochtaí san earnáil mótarfheithiclí a fhiosrú (2016/2908(RSP))

24 Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2017 don Chomhairle agus don Choimisiún tar éis di tomhais astaíochtaí san earnáil mótarfheithiclí a fhiosrú (2016/2908(RSP)).

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 41 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(41a)  Faoi láthair, níl aon bhealach comhchuibhithe ann chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí saolré ó fheithiclí saothair éadroim. Is iomchuí go soláthródh an Coimisiún anailís den sórt sin faoi dheireadh 2026 chun pictiúr ginearálta d’astaíochtaí carbóin ó earnáil na bhfeithiclí saothair éadroim a léiriú. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, modheolaíocht chomhchoiteann an Aontais a fhorbairt le haghaidh tuairisciú comhsheasmhach ar shonraí, amhail ó 2025, a dhéanfaidh monaróirí na n-astaíochtaí saolré CO2 maidir le gach cineál breosla agus gach cineál gléasraí cumhachta a chuireann siad ar an margadh. Ba cheart go mbeadh an mhodheolaíocht sin i gcomhréir freisin leis na caighdeáin ábhartha de chuid ISO agus ba cheart go gcuirfí san áireamh léi acmhainneacht téite domhanda (GWP) astaíochtaí tobar-go-humar, umar-go-roth, táirgthe agus deireadh ré na feithicle. Ba cheart go mbeadh anailís an Choimisiúin bunaithe ar na sonraí arna dtuairisciú ag monaróirí mar aon le haon sonraí ábhartha atá ar fáil.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 46

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46)  Chun eilimintí neamhriachtanacha fhorálacha an Rialacháin seo a leasú nó a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a leasú maidir le ceanglais sonraí agus paraiméadair sonraí,, forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha maidir le léiriú na gcritéar cáilitheachta chun maoluithe a fháil ó na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha, maidir le hinneachar na n-iarratas ar mhaolú agus le hinneachar na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú, agus measúnú na gclár sin, chun an figiúr M0 agus TM0 , dá dtagraítear in Airteagal 13, a choigeartú , an uasteorainn 7 g CO2/km dá dtagraítear in Airteagal 11, agus coigeartú na bhfoirmlí in Iarscríbhinn I dá dtagraítear in Airteagal 14(3) . Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart go bhfaigheadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart go mbeadh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(46)  Chun eilimintí neamhriachtanacha fhorálacha an Rialacháin seo a leasú nó a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a leasú maidir le ceanglais sonraí agus paraiméadair sonraí, lena mbunaítear na ceanglais chun comhlíonadh an toirmisc ar ghairis sáraithe agus ábhar éigeantach an phacáiste doiciméadachta leathnaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(3c) a áirithiú, lena mbunaítear na rialacha maidir le tuairisciú ar astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 7(8a), lena bhforlíontar na rialacha maidir le léirmhíniú na gcritéar cáilitheachta chun maoluithe a fháil ó na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha, le hábhar na n-iarratas ar mhaolú agus le hábhar na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú, agus measúnú na gclár sin, le coigeartú ar fhigiúr M0 agus figiúr TM0 dá dtagraítear in Airteagal 13, leis an uasteorainn 7 g CO2/km dá dtagraítear in Airteagal 11, lena ndéantar tástáil ar fhíorastaíochtaí CO2 dá dtagraítear in Airteagal 12(1a) a fhorbairt agus lena ndéantar coigeartú ar na bhfoirmlí in Iarscríbhinn I dá dtagraítear in Airteagal 14(3). Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart go bhfaigheadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart go mbeadh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Réasúnú

Coigeartú riachtanach de bharr cumhachtaí tarmligthe nua in Airteagal 7(8a) agus in Airteagal 12(1a) - féach na réasúnaithe ansin.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Leis an Rialachán seo, bunaítear ceanglais feidhmíochta astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

1.  Leis an Rialachán seo, bunaítear ceanglais feidhmíochta astaíochtaí CO2 do charranna nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach agus chun a ghealltanais aeráide a chomhlíonadh ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar bhealach atá i gcomhréir le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

Réasúnú

Dlúthbhaint le leasuithe eile.

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Amhail ón 1 Eanáir 2025, beidh feidhm ag na spriocanna seo a leanas le haghaidh fhlít uile an Aontais:

4.  Amhail ón 1 Eanáir 2025, beidh feidhm ag na spriocanna seo a leanas le haghaidh fhlít uile an Aontais:

(a)  i gcás mheánastaíochtaí an fhlít gluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 15% ar mheán na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha in 2021, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.1 de Chuid A d'Iarscríbhinn I;

(a)  i gcás mheánastaíochtaí an fhlít gluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais arb ionann í agus laghdú 20 % ar mheán na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha in 2021, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.1 de Chuid A d'Iarscríbhinn I;

(b)  i gcás mheánastaíochtaí an fhlít feithiclí tráchtála éadroma nua, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 15 % ar mheán na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha in 2021, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.1 de Chuid B d'Iarscríbhinn I;

(b)  le haghaidh mheánastaíochtaí an fhlít feithiclí tráchtála éadroma nua, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais arb ionann í agus laghdú 20 % ar mheán na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha in 2021, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.1 de Chuid B d'Iarscríbhinn I;

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 4 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Amhail ón 1 Eanáir 2025, beidh feidhm ag tagarmharc arb ionann é agus sciar 20% de dhíolacháin carranna nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua sa mhargadh in 2025, ar tagarmharc é a dhéanfar a chinneadh i gcomhréir le pointe 6.3 de Chuid A d’Iarscríbhinn I agus pointe 6.3 de chuid B d’Iarscríbhinn I faoi seach.

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.  Amhail ón 1 Eanáir 2030, beidh feidhm ag na spriocanna seo a leanas:

5.  Amhail ón 1 Eanáir 2030, beidh feidhm ag na spriocanna seo a leanas:

(a)  i gcás mheánastaíochtaí an fhlít gluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le 30 % ar mheán na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha in 2021, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.2 de Chuid A d'Iarscríbhinn I;

(a)  i gcás mheánastaíochtaí an fhlít gluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais arb ionann í agus 45 % ar mheán na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha in 2021, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.2 de Chuid A d’Iarscríbhinn I;

(b)  i gcás mheánastaíochtaí an fhlít feithiclí tráchtála éadroma nua, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 30 % ar mheán na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha in 2021, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.2 de Chuid B d'Iarscríbhinn I.

(b)  i gcás mheánastaíochtaí an fhlít feithiclí tráchtála éadroma nua, sprioc haghaidh fhlít uile an Aontais arb ionann í agus laghdú 45 % ar mheán na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha in 2021, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I.

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 5 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Amhail ón 1 Eanáir 2030, beidh feidhm ag tagarmharc arb ionann é agus sciar 40 % de dhíolacháin carranna nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua sa mhargadh in 2030, ar tagarmharc é a dhéanfar a chinneadh i gcomhréir le pointe 6.3 de Chuid A d’Iarscríbhinn I agus pointe 6.3 de chuid B d’Iarscríbhinn I faoi seach.

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 –mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  catagóir N1, arna sainmhíniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, ar mótarfheithiclí iad a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg acu agus maidir le feithiclí chatagóir N1 a bhfuil cineálcheadú leathnaithe chucu i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ("feithiclí tráchtála éadroma") agus a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas ("feithiclí tráchtála éadroma nua").

(b)  catagóir N1, arna sainmhíniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, ar mótarfheithiclí iad a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg iontu agus maidir le feithiclí chatagóir N1 a bhfuil cineálcheadú leathnaithe chucu i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (‘feithiclí tráchtála éadroma’) agus a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas (‘feithiclí tráchtála éadroma nua’). I gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, tugtar an chumhacht don Choimisiún nuashonrú a dhéanamh, más gá, ar theorainn na maise tagartha (2 610 kg)d’fheithiclí tráchtála éadroma a bhaineann úsáid as breoslaí malartacha agus a dteastaíonn meáchan breise ina leith mar gheall ar ghléasraí cumhachta agus córais stórála fuinnimh (e.g. ceallraí) atá níos troime ná na cinn sin a mbaintear úsáid astu i ngnáthfheithiclí.

Réasúnú

Dlúthbhaint le leasuithe eile.

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí breosla ionadúla lena mbaineann uasmhais údaraithe atá os cionn 3 500 kg ach nach bhfuil níos mó ná 4 250 kg, ar choinníoll gur de thoradh mhais bhreise an chórais tiomána 3500 kg is ann don mhais bhreise i gcomparáid le córas tiomána feithicle atá ar aon toisí léi, atá feistithe le hinneall dócháin inmheánaigh a bhfuil adhaint dheimhneach nó adhaint chomhbhrú aige, agus dá thoradh sin amháin.

Réasúnú

Mar thoradh ar fheithiclí tráchtála éadroma a leictriú, d’fhéadfaí a meáchan a mhéadú mar gheall ar mheáchan na gceallraí. Má sháraítear teorainn mheáchain aicme feithicle mar gheall ar an meáchan níos troime, níorbh fhéidir na hiarrachtaí maidir le líon na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha i bhflít a mhéadú a chur san áireamh faoin rialachán seo. D'fhéadfaí aghaidh a thabhairt air sin tríd an teorainn mheáchain don aicme sin a ardú sna cásanna sin ina bhfuil nasc soiléir idir na hiarrachtaí chun astaíochtaí a laghdú trí chóras eile tiomána.

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(na)  ciallaíonn ‘gaireas sáraithe’ aon eilimint dearaidh lena mothaítear teocht, luas feithicle, luas innill (ISN), giar traiseolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadar eile chun críocha oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta a ghníomhachtú, a mhodhnú, a mhoilliú nó a dhíghníomhachtú agus lena laghdaítear éifeachtúlacht an chórais rialaithe astaíochta i ndálaí a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle.

Réasúnú

Déantar foráil in Airteagal 13 de Threoir 510/2011 d’athbhreithniú ar na spriocanna agus módúlachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo. Tá na módúlachtaí a chumhdaítear leis an leasú seo nasctha le cuspóir an Rialachán seo agus le gnóthú na spriocanna a leagtar síos anseo.

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.  Maidir leis na córais agus na comhpháirteanna ar dócha go ndéanfaidís difear d'astaíochtaí, feisteoidh an monaróir na feithiclí ionas go ndéanfaí na córais agus na comhpháirteanna sin a dhearadh, a dhéanamh agus a chóimeáil sa chaoi is go bhféadfaidh carranna paisinéirí nó feithiclí tráchtála éadroma an mhonaróra, sa ghnáthúsáid, spriocanna astaíochtaí sonracha agus ceanglais eile de bhun an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme a chomhlíonadh.

Réasúnú

Déantar foráil in Airteagal 13 de Threoir 510/2011 d’athbhreithniú ar na spriocanna agus módúlachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo. Tá na heilimintí a chumhdaítear leis an leasú seo nasctha le cuspóir an Rialachán seo agus le gnóthú na spriocanna a leagtar síos anseo.

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3b.  Déanfar úsáid gaireas sáraithe a thoirmeasc. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sna cásanna seo a leanas:

 

(a)  i gcás ina mbeidh údar cuí leis an ngá atá leis an ngaireas chun an t-inneall a chosaint ó dhamáiste nó ó thionóisc agus chun go n-oibreoidh an fheithicil go sábháilte;

 

(b)  i gcás nach n-oibreoidh an gaireas ach amháin chun críocha an t-inneall a dhúiseacht, nó

 

(c)  i gcás ina ndéanfar na coinníollacha a chur san áireamh go substaintiúil sna nósanna imeachta tástála dá dtagraítear faoi Airteagal 1.

Réasúnú

Déantar foráil in Airteagal 13 de Threoir 510/2011 d’athbhreithniú ar na spriocanna agus módúlachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo. Tá na heilimintí a chumhdaítear leis an leasú seo nasctha le cuspóir an Rialachán seo agus le gnóthú na spriocanna a leagtar síos anseo.

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3c.  Chun go mbeidh na húdarás ceadaithe in ann comhlíonadh mhíreanna 3a agus 3b a mheas, déanfaidh an monaróir pacáiste doiciméadachta leathnaithe a sholáthar. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le ceanglais chun comhlíonadh an toirmisc ar ghairis sáraithe a áirithiú, agus leis an ábhar éigeantach atá sa phacáiste doiciméadachta leathnaithe.

Réasúnú

Déantar foráil in Airteagal 13 de Threoir 510/2011 d’athbhreithniú ar na spriocanna agus módúlachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo. Tá na heilimintí a chumhdaítear leis an leasú seo nasctha le cuspóir an Rialachán seo agus le gnóthú na spriocanna a leagtar síos anseo.

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás gach bliana féilire , déanfaidh gach Ballstát faisnéis faoi gach aon ghluaisteán nua paisinéirí agus gach aon fheithicil tráchtála éadrom nua a chláraítear ar a chríoch i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a thaifeadadh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na monaróirí agus dá n-allmhaireoirí ainmnithe nó dá n-ionadaithe ainmnithe i ngach Ballstát. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall lena áirithiú go n-oibreoidh na comhlachtaí tuairiscithe ar bhealach trédhearcach. Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí nach ndearnadh cineálcheadú ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a thomhas agus go ndéanfar na hastaíochtaí sin a thaifeadadh sa deimhniú comhréireachta.

1.  Le haghaidh gach bliana féilire, déanfaidh gach Ballstát faisnéis faoi gach aon ghluaisteán nua paisinéirí agus gach aon fheithicil tráchtála éadrom nua a chláraítear ar a chríoch i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a thaifeadadh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na monaróirí agus dá n-allmhaireoirí ainmnithe nó dá n-ionadaithe ainmnithe i ngach Ballstát. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go n-oibreoidh na comhlachtaí tuairiscithe ar bhealach trédhearcach. Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí nach ndearnadh cineálcheadú ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a thomhas agus go ndéanfar na hastaíochtaí sin a thaifeadadh sa deimhniú comhréireachta.

Réasúnú

Déantar foráil in Airteagal 13 de Threoir 510/2011 d’athbhreithniú ar na spriocanna agus módúlachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo. Tá na heilimintí a chumhdaítear leis an leasú seo nasctha le cuspóir an Rialachán seo agus le gnóthú na spriocanna a leagtar síos anseo.

Leasú    37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 4 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh an clár ar fáil go poiblí.

Beidh an clár ar fáil go poiblí, lena n-áirítear i bhformáid dhigiteach.

Réasúnú

Dlúthbhaint le leasuithe eile.

Leasú    38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Laistigh de 3 mhí ón dáta a dtugtar fógra dóibh faoin ríomh sealadach faoi mhír 4, féadfaidh monaróirí fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon earráidí sna sonraí agus sonróidh siad an Ballstát a measann siad ina leith ar tharla an earráid ann.

Laistigh de 3 mhí ón dáta a dtugtar fógra dóibh faoin ríomh sealadach faoi mhír 4, déanfaidh monaróirí fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon earráidí sna sonraí agus sonróidh siad an Ballstát a measann siad ina leith ar tharla an earráid ann.

Réasúnú

Déantar foráil in Airteagal 13 de Threoir 510/2011 d’athbhreithniú ar na spriocanna agus módúlachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo. Tá na heilimintí a chumhdaítear leis an leasú seo nasctha le cuspóir an Rialachán seo agus le gnóthú na spriocanna a leagtar síos anseo.

Leasú    39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 8 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta chun na claontaí sin a thuairisciú agus chun iad a thabhairt san áireamh i ríomh na meánastaíochtaí sonracha. Déanfar na nósanna imeachta sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 15(2).

Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta chun na claontaí sin a thuairisciú agus chun iad a thabhairt san áireamh i ríomh na meánastaíochtaí sonracha. Déanfar na nósanna imeachta sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 15(2).

Leasú    40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a.  Ón 1 Eanáir 2015 i leith, tabharfaidh monaróirí tuairisc don Choimisiún, bunaithe ar mhodheolaíocht chomhchuibithe an Aontais, maidir le hastaíochtaí saolré CO2 ó gach carr nua paisinéirí agus ó gach feithicil tráchtála éadrom nua a chuirfidh siad ar an margadh amhail ón dáta sin. Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2022, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha mionsonraithe a shonrú maidir leis na nósanna imeachta le haghaidh tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí saolré CO2 ó gach cineál breosla agus gach cineál gléasraí cumhachta a chlárófar ar mhargadh an Aontais.

 

Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh anailís ar na hastaíochtaí saolré foriomlána ó fheithiclí saothair éadroim nua san Aontas, lena n-áireofar anailís ar na roghanna maidir le hiarrachtaí beartais a d'fhéadfadh a bheith ann, chun iarrachtaí beartais amach anseo a dhíriú níos fearr maidir le laghduithe a dhéanamh ar astaíochtaí san earnáil. Cuirfear an anailís ar fáil don phobal

Réasúnú

Dlúthbhaint le leasuithe eile.

Leasú    41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais.

4.   Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais. Bainfear úsáid as na méideanna sin chun bearta de chuid an Aontais agus bearta náisiúnta a chomhlánú, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sóisialta, chun foirmiú scileanna agus ath-leithdháileadh oibrithe a chur chun cinn san earnáil mótarfheithiclí i ngach Ballstát a ndéanfar difear dó, go háirithe sna réigiúin agus na pobail is mó ina ndéanfar difear leis an aistriú, chun rannchuidiú le haistriú cothrom i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha.

Réasúnú

Dlúthbhaint le leasuithe eile.

Leasú    42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an monaróir cáilithe chun maolú a fháil a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1 agus inar deimhin leis go bhfuil an sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá beartaithe ag an monaróir i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas eacnamaíoch agus teicneolaíoch chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil feithicle tráchtála éadroime a mhonaraítear á gcur san áireamh, deonóidh an Coimisiún maolú don mhonaróir. Cuirfear an t-iarratas isteach faoin 31 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí sa chéad bhliain ina mbeidh feidhm ag an maolú.

3.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an monaróir incháilithe chun maolú a fháil a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1 agus inar deimhin leis go bhfuil an sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá beartaithe ag an monaróir i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas eacnamaíoch agus teicneolaíoch chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil cairr paisinéirí nó feithicle tráchtála éadroime a mhonaraítear á gcur san áireamh, deonóidh an Coimisiún maolú don mhonaróir. Cuirfear an t-iarratas isteach faoin 31 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí sa chéad bhliain ina mbeidh feidhm ag an maolú.

Réasúnú

Easnamh sa téacs a cheartú.

Leasú    43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní chuirfear teicneolaíochtaí den sórt sin san áireamh ach amháin má tá an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh orthu in ann torthaí infhíoraithe, in-athdhéanta agus inchomparáide a tháirgeadh.

Ní dhéanfar teicneolaíochtaí den sórt sin a chur san áireamh ach amháin i gcás inar féidir leis an modheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh orthu torthaí atá infhíoraithe, in-athdhéanta agus inchomparáide a tháirgeadh, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin a fhad is nach ndéanfar luach tomhaiste WLTP a chomhlánú le sonraí eile atá níos ionadaíche maidir le fíorastaíochtaí nó nach ndéanfar na sonraí sin a chur ina ionad.

Réasúnú

Dosheachanta le haghaidh loighic inmheánach an téacs.

Leasú    44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Laistigh de 12 mhí ón uair a fhormheasfar teicneolaíocht nuálach nó pacáiste teicneolaíochta nuálaí, déanfaidh soláthróir nó monaróir teicneolaíocha nuálaí nó pacáiste nuálaí formheasta den sórt sin fianaise a sholáthar bunaithe ar thorthaí ar thástálacha ar astaíochtaí faoi fhíordhálaí tiomána i bhfeithiclí táirgthe chun rannchuidiú teicneolaíochta nó pacáiste den sórt sin a bhailíochtú.

Leasú    45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh an Coimisiún an uasteorainn a choigeartú le héifeacht ó 2025 amach. Féadfar na coigeartuithe sin a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16.

Féadfaidh an Coimisiún an uasteorainn a choigeartú síos le héifeacht ó 2025 i leith. Féadfar na coigeartuithe sin a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16.

Leasú    46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  ní mór na teicneolaíochtaí nuálacha a chumhdach le forálacha sainordaitheacha de bharr bearta comhlántacha breise a bheith ann lena gcomhlíontar an laghdú 10 g CO2/km dá dtagraítear in Airteagal 1, ná ní mór nach mbeidh siad sainordaitheach faoi fhorálacha eile de chuid dhlí an Aontais . Le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, ní bheidh feidhm ag an gcritéar sin maidir le feabhsuithe éifeachtúlachta i dtaca le córais aerchóiriúcháin.

(d)  ní mór na teicneolaíochtaí nuálacha a chumhdach le forálacha sainordaitheacha de bharr bearta comhlántacha breise a bheith ann lena gcomhlíontar an laghdú 10 g CO2/km dá dtagraítear in Airteagal 1, ná ní mór nach mbeidh siad sainordaitheach faoi fhorálacha eile de chuid dhlí an Aontais . Le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, ní bheidh feidhm ag an gcritéar sin maidir le feabhsuithe éifeachtúlachta i dtaca le córais aerchóiriúcháin agus córais téimh.

Leasú    47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar a ionadaíche i bhfíordhálaí domhanda atá luachanna na n-astaíochtaí CO2 agus an ídithe fuinnimh arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151. Áiritheoidh sé go mbeidh an pobal ar an eolas faoi aon fhorbairt a thagann ar an ionadaíochas sin le himeacht ama.

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar a ionadaíche i bhfíordhálaí atá luachanna na n-astaíochtaí CO2 agus an ídithe fuinnimh arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151.

Leasú    48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.   Chun an ionadaíocht dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, déanfar comhlíonadh a thomhas, ón 1 Eanáir 2023, trí thástáil a dhéanamh ar fhíorastaíochtaí CO2. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an tástáil le PEMS ar fhíorastaíochtaí CO2 a fhorbairt.

Leasú    49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b.   Go dtí go mbeidh feidhm ag an tástáil ar fhíorastaíochtaí CO2, déanfar comhlíonadh an Rialacháin seo a thomhas ar bhonn sonraí ó mhéadair ídithe breosla agus beidh sé faoi réir teorainn a shocrófar do gach monaróir in 2021 mar dhifear céatadáin, ar teorainn í nach cead í a sárú, idir na sonraí sin agus astaíochtaí CO2 sonracha an mhonaróra a dhéanfar a thomhas chun críche nósanna imeachta um dheimhniú cineálcheadaithe a gcuirfear tús leo ó 2012 i leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.

Leasú    50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1c.   I gcás ina sárófar teorainn astaíochtaí CO2 sonracha an mhonaróra, ar teorainn í a shocraítear i mír 1b, maidir leis an sprioc shonrach i dtaobh astaíochtaí CO2 don mhonaróir sin, a úsáidtear chun críche an Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfar coigeartú arb ionann é agus méid an tsáraithe a shaineofar ar an sprioc sin.

Leasú    51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.   Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go gcuirfear an pobal ar an eolas faoi aon fhorbairt a thagann le himeacht ama ar an bhfíorionadaíochas dá dtagraítear i mír 1.

Leasú    52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b.  I gcás nach mbeidh caighdeáin chruinnis iomchuí ar fáil maidir le trealamh ar bord chun ídiú breosla a thomhas, tabharfaidh an Coimisiún sainordú maidir le hobair a dhéanamh chun teacht ar chomhaontú maidir leis na caighdeáin theicniúla agus iad a thabhairt isteach i ndlí an Aontais tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020.

Réasúnú

Níl fáil ar na caighdeáin chruinnis iomchuí reatha maidir le trealamh chun ídiú breosla a thomhas le haghaidh feithiclí leictreacha ceallra, feithiclí breosla-chealla agus feithiclí GPL.

Leasú    53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh an Coimisiún na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta chun sonraí ó mhéadair ídithe breosla a thuairisciú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Leasú    54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na measúnuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 12 agus féadfaidh sé, más iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun astaíochtaí CO2 a thomhas mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, tograí iomchuí chun na nósanna imeachta sin a oiriúnú le go dtabharfar léiriú leordhóthanach ar fhíordhálaí domhanda na ngluaisteán agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma maidir le hastaíochtaí CO2.

2.  Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na measúnuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 12 agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun astaíochtaí CO2 a thomhas mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, tograí iomchuí maidir leis na nósanna imeachta sin a oiriúnú ionas go dtabharfar léiriú leordhóthanach ar fhíorastaíochtaí CO2 ó charranna agus ó fheithiclí tráchtála éadroma, lena n-áirítear úsáid a bhaint as an gcóras iniompartha chun astaíochtaí a thomhas agus as cianbhraiteacht.

Leasú    55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.   Faoin 31 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Threoir 1999/94/CE agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé togra reachtach ábhartha a thíolacadh chun faisnéis chruinn, dhaingean agus inchomparáide a sholáthar do thomhaltóirí maidir le hídiú breosla, astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir ó charranna nua paisinéirí a chuirtear ar an margadh.

 

I gcomhthéacs an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na roghanna i dtaobh lipéad maidir le barainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 a thabhairt isteach le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé togra reachtach ábhartha a thíolacadh chun na críche sin.

Réasúnú

Dlúthbhaint le leasuithe eile.

Leasú    56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun spriocanna laghdaithe astaíochtaí breise a shocrú le haghaidh carranna nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua ón 1 Eanáir 2031 d'fhonn, ar a laghad, an chonair laghdaithe astaíochtaí a baineadh amach sa tréimhse suas go dtí 2030 a choinneáil ar siúl.

Réasúnú

Dlúthbhaint le leasuithe eile.

Leasú    57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 7(7), in Airteagal 10(8), sa cheathrú fomhír d'Airteagal 11(1) d’Airteagal 13(2) agus sa dara fomhír d’Airteagal 14(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] .

1.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3c), sa dara fomhír d’Airteagal 7(7) agus d’Airteagal (8a), in Airteagal 10(8), sa cheathrú fomhír d’Airteagal 11(1), in Airteagal 12(1a), in Airteagal 13(2) agus sa dara fomhír d’Airteagal 14(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

 

 

Leasú    58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 7(7), in Airteagal 10(8), sa cheathrú fomhír d'Airteagal 11(1), in Airteagal 13(2) agus sa dara fomhír d’Airteagal 14(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana .

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3c), sa dara fomhír d’Airteagal 7(7), in Airteagal 7(8a), in Airteagal 10(8), sa cheathrú fomhír d’Airteagal 11(1), in Airteagal 12(1a), in Airteagal 13(2) agus sa dara fomhír d’Airteagal 14(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana .

Leasú    59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara fomhír d’Airteagal 7(7) , Airteagal 10(8), an ceathrú fomhír d'Airteagal 11(1) , Airteagal 13(2) agus an dara fomhír d’Airteagal 14(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

4.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(3c), an dara fomhír d’Airteagal 7(7), Airteagal 7(8a), Airteagal 10(8), an ceathrú fomhír d'Airteagal 11(1), Airteagal 12(1a), Airteagal 13(2) agus an dara fomhír d’Airteagal 14(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú    60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 715/2007

Airteagal 11a – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 15 chun na nósanna imeachta maidir le comhréireacht inseirbhíse feithiclí saothair éadroma a fhíorú maidir leis na luachanna deimhnithe CO2 agus ídithe breosla.

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14a chun na nósanna imeachta maidir le comhréireacht inseirbhíse feithiclí saothair éadroim a fhíorú maidir leis na luachanna deimhnithe CO2 agus ídithe breosla.

Réasúnú

Ní dhearnadh Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a “Liospónú” go fóill. Chuir Parlaimint na hEorpa a seasamh in iúl go soiléir i gcomhthéacs thuarascáil Dess agus mholtaí EMIS gurbh iad na gníomhartha tarmligthe an t-aon nós imeachta iomchuí a bheadh ann chun nósanna imeachta tástála a chinneadh.

Leasú    61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 715/2007

Airteagal 14 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 14a

 

An tarmligean a fheidhmiú

 

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

 

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11a(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón ... [dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

 

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11a(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

 

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

 

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

 

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11a(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

 

___________________

 

* IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

Réasúnú

Ní dhearnadh Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a “Liospónú” go fóill. Chuir Parlaimint na hEorpa a seasamh in iúl go soiléir i gcomhthéacs thuarascáil Dess agus mholtaí EMIS gurbh iad na gníomhartha tarmligthe an t-aon nós imeachta iomchuí a bheadh ann chun nósanna imeachta tástála a chinneadh.

Leasú    62

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid A – pointe 6 – pointe 6.3 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Chun an fhoirmle sin a ríomh, déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha don bhliain 2021 mar a shainítear i bpointe 4 a cheartú chun an difear idir astaíochtaí CO2 WLTP tomhaiste agus astaíochtaí CO2 WPTP fógartha a chur san áireamh.

 

Maidir le hiontrálaithe nua, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a leasú trí foirmle a fhorbairt chun an sprioc i leith astaíochtaí sonracha don bhliain 2021 a ríomh le haghaidh gach monaróra.

Leasú    63

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid A – pointe 6.3 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

fachtóir ZLEV (1+y-x), ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.05 nó más lú ná 1.0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1.05 nó 1.0de réir mar a bheidh

Don tréimhse 2025 go dtí 2029, is (1+y-x) atá san fhachtóir ZLEV, ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.05, agus, sa chás sin, déanfar an fachtóir ZLEV a shocrú ag 1.05; má bhíonn an tsuim sin idir 1.0 agus 0.98, déanfar an fachtóir ZLEV a shocrú ag 1.0; más lú an tsuim sin ná 0.95, déanfar an fachtóir ZLEV a shocrú ag 0.95;

 

Ó 2030 i leith, is (1+y-x) a bheith san fhachtóir ZLEV, ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.05 nó más lú ná 0.95 í agus, sa chás sin, déanfar an fachtóir ZLEV a shocrú ag 1.05 nó 0.95, de réir mar a bheidh

Leasú    64

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid A – pointe 6.3 – mír 4 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

15 % a bheidh in x sna blianta ó 2025 agus 2029 agus 30% ó 2030 ar aghaidh.

20 % a bheidh in x sna blianta ó 2025 agus 2029 agus 40 % a bheidh ann ó 2030 ar aghaidh.

Leasú    65

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 6 – pointe 6.3 – pointe 6.3.1 – mír 2a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Chun an fhoirmle sin a ríomh, déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha don bhliain 2021 mar a shainítear i bpointe 4 a cheartú chun an difear idir astaíochtaí CO2 WLTP tomhaiste agus astaíochtaí CO2 WPTP fógartha a chur san áireamh.

 

Maidir le hiontrálaithe nua, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a leasú trí foirmle a fhorbairt chun an sprioc i leith astaíochtaí sonracha don bhliain 2021 a ríomh le haghaidh gach monaróra.

Leasú    66

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 6.3.1 – mír 3 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1+y-x) a bheidh san fhachtóir ZLEV, ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.05 nó más lú ná 1.0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1.05 1.0, de réir mar a bheidh

(1+y-x) a bheidh san fhachtóir ZLEV, ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.05 agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1.05 nó 0.95, de réir mar a bheidh; má bhíonn an tsuim sin idir 1.0 agus 0.98, déanfar an fachtóir ZLEV a shocrú ag 1.0; más lú an tsuim sin ná 0.95, déanfar an fachtóir ZLEV a shocrú ag 0.95.

Leasú    67

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 6.3.1 – mír 4 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

15% atá in x

20% atá in x

Leasú    68

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 6 – pointe 6.3 – pointe 6.3.2 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Chun an fhoirmle sin a ríomh, déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha don bhliain 2021 mar a shainítear i bpointe 4 a cheartú chun an difear idir astaíochtaí CO2 WLTP tomhaiste agus astaíochtaí CO2WPTP fógartha a chur san áireamh.

 

Maidir le hiontrálaithe nua, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a leasú trí foirmle a fhorbairt chun an sprioc i leith astaíochtaí sonracha don bhliain 2021 a ríomh le haghaidh gach monaróra.

Leasú    69

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 6.3.2 – mír 3 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

fachtóir ZLEV (1+y-x), ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.05 nó más lú ná 1.0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1.05 nó 0.95, 1.0 de réir mar a bheidh

(1+y-x) atá san fhachtóir ZLEV, ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.05 nó más lú ná 0.95 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1.05 nó 0.95, de réir mar a bheidh

Leasú    70

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 6.3.2 – mír 4 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

30% atá in x

40% atá in x

(1)

  IO L 77, 28.3.2002, lch. 1.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

D’fhéadfadh caighdeáin feidhmíochta feabhsaithe maidir le hastaíochtaí do charranna nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua astaíochtaí CO2 a laghdú agus d’fhéadaidís rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus athrú aeráide a mhaolú. Ag an am céanna, is féidir leis na caighdeáin iomchuí coigiltí shuntasacha breosla a shaothrú do thomhaltóirí agus is féidir leo freisin feabhsuithe ar cháilíocht aeir a bhaint amach dá saoránaigh.

Tá an Rapóirtéir den tuairim go bhfuil sé buntábhachtach don aistriú i dtreo an geilleagar a dhícharbónú gurb ann do spriocanna cuí CO2 d’fheithiclí, i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Tá sé sin riachtanach chun gur féidir leis an Aontas Eorpach a chion a dhéanamh ar son na n-iarrachtaí domhanda atá ar bun, ach chun todhchaí thionscal na déantúsaíochta feithiclí san Eoraip a áirithiú chomh maith.

Tá athrú ag teacht go tapa ar an timpeallacht dhomhanda don earnáil mótarfheithiclí sa lá atá inniu ann. Ach fócas níos láidre a dhíriú ar an nuálaíocht agus ar theicneolaíochtaí nua, cuideofar le hearnáil na tionsclaíochta san Eoraip a oiriúnú d’éilimh atá ag athrú. Thairis sin, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú níos tapúla ar sciaranna sa mhargadh domhanda d'Fheithiclí Astaíochtaí Nialasacha agus Astaíochtaí Ísle sna blianta atá amach romhainn mar thoradh ar fhorbairtí diongbháilte ar theicneolaíocht chadhnra agus bhreosla-chille.

Aithníonn an Rapóirtéirgurbh iad na caighdeáin uaillmhianacha a bhí ann cheana maidir le hastaíochtaí a laghdú a spreag nuálaíocht bhreise, go dtí seo. Thairis sin, tá an earnáil mhótarfheithiclí ina hearnáil eacnamaíoch inarb ann do theicneolaíochtaí inacmhainne laghdaithe astaíochtaí cheana, agus leo sin féadfar aistriú níos costéifeachtaí agus níos forleithne a dhéanamh. Ina fhianaise sin, ní mór na spriocanna CO2 agus na leibhéil thagarmhairc d'Fheithiclí Astaíochtaí Nialasacha agus Astaíochtaí Ísle a shocraítear sa rialachán seo a bheith uaillmhianach go leor chun bheith i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais agus chun cuidiú le tacaíocht a thabhairt d’aistriú teicneolaíoch éifeachtach chuig geilleagar ísealcharbóin.

Maidir le spriocanna iomchuí CO2 agus na sásraí beartais is gá a bheith ann, ar spriocanna agus sásraí beartais iad lena dtacaítear le Feithiclí Astaíochtaí Ísle agus Astaíochtaí Nialasacha, tá siad sin tábhachtach chun neodracht ó thaobh na teicneolaíochta de a bhaint amach, chun saobhadh margaidh a chosc agus chun táirgeadh agus forbairt teicneolaíochta laistigh de Aontas Eorpach a spreagadh. Chun a áirithiú go bhfuilimid i gcomhréir lenár ngealltanais aeráide ach chun iomaíochas an earnáil mhótarfheithiclí a choimirciú freisin, ní mór laghduithe CO2 a bheith i bhfeidhm go daingean amhail ó 2025. Mura socrófar spriocanna laghdaithe go dtí tráth chomh déanach le 2023, ní bheidh ach laghduithe teoiriciúla ann mar thoradh air sin. Dá bhrí sin, ní mór laghduithe CO2 níos uaillmhianaí agus spriocanna ZLEV a shocrú sa Rialacháin atá ann cheana chun a áirithiú go bhfuil AE i gcomhréir lena ghealltanais aeráide fadteármacha agus go ndéanann sé na tairbhí a shaothrú dár saoránaigh agus dár dtomhaltóirí araon.

Tá an Rapóirtéir den tuairim, maidir le spriocanna uaillmhianacha laghdaithe CO2 d’fheithiclí saothair éadroim agus margadh baile láidir agus cobhsaí do ZLEVanna, go gcuideoidh siad le fás eacnamaíoch a spreagadh agus go ndéanfaidh siad iomaíochas an tionscail Eorpaigh a threisiú. Maidir leis an aistriú ó spleáchas ar tháirgí ola agus peitriliam i dtreo fuinneamh agus leictreachas a ghintear ar bhonn intíre, táthar ag súil, mar thoradh air sin, go dtiocfaidh ardú ar OTI agus ar fhostaíocht intíre in earnáil soláthair an leictreachais agus sna hearnálacha atá gaolmhar léi. Cuideoidh an t-aistriú chuig soghluaisteacht ísealcharbóin le fás i slabhra soláthair na mótarfheithiclí agus beidh sé ina chúis leis an bhfás sin freisin, agus cuideoidh sé le borradh a chur faoin bhfostaíocht sna hearnálacha tionsclaíocha ábhartha. In ainneoin costas níos airde a nglactar leis a bhainfidh le feithiclí a cheannach ar dtús, san fhadtéarma, bainfidh tomhaltóirí, idir úinéirí feithiclí nua agus úinéirí feithiclí athláimhe, tairbhe as laghdú suntasach ar an gcostas iomlán maidir le húinéireacht carranna, ar an ábhar go mbeidh i bhfad níos lú airgid le híoc acu chun a bhfeithiclí a bhreoslú agus a chothabháil. Táthar ag súil go mbeidh níos mó airgid ar fáil do thomhaltóirí mar gheall air sin, airgead is féidir leo a úsáid chun earraí agus seirbhísí eile a cheannach agus, dá bhrí sin, cuirfear borradh faoi ioncaim iarbhír agus faoi chaiteachas tomhaltóirí agus cuirfear méadú breise ar OTI.

Beidh athruithe struchtúrtha sa slabhra luacha sa tionscal gluaisteán ag baint leis an aistriú i dtreo gléasraí cumhachta malartacha. Ar an ábhar sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí machnamh ríchúramach ar na tionchair shóisialta dhosheachanta a bheidh ag an aistriú ísealcharbóin san earnáil mhótarfheithiclí. Tá sé chomh tábhachtach céanna go mbeadh an tAontas Eorpach réamhghníomhach agus aghaidh á tabhairt aige ar na himpleachtaí ar phoist a bheidh chun tosaigh go háirithe sna réigiún is mó a ndéanfar difear dóibh. Ní mór cláir spriocdhírithe le haghaidh ath-imlonnú oibrithe, athoiliúint ghairmiúil d’oibrithe agus uas-sciliú d’oibrithe a bheith ag gabháil leis na bearta beartais atá ann cheana. Ní mór cláir oideachais agus tionscnaimh do lucht lorgtha oibre a reáchtáil i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta ábhartha uile. Ba cheart go mbeadh na hiarrachtaí sin á gcómhaoiniú trí ioncaim atá curtha in áirithe agus ó phréimheanna astaíochtaí iomarcacha a íoctar agus a bhailítear faoin Rialachán seo.

Chun aistriú rathúil chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a bhaint amach, tá gá le comhchreat beartais d’fheithiclí, do bhonneagair, d’eangacha leictreachais, do dhreasachtaí fostaíochta agus eacnamaíocha ag feidhmiú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal áitiúil. Tá dlúthbhaint ag an méid sin le bonneagar malartach breoslaí a imscaradh ar bhealach iomchuí. Ní mór bonneagar den sórt sin a bhunú gan mhoill chun muinín a thabhairt do thomhaltóirí agus ceannaitheoirí féideartha Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha agus Astaíochtaí Ísle. Dá bhrí sin, ní mór scéimeanna tacaíochta éagsúla ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát a bheith ag obair go héifeachtacht i gcomhar lena chéile agus infheistíocht shuntasach, idir phoiblí agus phríobháideach, á n-úsáid acu.

Cuireann an Rapóirtéir béim air go bhfuil luachanna réadúla ídithe breosla ag teastáil ó thomhaltóirí chun eolas maith a bheith acu agus cinntí ceannaigh á ndéanamh acu. Ach an luachanna sin a bheith ar fáil, is amhlaidh a chuideofar le muinín a bheith ag tomhaltóirí arís. Le ceanglais de chuid an Aontais atá deartha níos fearr agus comhchuibhithe tuilleadh maidir le lipéadú ar charranna, soláthrófar faisnéis iontaofa agus shoiléir do thomhaltóirí faoi na tairbhí a bhaineann le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle. Áireofar leis an lipéadú sin faisnéis maidir le truailleáin aeir, astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla mar aon le costais reatha. Le lipéadú cuí ar charranna, cuideofar freisin le glacadh na gcarranna is éifeachtúla ó thaobh breosla de agus na gcarranna is glaise ar fud an Aontais Eorpaigh.

Is mórchúis imní é an bhearna atá ag méadú idir figiúirí oifigiúla cineálcheadaithe agus fíorastaíochtaí CO2 maidir le feithiclí paisinéirí nua; 42% a bhí san fhigiúr sin in 2015 agus tá sé ag dul i méid go fóill. Is ábhar imní don Rapóirtéir é go ndéanann an bhearna sin laghdú suntasach ar éifeachtacht na rialachán CO2 atá ann cheana agus dar léi gur gá aird a dhíriú air láithreach maidir leis na rialacháin a bheidh ann i ndiaidh 2020. Cé gur dócha go mbeidh figiúirí níos ionadaíche maidir le hastaíochtaí cineálcheadaithe ann mar thoradh ar an aistriú ó NEDC go dtí WLTP, níltear ag súil leis go bhfaighfear réidh go hiomlán leis an mbearna maidir le fíorastaíochtaí. Tá impleachtaí suntasacha do thomhaltóirí, do cháilíocht an aeir, do chathracha agus do lucht ceaptha beartas ag baint leis an mbearna sin agus is gá aghaidh a thabhairt air go dáiríre agus go héifeachtach.

Tá an rapóirtéir den tuairim gurb é an bealach is iontaofa chun fíorionadaíochas luachana cineálcheadaithe a áirithiú ná tástáil ar fhíorastaíochtaí CO2 a thabhairt isteach, ar tástáil í ar cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún í a fhorbairt. Idir an dá linn, áfach, agus go dtí go ndéanfar tástáil i bhfíorchúinsí a chur i bhfeidhm agus go dtí go mbeidh sí infheidhme, ba cheart comhlíonadh a áirithiú trí úsáid a bhaint as sonraí ó mhéadair ídithe breosla ar sonraí iad a dhéanann monaróirí a thuairisciú agus trí úsáid a bhaint as teorainn nach mór a bheith gan sárú ar cheart í a shocrú.

San fhadtéarma, is é an aidhm atá ag an Rapóirtéir ná a áirithiú gurb ann do thuiscint shoiléir maidir leis na hastaíochtaí saolré foriomlána a bhaineann le cineálacha éagsúla breosla feithiclí. Tríd an bhfaisnéis sin a bheith ar fáil, féadfar ceapadh beartas a shamhaltú ar bhealach níos fearr agus, mar thoradh air sin, a áirithiú go ndéanfar laghduithe suntasacha ar astaíochtaí ar fud an tslabhra luacha ar fad.


IARSCRÍBHINN: LITIR ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA

D(2018)16997

Ms Adina-Ioana VĂLEAN

Cathaoirleach, an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

ASP 13E102

An Bhruiséil

Ábhar:  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do charanna nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (athmhúnlú)

COM(2017)0676 - C8-0395/2017 - 2017/0293 (COD)

A Chathaoirligh,

Tá scrúdú déanta ag an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an togra dá dtagraítear thuas, de bhun Riail 104 maidir le hAthmhúnlú, mar a tugadh isteach i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.

Seo a leanas mír 3 den Riail sin:

“Má mheasann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla nach bhfuil aon athruithe substainteacha i gceist leis an togra, seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don choiste atá freagrach as ábhar an togra.

I gcás den sórt sin, de bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i Riail 169 agus i Riail 170, ní bheidh leasuithe inghlactha laistigh den choiste atá freagrach as an ábhar ach amháin má bhaineann siad leis na codanna sin den togra ina bhfuil athruithe.

Féadfaidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach as an ábhar, áfach, mar eisceacht agus ar bhonn cás ar chás, glacadh le leasuithe ar chodanna den togra a fhanann gan athrú, má mheasann sé nó sí go bhfuil gá leis sin mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó mar go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile. Caithfear cúiseanna den sórt sin a shonrú i réasúnú i scríbhinn ar na leasuithe.”

Tar éis tuairim a fháil ó Mheitheal Chomhairleach Sheirbhísí Dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, a bhfuil scrúdú déanta aici ar an togra athmhúnlaithe, agus i gcomhréir leis na moltaí ón rapóirtéir, measann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra atá i dtrácht seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha a bhí cheana ann in éineacht leis na hathruithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint.

Mar chríoch, ag an gcruinniú a bhí aige an 24 Aibreán 2014, mhol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, le 21 vóta i bhfabhar agus 2 staonadh(1), go bhféadfadh an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ina cháil mar an coiste atá freagrach, scrúdú a dhéanamh ar an togra thuasluaite i gcomhréir le Riail 104.

Is mise le meas,

Pavel Svoboda

(1)

Bhí na Feisirí seo a leanas i láthair: Max Andersson, Joëlle Bergeron, Marie-Christine Boutonnet, Jean-Marie Cavada, Kostas Chrysogonos, Mady Delvaux, Angel Dzhambazki, Enrico Gasbarra, Lidia Joanna Geringer de Oedenberg, Jytte Guteland, Heidi Hautala, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Gilles Lebreton, António Marinho e Pinto, Emil Radev, Evelyn Regner, Pavel Svoboda, József Szájer, Axel Voss, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka, Kosma Złotowski, Luis de Grandes Pascual.


IARSCRÍBHINN: TUAIRIM Ó MHEITHEAL CHOMHAIRLEACH SHEIRBHÍSÍ DLÍTHIÚLA PHARLAIMINT NA hEORPA, NA COMHAIRLE AGUS AN CHOIMISIÚIN

 

 

 

 

MEITHEAL CHOMHAIRLEACH

NA SEIRBHÍSÍ DLÍTHIÚLA

An Bhruiséil, 21.03.2018

TUAIRIM

CHUIG:  PARLAIMINT NA hEORPA

          AN CHOMHAIRLE

          AN COIMISIÚN

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (athmhúnlú)

COM(2017) 676 final of 8.11.2017 - 2017/0293 (COD)

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha a bhaint as teicníc an athmhúnlaithe maidir le gníomhartha reachtacha, agus go háirithe pointe 9 de, bhí cruinniú ag an Meitheal Chomhairleach, atá comhdhéanta de sheirbhisí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoi seach, an 23 agus an 30 Eanáir 2018, chun scrúdú a dhéanamh ar an togra thuasluaite arna thíolacadh ag an gCoimisiún.

Le linn na gcruinnithe(1) sin, is é an toradh a bhí ar an scrúdú ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-athmhúnlaítear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do charranna nua paisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do charranna nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú, ná go ndearna an Mheitheal Chomhairleach, i gcomhthoil a chéile, an méid seo a leanas a shuí.

1. Ba cheart an méid seo a leanas a bheith léirithe leis an scáth liath a úsáidtear de ghnáth chun leasuithe substainteacha a shainaithint:

- in aithris 22, na focail ‘cuirtear san áireamh’ a scriosadh;

- in aithris 29, na focail ‘agus feithiclí tráchtála éadroma nua ’ agus ‘agus feithiclí trádála éadroma’ a chur isteach agus an focal ‘feithiclí’ a chur in ionad an fhocail ‘carranna’ agus na focail ‘feithiclí saothair éadroim’ a chur in ionad na bhfocal ‘carranna paisinéirí’;

- in aithris 38, an tríú habairt agus an ceathrú habairt d’aithris 27 de Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a scriosadh;

- aithris 30 de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a scriosadh;

- in Airteagal 1(1), an dara habairt d’Airteagal 1, an chéad mhír, de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a scriosadh agus an dara habairt d’Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a scriosadh;

- in Airteagal 4(2), an chuid réamhráiteach den tríú mír d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a scriosadh;

- sa chuid réamhráiteach d’Airteagal 9(1), na focail ‘trí bhíthin gníomhartha tarmligthe’ a chur isteach agus na focail dheireanacha ‘le haghaidh gach monaróra’ a scriosadh;

- in Airteagal 14(2), an abairt deiridh d’Airteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a scriosadh;

- i bpointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn I, na focail ‘bliain féilire’ a ionadú le ‘2020’;

- i bpointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn I, na focail ‘in ord reatha’ a chur isteach;

- i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, na focail ‘arna dtomhas i ngraim in aghaidh an chiliméadair’ a scriosadh;

- in Iarscríbhinn II, an tríú habairt de phointe 2 de Chuid A, pointe 3(e) de Chuid A agus an téacs iomlán de Chuid B d’Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a scriosadh;

- in Iarscríbhinn III, an tríú habairt de phointe A(2) de Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a scriosadh;

2. In aithris 19, ba cheart an dara habairt d’aithris 12 de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 (‘Chun tuairisciú a dhéanamh ar an bhfóntas seo, is iomchuí an paraiméadar í an mhais trína soláthraítear comhghaol leis na hastaíochtaí reatha agus arb é a leanann aisti, dá bhrí sin, ná spriocanna níos réadúla agus níos neodraí ó thaobh iomaíochta de’) a bheith ann, agus an moladh a rinneadh go scriosfaí an abairt sin, ba cheart é a bheith léirithe leis an scáth liath.

3. In aithris 28, maidir leis an bhfocal ‘áirithíonn’ a chur isteach, ba cheart é a bheith sainaitheanta mar oiriúnú foirmiúil ar an bhfoclaíocht atá ann cheana in aithris 9 de Rialachán (AE) Uimh. 333/2014.

4. In Airteagal 3(1)(h), maidir le scriosadh an téarma ‘CO2’ roimh na focail ‘astaíochtaí ó charranna paisinéirí’, an téarma ‘oll-astaíocht’ a chur in ionad an téarma ‘oll-astaíochtaí’, na focail ‘den fheithicil’ a chur isteach i ndiaidh ‘deimhniú comhréireachta’ agus scriosadh na bhfocal ‘le haghaidh carranna paisinéirí’ i ndiaidh ‘mar a shonraítear’, ba cheart iad a bheith sainaitheanta mar oiriúnuithe foirmiúla ar an bhfoclaíocht atá ann cheana in Airteagal 3(1)(f) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.

5. I bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn I, maidir le scriosadh an táisc ‘(c)’ roimh na focail ‘Ó 2020’, ba cheart é a bheith sainaitheanta mar oiriúnú foirmiúil ar an bhfoclaíocht atá ann cheana i bpointe 1(c) d’Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009. Maidir leis an mbosca tagartha lena léirítear gurb as Rialachán (AE) Uimh. 333/2014 an téacs ábhartha, ba cheart é a bheith roimh na focail arna scriosadh ‘(c)Ó 2020’.

6. I bpointe 3 de Chuid A agus i bpointe 3 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, ba cheart na focail dheireanacha ‘den Iarscríbhinn seo’ a scriosadh.

7. I bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, maidir le scriosadh an táisc ‘(c)’ roimh na focail ‘ó 2020’, ba cheart é a bheith sainaitheanta mar oiriúnú foirmiúil ar an bhfoclaíocht atá ann cheana i bpointe 1(c) d’Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 510/2011.

8. I bpointe 5 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, ba cheart an tagairt a dhéantar d’Airteagal 11 a oiriúnú i dtreo is gur tagairt d’Airteagal 10 a bheadh ann.

Dá thoradh sin, d’fhág scrúdú an togra go raibh sé ar chumas na Meithle Comhairlí teacht ar an tátal, gan aon easaontú, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra seachas na leasuithe sin a shainaithnítear mar leasuithe den sórt sin. Tháinig an Mheitheal Chomhairleach ar an tátal freisin, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó ghníomhartha a bhí cheana ann in éineacht leis na leasuithe substainteacha sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint.

            L. ROMERO REQUENA

Dlí-eolaí      Dlí-eolaí      An tArd-Stiúrthóir

(1)

  Is bunaithe ar an leagan Béarla den togra a rinne an Mheitheal Chomhairleach a cuid oibre, arb é an leagan Béarla sin an mháistirchóip den téacs a bhí á phlé.


TUAIRIM ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (4.9.2018)

chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do charranna nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (athmhúnlú)

(COM(2017)0676 – C8-0395/2017 – 2017/0293(COD))

Rapóirtéir: Karima Delli

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Leagtar amach cuspóir soiléir sa Straitéis Eorpach maidir le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí16: faoi lár an chéid seo, ní mór astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil iompair a bheith 60 % níos lú ar a laghad ná mar a bhí in 1990, agus a bheith ag dul i dtreo nialais. Ní mór astaíochtaí truailleán aeir ón earnáil iompair a dhéanann dochar dár sláinte a laghdú go mór gan mhoill. Ní mór astaíochtaí ó ghnáth-innill dócháin a laghdú tuilleadh tar éis 2020. Ní mór feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a úsáid agus sciar nach beag den mhargadh a ghnóthú faoi 2030.

(3)  Leagtar amach cuspóir soiléir sa Straitéis Eorpach maidir le Soghluaisteacht Íseal-astaíochtaí16: faoi lár an chéid seo, ní mór astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil iompair a bheith 60 % níos lú ar a laghad ná mar a bhí in 1990, agus a bheith ag dul i dtreo nialais. Ní mór astaíochtaí truailleán aeir ón earnáil iompair a dhéanann dochar dár sláinte a laghdú go mór gan mhoill. Ní mór astaíochtaí ó ghnáth-innill dócháin a laghdú tuilleadh tar éis 2020. Ní mór feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a úsáid agus sciar nach beag den mhargadh a ghnóthú faoi 2030, agus beartais lena dtacaítear leis an tionscal gluaisteán á gcur san áireamh freisin. Chun go gcomhlíonfaí na gealltanais a thug an tAontas ag an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCC), a reáchtáladh i bPáras in 2015, is gá dlús a chur le dícharbónú na hearnála iompair agus ba cheart astaíochtaí gás ceaptha teasa ó charranna paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma nua a bheith ag dul i dtreo astaíochtaí nialasacha faoi lár na haoise. Ba cheart go mbeifí réadúil ó thaobh uaillmhianta de chun go bhféadfadh an tionscal gluaisteán oiriúnú agus ionas nach ndéanfaí na costais do dhéantóirí carranna a mhéadú, rud a dhéanfadh monarú agus ceannach carranna nua paisinéirí san Aontas a dhíspreagadh agus a mbeadh tionchair aige, i measc nithe eile, ar an bhfostaíocht. Ar an gcaoi chéanna, dá ndéanfaí spriocanna ró-uaillmhianacha a mholadh agus mura ndéanfaí astaíochtaí iompair a laghdú a dhóthain, d’fhéadfadh go mbeadh baol ann dá thoradh nach mbainfí amach na spriocanna i ndáil le laghduithe ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa, ar spriocanna iad a leagtar síos faoi Chomhaontú Pháras.

_________________

_________________

16 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Eorpach um an tSoghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí (COM(2016) 501 final).

16 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Eorpach um an tSoghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí (COM(2016) 501 final).

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Léirítear sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún Europe on the Move17 [An Eoraip ag bogadh] agus Delivering on the European Strategy for low-emission mobility A European Union that protects the planet, empowers its consumers, and defends its industry and workers [An Straitéis Eorpach maidir le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí a chur i gcrích: Aontas Eorpach a chosnaíonn an pláinéad, a chumhachtaíonn a thomhaltóirí agus a chosnaíonn a thionscal agus a oibrithe] go gcuireann caighdeáin astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma an nuálaíocht agus an éifeachtúlacht chun cinn, agus go mbeidh siad ina gcuidiú chun iomaíochas thionscal na mótarfheithiclí a neartú agus go réiteoidh siad an bealach le haghaidh feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.

(4)  Léirítear sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún Europe on the Move17 [An Eoraip ag bogadh] agus Delivering on the European Strategy for low-emission mobility A European Union that protects the planet, empowers its consumers, and defends its industry and workers [An Straitéis Eorpach maidir le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí a chur i gcrích: Aontas Eorpach a chosnaíonn an pláinéad, a chumhachtaíonn a thomhaltóirí agus a chosnaíonn a thionscal agus a oibrithe] go gcuireann caighdeáin astaíochtaí CO2 do charranna paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma an nuálaíocht agus an éifeachtúlacht chun cinn, agus go mbeidh siad ina gcuidiú chun iomaíochas thionscal na mótarfheithiclí a neartú agus go réiteoidh siad an bealach le haghaidh feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Mar sin féin, tá an sciar den mhargadh a bhaineann le feithiclí glana fós beag agus tá formhór mór na gcarranna san Aontas fós á gcumhachtú ag innill artola nó ag innill díosail. Ar na cúiseanna sin, chun roghanna inbhuanaithe agus inacmhainne a thabhairt do thomhaltóirí, beidh gá, dá bhrí sin, le cur chuige iomlánaíoch, lena n-áirítear tacaíocht do ghlacadh feithiclí glana san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon, mar aon le dlús a chur le húsáid bonneagair mhalartaigh.

_________________

_________________

17 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: EUROPE ON THE MOVE: An agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all (AN EORAIP AG BOGADH: clár oibre le haghaidh ascnamh atá cothrom go sóisialta i dtreo na soghluaisteachta (COM(2017) 283 final).

17 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: EUROPE ON THE MOVE: An agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all (AN EORAIP AG BOGADH: clár oibre le haghaidh ascnamh atá cothrom go sóisialta i dtreo na soghluaisteachta (COM(2017) 283 final).

18 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún [...]

18 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún [...]

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4 a)  Beidh baint ag athruithe struchtúrtha i slabhraí luacha gluaisteán agus leis an aistriú struchtúrtha ionsar ghléasraí cumhachta malartacha. Ardaítear ceisteanna dá thoradh sin maidir le cá háit a ndéantar na comhchodanna a tháirgeadh agus a fhoinsiú agus maidir le conas a leanann soláthraithe an Aontais de bheith iomaíoch. Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh iad na tionscnaimh ón gCoimisiún, amhail Comhaontas Ceallraí an Aontais, ach ceanglófar leo go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairtí ar bhonn leanúnach.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a)  I bhfianaise na héiginnteachta is cuid dhílis d’fhorbairtí teicneolaíocha agus socheolaíocha a dhéanfar amach anseo san earnáil, seachas tosaíocht a thabhairt, ar bhealach radacach, agus ag céim luath, do rogha theicniúil amháin nó níos mó a bhfhéadfadh nach mbeadh an ábharthacht chéanna leo amach anseo, is fearr iniúchadh a dhéanamh ar na sineirgí féideartha, agus na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann, maidir leis na teicneolaíochtaí éagsúla atá ar fáil faoi láthair. I dtaca leis sin, is iomchuí a thabhairt chun cuimhne bunphrionsabal na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta de, a bhfuil an tAontas tiomanta dó agus a bhfuil sé de cheangal air cloí leis.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)  Is iomchuí, dá bhrí sin, cuspóirí na Rialachán sin a shaothrú trí spriocanna nua laghdaithe CO2 ar fud fhlít an Aontais Eorpaigh a leagan síos le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma don tréimhse go dtí 2030. Agus na leibhéil laghdúcháin á sainiú, cuireadh san áireamh a éifeachtaí agus a bheadh siad i gcuidiú ar bhealach costéifeachtach chun astaíochtaí na n-earnálacha arna gcumhdach leis an Rialachán maidir le comhroinnt díchill a laghdú faoi 2030, agus na costais agus na coigiltis a bheadh ann don tsochaí, do mhonaróirí agus d'úsáideoirí feithiclí, agus na himpleachtaí indíreacha a bheadh acu ar an bhfostaíocht, an t-iomaíochas agus an nuálaíocht agus na comhthairbhí arna nginiúint i dtéarmaí truailliú aeir a laghdú agus cinnteacht sholáthar an fhuinnimh.

(10)  Is iomchuí, dá bhrí sin, cuspóirí na Rialachán sin a shaothrú trí spriocanna nua laghdaithe CO2 ar fud fhlít an Aontais Eorpaigh a leagan síos le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma don tréimhse go dtí 2030. Agus na leibhéil laghdúcháin á sainiú, cuireadh san áireamh a éifeachtaí agus a bheadh siad i gcuidiú ar bhealach costéifeachtach chun astaíochtaí na n-earnálacha arna gcumhdach leis an Rialachán maidir le comhroinnt díchill a laghdú faoi 2030, agus na costais agus na coigiltis a bheadh ann don tsochaí, do mhonaróirí agus d'úsáideoirí feithiclí, agus na himpleachtaí indíreacha a bheadh acu ar an bhfostaíocht, an t-iomaíochas agus an nuálaíocht agus na comhthairbhí arna nginiúint i dtéarmaí truailliú aeir a laghdú agus cinnteacht sholáthar an fhuinnimh. Trí úsáid a bhaint as breoslaí dí-iontaisithe in-athnuaite (béim ar bhreoslaí sintéiseacha i gcomhréir leis an sainmhíniú / na sainmhínithe d’Airteagal 2 den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite) i dteannta breoslaí ardleibhéil in-athnuaite (Iarscríbhinn IX de RED II) i gcomhréir le critéir inbhuanaitheachta), is féidir, i dtéarmaí “tobar go roth”, laghduithe suntasacha CO2 a bhaint amach sa fhlít nua agus sa fhlít atá ann cheana. Chun an fhorbairt teicneolaíochta a spreagadh agus chun sciar na mbreoslaí sin sa mhargadh a mhéadú, ba cheart úsáid breoslaí dí-iontaisithe in-athnuaite a chur san áireamh i sprioc na monaróirí i leith astaíochtaí sonracha i gcás gealltanas deonach monaróra.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a)  Is é is aidhm leis an athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ná laghdú suntasach a dhéanamh ar úsáid fuinnimh charbónbhunaithe chun feithiclí éadroma príobháideacha agus feithiclí éadroma tráchtála a thiomáint. Dá bhrí sin, tá trí chuspóir leis an athbhreithniú sin: críoch chomhshaoil, eadhon an t-athrú aeráide a chomhrac agus íoslaghdú a dhéanamh ar astaíochtaí a dhéanann dochar do shláinte an duine, críoch inbhuanaitheach, eadhon úsáid breoslaí iontaise a laghdú, agus críoch eacnamaíoch, eadhon feabhas a chur ar thionscal gluaisteán an Aontais gan dochar do-iompaithe a dhéanamh don tionscal.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11a)  Cé gur féidir a bheith ag súil leis, i gcomparáid leis an tSraith Nua Eorpach Tiomána (NEDC), go ndéanfar, tríd an Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda d’fheithiclí éadroma (nós imeachta tástála WLTP) a thabhairt isteach, an bhearna idir luachanna astaíochta CO2 arna dtuairisciú agus na hastaíochtaí iarbhír ó fheithiclí a laghdú, beidh an bhearna sin fós ann dá ainneoin sin. Dá bhrí sin, is den riachtanas é leanúint de na hiarrachtaí tástálacha a dhéanfaí sa tsaotharlann agus in áiteanna eile nach í a fhorbairt agus a bhunú, ar tástalacha iad a bheadh ina léiriú ar an bhfírinne a iomláine is féidir, trí thomhas a dhéanamh ar thomhaltas fuinnimh iarbhír agus astaíochtaí faoi fhíordhálaí tiomána. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún na tástálacha sin a chuimsiú sa chreat rialála a luaithe a bheidh siad forbartha.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Tá sé tábhachtach gurb é a tharlóidh, de thoradh ar cheanglais a leagan amach maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2, go leanfar de chinnteacht na hintuarthachta agus na pleanála a sholáthar ar fud an Aontais do mhonaróirí feithiclí maidir lena bhflít gluaisteán nua agus a bhflít feithiclí tráchtála éadroma nua san Aontas.

(12)  Ó tháinig an chéad reachtaíocht Aontais maidir le ceanglais CO2 d’fheithiclí saothair éadroim i bhfeidhm, tá sé suite go bhfuil an bhearna idir rátaí astaíochta CO2 arna ndearbhú agus na rátaí sin faoi fhíordhálaí tiomána, méadaithe go suntasach, agus, cé gur cheart go mbeadh WLTP ina léiriú níos cruinne ar fhíorchúinsí tiomána tipiciúla ná NEDC, nós imeachta tástála saotharlainne a bheidh fós ann, rud a chiallaíonn go bhféadfadh an bhearna fás athuair in imeacht roinnt blianta, ach, freisin, gur féidir i gcónaí go n-úsáidfí gairis sáraithe go neamhdhleatach agus nach mbraithfí an úsáid sin.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a)  An t-athbhreithniú seo, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le ceanglais a bhunú chun astaíochtaí CO2 a laghdú, is den riachtanas é go mbeadh an leanúnachas ina aidhm leis agus gurb é an cuspóir a bheadh leis ná cobhsaíocht agus intuarthacht áirithe a choinneáil do na gníomhaithe éagsúla sa tionscal san Aontas, go háirithe monaróirí gluaisteán, dá bhflíteanna gluaisteán nua agus feithiclí tráchtála éadroma nua ina n-iomláine, laistigh de chríoch an Aontais. Is é an aidhm ba cheart a bheith ann, dá bhrí sin, ná go leanfaí de na hiarrachtaí i dtreo is go gcuirfí feabhas ar eilimintí den rialachán bunaidh, agus iad a chur in oiriúint, san am céanna, do riachtanais chomhshaoil agus do nua-acmhainneacht theicneolaíoch an tionscail, ar bhealach nach gcuirfeadh príomhearnálacha an Aontais ó chothrom, ach, os a choinne sin, a chuirfeadh iomaíochas agus nuálaíocht an Aontais chun cinn.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Ba cheart, dá bhrí sin, leibhéil laghdúcháin a shocrú do 2025 agus 2030 le haghaidh flíteanna gluaisteán nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua ar fud an Aontais, ag cur san áireamh an t-am is gá chun an flít feithiclí a athnuachan agus an gá don earnáil iompair de bhóthar cuidiú chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach. Comhartha luath agus soiléir is ea an cur chuige céim ar chéim sin freisin do thionscal na mótarfheithiclí gan moill a chur ar theicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh agus feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a thabhairt isteach ar an margadh.

(13)  Dá bhrí sin, tá sé bunriachtanach tabhairt faoin obair maidir le tástáil CO2 a bheadh níos iontaofa fós agus níos réadúla fós a bhunú, go háirithe chun modheolaíocht tástála le haghaidh tomhais Fíorastaíochtaí Tiomána a fhorbairt; chun na críche sin, ba cheart go ndéanfadh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde staidéar ar na modheolaíochtaí tástála éagsúla, agus comparáid eatarthu, agus neamhréireachtaí féideartha a bhaineann le dálaí fisiceacha agus le hiompraíocht tiomána a chumhdach freisin. Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfaí athbhreithniú rialta ar an nós imeachta tástála.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13 a)  Is gá an t-iompar de bhóthar a dhícharbónú go hiomlán chun go bhféadfadh an tAontas a spriocanna aeráide don bhliain 2050 a bhaint amach. Dá bhrí sin, faoi 2040 ar a dhéanaí, ba cheart deireadh a chur le carranna astaithe CO2 agus le feithiclí trádála éadroma. I gcás inarb éifeachtúil agus inarb iomaíoch ó thaobh costais de déanamh amhlaidh, ba cheart don Choimisiún, trí uirlisí faireachais margaidh, ach, chomh maith leis sin, trí dhreasachtaí chun feithiclí a iarfheistiú, meastóireacht a dhéanamh maidir le conas feithicil ar bhóthar a chur san áireamh. Chun na críche sin, bheadh breis staidéar taiscéalaíoch úsáideach chun cabhrú le forbairt a dhéanamh ar chreat Aontais maidir le teicneolaíochtaí iarfheistithe. Tá ról fíorthábhachtach ag an bhfuinneamh in-athnuaite freisin maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil iompair an Aontais a laghdú, agus tá sé ríthábhachtach, dá thoradh sin, gach cineál fuinnimh in-athnuaite agus breoslaí ar lú a lorg carbóin, a chur san áireamh, agus dreasachtaí a chruthú chun rannchuidiú go héifeachtach le dícharbónú earnáil iompair an Aontais agus le hiarfheistiú feithiclí ar bhóthar. Ní chuirtear san áireamh sa Rialachán seo luach fuinnimh in-athnuaite an leachta agus/nó breoslaí gásacha iompair de bhóthar arna n-úsáid, ós rud é nach ndéantar idirdhealú ag an gcéim tomhais idir CO2 de thionscnamh iompróirí fuinnimh neamh-inathnuaite agus de thionscnamh iompróirí fuinnimh in-athnuaite. Is gá forbairt a dhéanamh ar mhodheolaíocht trína bhféadfaí luach fuinnimh in-athnuaite an leachta agus/nó breoslaí gásacha iompair de bhóthar a chur san áireamh agus na hastaíochtaí sonracha CO2 do charranna nua agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua á gcinneadh.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  Cé go bhfuil an tAontas ar cheann de na príomhtháirgeoirí mótarfheithiclí ar domhan, agus go léiríonn sé ceannaireacht theicneolaíoch san earnáil sin, tá an iomaíocht ag dul i méid agus tá an earnáil mótarfheithiclí ag athrú go tapa a bhuí le nuálaíochtaí nua i ngléasraí cumhachta leictrithe agus le soghluaisteacht chomhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe. Chun go leanfaidh an tAontas de bheith iomaíoch ar an leibhéal domhanda, agus rochtain a bheith aige ar na margaí, tá creat rialála de dhíth air, lena n-áirítear dreasacht ar leithligh i réimse na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, rud a chruthóidh mórmhargadh baile agus a thacóidh le forbairt agus nuálaíocht teicneolaíochta.

(14)  Cé go bhfuil an tAontas ar cheann de na príomhtháirgeoirí mótarfheithiclí ar domhan, agus go léiríonn sé ceannaireacht theicneolaíoch san earnáil sin, tá an iomaíocht ag dul i méid agus tá an earnáil mótarfheithiclí ag athrú go tapa a bhuí le nuálaíochtaí nua i ngléasraí cumhachta leictrithe agus le soghluaisteacht chomhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe. Má bhíonn tionscal an Aontais mall ó thaobh a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh riachtanach san earnáil iompair, caillfidh sé a ról ceannasach. Chun go leanfaidh an tAontas de bheith iomaíoch ar an leibhéal domhanda, agus rochtain a bheith aige ar na margaí, tá creat rialála de dhíth air, lena n-áirítear dreasacht ar leithligh i réimse na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, rud a chruthóidh mórmhargadh baile agus a thacóidh le forbairt agus nuálaíocht teicneolaíochta.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a)  In éagmais nuálaíocht teicneolaíochta agus dul chun cinn teicniúil, ní bheidh sé indéanta an sprioc fhadtéarmach maidir le soghluaisteacht an Aontais a dhícharbónú ina hiomláine a bhaint amach. Mar gheall air sin, agus i bhfianaise an mhéadaithe ar an iomaíocht idirnáisiúnta, is den riachtanas é go leanfadh an tAontas agus na Ballstáit dá n-iarrachtaí iniúchadh agus forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh ina gcuirtear chun cinn na sineirgí féideartha san earnáil, agus Comhaontas deireanach Ceallraí an Aontais ina bhunús leis sin, agus go dtacóidís leis an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa taighde agus sa nuálaíocht i dtionscal gluaisteán an Aontais chun go leanfadh an tAontas de bheith ina cheannaire teicneolaíoch san earnáil sin agus chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach a bhoinn thionsclaíoch a áirithiú, rud a d’fhágfadh go leanfadh sé de bheith éifeachtúil agus iomaíoch ar an margadh domhanda.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14b)  Tá sé ríthábhachtach breithniú a dhéanamh ar thionchair shóisialta agus chomhshaoil an aistrithe agus a bheith réamhghníomhach i dtaobh aghaidh a thabhairt ar an gcaillteanas dosheachanta post is toradh den trasdul tionsclaíoch domhain; sa chomhthéacs sin, ba cheart ath-imlonnú, athoiliúint agus breisoiliúint oibrithe, oideachas agus tionscnaimh cuardaithe poist, arna ndéanamh i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, a bheith ina bpríomhthosaíocht sula dtarlóidh damáistí sóisialta.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  Ba cheart sásra tiomnaithe dreasachta a thabhairt isteach chun aistriú rianúil chuig soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí a éascú. Ba cheart an sásra creidiúnúcháin sin a cheapadh sa chaoi is go gcuirfidh sé chun cinn úsáid feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ar mhargadh an Aontais.

(15)  Ba cheart sásra tiomnaithe dreasachta a thabhairt isteach chun aistriú rianúil agus tráthúil chuig soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí a éascú. Ba cheart an sásra creidiúnúcháin sin a cheapadh sa chaoi is go gcuirfidh sé chun cinn úsáid feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ar mhargadh an Aontais. Ba cheart go mbeadh an sásra neodrach i leith na dteicneolaíochtaí nó na mbreoslaí nuálacha uile.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17 a)  Tá imscaradh mear agus leordhóthanach bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe do bhreoslaí malartacha fíor-riachtanach chun an margadh le haghaidh feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a fhorbairt, go háirithe chun muinín a thabhairt do thomhaltóirí; tá sé ríthábhachtach go leanfaí d’infheistíocht a dhéanamh in imscaradh an bhonneagair sin, agus go ndéanfaí í a mhéadú, trí ionstraimí tacaíochta éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, chun rannchuidiú le timpeallacht chumasúcháin chuimsitheach, lena n-áirítear scéimeanna iontaofa um lipéadú ar charranna, forfheidhmiú láidir ar chaighdeáin cáilíochta aeir agus ar chaighdeáin mhaolaithe maidir le hathrú aeráide, agus scéimeanna láidre tacaíochta le haghaidh oibrithe sa tionscal gluaisteán, a bhaint amach. Tá dlúthbhaint idir an tsaincheist maidir le hathbhreoslú agus toilleadh raoin na bhfeithiclí – dá mhéad a thiocfaidh méadú ar an toilleadh raoin, is ea is lú an gá a bheidh ann le hathbhreoslú rialta – agus, dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta, go háirithe maidir le huathriail ceallraí, a dhéanann difear d’úsáid bonneagair.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17b)  Maidir le lipéadú ar charranna atá deartha níos fearr agus trína soláthraítear faisnéis inchomparáide, iontaofa agus shoiléir do thomhaltóirí faoi na tairbhí a bhaineann le gluaisteáin astaíochtaí ísle, lena n-áirítear faisnéis i dtaca le truailleáin aeir agus costais reatha mar aon le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla, d’fhéadfaidís tacú le glacadh na ngluaisteán is éifeachtúla ó thaobh breosla de agus is neamhdhíobháilí don chomhshaol ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 1999/94/CE tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2019 agus togra reachtach ábhartha a chur ar aghaidh.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)  Chun éagsúlacht mhargadh na ngluaisteán paisinéirí agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma agus an cumas atá ann freastal ar riachtanais éagsúla na dtomhaltóirí a choimeád ar bun, is féidir leis na spriocanna CO2 a bheith sonrach do gach monaróir gluaisteán. Meastar go bhfuil sé comhleanúnach leis an gcóras atá i bhfeidhm cheana mais a choimeád mar an paraiméadar fóntais. Ba cheart an paraiméadar a athrú ó mhais na feithicle i riocht feidhmithe go dtí mais tástála na feithicle mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2017/1151 an 1 Meitheamh 2017 le héifeacht ó 2025, chun mais na bhfeithiclí atá in úsáid ar an mbóthar a léiriú níos fearr.

(19)  Chun éagsúlacht mhargadh na gcarranna paisinéirí agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma agus an cumas atá ann freastal ar riachtanais éagsúla na dtomhaltóirí a choimeád ar bun, is féidir leis na spriocanna CO2 a bheith sonrach do gach monaróir carranna. Meastar go bhfuil sé comhleanúnach leis an gcóras atá i bhfeidhm cheana mais a choimeád mar an paraiméadar fóntais. Ba cheart an paraiméadar a athrú ó mhais na feithicle i riocht feidhmithe go dtí mais tástála na feithicle mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2017/1151 an 1 Meitheamh 2017 le héifeacht ó 2030, chun mais na bhfeithiclí atá in úsáid ar an mbóthar a léiriú níos fearr.

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)  Níor cheart go dtarlódh sé go ndéanfaí na spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais Eorpaigh a choigeartú de bharr athruithe ar mheánmhais an fhlít. Ba cheart athruithe ar an meánmhais a léiriú, dá bhrí sin, gan mhoill sna ríomha sonracha a bhaineann le spriocanna astaíochtaí agus ba cheart, dá bhrí sin, na coigeartuithe ar luach na meánmhaise a úsáidtear chuige sin a dhéanamh gach ré bhliain le héifeacht ó 2025.

(20)  Níor cheart go dtarlódh sé go ndéanfaí na spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais Eorpaigh a choigeartú de bharr athruithe ar mheánmhais an fhlít. Ba cheart athruithe ar an meánmhais a léiriú, dá bhrí sin, gan mhoill sna ríomha sonracha a bhaineann le spriocanna astaíochtaí agus ba cheart, dá bhrí sin, na coigeartuithe ar luach na meánmhaise a úsáidtear chuige sin a dhéanamh gach ré bhliain le héifeacht ó 2030.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)  Chun iarracht an laghdaithe ar astaíochtaí a dháileadh ar bhealach atá neodrach agus cothrom ó thaobh na hiomaíochta de, agus a léiríonn éagsúlacht an mhargaidh le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma, agus i bhfianaise an athraithe in 2021 go dtí spriocanna sonracha astaíochtaí WLTP-bhunaithe, is iomchuí fána an chuair teorainnluacha a chinneadh ar bhonn astaíochtaí sonracha na bhfeithiclí nuachláraithe ar fad sa bhliain sin, agus an t-athrú ar spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais Eorpaigh idir 2021, 2025 agus 2030 a chur san áireamh, d'fhonn iarracht chothrom a áirithiú i measc na monaróirí uile i dtaca le laghduithe. Maidir le feithiclí tráchtála éadroma, ba cheart an cur chuige céanna atá i bhfeidhm maidir le monaróirí gluaisteán a chur i bhfeidhm ar mhonaróirí veaineanna atá níos éadroime agus gluaisteándhíoraithe, ach ba cheart fána seasta níos airde a shocrú le haghaidh monaróirí feithiclí níos troime, don spriocthréimhse uile.

(21)  Chun iarracht an laghdaithe ar astaíochtaí a dháileadh ar bhealach atá neodrach agus cothrom ó thaobh na hiomaíochta de, agus a léiríonn éagsúlacht an mhargaidh le haghaidh carranna paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma, agus i bhfianaise an athraithe in 2021 go dtí spriocanna sonracha astaíochtaí WLTP-bhunaithe, is iomchuí fána an chuair teorainnluacha a chinneadh ar bhonn astaíochtaí sonracha na bhfeithiclí nuachláraithe ar fad sa bhliain sin, agus an t-athrú ar spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais Eorpaigh idir 2021 agus 2030 a chur san áireamh, d'fhonn iarracht chothrom a áirithiú i measc na monaróirí uile i dtaca le laghduithe. Maidir le feithiclí tráchtála éadroma, ba cheart an cur chuige céanna atá i bhfeidhm maidir le monaróirí gluaisteán a chur i bhfeidhm ar mhonaróirí veaineanna atá níos éadroime agus gluaisteándhíoraithe, ach ba cheart fána seasta níos airde a shocrú le haghaidh monaróirí feithiclí níos troime, don spriocthréimhse uile.

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)  Is é is aidhm don Rialachán seo dreasachtaí a chruthú do thionscal na mótarfheithiclí chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nua. Leis an Rialachán seo, cuirtear éiceanuálaíocht chun cinn go gníomhach agus soláthraítear sásra trínar cheart aitheantas a thabhairt d'fhorbairtí teicneolaíocha a bheidh ann amach anseo. Is léir ón taithí a fuarthas gur chuidigh na héiceanuálaíochtaí go mór le cost-éifeachtacht Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 agus chun fíorastaíochtaí CO2 a laghdú. Ba cheart an mhódúlacht a choimeád, dá bhrí sin, agus an raon feidhme a leathnú amach chun feabhsuithe ar chórais aerchóiriúcháin a spreagadh ó thaobh na héifeachtúlachta de.

(22)  Is é is aidhm don Rialachán seo laghdú ar fhíorastaíochtaí a cheadú, trí dhreasachtaí a chruthú don tionscal gluaisteán chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nua agus fíorastaíochtaí a laghdú, ach, ag an am céanna, a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Leis an Rialachán seo, cuirtear éiceanuálaíocht chun cinn go gníomhach agus soláthraítear sásra trínar cheart aitheantas a thabhairt d'fhorbairtí teicneolaíocha a bheidh ann amach anseo. Is léir ón taithí a fuarthas gur chuidigh na héiceanuálaíochtaí go mór le cost-éifeachtacht Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 agus chun fíorastaíochtaí CO2 a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart an mhódúlacht sin a choimeád agus an raon feidhme a leathnú amach chun feabhsuithe ar chórais aerchóiriúcháin ó thaobh na héifeachtúlachta de agus laghduithe ar astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí NOx a dhreasú, agus ba cheart breithniú a dhéanamh ar iarfheistiú inneall, agus aird a thabhairt ar ábhar arna úsáid le linn chéimeanna táirgeachta, monaraíochta agus deireadh ré shaolré na feithicle.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22a)  Maidir le hastaíochtaí CO2 do charranna nua agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua arna gclárú san Aontas, déantar iad a thomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) 715/2007, gan aon idirdhealú a bheith ann ag an gcéim tomhais idir CO2 de thionscnamh iompróirí fuinnimh neamh-inathnuaite agus de thionscnamh iompróirí fuinnimh in-athnuaite. Agus na hastaíochtaí sonracha CO2 do charranna nua agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua á gcinneadh, ba cheart forbairt a dhéanamh ar mhodheolaíocht trína dtugtar aird ar luach fuinnimh in-athnuaitean leachta agus/nó breoslaí gásacha iompair de bhóthar.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22 b)  Trí úsáid a bhaint as breoslaí malartacha áirithe, is féidir laghduithe suntasacha CO2 a bhaint amach i dtéarmaí “ón tobar go dtí an roth”, ach níl fáil fós, áfach, ar mhodheolaíocht láidir chun aird a thabhairt air sin; moltar, dá bhrí sin, go dtacódh an Coimisiún le taighde taiscéalaíoch ina leith sin, ionas go gcuimseofaí sa chreat rialála é a luaithe is féidir.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22c)  Ós rud é gurb é cuspóir an Rialacháin seo astaíochtaí CO2 a laghdú sa ghnáthshaol, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún teicneolaíochtaí lasmuigh den timthriall nach gcumhdaítear faoin ngnáth-thimthriall tástála agus nach dtagann faoi raon feidhme an tsásra éiceanuálaíochta a bhreithniú agus a chur san áireamh freisin má léirítear go ndéantar laghduithe intomhaiste agus inléirithe ar astaíochtaí CO2 dá mbarr.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22d)  I bhfianaise na héiginnteachta i leith feithiclí cumhachtaithe ionadúla a ghlacadh sa mhargadh, úsáid bonneagair ábhartha agus éileamh athraitheach tomhaltóirí, is gá an leibhéal uaillmhéine a mhodhnú ar bhealach trédhearcach. Leis an togra le haghaidh treoir ón gCoimisiún maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, tugtar treoir i dtaca le riachtanais an bhonneagair mhalartaigh.

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22 e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22e)  Ba cheart go ndéanfaí forbairt teicneolaíochtaí nuálacha tiomána a chur chun cinn, go háirithe, mar gur lú go mór na hastaíochtaí a thagann astu sin ná a thagann as carranna traidisiúnta phaisinéirí. Ar an dóigh sin, déantar iomaíochas fadtéarma thionscal an Aontais a chur chun cinn agus cruthaítear níos mó post ar ardcháilíocht.

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)  Ba cheart cothromaíocht a áirithiú, mar sin féin, idir na dreasachtaí a thugtar d'éiceanuálaíochtaí agus do na teicneolaíochtaí sin dá léirítear éifeacht an laghdaithe ar astaíochtaí sa nós imeachta tástála oifigiúil. Dá bhrí sin, is iomchuí uasteorainn a choimeád ar na coigiltis ó thaobh éiceanuálaíochta de a fhéadfaidh monaróir a chur san áireamh chun críocha sprioc a chomhlíonadh. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na huasteorann, go háirithe chun a chur san áireamh éifeachtaí an athraithe ar an nós imeachta tástála oifigiúil. Is iomchuí freisin a shoiléiriú conas is ceart na coigiltis a ríomh chun críocha sprioc a chomhlíonadh.

(23)  Ba cheart cothromaíocht a áirithiú, mar sin féin, idir na dreasachtaí a thugtar d'éiceanuálaíochtaí agus do na teicneolaíochtaí sin dá léirítear éifeacht an laghdaithe ar astaíochtaí sa nós imeachta tástála oifigiúil. Dá bhrí sin, is iomchuí uasteorainn a choimeád ar na coigiltis ó thaobh éiceanuálaíochta de a fhéadfaidh monaróir a chur san áireamh chun críocha sprioc a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na huasteorann, go háirithe chun éifeachtaí an athraithe sa nós imeachta tástála oifigiúil a chur san áireamh. Is iomchuí freisin a shoiléiriú conas is ceart na coigiltis a ríomh chun críocha sprioc a chomhlíonadh.

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)  Áiritheoidh an nós imeachta chun maoluithe a dheonú ón sprioc 95 g CO2/km don fhlít do mhonaróirí nideoige .go mbeidh an iarracht ar laghdú atá riachtanach ó mhonaróirí nideoige comhsheasmhach le hiarracht monaróirí ardtáirgeachta maidir leis an sprioc sin. Is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo, áfach, go bhfuil an cumas céanna ag na monaróirí nideoige agus atá ag monaróirí ardtáirgeachta spriocanna CO2 a chomhlíonadh, agus maidir leis na spriocanna arna socrú ó 2025 amach, ní mheastar go bhfuil sé iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir an dá chatagóir monaróirí sin.

(28)  Tríd an nós imeachta maidir le maoluithe ar an sprioc 95 g CO2/km don fhlít a dheonú do mhonaróirí nideoige gluaisteán, áirithítear go mbeidh an iarracht ar laghdú atá riachtanach ó mhonaróirí nideoige comhsheasmhach le hiarracht monaróirí ardtáirgeachta maidir leis an sprioc sin.

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(29a)  Is ionann gléasraí cumhachta malartacha, lena n-áirítear gléasraí cumhachta hibrideacha, agus na gléasraí sin a tharraingíonn fuinneamh, chun críche tiomána meicniúla, as breosla inídithe agus/nó as ceallra nó as feiste stórála cumhachta leictreach nó meicneach eile. Is féidir a n-úsáid le haghaidh feithiclí trádála éadroma a bheith ina cúis le breis meáchain, ach laghdaítear an truailliú tríd an úsáid sin. Níor cheart an meáchan breise sin a áireamh mar chuid de lód éifeachtach na feithicle, ós rud é go ndéanfadh sé sin earnáil an iompair de bhóthar a phionósú ó thaobh na heacnamaíochta de. Níor cheart go ndéanfaí ach oiread, áfach, acmhainn ualaigh na feithicle a mhéadú mar gheall ar an mbreis meáchain. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfadh feithiclí tráchtála éadroma nua a fheidhmíonn ar bhreoslaí malartacha (le gléasraí cumhachta níos troime ná na cinn a úsáidtear i bhfeithiclí a bhreoslaítear ar an ngnáthbhealach) tairbhiú d’acmhainn bhreise meacháin, gan na spriocanna foriomlána i ndáil le laghduithe ar astaíochtaí CO2 a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a chur i mbaol.

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(30 a)  Chun a áirithiú go mbeidh luachanna na n-astaíochtaí CO2 agus na barainneachta breosla a ghabhann le feithiclí lánchríochnaithe ionadaíoch, ba cheart don Choimisiún teacht chun cinn le nós imeachta sainiúil agus go ndéanfadh sé breithniú i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht um chineál-cheadú agus i dtaobh Gníomhaireacht Eorpach um Fhaireachas Margaidh ar an Iompar de Bhóthar a bhunú, ar gníomhaireacht í a bheadh i gceannas ar ghníomhaíochtaí faireachais margaidh, go háirithe maidir le hastaíochtaí CO2, agus a mbeadh sé de chumhacht aici cláir uile-Eorpacha a eagrú maidir le feithiclí a aisghairm agus cineál-cheadú feithiclí a tharraingt siar, i gcás inarb iomchuí; sa bhreis air sin, ba cheart don Ghníomhaireacht scrúdú nó iniúchadh a thionscnamh tar éis tíolacadh ar thorthaí fíorúcháin tástála tríú páirtí, ina bhfuil fianaise ar iompraíocht amhrasach maidir le hastaíochtaí.

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38)  Ba cheart go ndéanfaí comhlíonadh na spriocanna faoin Rialachán seo ag na monaróirí a mheasúnú ar leibhéal an Aontais. Maidir le monaróirí a dtéann a gcuid meánastaíochtaí sonracha CO2 thar an leibhéal astaíochtaí a cheadaítear faoin Rialachán seo, ba cheart go ndéanfaidís préimh astaíochtaí iomarcacha a íoc maidir le gach bliain féilire. Ba cheart go measfaí, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais.

(38)  Ba cheart go ndéanfaí comhlíonadh na spriocanna faoin Rialachán seo ag na monaróirí a mheasúnú ar leibhéal an Aontais. Maidir le monaróirí a dtéann a gcuid meánastaíochtaí sonracha CO2 thar an leibhéal astaíochtaí a cheadaítear faoin Rialachán seo, ba cheart go ndéanfaidís préimh astaíochtaí iomarcacha a íoc maidir le gach bliain féilire. Maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, ba cheart go measfaí gur ioncam iad a chuirfear i leataobh, go príomha, d’earnáil an iompair de bhóthar san Aontas, chun gur féidir dul den aistriú cóir chuig soghluaisteacht ísealcharbóin, agus chun rannchuidiú leis an taighde agus leis an bhforbairt atá ar bun sa tionscal gluaisteán i dtaobh teicneolaíochtaí, amhail gléasraí cumhachta nua, breoslaí agus tástáil, agus don tsábháilteacht ar bhóithre. Ba cheart úsáid a bhaint astu sin freisin chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach réamhghníomhach, ar na tionchair shóisialta dhosheachanta a bheidh ag an aistriú ísealcharbóin sa tionscal gluaisteán, ar tionchair iad a bheidh níos soiléire i réigiúin áirithe de na réigiúin is mó a ndéanfar difear dóibh. Tá sé fíorthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh cláir spriocdhírithe le haghaidh ath-imlonnú, athoiliúint agus breisoiliúint oibrithe, mar aon le tionscnaimh oideachais agus tionscnaimh cuardaithe poist, arna ndéanamh i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, ag gabháil freisin leis na bearta reatha lena n-éascaítear an t-aistriú ísealcharbóin.

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 41

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(41)  I bhfírinne, braitheann éifeachtacht na spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú go mór ar a ionadaíche atá an nós imeachta tástála oifigiúil. I gcomhréir leis an Tuairim ón Sásra le haghaidh comhairle eolaíoch (SAM)23 agus leis an moladh ó Pharlaimint na hEorpa, tar éis di tomhais astaíochtaí san earnáil24 mótarfheithiclí a fhiosrú, ba cheart sásra a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar a ionadaíche atá astaíochtaí CO2 feithiclí agus luachanna ídithe fuinnimh arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151 i dtaca le fíordhálaí domhanda. Ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún lena áirithiú go mbíonn na sonraí sin ar fáil don phobal agus, más gá, chun na nósanna imeachta a fhorbairt is gá chun na sonraí a theastaíonn chun na measúnuithe sin a dhéanamh a shainaithint agus a bhailiú.

(41)  I bhfírinne, braitheann éifeachtacht na spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú go mór ar a ionadaíche atá an nós imeachta tástála oifigiúil. I gcomhréir leis an Tuairim ón Sásra le haghaidh comhairle eolaíoch (SAM)23 agus leis an moladh ó Pharlaimint na hEorpa, tar éis di tomhais astaíochtaí san earnáil24 mótarfheithiclí a fhiosrú, ba cheart sásra a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar a ionadaíche atá astaíochtaí CO2 feithiclí agus luachanna ídithe fuinnimh arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151 i dtaca le fíordhálaí domhanda. An bealach is iontaofa chun fíorionadaíochas na luachanna cineálcheadaithe a áirithiú ná tástáil fíorastaíochtaí CO2 a thabhairt isteach, agus, dá bhrí sin ba cheart an sainordú a thabhairt don Airmheán Comhpháirteach Taighde chun tús a chur lena indéantacht a scrúdú, chun go mbeifí in ann an tástáil sin a áireamh sa chreat rialála a luaithe is féidir. Ba cheart fíorastaíochtaí feithiclí a bheith laistigh de theorainn nach mór a bheith gan sárú (NTE), arb ionann é agus uasteorainn de 15% os cionn na luachanna cineálcheadaithe a dhéanfar a thomhas amhail 2021 agus úsáid á baint as tástáil WLTP, agus socrófar iad do gach monaróir in 2021 i ndáil lena spriocanna astaíochtaí do 2025 agus 2030. Ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún chun a áirithiú go mbeidh na sonraí sin agus na sonraí ó mhéadair ídithe breosla ar fáil don phobal, agus chomh maith leis sin, más gá, chun forbairt a dhéanamh ar na nósanna imeachta is gá chun na sonraí a theastaíonn chun na measúnuithe sin a dhéanamh a shainaithint agus a bhailiú.

__________________

__________________

23 Grúpa ardleibhéil de Chomhairleoirí Eolaíocha, Tuairim eolaíoch 1/2016 dar teideal “Closing the gap between light-duty vehicle real-world CO2 emissions and laboratory testing”.

23 Grúpa ardleibhéil de Chomhairleoirí Eolaíocha, Tuairim eolaíoch 1/2016 dar teideal “Closing the gap between light-duty vehicle real-world CO2 emissions and laboratory testing”.

24 Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2017 don Chomhairle agus don Choimisiún tar éis di tomhais astaíochtaí san earnáil mótarfheithiclí a fhiosrú (2016/2908(RSP))

24 Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2017 don Chomhairle agus don Choimisiún tar éis di tomhais astaíochtaí san earnáil mótarfheithiclí a fhiosrú (2016/2908(RSP))

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 41 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(41a)  Cé go bhfuil sé mar aidhm ag an Rialachán seo astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú, níor cheart dearmad a dhéanamh ann ar an gcomhardú carbóin foriomlán i dtimthriall ‘monarú – úsáid – briseadh’ na bhfeithiclí lena mbaineann agus i dtimthriall ‘eastóscadh/táirgeadh – iompar – ídiú’ an bhreosla arna úsáid (‘tobar-go-roth’). I ndáil leis an méid sin, ba cheart don Choimisiún modheolaíocht chomhchuibhithe a fhorbairt chun críocha tuairisciú ar chomhardú carbóin shaolré na bhfeithiclí sin agus ar an bhfuinneamh arna ídiú d’fhonn léargas iomlán ar a dtionchar ar an gcomhshaol a fháil agus, ar an gcaoi sin, a áirithiú go mbáinfí úsáid as modhanna comhsheasmhachta chun cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach.

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 42

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(42)  In 2024, tá sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh faoin [Rialachán maidir le comhroinnt díchill agus faoin Treoir maidir le córas trádála astaíochtaí]. Is iomchuí, dá bhrí sin, éifeachtacht an Rialacháin seo sa bhliain chéanna sin a mheas chun measúnú comhordaithe comhleanúnach a dhéanamh ar na bearta arna gcur chun feidhme faoi na hionstraimí sin ar fad.

(42)  Tá sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh in 2024 ar an dul chun cinn a bheidh bainte amach faoin [Rialachán maidir le comhroinnt díchill agus faoin Treoir maidir le córas trádála astaíochtaí]. In 2023, beidh an nós imeachta nua tástála le haghaidh gach feithicle saothair éadroim i bhfeidhm le dhá bhliain. Is indéanta agus is iomchuí, dá bhrí sin, éifeachtacht an Rialacháin seo sa bhliain chéanna sin a mheas agus deimhniú a thabhairt i leith na sprice astaíochta CO2 le haghaidh an fhlít uile do 2030 mar aon leis an tagarmharc d’fheithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, chun measúnú comhordaithe comhleanúnach a dhéanamh ar na bearta arna gcur chun feidhme faoi na hionstraimí sin ar fad, agus, a luaithe is féidir, chun astaíochtaí réamhtheachtacha agus leabaithe a chur san áireamh. Ba cheart go gcuirfí san áireamh, agus tionchar comhshaoil gach feithicle á ríomh, an cineál ualaigh a ghabhann le líon na n-astaíochtaí, agus ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh modheolaíocht chomhchuibhithe amhail ‘x g CO2/km in aghaidh an phaisinéara/in aghaidh tonna earraí’ a chruthú chun turais fholmha ag feithiclí éadroma a laghdú, bíodh earraí nó paisinéirí á n-iompar acu.

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Leis an Rialachán seo, bunaítear ceanglais feidhmíochta astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

1.  Leis an Rialachán seo, bunaítear ceanglais feidhmíochta astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua chun baint amach thiomantais agus spriocanna aeráide an Aontais a áirithiú.

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais dá dtagraítear i dTeachtaireacht 2007 ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa27, déanfar an Rialachán seo a chomhlánú, go dtí an 31 Nollaig 2024, le bearta breise a chomhfhreagróidh do laghdú 10 g CO2/km.

3.  Mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais dá dtagraítear i dTeachtaireacht 2007 ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa27, déanfar an Rialachán seo a chomhlánú le bearta breise a chomhfhreagróidh do laghdú 10 g CO2/km.

_________________

_________________

27 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 7 Feabhra 2007. Torthaí an athbhreithnithe ar Straitéis an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a laghdú (COM(2007) 19 final).

27 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 7 Feabhra 2007. Torthaí an athbhreithnithe ar Straitéis an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí CO2 ó charranna paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a laghdú (COM(2007) 19 final).

Leasú    37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 –mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  catagóir N1, arna sainmhíniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, ar mótarfheithiclí iad a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg acu agus maidir le feithiclí chatagóir N1 a bhfuil cineálcheadú leathnaithe chucu i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ("feithiclí tráchtála éadroma") agus a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas ("feithiclí tráchtála éadroma nua").

(b)  catagóir N1, arna sainmhíniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, ar mótarfheithiclí iad a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg acu agus maidir le feithiclí chatagóir N1 a bhfuil cineálcheadú leathnaithe chucu i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (‘feithiclí tráchtála éadroma’) agus a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas (‘feithiclí tráchtála éadroma nua’). Tá cumhacht ag an gCoimisiún, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, nuashonrú a dhéanamh, más gá, ar theorainn na maise tagartha (2 610 kg) d’fheithiclí tráchtála éadroma a fheidhmíonn ar bhreoslaí malartacha a bhfuil meáchan breise ag teastáil ina leith toisc go n-úsáideann siad gléasraí cumhachta agus córais stórála fuinnimh (e.g. ceallraí) atá níos troime ná na cinn atá in úsáid i ngnáthfheithiclí.

Leasú    38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe n a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(na)  ciallaíonn ‘iarfheistiú’ modhnuithe ar chodanna d'inneall feithicle, a dhéantar le teicneolaíochtaí um laghdú truaillithe agus /nó teicneolaíochtaí atá tíosach ar fhuinneamh. Áirítear orthu sin teicneolaíochtaí atá tíosach ar bhreosla amhail hibridiú nó modhnuithe níos cuimsithí ar theicneolaíochtaí leictreacha nó ar theicneolaíochtaí eile a fheidhmíonn ar bhreoslaí malartacha mar a shainmhínítear i bpointe (1) den chéad mhír d’Airteagal 2 de Threoir 2014/94/AE”

Leasú    39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 –mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Áiritheoidh an monaróir nach sáróidh a mheánastaíochtaí sonracha CO2 na spriocanna seo a leanas i leith astaíochtaí sonracha:

1.  Chun a chinneadh an bhfuil monaróir ag comhlíonadh na sprice i leith a astaíochtaí sonracha dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfar an mheánastaíocht CO2 a laghdú, más amhlaidh go bhfuil breoslaí dí-iontaisithe in-athnuaite a bhfuil éifeacht laghdaithe CO2 ag gabháil leo tugtha isteach ar an margadh breosla ag an monaróir sa bhliain a chlárófar na feithiclí nua. Deanfar éifeacht laghdaithe CO2 a dhoiciméadú de réir an tsainmhínithe sa leagan ábhartha den sásra a ghabhann leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite (RED). Tuairisceoidh an monaróir chuig údarás arna ainmniú ag an gCoimisiún an líon fuinnimh a ghabhann le breoslaí dí-iontaisithe forlíonta éagsúla (Breoslai1a), a bheidh curtha ar an margadh, don bhliain oibríochta. Ní fhéadfar an breosla dí-iontaisithe a áireamh faoi chomhair sprioc CO2 i rialacháin eile (RED II nó ETS) chun aon chineál comhairimh dhúbailte a sheachaint. Áiritheoidh an monaróir nach sáróidh a mheánastaíochtaí sonracha CO2 na spriocanna seo a leanas i leith astaíochtaí sonracha:

 

 

_________________

 

1a Luachanna atá le tuairisciú: Breoslai = líon fuinnimh breosla dí-iontaisithe in-athnuaite a tugadh isteach ar an margadh (MJ)

Leasú    40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 –mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  i gcás gach bliana féilire ó 2021 go dtí 2024, an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh i gcomhréir le pointe 3 agus pointe 4 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I, de réir mar is iomchuí, nó, i gcás ina ndeonaítear maolú don mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin agus le pointe 5 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I;

(b)  i gcás gach bliana féilire ó 2021 go dtí 2029, an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh i gcomhréir le pointe 3 agus pointe 4 de Chuid A nó Cuid B d’Iarscríbhinn I, de réir mar is iomchuí, nó, i gcás ina ndeonaítear maolú don mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin agus le pointe 5 de Chuid A nó Cuid B d’Iarscríbhinn I;

Leasú    41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 –mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  i gcás gach bliana féilire ó 2025 amach, na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.3 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I.

(c)  i gcás gach bliana féilire ó 2030 amach, na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.3 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I.

Leasú    42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  catagóir na bhfeithiclí a chláraítear mar M1 N1, a mbeidh feidhm ag an linn maidir leo.

(d)  catagóir na bhfeithiclí a chláraítear mar M1 agus N1, a mbeidh feidhm ag an linn maidir leo.

Leasú    43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a.  Chun meánastaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh le haghaidh chatagóirí feithiclí M1 agus N1 i leith gach monaróra, i gcás ina sáraíonn monaróir sprioc CO2 a ghabhann le catagóirí feithiclí M1 nó N1, déanfar feidhmíocht an mhonaróra sin a chur san áireamh don mhonaróir céanna nó do mhonaróirí eile. Sa chás sin, déanfar an difríocht idir spriocanna astaíochtaí sonracha M1 nó N1 an mhonaróra agus a mheánastaíochtaí sonracha a asbhaint as na meánastaíochtaí sonracha CO2 i leith sprioc shonrach M1 nó N1, agus sin uile ualaithe de réir líon na gcláruithe. Féadfaidh suas le 10 g CO2/km in aghaidh an mhonaróra a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na n-aistrithe creidmheasanna sin idir monaróirí M1 nó N1.

Leasú    44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 4 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh an clár ar fáil go poiblí.

Beidh an clár ar fáil go poiblí, lena n-áirítear i bhformáid dhigiteach.

Leasú    45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8 a.  Ó 2025 i leith, tuairisceoidh monaróirí ar shaolré astaíochtaí CO2 na gcineálacha feithiclí a chuireann siad ar an margadh tar éis 1 Eanáir 2025 bunaithe ar mhodheolaíocht chomhchuibithe an Aontais, chun críocha tuairiscithe agus faireacháin go dtí 2030. Chun na críche sin, forbróidh an Coimisiún, faoin 1 Eanáir 2022, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, modheolaíocht chomhchuibhithe iontaofa agus ionadaíoch maidir le saolré astaíochtaí CO2 gach cineál breosla agus gach cineál gléasraí cumhachta atá ar mhargadh an Aontais. Beidh an mhodheolaíocht sin i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha de chuid ISO agus cuirfear san áireamh léi acmhainneacht téite domhanda (GWP) astaíochtaí a bhaineann le táirgeadh na feithicle, foinsiú amhábhar, tobar-go-roth, chomh maith le hathchúrsáil agus díchur feithiclí.

Leasú    46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9a.  Le linn na céime faireacháin agus tuairiscithe, déanfar líon na n-ard-bhithbhreoslaí leachtacha agus gásacha arna ndíol ag na staisiúin a chur san áireamh agus déanfar iad a bhaint as astaíochtaí CO2 arna dtuairisciú ag céim an chineálcheadaithe. Úsáidtear na luachanna sin chun an Fachtóir Ceartúcháin Carbóin (FCC) a ríomh.

Déantar an Fachtóir Ceartúcháin Carbóin (FCC) a ríomh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:

FCC = sciar náisiúnta d’ard-bhithbhreoslaí leachtacha agus gásacha arna n-úsáid.

Dá bhrí sin, déanfar ríomh ceartaithe astaíochtaí CO2 an fhlít a áireamh mar a leanas:

flít CO2 = (CO2 Cinealcheadú)*(1-FCC)

Leasú    47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais.

4.  I gcás inarb infheidhme, déanfar na suimeanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha a mheas mar ioncam don aistriú cothrom sna réigiúin atá buailte lena n-áirítear athoiliúint agus ath-imscaradh oibrithe de chuid na hearnála mótarfheithiclí, imscaradh soghluaisteachta glaine agus geilleagair ísealcharbóin, bonneagair iompair, taighde agus forbairt, cumhdach seachtrachtaí diúltacha a bhaineann le hiompar de bhóthar agus le sábháilteacht ar bhóithre.

Leasú    48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 –mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  spriocanna 2025 agus 2030 le haghaidh fhlít uile an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus (5) arna ríomh ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointí 6.1.1 agus 6.1.2 de Chuid A agus Cuid B d'Iarscríbhinn I;

(a)  spriocanna 2030 le haghaidh fhlít uile an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(4) arna ríomh ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe 6.1. de Chuid A agus Cuid B d’Iarscríbhinn I;

Leasú    49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 –mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  na luachanna do a2021, a2025 agus a2030 arna ríomh ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe 6.2 de Chuid A agus Cuid B d'Iarscríbhinn I.

(b)  na luachanna do a2021 agus a2030 arna ríomh ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe 6.2 de Chuid A agus Cuid B d’Iarscríbhinn I.

Leasú    50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ar iarratas ó sholáthróir nó ó mhonaróir, breithneofar coigiltí CO2 a bhaintear amach trí theicneolaíochtaí nuálacha nó trí roinnt teicneolaíochtaí nuálacha (‘pacáistí de theicneolaíochtaí nuálacha’) a úsáid.

Ar iarratas ó sholáthróir nó ó mhonaróir, breithneofar coigiltí CO2 a bhaintear amach trí theicneolaíochtaí nuálacha (amhail iarfheistiú) nó trí chomhcheangal de theicneolaíochtaí nuálacha (‘pacáistí de theicneolaíochtaí nuálacha’) a úsáid.

Leasú    51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh suas le 7 g CO2/km a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin chun laghdú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha monaróra .

Féadfaidh suas le 9 g CO2/km a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin chun laghdú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha monaróra .

Leasú    52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh an Coimisiún an uasteorainn a choigeartú le héifeacht ó 2025 amach. Féadfar na coigeartuithe sin a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16.

Déanfaidh an Coimisiún an uasteorainn a choigeartú le héifeacht ó 2021 amach, chun ríomh WLTP a léiriú. Féadfar na coigeartuithe sin a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16.

Leasú    53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  ní mór nach gcumhdaítear na teicneolaíochtaí nuálacha le forálacha sainordaitheacha de bharr bearta comhlántacha breise a bheith ann lena gcomhlíontar an laghdú 10 g CO2/km dá dtagraítear in Airteagal 1, ná ní mór nach mbeidh siad sainordaitheach faoi fhorálacha eile de chuid dhlí an Aontais. Le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, ní bheidh feidhm ag an gcritéar sin maidir le feabhsuithe éifeachtúlachta i dtaca le córais aerchóiriúcháin.

(d)  ní mór nach gcumhdaítear na teicneolaíochtaí nuálacha le forálacha sainordaitheacha de bharr bearta comhlántacha breise a bheith ann lena gcomhlíontar an laghdú 10 g CO2/km dá dtagraítear in Airteagal 1, ná ní mór nach mbeidh siad sainordaitheach faoi fhorálacha eile de chuid dhlí an Aontais. Ní bheidh feidhm ag an gcritéar sin maidir le feabhsuithe éifeachtúlachta i dtaca le córais aerchóiriúcháin.

Leasú    54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar a ionadaíche i bhfíordhálaí domhanda atá luachanna na n-astaíochtaí CO2 agus an ídithe fuinnimh arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151. Áiritheoidh sé go mbeidh an pobal ar an eolas faoi aon fhorbairt a thagann ar an ionadaíochas sin le himeacht ama.

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar a ionadaíche i bhfíordhálaí domhanda atá luachanna na n-astaíochtaí CO2 agus an ídithe fuinnimh arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151. Áiritheoidh sé go mbeidh an pobal ar an eolas faoi aon fhorbairt a thagann ar an ionadaíochas sin le himeacht ama, agus seolfaidh sé tuilleadh imscrúduithe ar mhonaróirí áirithe tar éis astaíochtaí iomarcacha CO2 suntasacha a aithint.

Leasú    55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Chun na críche sin, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh sonraí neamhphearsanta stóinseacha maidir le fíorastaíochtaí CO2 agus fíor-ídiú fuinnimh gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma ar fáil ó mhonaróirí nó ó údaráis náisiúnta, de réir mar a bheidh.

2.  Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún sonraí neamhphearsanta stóinseacha maidir le fíorastaíochtaí CO2 agus fíor-ídiú fuinnimh gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a chur ar fáil go poiblí agus i bhformáid atá inchuardaithe go digiteach, ó mhonaróirí nó ó údaráis náisiúnta, de réir mar a bheidh.

Leasú    56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Chun a áirithiú go ndéanfar fíorlaghdú ar astaíochtaí CO2 amhail dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, úsáidfear na tástálacha WLTP chun leibhéil astaíochtaí a chinneadh go dtí go bhforbróidh an Coimisiún tástálacha faoi fhíordhálaí tiomána atá níos mó i gcomhréir le fíordhalaí domhanda, chun iad a ionadú.

Leasú    57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  In 2024, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i dtaobh a éifeachtaí agus atá an Rialachán seo, nuair is iomchuí, agus beidh ag gabháil léi togra maidir leis an Rialachán a leasú. Sa tuarascáil sin, déanfar a ionadaíche agus atá luachanna na n-astaíochtaí CO2 agus an ídithe fuinnimh arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151, úsáid feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ar mhargadh an Aontais agus cur i bhfeidhm bonneagair athluchtúcháin agus athbhreoslúcháin arna thuairisciú faoi Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29, déanfar an t-ionadaíochas sin a mheas, inter alia, i dtaca le fíordhálaí domhanda.

1.  In 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i dtaobh a éifeachtaí agus atá an Rialachán seo, nuair is iomchuí, agus beidh ag gabháil léi togra maidir leis an Rialachán a leasú. Féadfaidh saineolaithe neamhspleácha cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus déanfaidh siadsan measúnú ar na príomhpharaiméadair uile a bhfuil tionchar acu ar rampáil gléasraí cumhachta malartacha. Sa tuarascáil seo, déanfar na nithe seo a leanas a mheas inter alia:

 

-a ionadaíche i bhfíordhálaí domhanda agus atá luachanna na n-astaíochtaí CO2 agus an ídithe fuinnimh arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151, agus áireofar ann freisin measúnú ar shaolré feithiclí agus tionchar ‘tobar-go-roth’ astaíochtaí i gcás breoslaí;

 

-úsáid feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ar mhargadh an Aontais agus cur i bhfeidhm bonneagair athluchtúcháin agus athbhreoslúcháin arna thuairisciú faoi Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29.

 

I gcás na tuarascála seo, cuirfidh an Coimisiún an nithe seo a leanas san áireamh:

 

- Réimse na bhfeithiclí atá ar fáil (feithiclí ceallra-leictreacha [BEV], hibridí inluchtaithe [PHEV], feithiclí leictreacha breosla-chille [FCEV], etc.);

 

- Praghsanna ola, breosla agus fuinnimh.

__________________

__________________

29 Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

29 Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

Leasú    58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na measúnuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 12 agus féadfaidh sé, más iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun astaíochtaí CO2 a thomhas mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, tograí iomchuí chun na nósanna imeachta sin a oiriúnú le go dtabharfar léiriú leordhóthanach ar fhíordhálaí domhanda na ngluaisteán agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma maidir le hastaíochtaí CO2.

2.  Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na measúnuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 12 agus féadfaidh sé, más iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun astaíochtaí CO2 a thomhas mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, tograí iomchuí maidir leis na nósanna imeachta sin a oiriúnú ionas go dtabharfar léiriú leordhóthanach ar fhíorastaíochtaí CO2 ó charranna agus ó fheithiclí tráchtála éadroma, lena n-áirítear úsáid a bhaint as córas iniompartha chun astaíochtaí a thomhas agus cianbhraiteacht.

Leasú    59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 3 – fomhír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Faoin 31 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Threoir 1999/94/CE, agus i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé togra ábhartha a thíolacadh chun faisnéis chruinn, dhaingean agus inchomparáide a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le hídiú breosla, astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir ó charranna nua paisinéirí a chuirtear ar an margadh.

Leasú    60

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid A – pointe 6 – pointe 6.3 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha ó 2025 ar aghaidh

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha ó 2030 ar aghaidh

Leasú    61

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid A – pointe 6 – pointe 6.3 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is ionann an sprioc thagartha i leith astaíochtaí agus an sprioc thagartha i leith astaíochtaí CO2 arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.1 don tréimhse ó 2025 go 2029 agus le pointe 6.2.2 ó 2030 ar aghaidh

Is ionann an sprioc thagartha i leith astaíochtaí agus an sprioc thagartha i leith astaíochtaí CO2 arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.2. ó 2030 ar aghaidh

Leasú    62

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid A – pointe 6 – pointe 6.3 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1+Y-x) a bheidh san fhachtóir ZLEV, ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.05 nó más lú ná 1.0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1.05 nó 1.0, de réir mar a bheidh

(1+Y-x) a bheidh san fhachtóir ZLEV, ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.15 nó más lú ná 1.0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1.15 nó 1.0, de réir mar a bheidh

Leasú    63

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid A – pointe 6 – pointe 6.3 – mír 4 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

is ionann y agus sciar na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha i bhflít gluaisteán nuachláraithe paisinéirí an mhonaróra arna ríomh mar an líon iomlán feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, i gcás ina ndéanfar gach ceann díobh a áireamh mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, arna roinnt ar líon iomlán na ngluaisteán paisinéirí arna gclárú sa bhliain féilire ábhartha

is ionann y agus sciar na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha i bhflít gluaisteán nuachláraithe paisinéirí an mhonaróra arna ríomh mar an líon iomlán feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, i gcás chás ina ndéanfar gach ceann díobh a áireamh mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, arna roinnt ar líon iomlán na ngluaisteán paisinéirí arna gclárú sa bhliain féilire ábhartha ZLEV sonrach = 1 - [(astaíochtaí sonracha x 0.5) / 50]

Leasú    64

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid A – pointe 6 – pointe 6.3 – mír 4 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

neamhní

scriosta

Leasú    65

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid A – pointe 6 – pointe 6.3 – mír 4 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

15 % a bheidh in x sna blianta ó 2025 go 2029 agus 30 % ó 2030 ar aghaidh.

20% a bheidh in x ó 2030 ar aghaidh.

Leasú    66

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 4 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Do na blianta féilire ó 2021 go 2024, déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir a ríomh mar seo a leanas:

4.  Do na blianta féilire ó 2021 go 2029, déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir a ríomh mar seo a leanas:

Leasú    67

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 6 – pointe 6.3 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.3.  An sprioc i leith astaíochtaí sonracha ó 2025 ar aghaidh

6.3.  An sprioc i leith astaíochtaí sonracha ó 2030 ar aghaidh

Leasú    68

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 6 – pointe 6.3 – pointe 6.3.1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.3.1.  Ó 2025 go 2029

scriosta

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha = an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha – (ø spriocanna2025)) ·Fachtóir ZLEV

 

I gcás an mhéid seo a leanas:

 

is ionann an sprioc thagartha i leith astaíochtaí agus an sprioc thagartha i leith astaíochtaí CO2 arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.2 .1;

 

is ionann øspriocanna agus meán na spriocanna tagartha uile i leith astaíochtaí sonracha, arna ualú ar líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nuachláraithe atá ag gach monaróir aonair, arna chinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.1;

 

(1+Y-x) a bheidh san fhachtóir ZLEV, ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.05 nó más lú ná 1.0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1.05 nó 1.0, de réir mar a bheidh

 

I gcás inarb ionann,

 

y agus sciar na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha i bhflít feithiclí tráchtála éadroma nuachláraithe an mhonaróra arna ríomh mar an líon iomlán feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, sa chás ina ndéanfar gach ceann díobh a áireamh mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, arna roinnt ar líon iomlán na bhfeithiclí tráchtála éadroma arna gclárú sa bhliain féilire ábhartha

 

neamhní

 

x 15 %.

 

Leasú    69

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 6 – pointe 6.3 – pointe 6.3.2 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha = (sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha – (øspriocanna – sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030)) ·Fachtóir ZLEV

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha = an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha · Fachtóir ZLEV

Leasú    70

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 6 – pointe 6.3 – pointe 6.3.2 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is ionann øspriocanna agus meán na spriocanna tagartha uile i leith astaíochtaí sonracha, arna ualú ar líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nuachláraithe atá ag gach monaróir aonair, arna chinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.2

scriosta

Leasú    71

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 6 – pointe 6.3 – pointe 6.3.2 – mír 3 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1+Y-x) a bheidh san fhachtóir ZLEV, ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.05 nó más lú ná 1.0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1.05 nó 1.0, de réir mar a bheidh

(1+Y-x) a bheidh san fhachtóir ZLEV, ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.15 nó más lú ná 1.0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1.15 nó 1.0, de réir mar a bheidh

Leasú    72

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 6 – pointe 6.3 – pointe 6.3.2 – mír 4 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

is ionann x agus 30%

is ionann x agus 15%

Leasú    73

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid A – pointe 1 – mír 1 – pointe t a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ta)  astaíochtaí CO2 saolré feithiclí gaolmhara, i gcás ina bhfuil siad ar fáil.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí do charranna nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua (athmhúnlú)

Tagairtí

COM(2017)0676 – C8-0395/2017 – 2017/0293(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

5.2.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

5.2.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Karima Delli

16.1.2018

Pléite sa choiste

25.4.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

10.7.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

23

18

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Daniela Aiuto, Lucy Anderson, Marie-Christine Arnautu, Georges Bach, Izaskun Bilbao Barandica, Deirdre Clune, Michael Cramer, Luis de Grandes Pascual, Andor Deli, Karima Delli, Isabella De Monte, Ismail Ertug, Jacqueline Foster, Dieter-Lebrecht Koch, Merja Kyllönen, Miltiadis Kyrkos, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Marian-Jean Marinescu, Georg Mayer, Gesine Meissner, Markus Pieper, Gabriele Preuß, Christine Revault d’Allonnes Bonnefoy, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Claudia Schmidt, Keith Taylor, Pavel Telička, Peter van Dalen, Wim van de Camp, Marie-Pierre Vieu, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Janusz Zemke, Roberts Zīle, Kosma Złotowski, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Jakop Dalunde, Maria Grapini, Karoline Graswander-Hainz, Werner Kuhn, Evžen Tošenovský, Henna Virkkunen

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Anna Hedh

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

23

+

ALDE

Izaskun Bilbao Barandica, Gesine Meissner, Dominique Riquet, Pavel Telička

ECR

Jacqueline Foster, Evžen Tošenovský, Roberts Zīle, Kosma Złotowski, Peter van Dalen

PPE

Georges Bach, Deirdre Clune, Andor Deli, Dieter-Lebrecht Koch, Werner Kuhn, Marian-Jean Marinescu, Markus Pieper, Massimiliano Salini, Claudia Schmidt, Henna Virkkunen, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Luis de Grandes Pascual, Wim van de Camp, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska

18

-

ECR

Peter Lundgren

EFDD

Daniela Aiuto

ENF

Marie-Christine Arnautu

GUE/NGL

Merja Kyllönen, Marie-Pierre Vieu

S&D

Lucy Anderson, Isabella De Monte, Ismail Ertug, Karoline Graswander-Hainz, Anna Hedh, Miltiadis Kyrkos, Bogusław Liberadzki, Gabriele Preuß, Christine Revault d'Allonnes Bonnefoy, Janusz Zemke

VERTS/ALE

Michael Cramer, Jakop Dalunde, Keith Taylor

2

0

ENF

Georg Mayer

S&D

Maria Grapini

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí do charranna nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua (athmhúnlú)

Tagairtí

COM(2017)0676 – C8-0395/2017 – 2017/0293(COD)

Dáta tíolactha chun PE

8.11.2017

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

5.2.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

5.2.2018

IMCO

5.2.2018

TRAN

5.2.2018

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

IMCO

4.12.2017

 

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Miriam Dalli

16.1.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

16.5.2018

20.6.2018

 

 

Dáta an ghlactha

10.9.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

38

23

7

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Margrete Auken, Pilar Ayuso, Catherine Bearder, Ivo Belet, Biljana Borzan, Lynn Boylan, Paul Brannen, Soledad Cabezón Ruiz, Nessa Childers, Birgit Collin-Langen, Miriam Dalli, Angélique Delahaye, Mark Demesmaeker, Stefan Eck, Bas Eickhout, José Inácio Faria, Karl-Heinz Florenz, Elisabetta Gardini, Gerben-Jan Gerbrandy, Jens Gieseke, Julie Girling, Sylvie Goddyn, Françoise Grossetête, Andrzej Grzyb, György Hölvényi, Anneli Jäätteenmäki, Karin Kadenbach, Kateřina Konečná, Urszula Krupa, Giovanni La Via, Peter Liese, Lukas Mandl, Jiří Maštálka, Susanne Melior, Miroslav Mikolášik, Rory Palmer, Massimo Paolucci, Piernicola Pedicini, Bolesław G. Piecha, John Procter, Frédérique Ries, Michèle Rivasi, Daciana Octavia Sârbu, Annie Schreijer-Pierik, Davor Škrlec, Nils Torvalds, Adina-Ioana Vălean, Jadwiga Wiśniewska, Damiano Zoffoli

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Dominique Bilde, Michel Dantin, Jørn Dohrmann, Eleonora Evi, Eleonora Forenza, Elena Gentile, Christophe Hansen, Rebecca Harms, Martin Häusling, Jan Huitema, Norbert Lins, Christel Schaldemose

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Jacques Colombier, Karine Gloanec Maurin, John Howarth, Christine Revault d’Allonnes Bonnefoy, Kathleen Van Brempt, Julie Ward, Joachim Zeller

Dáta don chur síos

18.9.2018


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

38

+

ALDE

Catherine Bearder, Gerben-Jan Gerbrandy, Jan Huitema, Anneli Jäätteenmäki, Frédérique Ries, Nils Torvalds

ECR

Mark Demesmaeker, Jørn Dohrmann

EFDD

Evi Eleonora, Piernicola Pedicini

GUE/NGL

Lynn Boylan, Stefan Eck, Eleonora Forenza

PPE

José Inácio Faria

S&D

Biljana Borzan, Paul Brannen, Soledad Cabezón Ruiz, Nessa Childers, Miriam Dalli, Elena Gentile, Karine Gloanec Maurin, John Howarth, Karin Kadenbach, Susanne Melior, Rory Palmer, Massimo Paolucci, Christine Revault d'Allonnes Bonnefoy, Christel Schaldemose, Daciana Octavia Sârbu, Kathleen Van Brempt, Julie Ward, Damiano Zoffoli

VERTS/ALE

Margrete Auken, Bas Eickhout, Rebecca Harms, Martin Häusling, Michèle Rivasi, Davor Škrlec

23

-

ECR

Urszula Krupa, Bolesław G. Piecha, John Procter, Jadwiga Wiśniewska

PPE

Pilar Ayuso, Ivo Belet, Birgit Collin Langen, Michel Dantin, Angélique Delahaye, Elisabetta Gardini, Jens Gieseke, Julie Girling, Françoise Grossetête, Andrzej Grzyb, Christophe Hansen, György Hölvényi, Giovanni La Via, Peter Liese, Norbert Lins, Lukas Mandl, Miroslav Mikolášik, Adina Ioana Vălean, Joachim Zeller

7

0

ENF

Dominique Bilde, Jacques Colombier, Sylvie Goddyn

GUE/NGL

Kateřina Konečná, Jiří Maštálka

PPE

Karl Heinz Florenz, Annie Schreijer Pierik

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0 : staonadh

An nuashonrú is déanaí: 28 Meán Fómhair 2018Fógra dlíthiúil