Nós Imeachta : 2018/2079(INL)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0396/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0396/2018

Díospóireachtaí :

PV 12/12/2018 - 24
CRE 12/12/2018 - 24

Vótaí :

PV 13/12/2018 - 9.2

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0519

TUARASCÁIL     
PDF 459kWORD 71k
26.11.2018
PE 627.896v03-00 A8-0396/2018

lena ngabhann moltaí don Choimisiún i dtaca le réiteach brostaithe díospóidí tráchtála

(2018/2079(INL))

An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla

Rapóirtéir: Tadeusz Zwiefka

(Tionscnamh – Riail 46 de na Rialacha Nós Imeachta)

TAIRISCINT I GCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN:MOLTAÍ I dTACA LE BEARTA CHUN NÓS IMEACHTA SIBHIALTA BROSTAITHE EORPACHA THABHAIRT ISTEACH AGUS TACÚ LEIS
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
 TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

TAIRISCINT I GCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

lena ngabhann moltaí don Choimisiún i dtaca le réiteach brostaithe díospóidí tráchtála

(2018/2079(INL))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint d’Airteagal 67(4) CFAE agus d’Airteagal 81(2) CFAE,

–  ag féachaint d'Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus d’Airteagal 47 de Chairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (‘an Chairt’),

–  ag féachaint don staidéar ón Ardstiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha dar teideal ‘Inniúlacht a fhorbairt sa dlí tráchtála sna Ballstáit’,

–  ag féachaint do Scórchlár Ceartais AE,

–  ag féachaint do Ghréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (GEOB) 2016 ‘Prionsabail Oiliúna Bhreithiúnacha’(1),

–  ag féachaint d’acquis an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta,

–  ag féachaint do Rialacha 46 agus 52 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0396/2018),

A.  de bhrí gur ceann de na ráthaíochtaí bunúsacha maidir leis an smacht reachta agus an daonlathas is ea an ceart chun éisteacht chóir agus phoiblí a fháil laistigh de thréimhse réasúnta, amhail mar a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt agus in Airteagal 6 de Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus is dlúthchuid é sin de na himeachtaí sibhialta ina n-iomláine;

B.  de bhrí, trí Nós Imeachta Sibhialta Brostaithe Eorpach a thabhairt isteach, go bhféadfaí rannchuidiú le himeachtaí náisiúnta a nuachóiriú, le cothroime iomaíochta do ghnólachtaí agus le fás eacnamaíoch méadaithe a bhuí le córais bhreithiúnacha éifeachtacha agus éifeachtúla, agus rochtain ar cheartas san Aontas a éascú agus cabhrú le saoirsí bunúsacha an Aontais a urramú ag an am céanna;

C.  De bhrí gur léiríodh le Scórchlár Ceartais 2018 go bhfuil mórthionchar ag infhaighteacht an chúnaimh dlí agus leibhéal na dtáillí cúirte ar rochtain ar cheartas, go háirithe do shaoránaigh atá ag maireachtáil sa bhochtaineacht;

D.  de bhrí go ndearnadh comhar breithiúnach a chur chun agus a spreagadh agus gur tacaíodh leis trí roinnt gníomhartha nós imeachta um dhlí tánaisteach an Aontais, lena n-áirítear an Rialachán um Éilimh Bheaga, an Treoir um Chúnamh Dlíthiúil, an Rialachán maidir le fianaise a ghlacadh, an Rialachán maidir le doiciméid a sheirbheáil;

E.  de bhrí gurb iad spriocanna an chomhair bhreithiúnaigh idir na Ballstáit, inter alia, lánurraim don cheart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil i gcásanna trasteorann a áirithiú, nósanna imeachta éifeachtacha agus réidhe a ráthú sna cásanna sin chomh maith agus muinín frithpháirteach a bhunú i gcórais bhreithiúnacha, atá ina bhonn le haghaidh aitheantas frithpháirteach breise ar bhreithiúnais ar fud an Aontais;

F.  de bhrí go ndéantar go leor saincheisteanna maidir leis an dlí nós imeachta i réimse an cheartais shibhialta a rialú ar an leibhéal náisiúnta agus, dá bhrí sin, go bhfuil an dlí nós imeachta sa réimse sin éagsúil ó Bhallstát go Ballstát; de bhrí go bhféadfaí comhfhógasú riachtanach na gcóras nós imeachta san Aontas teacht as nós imeachta luathaithe;

G.  de bhrí gur gá cur le comhar feabhsaithe idir údaráis na mBallstát agus na córais bhreithiúnacha ar leibhéal an Aontais d’fhonn aon chonstaicí a d’fhéadfadh eascairt as neamhréireachtaí idir córais éagsúla bhreithiúnacha agus córais riaracháin;

H.  de bhrí go leagtar síos le Rialachán na Bruiséile I rialacha bunúsacha maidir le dlínse, agus maidir le haithint agus forfheidhmiú gnóthaí trasteorann sibhialta agus tráchtála san Aontas; de bhrí gur tugadh isteach leis an leagan athmhúnlaithe, a bhfuil feidhm aige ó 2015 (An Bhruiséil Ia), roinnt príomhchoigeartuithe chun díospóidí trasteorann AE a réiteach, rud a d’fhág gur shábháil gnólachtaí agus daoine aonair am agus airgead;

I.  de bhrí go leagtar síos le Rialachán na Róimhe I rialacha maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha sibhialta agus tráchtála;

J.  de bhrí gur cheart go ndéanfaí cosaint chearta na gcomhpháirtithe agus réiteach tapa na ndíospóidí araon a áirithiú leis na rialacha nós imeachta;

K.  de bhrí gur gnách do réiteach gnóthaí tráchtála sna cúirteanna poiblí sna Ballstáit a bheith mall agus nach ndéantar leis ionchais na bpáirtithe a bhfuil baint acu le díospóidí tráchtála a shásamh agus go gcuirtear leis sin tríd an nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga a thabhairt isteach, as ar eascair, os a choinne sin, réiteach i bhfad níos tapúla ar dhíospóidí tomhaltóirí; agus de bhrí go rannchuidíonn úsáid cheart Theicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide sna cúirteanna le dlús a chur le nósanna imeachta agus le costais a laghdú.

L.  de bhrí go mb’fhéidir, mar thoradh ar réiteach mall ar dhíospóidí tráchtála san Aontas, go mbainfeadh páirtithe tráchtála leas as malairt modhanna chun díospóidí a réiteach, nó as réiteach díospóide i Stáit nach Ballstáit iad agus go bhféadfaidís a roghnú dlí náisiúnta Stáit i Stát nach Ballstát é a chur i bhfeidhm ar chonarthaí;

M.  de bhrí go mbraitheann réiteach ar ardchaílíocht ar dhíospóidí tráchtála ar ardleibhéal inniúlachta agus taithí sna gnóthaí sin sna cúirteanna, i measc na mbreithiúna agus na ndlíodóirí;

N.  de bhrí gur dóchúla go roghnófaí dlí náisiúnta Ballstáit agus, mar thoradh air sin, go gcuirfí le hinniúlachtaí sibhialta agus tráchtála in ábhair shibhialta agus thráchtála sna Ballstáit de bharr infhaighteacht nós imeachta mhear, chost-éifeachtach agus ghasta a dtacaíonn breithiúna agus dlíodóirí cumasacha a bhfuil taithí den scoth acu sna Ballstáit leis.

O.  de bhrí gur cosúil go bhfuil sé riachtanach réiteach oiriúnach a fháil maidir leis na córais teanga éagsúla a d’fhéadfadh foirmeacha comhchuibithe bheith iontu, a bheadh ar fáil i dteangacha uile an Aontais;

P.  de bhrí go ndéanfaidh cúirteanna agus dlísheomraí atá speisialaithe in ábhair thráchtála leibhéal níos airde inniúlachta agus neamhspleáchais sna gnóthaí sin a ráthú agus, dá bhrí sin, go meallfar cásanna den sórt sin chuig cúirteanna na mBallstát;

* * *

1.  á thabhairt dá haire go bhfuil an réiteach ar dhíospóidí tráchtála i bhfad níos moille ná mar a d’fhéadfadh sé a bheith. Tógann sé idir trí agus ceithre bliana ar an meán agus eascraíonn caillteanais shubstaintiúla as sin do ghnólachtaí, agus ní hamháin i dtéarmaí eacnamaíocha ach maidir le ham agus fuinneamh chomh maith a d’fhéadfaí a threorú ar mhaithe le deiseanna eile;

2.  ag cur i bhfios gur gá a áirithiú go n-urramaítear go hiomlán ceart na bpáirtithe chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, mar a bhunaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus gur gá ardcháilíocht na nósanna imeachta breithiúnacha a ráthú in ábhair thráchtála;

3.  á chur i dtreis cur chun feidhme rathúil an nós imeachta Eorpaigh um éilimh bheaga, ar réitíodh leis bealach chun cinn chun díospóidí tomhaltóirí agus díospóidí trasteorann eile a réiteach maidir le méideanna beaga laistigh den Aontas ar bhealach pras agus cost-éifeachtach agus cosaint ar chearta na gcomhpháirtithe a chomhrac ag an am céanna;

4.  á chur i bhfios gur coincheap casta é muinín fhrithpháirteach agus go mbíonn roinnt tosca i gceist agus an mhuinín sin á cothú, amhail oideachas breithiúnach agus uas-sciliú, comhar breithiúnach trasteorann agus malartú taithí agus dea-chleachtas idir breithiúna;

5.  á chur i bhfáth gur cheart, maidir le triail chóir agus rochtain ar an gceartas, gréasáin um chomhar agus bunachair sonraí lena bhfeabhsaítear an comhar breithiúnach agus malartú faisnéise a choimeád agus a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear an Gréasán Breithiúnach Eorpach agus an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, a bheidh ina ionad ilfhreastail i réimse an cheartais san Aontas;

6.  á áitiú gurb é an bealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na tréimhsí feithimh fada le haghaidh díospóidí tráchtála san Aontas, agus lena bhféadaí coigiltis mhóra a dhéanamh do ghnólachtaí Eorpacha agus lena ndéanfaí caipitil neamhúsáidte a shlógadh, ná rialachán cosúil leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, eadhon an Nós Imeachta Sibhialta Brostaithe Eorpach is infheidhme maidir le díospóidí tráchtála trasteorann a ghlacadh;

7.  á áitiú gurbh fhearr a bheidh na comhpháirtithe tráchtála in ann íoc as ionadaíocht agus ullmhú do chás cúirte, rud a chiallaíonn go mbeidh ionchais níos fearr acu maidir lena gcearta a chosaint, rud a d'fhágfadh go bhféadfadh nós imeachta níos gasta a bheith ann;

8.  á thabhairt faoi deara go bhféadfadh nós imeachta den sórt sin cur leis na ceanglais maidir le hullmhúcháin iomlána a bheith á ndéanamh ag na páirtithe sula ndéantar an nós imeachta a sheoladh, maidir le spriocdhátaí dochta, maidir le líon beag deiseanna a bheith ann fíorais nó fianaise a sholáthar le linn an phróisis agus maidir le hachomharc ar leith ar chinntí nós imeachta a bheith ar díth, agus go bhféadfaí, dá thoradh sin, nós imeachta mear a bhaint amach;

9.  den tuairim go bhfuil córas nós imeachta docht den sórt sin comhoiriúnach le cosaint chearta na bpáirtithe ar choinníoll gur cheart an Nós Imeachta Sibhialta Brostaithe Eorpach a bheith deonach agus nár cheart feidhm a bheith aige ach amháin:

- i gcás inar chomhaontaigh na páirtithe úsáid a bhaint as an nós imeachta tar éis don díospóid teacht chun cinn; nó

- i gcás ina n-aontaíonn an cosantóir páirt a ghlacadh sa nós imeachta tar éis don éilitheoir caingean a thionscnamh faoi Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, ar choinníoll go bhfuil dóthain ama ag an gcosantóir ullmhú go leordhóthanach chuige sula dtosaíonn an nós imeachta;

10.  ag creidiúint nár cheart EECP bheith bailí ach amháin i gcás gur cuireadh na páirtithe in iúl go cuí roimh na hiarmhairtí a bhaineann le toiliú a thabhairt nós imeachta den sórt sin a úsáid; ag meas nár cheart costais EECP a bheith iomarcach ar na páirtithe chun go n-áiritheofar go dtabharfar urraim don cheart rochtana ar an gceartas;

11.  á chur i bhfáth gur minic nach dtagann na páirtithe i ndíospóid ar réiteach cairdiúil ach amháin nuair a bhíonn na himthosca agus na hargóintí lánfhorbartha, rud a fhágann go dtiocfaí ar réiteach cairdiúil i níos mó díospóidí ag céim níos luaithe i gcóras nós imeachta lena gcuirtear de cheangal ar na páirtithe imscrúdú a dhéanamh ar na himthosca agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a gcuid argóintí roimh dóibh dul chun na cúirte.

12.  ag tabhairt faoi deara, maidir leis an aidhm i ndáil le réiteach brostaithe agus níos cost-éifeachtaí ar dhíospóidí tráchtála san Aontas a chur ar fáil, nach féidir é sin a bhaint amach trí nós imeachta mear comhchuibhithe a thabhairt isteach amháin; chun na críche sin, bheadh gá le cúirteanna, breithiúna, dlíodóirí agus cleachtóirí dlí atá an-inniúil agus a bhfuil taithí den scoth acu ar an dlí tráchtáil agus ar an dlí idirnáisiúnta príobháideach chun go mbeadh córas nós imeachta den sórt sin éifeachtúil;

13.  á chur i dtreis nach bhfuil an dáileadh reatha maidir leis an rogha dlí i gconarthaí tráchtála cothrom idir na dlínsí Eorpacha éagsúla ar fud na mBallstát;

14.  ag tabhairt faoi deara gur minic a roghnaítear an dlí is infheidhme bunaithe ar bhreithnithe casta, ach gur minic a bhíonn neamhchosaint ar rioscaí substaintiúla eacnamaíocha ag páirtí mar gheall ar theaglaim de dhlí agus de chúirt eachtrach, agus go mbíonn amhras ann faoi fhorálacha den sórt sin, go sonrach, má chomhaontaítear iad mar chuid de chonarthaí caighdeánacha nó i gcásanna nach bhfuil deis ag ceann de na páirtithe, nó gur beag an deis ag an bpáirtí, tionchar a imirt ar an gcomhaontú i ndáil leis an méid sin;

15.  ag tuiscint go bhféadfadh bacainní teanga a bheith ina mbac breise agus bheadh cúis eile ann, dá bhrí sin, dlí amháin a roghnú thar cheann eile mar an dlí is infheidhme;

16.  ag cur i dtreis go ndéanfaí rochtain ar EECP a éascú dá gcuirfí foirmeacha caighdeánacha aonfhoirmeacha ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais;

17.  ag moladh gur cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun foirmeacha caighdeánacha aonfhoirmeacha a áirithiú agus chun go ndéanfaí iad a fheidhmiú i gcomhréir leis an gComhaontú idirinstitiúideach an 13 Aibreán maidir le Reachtóireacht Níos Fearr;

18.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar Rialacháin na Róimhe I, na Róimhe II agus na Bruiséile Ia chun an nasc idir aidhm agus ábhar na gconarthaí agus an dlí a roghnaítear a neartú agus chun a áirithiú ag an am céanna go ndéanfar na páirtithe níos laige sa chaidreamh gnólacht le gnólacht a chosaint agus chun neamhspleáchas na bpáirtithe maidir le rogha an dlí a chaomhnú;

19.  ag cur i bhfios nach féidir aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin le bearta reachtacha amháin, tá gá le bearta praiticiúla chomh maith chun saineolas na gcúirteanna agus na ndlíodóirí a ardú, amhail oiliúint níos fearr i ngnóthaí tráchtála agus rochtain níos fearr ar dhlí an Aontais agus ar dhlí náisiúnta na mBallstát, go háirithe an cásdlí;

20.  á thabhairt dá haire gur réimsí iad an dlí tráchtála agus an dlí idirnáisiúnta príobháideach nach bhfuil chomh códaithe céanna le réimsí dlí eile, rud a fhágann go bhfuil ról níos tábhachtaí ag an taighde acadúil, agus, dá bhrí sin, gur ceann de na bearta chun an inniúlacht i ngnóthaí tráchtála sna Ballstáit a neartú is ea níos mó acmhainní a chur ar fáil le haghaidh taighde sa réimse sin;

21.  á fháiltiú, dá bhrí sin, roimh na naoi bprionsabal oiliúna bhreithiúnacha de chuid GEOB a glacadh ag a Comhthionól Ginearálta in 2016, sa mhéid is go leagtar síos leo bunús agus creat comhchoiteann do bhreithiúna agus institiúidí oiliúna breithiúnacha na hEorpa araon;

22.   á chur i bhfios gur den ríthábhacht í cáilíocht an dlí is infheidhme maidir le gnóthaí tráchtála agus a mhéid a chuirtear in oiriúint í do na cleachtais agus do na forbairtí san earnáil tráchtála;

23.  á iarraidh, dá bharr sin, de bhun Airteagal 225 CFAE, ar an gCoimisiún togra le haghaidh gníomh reachtach maidir le Nós Imeachta Sibhialta Brostaithe Eorpach agus togra le haghaidh leasuithe ar Rialachán na Róimhe I a thíolacadh, ar bhonn Airteagal 81(2) CFAE, faoin 1 Eanáir 2020 agus, de réir na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo, i ndiaidh don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhreithniú den sórt sin, togra féideartha le haghaidh leasuithe ar Rialachán na Róimhe I agus na Róimhe II agus na Bruiséile Ia a thíolacadh;

24.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na tograí sin a fhorlíonadh le bearta tacaíochta eile a bhfuil sé mar aidhm leo méadú a dhéanamh ar an saineolas sna Ballstáit maidir le dlí tráchtála agus le dlí idirnáisiúnta príobháideach.

25.  á dhearbhú go n-urramaítear cearta bunúsacha, an prionsabal maidir le neamhspleáchas na mBallstát ó thaobh nós imeachta de agus na prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm leis na moltaí atá i gceangal leis an rún seo;

26.  á mheas go ndéanfaí le coigiltí coibhéiseacha aon impleachtaí airgeadais maidir leis an togra, go háirithe costais i leith imeachtaí arna dtionscnamh faoi EECP, a fhritháireamh, toisc gur dócha go mbeadh EEPC i bhfad níos cost-éifeachtaí ná gnáthnósanna imeachta na mBallstát agus toisc nach mbeadh na díospóidí i gceist faoi réir ghnáthchóras nós imeachta an Bhallstáit i gceist;

27.  á chur i dtreis nach bhfuil sa dlí tráchtála ach ceann amháin de na réimsí ina bhfuil gá le gníomhaíochtaí breise ar leibhéal an Aontais chun rochtain níos fearr ar an gceartas, nósanna imeachta ar cháilíocht níos airde, coimircí níos láidre do na páirtithe agus réiteach níos tapúla ar dhíospóidí a áirithiú;

28.  á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle, agus chuig Parlaimintí agus Rialtais na mBallstát.

(1)

http://www.ejtn.eu/PageFiles/15756/Judicial%20Training%20Principles_EN.pdf


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN:MOLTAÍ I dTACA LE BEARTA CHUN NÓS IMEACHTA SIBHIALTA BROSTAITHE EORPACHA THABHAIRT ISTEACH AGUS TACÚ LEIS

PRIONSABAIL AGUS AIDHMEANNA NA dTOGRAÍ ARNA nIARRAIDH

I.  Nós Imeachta Sibhialta Brostaithe Eorpach

  Is é an phríomhaidhm atá leis an nós imeachta seo a leanas ná Nós Imeachta Sibhialta Brostaithe Eorpach deonach a thabhairt isteach chun deis a thabhairt do chuideachtaí Eorpacha teacht ar réiteach maidir le díospóidí tráchtála amháin gnólacht le gnólacht laistigh de thréimhse réasúnta.

Le Nós Imeachta Sibhialta Brostaithe Eorpach, d’fhéadfaí cur leis na prionsabail seo a leanas:

1.  Ba cheart feidhm a bheith aige maidir le díospóidí tráchtála trasteorann nach bhfuil feidhm ag an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga maidir leo;

2.  Ba cheart feidhm a bheith aige má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh tar éis don díospóid teacht chun cinn nó má dhéanann an t-éilitheoir éileamh faoin nós imeachta agus go nglacann an cosantóir leis;

3.  Níor cheart feidhm a bheith aige ach amháin más rud é gur cuireadh na páirtithe in iúl go cuí roimh na hiarmhairtí a bhaineann le toiliú a thabhairt an nós imeachta sin a úsáid;

4.  Ba cheart go gceanglófaí leis go n-ullmhódh na páirtithe a gcuid éileamh go cuimsitheach sula dtéann siad chun na cúirte; in éineacht le toirmeasc luath maidir leis an bhféidearthacht fíorais nua nó fianaise nua a chur i láthair;

5.  Níor cheart go gceadófaí leis achomharc ar leith a dhéanamh i gcoinne cinntí nós imeachta;

6.  D’fhéadfadh, i bprionsabal, gur nós imeachta i scríbhinn a bheadh ann, lena gceadófaí éisteachtaí ó bhéal a dhéanamh, i gcás ina n-iarrfadh ceann amháin de na páirtithe ar a laghad amhlaidh;

7.  Ba cheart, mar thúsphointe, go ndéanfaí spriocdhátaí an-ghearr a leagan síos ann don nós imeachta, lena gceadófaí don chúirt i gcomhaontú leis na páirtithe spriocdhátaí níos faide a chur i bhfeidhm i gcásanna atá níos casta;

8.  ‏Réiteach cairdiúil ar dhíospóidí tráchtála trasteorann a spreagadh, sa chúirt agus lasmuigh di, lena n-áirítear trí idirghabháil;

9.   Teicneolaíochtaí nua-aimseartha a spreagadh chun críocha éisteachtaí ó bhéal, fianaise a ghlacadh agus doiciméid a sheirbheáil;

10.  Ba cheart costais an nós imeachta a bheith teoranta chun go ndéanfar urraim don cheart rochtana ar an gceartas a ráthú;

11.  Aitheantas agus forfheidhmiú an bhreithiúnais deiridh a cheadú faoin nós imeachta ar an mbealach is simplí agus is soláimhsithe d’úsáideoirí dá bhfuil ar fáil faoi dhlí an Aontais;

II.  Athruithe féideartha ar Rialacháin na Róimhe I, na Róimhe II agus na Bruiséile Ia

D’fhéadfaí tacú leis an togra maidir le Nós Imeachta Sibhialta Brostaithe Eorpach le togra chun leasú a dhéanamh ar Rialachán na Róimhe I agus na Róimhe II agus na Bruiséile Ia chun nasc níos láidre a bhaint amach idir cuspóir agus aidhm na gcomhaontuithe agus an dlí a roghnaítear laistigh den Aontas agus, ina theannta sin, chun breis neamhspleáchais a thabhairt do na páirtithe i gconarthaí ar conarthaí tráchtála amháin iad agus cosaint na bpáirtithe níos laige sa chaidreamh gnólacht le gnólacht á háirithiú ag an am céanna.

D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh ar leasuithe ar Rialachán na Róimhe I:

1.   Breithniú a dhéanamh i dtaobh an nasc idir an dlí a roghnaítear agus inneachar, aidhm agus cuspóir an chonartha agus na bpáirtithe a threisiú;

2.  An t-athbhreithniú ar na rialacha is infheidhme maidir le bailíocht an rogha dlí, is ceart bhreithniú a dhéanamh ina thaobh sin faoin dlí réamhshocraithe is infheidhme maidir leis an gconradh.

III.  Bearta eile chun inniúlacht i ngnóthaí tráchtála sna Ballstáit a fhorbairt

1.  Ba cheart go dtacófaí leis na tograí sin tuilleadh trí ghníomhaíochtaí ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit inniúlacht i ngnóthaí tráchtála a fhorbairt, amhail:

a)  oiliúint a chur ar na breithiúna agus ar dhlíodóirí agus ar chleachtóirí dlí in ábhair thráchtála;

b) rochtain shimplithe agus feabhsaithe ar dhlí náisiúnta an Aontais agus ar dhlí náisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear an dlí-eolaíocht;

c) díriú tuilleadh ar an dlí tráchtála agus ar an dlí idirnáisiúnta príobháideach san oideachas dlíthiúil; agus

d) acmhainní breise le haghaidh taighde acadúil i réimsí an dlí tráchtála agus an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh.

e)  máistreacht a fháil ar theanga iasachta agus ar a cuid téarmaíochta dlí;

2.  Thairis sin, iarrtar ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh inniúlachtaí sonracha i réimse an dlí tráchtála ag cúirteanna a mbeidh an Nós Imeachta Sibhialta Eorpach Brostaithe á chur i bhfeidhm acu, mar shampla trí chúirteanna tráchtála nó dlísheomraí atá ann cheana a ainmniú nó a threisiú.

3.  Ina theannta sin, iarrtar ar an gCoimisiún tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an bhféidearthacht maidir le Cúirt Tráchtála Eorpach a bhunú chun cúirteanna na mBallstát a fhorlíonadh agus fóram idirnáisiúnta breise atá speisialaithe i réiteach díospóidí tráchtála a sholáthar do dhlíthithe.

4.  Mar bheart deiridh, iarrtar ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid dlíthe is infheidhme maidir le gnóthaí tráchtála idir gnólachtaí toisc gurb é ceann de na tosca is tábhachtaí i ndáil le rogha an dlí is ea a éifeachtúla atá an dlí tráchtála i dtír agus cáilíocht an dlí sin.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá réiteach díospóidí tráchtála i bhfad rómhall in AE. Measann an Banc Domhanda go bhféadfadh 3-4 bliana a bheith i gceist sula ndéanfaí conradh tráchtála a fhorfheidhmiú i roinnt Ballstát. Faoin dlí, tá sé d'oibleagáid ar go leor cuideachtaí forchoimeádais a dhéanamh ina gcuid cuntas i dtaobh méideanna atá faoi réir díospóide, amhail bainc agus cuideachtaí árachais, mar shampla. Níl feidhm aige sin maidir leis na cuideachtaí sin a bhfuil sé d’oibleagáid orthu faoin dlí déanamh amhlaidh, agus maidir leo sin amháin, agus déanann go leor gnólachtaí eile na forchoimeádais sin. Mar thoradh air sin, ar fud na hEorpa, ní úsáidtear méideanna móra caipitil.

Is iondúil nach ndéantar na nósanna imeachta sibhialta a chomhchuibhiú ar an leibhéal Eorpach, cé go ndearnadh iad a chomhchuibhiú trí roinnt beart arna nglacadh faoi chuimsiú an chomhair um cheartas sibhialta. 

Sampla amháin is ea Rialachán an Bhruiséil Ia, lena leagtar síos bunús le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála. Agus leis an athmhúnlú a rinneadh air le déanaí, a tháinig i bhfeidhm in 2015, rinneadh roinnt coigeartaithe ríthábhachtacha ar an dlíthíocht thrasteorann in AE. Leis sin, cuireadh deireadh leis an nós imeachta exequatur, rud a d’fhág go ndearnadh costais a laghdú agus gur sábháladh am do ghnólachtaí agus saoránaigh AE.

Sampla eile is ea an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Tugtar isteach leis nós imeachta atá oiriúnaithe go sonrach do dhíospóidí tomhaltóirí agus do dhíospóidí eile a bhaineann le luach níos lú, arb ionann é agus níos lú ná EUR 5 000. Tá feidhm aige maidir le cásanna trasteorann agus bunaíodh cuid mhaith é ar rialacha atá cheana ann i roinnt Ballstát. 

Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfaí ordú sonrach nós imeachta maidir le díospóidí tráchtála trasteorann idir gnólachtaí (gnólacht le gnólacht) a chur i bhfeidhm. Le nós imeacht den sórt sin - Nós Imeachta Sibhialta Brostaithe Eorpach - chuirfí rogha phras agus cost-éifeachtach ar fáil do ghnólachtaí Eorpacha chun díospóidí tráchtála a réiteach. Le Nós Imeachta Sibhialta Brostaithe Eorpach, d’fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir le spriocdhátaí dochta, réamhshocraithe,maidir le achomharc ar leith maidir le saincheisteanna nós imeachta a thoirmeasc agus maidir le líon teoranta deiseanna chun aird a tharraingt ar imthosca nua tar éis na chéad aighneachtaí.

D’fhéadfaí nós imeachta den sórt sin a cheapadh i dtreo is go mbeadh réiteach ag na páirtithear dhíospóidí casta fiúlaistigh de thréimhse idir sé mhí agus bliain, as a n-eascródh mórchoigilteasdo ghnólachtaí Eorpacha agus gníomhachtú caipitil neamhúsáidte. Bheadh an nós imeachta deonach agus theastódh an comhaontú ón dá pháirtí chonarthacha ina leith. Le Nós Imeachta Sibhialta Brostaithe Eorpach, bheadh breithiúna agus dlíodóirí dlíthiúla ardcháilithe ag teastáil. Fágann seo an cheist: cad iad na bearta is féidir a ghlacadh chun tacú leis an moladh seo?

Níl an rogha dlí i gconarthaí tráchtála dáilte go cothrom idir na Ballstáit éagsúla. Tá go leor cúiseanna leis sin, ach is é an toradh atá air ná gur lú an taithí i ngnóthaí tráchtála a bhíonn ag breithiúna agus cleachtóirí dlíthiúla i roinnt tíortha agus, ina theannta sin, go bhfuil forbairt na dlí-eolaíochta níos teoranta sna tíortha sin.

D’fhéadfaí roinnt beart a ghlacadh chun tacú le dáileadh níos cothroime ó thaobh rogha an dlí de agus ó thaobh na forbartha ar an dlí tráchtála agus ó thaobh nahinniúlachta sa dlí tráchtála sna Ballstáit sin. An beart is follasaí a d'fhéadfaí a dhéanamh, is é an beart sin ná athruithe féideartha ar Rialachán na Róimhe I maidir leis na rialacha i dtaobh rogha an dlí is infheidhme a mbeadh sé mar aidhm leis nasc níos láidre a bhaint amach idir cuspóir agus aidhmeanna na gcomhaontuithe agus an dlí a roghnaítear laistigh den Aontas ach, freisin, breis neamhspleáchais a thabhairtdo na páirtithe i gconarthaí tráchtála.

D'fhéadfaí a áireamh mar bhearta breise oiliúint a chur ar bhreithiúna agus dlíodóirí i ngnóthaí tráchtála agus rochtain fheabhsaithe ar dhlí náisiúnta na mBallstát agus ar dhlí AE, lena n-áirítear an dlí-eolaíocht; díriú ar an dlí tráchtála agus ar an dlí idirnáisiúnta príobháideach san oideachas dlíthiúil; agus acmhainní le haghaidh taighde acadúil i réimsí an dlí tráchtála agus an dlí idirnáisiúnta príobháidigh.

Thairis sin, iarrtar ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh inniúlacht shonrach i réimse an dlí tráchtála ag cúirteanna a mbeidh an Nós Imeachta Sibhialta Brostaithe Eorpach á chur i bhfeidhm acu, trí, mar shampla, cúirteanna tráchtála nó dlísheomraí sonracha a bhunú nó na Cúirteanna Tráchtála nó Dlísheomraí atá cheana ann a threisiú.

Ina theannta sin, iarrtar ar an gCoimisiún tuilleadh staidéir a dhéanamh i dtaobh Cúirt Tráchtála Eorpach a bhunú chun cúirteanna na mBallstát a fhorlíonadh agus fóram idirnáisiúnta breise atá speisialaithe i réiteach díospóidí tráchtála a thairiscint do dhlíthithe.

Mar bheart deiridh, iarrtar ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobhathbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid dlíthe is infheidhme maidir le gnóthaí tráchtála toisc gurb é ceann de na tosca níos tábhachtaí i ndáil le rogha an dlí is ea an méid dul chun cinn atá déanta ag tír maidir le hoiriúnú d’fhorbairtí i réimsí tráchtála.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

20.11.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

24

0

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Max Andersson, Joëlle Bergeron, Jean-Marie Cavada, Kostas Chrysogonos, Mady Delvaux, Laura Ferrara, Lidia Joanna Geringer de Oedenberg, Sajjad Karim, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Gilles Lebreton, António Marinho e Pinto, Emil Radev, Julia Reda, Evelyn Regner, Pavel Svoboda, József Szájer, Axel Voss, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Geoffroy Didier, Pascal Durand, Jytte Guteland, Tiemo Wölken, Kosma Złotowski


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

24

+

ALDE

Jean-Marie Cavada, António Marinho e Pinto

ECR

Sajjad Karim, Kosma Złotowski

EFDD

Joëlle Bergeron, Laura Ferrara

ENF

Gilles Lebreton

GUE/NGL

Kostas Chrysogonos

PPE

Geoffroy Didier, Emil Radev, Pavel Svoboda, József Szájer, Axel Voss, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka

S&D

Mady Delvaux, Lidia Joanna Geringer de Oedenberg, Jytte Guteland, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Evelyn Regner, Virginie Rozière

VERTS/ALE

Max Andersson, Pascal Durand, Julia Reda

0

-

 

 

0

0

 

 

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 10 Nollaig 2018Fógra dlíthiúil