Nós Imeachta : 2018/0158(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0361/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0361/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 16/01/2019 - 12.9

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0022

TUARASCÁIL     ***I
PDF 680kWORD 99k
8.11.2018
PE 627.022v02-00 A8-0361/2018

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le taraif-chuótaí a áirítear i sceideal an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle

(COM(2018)0312 – C8‑0202/2018– 2018/0158(COD))

An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta

Rapóirtéir: Godelieve Quisthoudt‑Rowohl

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe
 NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
 TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le taraif-chuótaí a áirítear i sceideal an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle

(COM(2018)0312 – C8-0202/2018 – 2018/0158(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0312),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0202/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus an tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0361/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Beidh tionchar ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar an gcaidreamh a bheidh ag an Ríocht Aontaithe agus ag an Aontas Eorpach le tríú páirtithe, go háirithe i gcomhthéacs na hEagraíochta Domhanda Trádála dá bhfuil an dá pháirtí ina mbaill bhunaidh.

(2)  Beidh tionchar ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar an gcaidreamh a bheidh ag an Ríocht Aontaithe agus ag an Aontas Eorpach le tríú páirtithe, go háirithe i gcomhthéacs na hEagraíochta Domhanda Trádála dá bhfuil an dá pháirtí ina mbaill bhunaidh. Ós rud é go mbeidh an próiseas sin ar siúl ag an am céanna leis an gcaibidlíocht maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), agus ag cur san áireamh an sciar atá dírithe ar an earnáil talmhaíochta in CAI, d’fhéadfadh sé tarlú go gcuirfí an earnáil sin i mbaol mór, agus dá bhrí sin is gá a bheith cúramach le linn na caibidlíochta sin.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)   I gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, ní mór an chionroinnt sin a dhéanfar ar tharaif-chuótaí atá mar chuid de sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais Eorpaigh a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil, 1994 (‘CGTT 1994’). Dá bhrí sin, rachaidh an tAontas Eorpach, tar éis réamhtheagmhálacha a dhéanamh, i mbun caibidlíochta le baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála a bhfuil príomhleas soláthair nó leas substaintiúil soláthair acu nó a bhfuil ceart caibidlíochta tosaigh acu i dtaca le gach ceann de na taraif-chuótaí sin.

(4)   I gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, ní mór an chionroinnt sin a dhéanfar ar tharaif-chuótaí atá mar chuid de sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais Eorpaigh a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil, 1994 (‘CGTT 1994’). Dá bhrí sin, rachaidh an tAontas Eorpach, tar éis réamhtheagmhálacha a dhéanamh, i mbun caibidlíochta le baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála a bhfuil príomhleas soláthair nó leas substaintiúil soláthair acu nó a bhfuil ceart caibidlíochta tosaigh acu i dtaca le gach ceann de na taraif-chuótaí sin. Ba cheart raon feidhme na caibidlíochta sin a theorannú agus níor cheart í a leathnú chun go ndéanfaí athchaibidlíocht ar na téarmaí ginearálta maidir leis an rochtain atá ag táirgí ar mhargadh an Aontais, nó méid na rochtana atá ag táirgí ar mhargadh an Aontais.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Ba cheart an mhodheolaíocht seo a leanas a úsáid dá bhrí sin: mar chéad chéim, ba cheart cion úsáide na Ríochta Aontaithe do gach taraif-chuóta aonair a bhunú. Is é atá sa chion úsáide, arna shloinneadh mar chéatadán, ná cion na Ríochta Aontaithe d'allmhairí iomlána an Aontais Eorpaigh faoin taraif-chuóta thar thréimhse ionadaíoch dheireanach trí bliana. Ba cheart an cion úsáide sin a chur i bhfeidhm ar an méid iomlán taraif-chuótaí sceidealta chun cion na Ríochta Aontaithe de tharaif-chuóta ar leith a ríomh. Is é a bheadh i gcion an Aontais Eorpaigh ansin ná fuílleach an taraif-chuóta atá i dtrácht. Is é an bhrí atá leis sin nach n-athraítear an méid iomlán de tharaif-chuóta ar leith (is é sin le rá méid AE-27 = méid reatha AE-28 - méid na Ríochta Aontaithe). Ba cheart na sonraí foluiteacha a bhaint ó bhunachair sonraí ábhartha an Choimisiúin.

(6)  Ba cheart an mhodheolaíocht seo a leanas a úsáid dá bhrí sin: mar chéad chéim, ba cheart cion úsáide na Ríochta Aontaithe do gach taraif-chuóta aonair a bhunú. Is é atá sa chion úsáide, arna shloinneadh mar chéatadán, ná cion na Ríochta Aontaithe d’allmhairí iomlána an Aontais Eorpaigh faoin taraif-chuóta thar thréimhse ionadaíoch dheireanach trí bliana. Ba cheart an cion úsáide sin a chur i bhfeidhm maidir le méid iomlán an taraif-chuóta sceidealta, agus aon tearcúsáid á cur san áireamh, chun cion na Ríochta Aontaithe de tharaif-chuóta ar leith a ríomh. Is é a bheadh i gcion an Aontais Eorpaigh ansin ná fuílleach an taraif-chuóta atá i dtrácht. Is é an bhrí atá leis sin nach n-athraítear an méid iomlán de tharaif-chuóta ar leith (is é sin le rá méid AE-27 = méid reatha AE-28 - méid na Ríochta Aontaithe). Ba cheart na sonraí foluiteacha a bhaint ó bhunachair sonraí ábhartha an Choimisiúin.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6 a)  Bhunaigh agus chomhaontaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an mhodheolaíocht maidir le sciar úsáide gach taraif-chuóta aonair, i gcomhréir le ceanglais Airteagal XXVIII de CGTT 1994, agus dá bhrí sin, ba cheart an mhodheolaíocht sin a choinneáil go hiomlán chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach í.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  Maidir leis na taraif-chuótaí lena mbaineann, le hAirteagail 184-188 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/20131 foráiltear an bunús dlí is gá chun na taraif-chuótaí a riar tar éis iad a bheith cionroinnte de réir an Rialacháin atá ann cheana. Maidir leis na taraif-chuótaí lena gcumhdaítear táirgí iascaigh, tionsclaíocha agus táirgí talmhaíochta próiseáilte áirithe, déantar an riarachán de bhun Rialachán (AE) Uimh. 32/20002. Leagtar amach cainníochtaí na dtaraif-chuótaí i dtrácht in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ar cheart na cainníochtaí sin a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán atá ann cheana a chur ina n-ionad.

(8)  Maidir leis na taraif-chuótaí lena mbaineann, le hAirteagail 184-188 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/20131 foráiltear an bunús dlí is gá chun na taraif-chuótaí a riar tar éis iad a bheith cionroinnte de réir an Rialacháin atá ann cheana.  Is gá an riarachán sin a chur i gcrích i gcomhréir leis an tsamhail talmhaíochta Eorpach, bunaithe ar ilfheidhmiúlacht ghníomhaíochta talmhaíochta, le béim á cur freisin ar chúrsaí neamhthráchtála a aithint go sainráite mar aon le freastal ar riachtanais an phobail i réimse na sábháilteachta bia, na cosanta comhshaoil, na cáilíochta bia agus leasa ainmhithe. Maidir leis na taraif-chuótaí lena gcumhdaítear táirgí iascaigh, tionsclaíocha agus táirgí talmhaíochta próiseáilte áirithe, déantar an riarachán de bhun Rialachán (AE) Uimh. 32/20002 . Leagtar amach cainníochtaí na dtaraif-chuótaí lena mbaineann in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, agus ba cheart dá bhrí sin na cainníochtaí sin a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán atá ann cheana a chur ina n-ionad.

_________________

_________________

1 Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671)

1 Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

2 Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 an 17 Nollaig 1999 ón gComhairle lena n-osclófar taraif-chuótaí Comhphobail a cheanglaítear le CGTT agus taraif-chuótaí Comhphobail áirithe eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riar agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe le haghaidh na cuótaí a choigeartú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1808/95 ón gComhairle (IO L 5, 8.1.2000, lch. 1).

2 Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 an 17 Nollaig 1999 ón gComhairle lena n-osclófar taraif-chuótaí Comhphobail a cheanglaítear le CGTT agus taraif-chuótaí Comhphobail áirithe eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riar agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe le haghaidh na cuótaí a choigeartú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1808/95 ón gComhairle (IO L 5, 8.1.2000, lch. 1).

Réasúnú

Leasú lena ndéantar tagairt do phrionsabail bhunaidh an Chomhaontaithe maidir le Talmhaíocht in GATT, ionas go ndéantar iad a chur i bhfeidhm freisin maidir le dearadh agus cur chun feidhme chionroinnt seo na dtaraif-chuótaí.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Má chuirtear san áireamh go mbeidh caibidlíocht le baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála dá ndéanfar difear á gcur ar siúl agus an gnáthnós reachtach á dhéanamh san am céanna chun an Rialachán seo a ghlacadh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 i ndáil le cainníochtaí na dtaraif-chuótaí cionroinnte a liostaítear iontu, chun go gcuirfear san áireamh aon chomhaontuithe a thabharfar i gcrích nó aon fhaisnéis ábhartha a d’fhéadfadh sé a fháil i gcomhthéacs na caibidlíochta sin a léireodh fachtóirí sonracha nach raibh eolas aige orthu roimhe sin ar mar gheall orthu ba ghá coigeartú a dhéanamh ar chionroinnt na dtaraif-chuótaí ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht chéanna i gcás ina dtiocfar ar fhaisnéis lasmuigh den chaibidlíocht sin.

(9)  Má chuirtear san áireamh go mbeidh caibidlíocht le baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála dá ndéanfar difear á gcur ar siúl agus an gnáthnós reachtach á dhéanamh san am céanna chun an Rialachán seo a ghlacadh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 i ndáil le cainníochtaí na dtaraif-chuótaí cionroinnte a liostaítear iontu. Níor cheart na hiarscríbhinní sin a leasú ach amháin chun go gcuirfear san áireamh aon chomhaontuithe idirnáisiúnta a thabharfar i gcrích nó aon fhaisnéis ábhartha a d’fhéadfadh sé a fháil, bíodh sé sin i gcomhthéacs na caibidlíochta sin nó taobh amuigh díobh, ar faisnéis í a léireodh tosca sonracha nach raibh eolas aige orthu roimhe sin ar mar gheall orthu ba ghá coigeartú a dhéanamh ar chionroinnt na dtaraif-chuótaí ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9 a)  Le Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid d’fhorálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme. Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is iomchuí na cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ba cheart an t-ailíniú sin a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, trí chumhachtaí tarmligthe a dheonú don Choimisiún agus trí nósanna imeachta áirithe a chur i bhfeidhm atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chuige sin, ba cheart go gcuirfí cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh in ionad na gcumhachtaí cur chun feidhme atá tugtha don Choimisiún leis an Rialachán sin.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 1 a

 

Déanfar cionroinnt tharaif-chuótaí an Aontais a chinneadh ach an nós imeachta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

 

(1)   déanfar cion úsáide an Aontais d’allmhairí, arna shloinneadh mar chéatadán, do gach taraif-chuóta ar leith a bhunú, thar thréimhse ionadaíoch dheireanach trí bliana;

 

(2)   déanfar cion úsáide an Aontais d’allmhairí, arna shloinneadh mar chéatadán, a chur i bhfeidhm maidir le méid iomlán taraif-chuótaí arna sceidealú chun a chion i dtéarmaí méideanna de tharaif-chuóta ar leith a ríomh;

 

(3)   maidir le taraif-chuótaí aonair nach féidir aon trádáil a fheiceáil ina leith le linn na tréimhse ionadaíche mar a leagtar síos i bpointe 1, ina ionad sin déanfar cion an Aontais a bhunú, ach an nós imeachta atá leagtha síos i bpointe 2 a leanúint, ar bhonn chion úsáide an Aontais d’allmhairí, arna shloinneadh mar chéatadán, de tharaif-chuóta sonrach eile a bhfuil an sainiú táirge ceannann céanna air, nó sna línte taraifí comhfhreagracha lasmuigh den taraif-chuóta.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 2

scriosta

Cuirfear an téacs i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle.

 

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 chun Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán seo agus Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle a leasú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 chun Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh, agus comhsheasmhacht leis an modheolaíocht choiteann a comhaontaíodh go comhpháirteach leis an Ríocht Aontaithe á áirithiú agus maidir le rochtain ar an margadh isteach san Aontas mar atá comhdhéanta tar éis don Ríocht Aontaithe a tharraingt siar, á áirithiú go háirithe nach sáraíonn an rochtain sin an méid a léirítear i gcion na sreafaí trádála i rith tréimhse ionadaíoch:

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  aon fhaisnéis ábhartha a d’fhéadfadh sé a fháil i gcomhthéacs na caibidlíochta faoi Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, 1994 nó trí mhodhanna eile.

(b)  aon fhaisnéis ábhartha a d’fhéadfadh sé a fháil i gcomhthéacs na caibidlíochta faoi Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, 1994 nó ó fhoinsí eile a bhfuil suim acu i dtaraif-chuóta ar leith.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 3 a (nua)

 

Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle a leasú mar seo a leanas:

 

(1)   In Airteagal 6, cuirtear mír 2 in ionad an méid seo a leanas:

 

“2. Déanfar an cinneadh maidir le teidlíocht i leith na dtaraif-chuótaí dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt siar go sealadach, go hiomlán nó go páirteach, a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle roimh ré leis an tír thairbhíoch faoi thrácht. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.”

 

(2)   In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

 

“1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a chun Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn VII a leasú:

 

(a)   i gcás ina bhfuil gá le leasuithe agus coigeartuithe teicniúla de bharr athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus na cóid TARIC;

 

(b)   i gcás ina bhfuil gá le coigeartuithe de bharr na rudaí seo a leanas:

 

—tabhairt i gcrích comhaontuithe nó malartuithe litreacha ag an gComhairle laistigh de chreat CGTT nó comhlíonadh oibleagáidí conarthacha an Aontais maidir le tíortha áirithe faoi chuimsiú CGTT, nó

 

—síneadh na scéime um fhabhair ghinearálaithe i leith táirgí siúite agus snáithín cnó cócó;

 

(c)  tíortha i mbéal forbartha a chur leis na liostaí atá in Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V, ar iarratas oifigiúil ó thír is iarrthóir a chuireann na ráthaíochtaí is gá ar fáil chun barántúlacht na dtáirgí sin a sheiceáil;

 

(d)  i gcás ina bhfuil gá le leasuithe agus coigeartuithe ar na sainmhínithe ar tháirgí lámhdhéanta agus ar fhabraicí seol láimhe chomh maith leis na samplaí de dheimhnithe barántúlachta;

 

1a.  Aon leasú ar Iarscríbhinn I, mar a leagtar síos i mír 1, ar toradh é ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas:

 

(a)  áiritheoidh sé comhsheasmhacht leis an modheolaíocht choiteann a comhaontaíodh go comhpháirteach leis an Ríocht Aontaithe agus maidir le rochtain ar an margadh isteach san Aontas mar atá comhdhéanta tar éis don Ríocht Aontaithe a tharraingt siar, áiritheoidh sé go háirithe nach sáraíonn an rochtain sin an méid a léirítear i gcion na sreafaí trádála i rith tréimhse ionadaíoch; agus

 

(b)  féadfar é a ghlacadh chun faisnéis ábhartha a chur san áireamh, ar faisnéis í a d’fhéadfadh an Coimisiún a fháil i gcomhthéacs na caibidlíochta faoi Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, 1994 nó ó fhoinsí eile a bhfuil suim acu i dtaraif-chuóta ar leith”.

 

(3)  Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

 

“1. Tabharfaidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (CE) Uimh. 952/2013 cúnamh don Choimisiún.

 

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”

 

(4)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 10a

 

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

 

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó ... [dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

 

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

 

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

 

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

 

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”

 

(5)  Déantar an téacs atá i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur in ionad Iarscríbhinn I.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse [4] bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(2)  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

(4)  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Chun rochtain chomhionann ar an bhfaisnéis go léir a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe ó na Ballstáit.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [aon mhí amháin] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(6)  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag Airteagal 1 agus Airteagal 2 ón dáta a thiocfaidh deireadh le feidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le comhaontú a thabharfaidh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i gcrích de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó, in éagmais comhaontú den chineál sin, ón 30 Márta 2019 ar aghaidh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 agus Airteagal 3a nua(5) ón dáta a dtiocfaidh deireadh le feidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le comhaontú a thabharfaidh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i gcrích de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó, in éagmais comhaontú den chineál sin, ón 30 Márta 2019 ar aghaidh.

(Níl uimhriú na nAirteagal ceart sa togra ón gCoimisiún. Tá dhá Airteagal ann atá uimhrithe mar Airteagal 4 de dhearmad)


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

An 29 Márta 2017, thug Rialtas na Ríochta Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach dá bhfuil sí ina Ballstát faoi láthair. Dá bhrí sin, meastar go scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith ina Ballstát de AE amhail ón 30 Márta 2019. Sa chomhthéacs sin, is gá aghaidh a thabhairt ar chionroinnt tharaif-chuótaí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe faoi seach a áirítear i sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) atá i gceangal le CGTT 1994.

Tá AE i mbun caibidlíochta le tríú tíortha faoi Airteagal XXVIII de GATT chun modhnú a dhéanamh ar sceideal an Aontais i dtaca le EDT ina luaitear méideanna taraif-chuótaí. Mar sin féin, ní cinnte go ndéanfaí na caibidlíochtaí sin uile a thabhairt i gcrích trí chomhaontú laistigh den achar ama sula scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith á cumhdach a thuilleadh faoi sceideal an Aontais i dtaca le EDT. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú gur féidir leis an Aontas, in éagmais na gcomhaontuithe sin, dul ar aghaidh mar sin féin, le cionroinnt taraif-chuótaí trí lamháltais i leith tharaifí EDT a mhodhnú agus go dtabharfar na cumhachtaí is gá don Choimisiún chun na forálacha ábhartha de chuid AE a leasú lena ndéanfar na taraif-chuótaí ábhartha a oscailt agus a chur chun feidhme.

Liostaítear sa togra conas a dhéanfar na taraif-chuótaí atá mar chuid de sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais i dtaca le EDT a chionroinnt ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Chomh maith leis sin, tugtar leis an chumhacht don Choimisiún an chionroinnt sin a mhodhnú trí ghníomhartha tarmligthe, má bhíonn gá leo tar éis na gcomhaontuithe ina dhiaidh sin le tríú tíortha a bheith tugtha i gcrích. Tá baint ag taraif-chuótaí i leith táirgí talmhaíochta agus neamhthalmhaíochta.

Aontaíonn an Rapóirtéir le meon ginearálta agus cuspóirí an togra, ós rud é gur cheart gach uirlis riachtanach a bheith ag AE ionas nach gcuirfí isteach ar thrádáil le tríú tíortha i ndiaidh imeacht na Ríochta Aontaithe as AE, agus sa chás nach féidir comhaontuithe iomchuí a thabhairt i gcrích le tríú tíortha in am trátha. Ina ainneoin sin, molann an Rapóirtéir roinnt leasuithe ar an togra, mar a dhéantar cur síos orthu anseo feasta.

Ar an gcéad dul síos, ar mhaithe le soiléire dhlíthiúil, is gá a chumhdach i bhforálacha an rialacháin, agus ní hamháin sna haithrisí, an mhodheolaíocht atá mar bhonn do chionroinnt na dtaraif-chuótaí atá ann cheana idir AE agus an Ríocht Aontaithe.

Ar an dara dul síos, ba cheart soiléiriú breise a thabhairt maidir le raon feidhme tharmligean na gcumhachtaí ar an gCoimisiún mar a fhoráiltear faoi láthair faoi Airteagal 3.

Ar deireadh, tugtar aghaidh sa dréacht-tuarascáil seo ar shaincheist ar cheart don Choimisiún, dar leis an Rapóirtéir, aghaidh a thabhairt go díreach uirthi sa togra. Eadhon, áirítear sa togra tarmligean cumhachta a mbeadh sé d’éifeacht aige modhnú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 32/2000(1). Faoi Airteagal 290 CFAE maidir le cumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ní féidir le gníomh reachtach amháin gníomh reachtach eile a mhodhnú (is é sin le rá, chun gníomh reachtach eile a mhodhnú, ní mór tarmligean na gcumhachtaí a bheith ann). Tugann an Rapóirtéir dá haire nach ndearnadh Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 a ailíniú le forálacha Airteagal 290 agus 291 de CFAE, d’ainneoin na ngealltanas arna nglacadh, go háirithe, i mír 27 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016(2) maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Mar shampla, ba cheart a thabhairt faoi deara go ndearnadh cheana in 2014, leis an Omnibus um Thrádáil I(3) agus Omnibus um Thrádáil II(4), na gníomhartha reachtacha go léir i réimse an bheartais trádála a ailíniú le gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. Dá bhrí sin, measann an Rapóirtéir nach bhfuil an dara rogha ann ach an t-ailíniú le gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 a ionchorprú sa Rialachán atá ann faoi láthair.

Ina theannta sin, i bhfianaise na héiginnteachta ginearálta maidir le próiseas tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE, ba cheart fad in-athnuaite a bheith ag an tarmligean cumhachta, mar is é sin an cleachtas ginearálta.

(1)

Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 an 17 Nollaig 1999 ón gComhairle lena n-osclófar taraif-chuótaí Comhphobail a cheanglaítear le CGTT agus taraif-chuótaí Comhphobail áirithe eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riar agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe le haghaidh na cuótaí a choigeartú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1808/95 ón gComhairle (IO L 5, 8.1.2000, lch. 1).

(2)

An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1–14).

(3)

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1–51).

(4)

Rialacháin (AE) Uimh. 38/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh (IO L 18, 21.1.2014, lgh 52–69).


TUAIRIM ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (24.10.2018)

chuig an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le taraif-chuótaí a áirítear i sceideal an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle

(COM(2018)0312 – C8‑0202/2018 – 2018/0158(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Matt Carthy

RÉASÚNÚ GEARR

Is ionstraim thábhachtach é an Tairif-Chuóta chun iomaíocht sheachtrach ar earnáil agraibhia an Aontais Eorpaigh a bhainistiú agus a rialú. Trí allmhairithe a choinneáil ar leibhéal cuótaí réamhshocraithe, in éineacht le leibhéal tairife lasmuigh den chuóta atá mítharraingteach, déantar earnálacha atá íogair nó leochaileach a chosaint ar iomaíocht éagórach. Úsáidtear an ionstraim sin go coitianta i gcreat iltaobhach na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) agus i gcreat déthaobhach na gcomhaontuithe saorthrádála (CSTanna).

Thar na blianta, tá méadú tagtha ar líon na dtaraif-chuótaí de chuid an Aontais in EDT chun go léireofar go háirithe an cúiteamh a thugtar i gcomhthéacs méaduithe ar AE nó réiteach díospóidí trádála (e.g. hormóin mhairteola, gearrthacha sicín reoite gan chnámh). Maidir le himeacht na Ríochta Aontaithe as AE atá ag teacht, is gá liosta iomlán tharaif-chuótaí EDT a chionroinnt idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, d’fhonn léiriú a thabhairt ar úsáid iarbhír na dtaraif-chuótaí ag an dá pháirtí araon. Mura ndéantar sin i gcomhréir le modheolaíocht shoiléir oibiachtúil, d’fhéadfaí margaí a phlúchadh, sraonadh táirgí intíre a chruthú, agus ar deireadh thiar tionchar a imirt ar na praghsanna a fhaigheann táirgeoirí príomha le haghaidh a dtáirge.

Ní ábhar iontais é mar sin go bhfuil táirgí talmhaíochta chun tosaigh ar liosta AE agus 87 dtaraif-chuóta acu, agus gurb ionann feolta, gránaigh agus táirgí déiríochta agus na trí líon is mó cuótaí. Léiríonn sé sin íogaireachtaí na n-earnálacha sin, agus earnálacha talmhaíochta eile ó thaobh an iomaíochais de, agus an gá go mbeadh an Rialachán seo cothrom agus cruinn agus an ath-chionroinnt á déanamh.

Maidir leis an gcionroinnt, sa togra ón gCoimisiún Eorpach úsáidtear an mhodheolaíocht a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe maidir le féachaint ar sciar úsáide gach cuóta ar leith. Aontaíonn an Rapóirtéir gur modh loighciúil agus oibiachtúil chun déileáil leis an staid reatha é na taraif-chuótaí a roinnt bunaithe ar ríomh sciar gach páirtí d’allmhairí i dtréimhse ionadaíoch 2013-2015. Gan aon athruithe substainteacha a dhéanamh ar an modheolaíocht, molann an Rapóirtéir leasú lena gcuirtear in iúl go ndéantar cur i bhfeidhm na scaire úsáide a chur i bhfeidhm maidir leis an taraif-chuóta iomlán sceidealta gan beann ar aon tearcúsáid.

Agus an mhodheolaíocht sin á cur i bhfeidhm, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún nós imeachta a sheoladh faoi Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 chun oibriú le baill EDT ar príomhsholáthróirí iad, a bhfuil leas substaintiúil acu in athchaibidlíocht nó a bhfuil cearta caibidlíochta tosaigh acu. Maidir leis an bpróiseas sin, tá an Rapóirtéir den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach a chur in iúl nach ndéanfaí an sainordú chun caibidlíochta a leathnú chun go ndéanfaí téarmaí ginearálta rochtana a athchaibidliú ar bhealach ar bith ná go ndéanfaí aon mhéadú ar an méid iomlán. Ar ndóigh, ba cheart a chur san áireamh an gá leis an gcothromaíocht reatha a choinneáil, i gcás, mar shampla, ina gceadaítear inaistritheacht theoranta a cheadú idir an Scéim maidir le Mairteoil agus Laofheoil d’Ardcháilíocht (HQBV) agus an Cuóta Uathrialaitheach Mairteola (ABQ).

Aithníonn an Rapóirtéir go bhféadfadh sé go mbeadh gá le roinnt na lamháltas a liostaítear san Iarscríbhinn a mhodhnú mar gheall ar chineál na gcaibidlíochtaí sin agus ar an neamhchinnteacht atá ann maidir le dáta iarbhír agus téarmaí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe.

I gcásanna áirithe, beidh sé sin riachtanach. In éagmais aon réiteach eile ar an tiomantas chun teorainn chrua a sheachaint ar oileán na hÉireann, tá an Ríocht Aontaithe agus AE tar éis comhaontú go bhfanfaidh Tuaisceart Éireann faoi “lánailíniú” le Margadh Aonair AE agus Aontas Custaim AE - nó Togra maidir le Cúlstop mar a thugtar air. Sa chás sin, beidh gá le hath-chionroinnt iomlán ar na taraif-chuótaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán chun earraí ceadúnaithe do Thuaisceart Éireann nó allmhairithe ann a chur san áireamh.

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tacar nua sonraí maidir le hath-chionroinnt a chuardach; mar shampla, le linn na tréimhse tagartha 2013-2015, tharla sé gur chuir bearta SPS isteach ar an trádáil le comhpháirtí áirithe EDT, rud a chiallaíonn nach dtugtar léiriú cuí ar an bhfírinne san fhaisnéis.

Ar deireadh, i gcásanna áirithe ina bhfuil cion úsáide na Ríochta Aontaithe den taraif-chuóta chomh beag sin, le roinnt na gcuótaí de réir na modheolaíochta atá beartaithe, beidh taraif-chuóta níos lú ann agus d’fhéadfadh sé tarlú mar sin go mbeadh easaontas idir comhpháirtithe EDT nach leor é an cion úsáide sin chun lastas ar leithligh a éileamh.

Creideann an Rapóirtéir go mbeidh cinntí polaitiúla ag baint le leasuithe a dhéanfar de réir na gcásanna thuasluaite, agus leis na cinntí sin d’fhéadfaí difear a dhéanamh d’earnálacha talmhaíochta atá an-íogair.

Ar na cúiseanna sin, níor cheart cumhacht lánroghnach neamhtheoranta a bheith ag an gCoimisiún Eorpach chun cionroinnt na dtaraif-chuótaí a leasú gan aon ghá le toiliú na Parlaiminte a fháil mar a fhoráiltear leis na Conarthaí. Ní mór lán-trédhearcacht agus grinnscrúdú reachtach a urramú sna cásanna seo. Níor cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ach amháin i gcás ina bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha chun críche, ós rud é go mbeidh toiliú na Parlaiminte de dhíth sna cásanna seo ar aon chuma. I gcás gach leasú eile ar na deighiltí, áitíonn an Rapóirtéir go gcuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin nós imeachta arna rialú leis na Conarthaí.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe ar an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Beidh tionchar ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar an gcaidreamh a bheidh ag an Ríocht Aontaithe agus ag an Aontas Eorpach le tríú páirtithe, go háirithe i gcomhthéacs na hEagraíochta Domhanda Trádála dá bhfuil an dá pháirtí ina mbaill bhunaidh.

(2)  Beidh tionchar ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar an gcaidreamh a bheidh ag an Ríocht Aontaithe agus ag an Aontas Eorpach le tríú páirtithe, go háirithe i gcomhthéacs na hEagraíochta Domhanda Trádála dá bhfuil an dá pháirtí ina mbaill bhunaidh. Ós rud é go mbeidh an próiseas sin ar siúl ag an am céanna leis an gcaibidlíocht maidir le CAI, agus ag cur san áireamh an sciar atá dírithe ar an earnáil talmhaíochta in CAI, d’fhéadfadh sé tarlú go gcuirfí an earnáil sin i mbaol mór, agus dá bhrí sin is gá a bheith cúramach le linn na caibidlíochta sin.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)  Ba cheart a mheabhrú, in ábhair a bhaineann leis an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT), a síníodh sa Ghinéiv i 1947, agus an Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), a síníodh in Marrakech i 1994, tá an tAontas agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh ag gníomhú de bhun Airteagal 207 (an comhbheartas tráchtála), Airteagal 217 agus Airteagal 218 (comhaontuithe idirnáisiúnta) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (5.2.2).

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)   I gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, ní mór an chionroinnt sin a dhéanfar ar tharaif-chuótaí atá mar chuid de sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais Eorpaigh a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil, 1994 (‘CGTT 1994’). Dá bhrí sin, rachaidh an tAontas Eorpach, tar éis réamhtheagmhálacha a dhéanamh, i mbun caibidlíochta le baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála a bhfuil príomhleas soláthair nó leas substaintiúil soláthair acu nó a bhfuil ceart caibidlíochta tosaigh acu i dtaca le gach ceann de na taraif-chuótaí sin.

(4)   I gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, ní mór an chionroinnt sin a dhéanfar ar tharaif-chuótaí atá mar chuid de sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais Eorpaigh a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil, 1994 (‘CGTT 1994’). Dá bhrí sin, rachaidh an tAontas Eorpach, tar éis réamhtheagmhálacha a dhéanamh, i mbun caibidlíochta le baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála a bhfuil príomhleas soláthair nó leas substaintiúil soláthair acu nó a bhfuil ceart caibidlíochta tosaigh acu i dtaca le gach ceann de na taraif-chuótaí sin. Ba cheart raon feidhme na caibidlíochta sin a theorannú agus níor cheart í a leathnú chun go ndéanfaí athchaibidlíocht ar na téarmaí ginearálta maidir leis an rochtain atá ag táirgí ar mhargadh an Aontais, nó méid na rochtana atá ag táirgí ar mhargadh an Aontais.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  I bhfianaise na dteorainneacha ama a fhorchuirtear ar an bpróiseas seo leis an gcaibidlíocht faoi tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, áfach, is féidir nach dtabharfar i gcrích comhaontuithe leis na baill go léir den Eagraíocht Dhomhanda Trádála lena mbaineann maidir leis na taraif-chuótaí go léir faoin dáta nach mbeidh feidhm a thuilleadh maidir leis an Ríocht Aontaithe ag sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála maidir le trádáil earraí. I bhfianaise an ghá atá ann an deimhneacht dhlíthiúil agus oibriú rianúil leanúnach allmhairí a áirithiú, faoi réir na dtaraif-chuótaí, a thugtar isteach san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, is gá don Aontas Eorpach a bheith in ann dul ar aghaidh go haontaobhach agus na taraif-chuótaí a chionroinnt. Ba cheart don mhodheolaíocht a úsáidfear a bheith i gcomhréir le ceanglais Airteagal XXVIII de CGTT 1994.

(5)  I bhfianaise na dteorainneacha ama a fhorchuirtear ar an bpróiseas seo leis an gcaibidlíocht faoi tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus toradh na caibidlíochta nach bhfuil soiléir go fóill, áfach, is féidir nach dtabharfar i gcrích comhaontuithe leis na baill go léir den Eagraíocht Dhomhanda Trádála lena mbaineann maidir leis na taraif-chuótaí go léir faoin dáta nach mbeidh feidhm a thuilleadh maidir leis an Ríocht Aontaithe ag sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála maidir le trádáil earraí. I bhfianaise an ghá atá ann áirithiú a dhéanamh ar an deimhneacht dhlíthiúil, go háirithe cosaint do thomhaltóirí agus folláine na bhfeirmeoirí, agus ar oibriú rianúil leanúnach allmhairí faoi réir na dtaraif-chuótaí a thugtar isteach san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, is gá don Aontas Eorpach a bheith in ann dul ar aghaidh go haontaobhach agus na taraif-chuótaí a chionroinnt. Ba cheart don mhodheolaíocht a úsáidfear a bheith i gcomhréir le ceanglais Airteagal XXVIII de CGTT 1994. Go háirithe, i gcás na coda a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT), i gcás díospóid a bheith ann maidir leis an gcionroinnt a cinneadh, déanfar an beart atá i gceist a thíolacadh lena scrúdú ag Comhlacht um Réiteach Díospóide EDT, á áirithiú go gcomhlíonfaidh na Stáit sínithe na rialacha iltaobhacha nua, ach nach gcuirfeadh sé sin ar chur i bhfeidhm an taraif-chuóta a bhunaigh an tAontas go haontaobhach idir an dá linn.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Ba cheart an mhodheolaíocht seo a leanas a úsáid dá bhrí sin: mar chéad chéim, ba cheart cion úsáide na Ríochta Aontaithe do gach taraif-chuóta aonair a bhunú. Is é atá sa chion úsáide, arna shloinneadh mar chéatadán, ná cion na Ríochta Aontaithe d’allmhairí iomlána an Aontais Eorpaigh faoin taraif-chuóta thar thréimhse ionadaíoch dheireanach trí bliana. Ba cheart an cion úsáide sin a chur i bhfeidhm ar an méid iomlán taraif-chuótaí sceidealta chun cion na Ríochta Aontaithe de tharaif-chuóta ar leith a ríomh. Is é a bheadh i gcion an Aontais Eorpaigh ansin ná fuílleach an taraif-chuóta atá i dtrácht. Is é an bhrí atá leis sin nach n-athraítear an méid iomlán de tharaif-chuóta ar leith (is é sin le rá méid AE-27 = méid reatha AE-28 - méid na Ríochta Aontaithe). Ba cheart na sonraí foluiteacha a bhaint ó bhunachair sonraí ábhartha an Choimisiúin.

(6)  Ba cheart an mhodheolaíocht seo a leanas a úsáid dá bhrí sin: mar chéad chéim, ba cheart cion úsáide na Ríochta Aontaithe do gach taraif-chuóta aonair a bhunú. Is é atá sa chion úsáide, arna shloinneadh mar chéatadán, ná cion na Ríochta Aontaithe d’allmhairí iomlána an Aontais Eorpaigh faoin taraif-chuóta thar thréimhse ionadaíoch dheireanach trí bliana. Ba cheart an cion úsáide sin a chur i bhfeidhm maidir le méid iomlán an taraif-chuóta sceidealta, agus aon tearcúsáid á cur san áireamh, chun cion na Ríochta Aontaithe de tharaif-chuóta ar leith a ríomh. Is é a bheadh i gcion an Aontais Eorpaigh ansin ná fuílleach an taraif-chuóta atá i dtrácht. Is é an bhrí atá leis sin nach n-athraítear an méid iomlán de tharaif-chuóta ar leith (is é sin le rá méid AE-27 = méid reatha AE-28 - méid na Ríochta Aontaithe). Ba cheart na sonraí foluiteacha a bhaint ó bhunachair sonraí ábhartha an Choimisiúin.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)  Bhunaigh agus chomhaontaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an mhodheolaíocht maidir leis an úsáid a bhaintear as gach taraif-chuóta aonair, i gcomhréir le ceanglais Airteagal XXVIII de CGTT 1994, agus ar an gcaoi sin ba cheart an mhodheolaíocht bhunaithe agus chomhaontaithe a choinneáil go hiomlán chun a áirithiú go gcuirfear an mhodheolaíocht i bhfeidhm go comhsheasmhach.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  Maidir leis na taraif-chuótaí lena mbaineann, le hAirteagail 184-188 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/20131 foráiltear an bunús dlí is gá chun na taraif-chuótaí a riar tar éis iad a bheith cionroinnte de réir an Rialacháin atá ann cheana. Maidir leis na taraif-chuótaí lena gcumhdaítear táirgí iascaigh, tionsclaíocha agus táirgí talmhaíochta próiseáilte áirithe, déantar an riarachán de bhun Rialachán (AE) Uimh. 32/20002. Leagtar amach cainníochtaí na dtaraif-chuótaí i dtrácht in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ar cheart na cainníochtaí sin a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán atá ann cheana a chur ina n-ionad.

(8)  Maidir leis na taraif-chuótaí lena mbaineann, le hAirteagail 184-188 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/20131 foráiltear an bunús dlí is gá chun na taraif-chuótaí a riar tar éis iad a bheith cionroinnte de réir an Rialacháin atá ann cheana.  Is gá an riarachán sin a chur i gcrích i gcomhréir leis an tsamhail talmhaíochta Eorpach, bunaithe ar ilfheidhmiúlacht gníomhaíochta talmhaíochta, le béim á cur freisin ar chúrsaí neamhthráchtála a aithint go sainráite mar aon le freastal ar riachtanais an phobail i réimse na sábháilteachta bia, na cosanta comhshaoil, na cáilíochta bhia agus leasa ainmhithe. Maidir leis na taraif-chuótaí lena gcumhdaítear táirgí iascaigh, tionsclaíocha agus táirgí talmhaíochta próiseáilte áirithe, déantar an riarachán de bhun Rialachán (AE) Uimh. 32/20002 . Leagtar amach cainníochtaí na dtaraif-chuótaí i dtrácht in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ar cheart na cainníochtaí sin a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán atá ann cheana a chur ina n-ionad.

_________________

_________________

1 Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671)

1 Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

2 Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 an 17 Nollaig 1999 ón gComhairle lena n-osclófar taraif-chuótaí Comhphobail a cheanglaítear le CGTT agus taraif-chuótaí Comhphobail áirithe eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riar agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe le haghaidh na cuótaí a choigeartú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1808/95 ón gComhairle (IO L 5, 8.1.2000, lch. 1).

2 Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 an 17 Nollaig 1999 ón gComhairle lena n-osclófar taraif-chuótaí Comhphobail a cheanglaítear le CGTT agus taraif-chuótaí Comhphobail áirithe eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riar agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe le haghaidh na cuótaí a choigeartú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1808/95 ón gComhairle (IO L 5, 8.1.2000, lch. 1).

Réasúnú

Leasú lena ndéantar tagairt do phrionsabail bhunaidh an Chomhaontaithe maidir le Talmhaíocht in GATT, ionas go ndéantar iad a chur i bhfeidhm freisin maidir le dearadh agus cur chun feidhme chionroinnt seo na dtaraif-chuótaí.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Má chuirtear san áireamh go mbeidh caibidlíocht le baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála dá ndéanfar difear á gcur ar siúl agus an gnáthnós reachtach á dhéanamh san am céanna chun an Rialachán seo a ghlacadh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 i ndáil le cainníochtaí na dtaraif-chuótaí cionroinnte a liostaítear iontu, chun go gcuirfear san áireamh aon chomhaontuithe a thabharfar i gcrích nó aon fhaisnéis ábhartha a d’fhéadfadh sé a fháil i gcomhthéacs na caibidlíochta sin a léireodh fachtóirí sonracha nach raibh eolas aige orthu roimhe sin ar mar gheall orthu ba ghá coigeartú a dhéanamh ar chionroinnt na dtaraif-chuótaí ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht chéanna i gcás ina dtiocfar ar fhaisnéis lasmuigh den chaibidlíocht sin.

(9)  Má chuirtear san áireamh go mbeidh caibidlíocht le baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála dá ndéanfar difear á gcur ar siúl agus an gnáthnós reachtach á dhéanamh san am céanna chun an Rialachán seo a ghlacadh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 i ndáil le cainníochtaí na dtaraif-chuótaí cionroinnte a liostaítear iontu. Níor cheart é sin a dhéanamh ach amháin chun go gcuirfear san áireamh aon chomhaontuithe idirnáisiúnta a thabharfar i gcrích nó aon fhaisnéis ábhartha a d’fhéadfadh sé a fháil, bíodh sé sin i gcomhthéacs na caibidlíochta sin nó taobh amuigh díobh,ar faisnéis í a léireodh tosca sonracha nach raibh eolas aige orthu roimhe sin ar mar gheall orthu ba ghá coigeartú a dhéanamh ar chionroinnt na dtaraif-chuótaí ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a)   I gcás ina bhfuarthas faisnéis ábhartha le linn na caibidlíochta a d’fhágfadh go mbeadh gá le coigeartú a dhéanamh ar na taraif-chuótaí, seachas tabhairt i gcrích comhaontaithe idirnáisiúnta, urramóidh an Coimisiún na nósanna imeachta dá bhforáiltear faoi Airteagal 207(4) agus Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a)  Beidh tionchar ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar chaidreamh na Ríochta Aontaithe agus an Aontais le tríú tíortha atá faoi láthair ina bpáirtithe i gcomhaontú déthaobhach saorthrádála le 28 mBallstát an Aontais Eorpaigh. Ba cheart don Choimisiún déileáil leis an tsaincheist sin freisin chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d’oibreoirí eacnamaíocha agus chun barrachas taraif-chuótaí a sheachaint a d’fhéadfadh margadh AE27 a dhíchobhsú.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 chun Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán seo agus Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle a leasú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 chun Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán seo agus Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle a leasú, agus á áirithiú san am céanna gan leibhéal reatha rochtana ar an margadh a leathnú, chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse [4] bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(2)  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse [2] bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

(4)  Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Chun rochtain chomhionann ar an bhfaisnéis go léir a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe ó na Ballstáit.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [aon mhí amháin] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(6)  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [aon mhí amháin/nó mar a iarradh ach gan dul thar 40 lá oibre] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Cionroinnt taraif-chuótaí a áirítear i sceideal an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle

Tagairtí

COM(2018)0312 – C8-0202/2018 – 2018/0158(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

INTA

31.5.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AGRI

31.5.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Matt Carthy

4.7.2018

Dáta an ghlactha

22.10.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

36

5

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

John Stuart Agnew, Clara Eugenia Aguilera García, Eric Andrieu, Daniel Buda, Nicola Caputo, Matt Carthy, Paolo De Castro, Albert Deß, Jørn Dohrmann, Herbert Dorfmann, Norbert Erdős, Luke Ming Flanagan, Karine Gloanec Maurin, Martin Häusling, Anja Hazekamp, Esther Herranz García, Peter Jahr, Jarosław Kalinowski, Zbigniew Kuźmiuk, Norbert Lins, Philippe Loiseau, Mairead McGuinness, Nuno Melo, Giulia Moi, James Nicholson, Maria Noichl, Marijana Petir, Bronis Ropė, Maria Lidia Senra Rodríguez, Ricardo Serrão Santos, Czesław Adam Siekierski, Marc Tarabella, Maria Gabriela Zoană, Marco Zullo

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Franc Bogovič, Elsi Katainen, Anthea McIntyre, Momchil Nekov, Sofia Ribeiro, Molly Scott Cato

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

John Flack

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

36

+

ALDE

Elsi Katainen

ECR

Zbigniew Kuźmiuk

EFDD

Giulia Moi, Marco Zullo

ENF

Philippe Loiseau

GUE/NGL

Matt Carthy, Luke Ming Flanagan, Anja Hazekamp, Maria Lidia Senra Rodríguez

PPE

Franc Bogovič, Daniel Buda, Albert Deß, Herbert Dorfmann, Norbert Erdős, Esther Herranz García, Peter Jahr, Jarosław Kalinowski, Norbert Lins, Mairead McGuinness, Nuno Melo, Marijana Petir, Sofia Ribeiro, Czesław Adam Siekierski

S&D

Clara Eugenia Aguilera García, Eric Andrieu, Nicola Caputo, Paolo De Castro, Karine Gloanec Maurin, Karin Kadenbach, Momchil Nekov, Maria Noichl, Ricardo Serrão Santos, Marc Tarabella

VERTS/ALE

Martin Häusling, Bronis Ropė, Molly Scott Cato

5

-

ECR

Jørn Dohrmann, John Flack, Anthea McIntyre, James Nicholson

EFDD

John Stuart Agnew

0

0

-

-

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Cionroinnt taraif-chuótaí a áirítear i sceideal an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle

Tagairtí

COM(2018)0312 – C8-0202/2018 – 2018/0158(COD)

Dáta tíolactha chun PE

22.5.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

INTA

31.5.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

31.5.2018

AGRI

31.5.2018

PECH

31.5.2018

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

ITRE

19.6.2018

PECH

20.6.2018

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Godelieve Quisthoudt-Rowohl

20.6.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

10.7.2018

27.9.2018

 

 

Dáta an ghlactha

5.11.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

32

0

5

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Maria Arena, Tiziana Beghin, David Borrelli, Salvatore Cicu, Christofer Fjellner, Eleonora Forenza, Karoline Graswander-Hainz, Christophe Hansen, Heidi Hautala, Nadja Hirsch, Yannick Jadot, France Jamet, Jude Kirton-Darling, Patricia Lalonde, Bernd Lange, David Martin, Emmanuel Maurel, Anne-Marie Mineur, Sorin Moisă, Alessia Maria Mosca, Franck Proust, Godelieve Quisthoudt-Rowohl, Inmaculada Rodríguez-Piñero Fernández, Tokia Saïfi, Helmut Scholz, Joachim Schuster, Adam Szejnfeld, Iuliu Winkler

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Syed Kamall, Sajjad Karim, Sander Loones, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra, Ramon Tremosa i Balcells, Jarosław Wałęsa

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Georges Bach, John Flack, Norbert Lins

Dáta don chur síos

8.11.2018


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

32

+

ALDE

Nadja Hirsch, Patricia Lalonde, Ramon Tremosa i Balcells

EFDD

Tiziana Beghin

GUE/NGL

Eleonora Forenza, Anne-Marie Mineur, Helmut Scholz

NI

David Borrelli, Emmanuel Maurel

PPE

Georges Bach, Salvatore Cicu, Christofer Fjellner, Christophe Hansen, Norbert Lins, Sorin Moisă, Franck Proust, Godelieve Quisthoudt-Rowohl, Tokia Saïfi, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra, Adam Szejnfeld, Jarosław Wałęsa, Iuliu Winkler

S&D

Maria Arena, Karoline Graswander-Hainz, Jude Kirton-Darling, Bernd Lange, David Martin, Alessia Maria Mosca, Inmaculada Rodríguez-Piñero Fernández, Joachim Schuster

VERTS/ALE

Heidi Hautala, Yannick Jadot

0

-

 

 

5

0

ECR

John Flack, Syed Kamall, Sajjad Karim, Sander Loones

ENF

France Jamet

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 23 Samhain 2018Fógra dlíthiúil