Nós Imeachta : 2018/0299(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0009/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0009/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 13/03/2019 - 19.3

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0191

TUARASCÁIL     ***I
PDF 233kWORD 93k
11.1.2019
PE 630.498v02-00 A8-0009/2019

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1316/2013 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

(COM(2018)0568 – C8-0385/2018 – 2018/0299(COD))

An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht

Rapóirtéir: Karima Delli

LEASUITHE
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach
 NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
 TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1316/2013 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

(COM(2018)0568 – C8-0385/2018 – 2018/0299(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiúin chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0568),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0385/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Spáinne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A8-0009/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Bunaíodh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ar ionstraim mhaoiniúcháin de chuid an Aontais í, le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is é is aidhm don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ullmhúchán agus cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a chumasú i gcomhthéacs an bheartais maidir le gréasáin thras-Eorpacha sna hearnálacha iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh.

(2)  Bunaíodh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, arb ionstraim mhaoiniúcháin de chuid an Aontais í, le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is é is aidhm don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ullmhúchán agus cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a chumasú i gcomhthéacs an bheartais maidir le gréasáin thras-Eorpacha sna hearnálacha iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh, chun feidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais a fheabhsú.

_________________

_________________

8 Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

8 Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Bunaíodh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, arb ionstraim mhaoiniúcháin de chuid an Aontais í, le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is é is aidhm don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ullmhúchán agus cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a chumasú i gcomhthéacs an bheartais maidir le gréasáin thras-Eorpacha sna hearnálacha iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh.

(2)  Bunaíodh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, arb ionstraim mhaoiniúcháin de chuid an Aontais í, le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is é is aidhm don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ullmhúchán agus cur chun feidhme tionscadal trasteorann agus leasa choitinn a chumasú i gcomhthéacs an bheartais maidir le gréasáin thras-Eorpacha sna hearnálacha iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)  Chun na himthosca eisceachtúla a chur san áireamh tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach, is gá foráil a dhéanamh maidir le nascacht na hÉireann le mór-roinn na hEorpa trí bhealach agus comhdhéanamh chonairí TEN-T a mhodhnú d’fhonn naisc mhuirí a chomhtháthú idir calafoirt na hÉireann agus na mór-roinne sa chroíghréasán agus sa ghréasán cuimsitheach.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)  Chun na himthosca eisceachtúla a chur san áireamh tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach, bunaítear an fhéidearthacht leis an Rialachán seo calafoirt an ghréasáin chuimsithigh a chomhtháthú i gconair an chroíghréasáin.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)  Agus á chur san áireamh gur oileán í Éire, is meán iad na naisc mhuirí chun a nascacht dhíreach le mór-roinn na hEorpa a áirithiú.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5b)  Ag féachaint do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, beidh gá le nuashonrú ar chodanna de Chroíghréasán an Atlantaigh a bhaineann le hoileán na hÉireann;

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Ionas nach ndéanfar Conair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh – na Meánmhara a dheighilt ina dhá chuid ar leith gan aon nasc eatarthu agus chun nascacht a áirithiú idir Éirinn agus mór-roinn na hEorpa, ba cheart go n-áiritheoidh Conair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh – na Meánmhara naisc mhuirí idir príomh-chalafoirt na hÉireann agus príomh-chalafoirt na Beilge agus na hÍsiltíre.

(6)  Ionas nach ndéanfar Conair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh – na Meánmhara a dheighilt ina dhá chuid ar leith gan aon nasc eatarthu agus chun nascacht a áirithiú idir Éire agus mór-roinn na hEorpa, tá sé bunriachtanach naisc dhíreacha a chruthú leis na críocha agus leis na calafoirt is gaire go geografach d’Éirinn ar an gconair atá ann cheana. Ba cheart go n-áireodh Conair na Mara Thuaidh – na Meánmhara naisc mhuirí idir calafoirt na hÉireann agus calafoirt na Beilge, na Fraince na hÍsiltíre a bhaineann leis an gcróighréasán nó leis an ngréasán cuimsitheach. Ina theannta sin, le nasc idir conair na Mara Thuaidh –na Meánmhara agus conair an Atlantaigh trí Le Havre , ba cheart nascacht agus comhtháthú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)  Leis an gcomhairliúchán poiblí tar éis fhoilsiú thogra an Choimisiúin, bailíodh ionchur ó na geallsealbhóirí a d’éiligh d’aonghuth, nach mór, na naisc mhuirí a bheidh ann amach anseo idir Éire agus an mhór-roinn a chur i gcuntas níos fearr.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b)  I Eoraip de 27 inarb í an Fhrainc, an Bheilg agus an Ísiltír na tíortha is cóngaraí d’Éirinn ar bhonn geografach, ba cheart an chonair Atlantach a athailíniú chun Éire a nascadh leis an gconair Atlantach agus chun na sreabha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a chur i gcuntas.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6 c) Agus tarraingt siar na Ríochta Aontaithe á tabhairt faoi deara agus chun leanúnachas an Chómhargaidh agus soghluaiseacht shreabhadh na n-earraí a áirithiú a mhéid is féidir, agus na hearnálacha iompair agus na críocha is mó is dócha a ndéanfaidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe difear dóibh a chomhdhlúthú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit athbhreithniú luath a dhéanamh ar Rialachán (AE) 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a ndearnadh foráil dó ar dtús in 2023, 1 a chun léarscáileanna na ngréasán a oiriúnú do na hathruithe ar shreabhadh na n-earraí tar éis don Ríocht Aontaithe an tAontas a fhágáil.

 

__________________

 

1 a Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  Tá sé ríthábhachtach chun an nasc idir Éirinn agus Ballstáit eile ar Chonair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh – na Meánmhara le haghaidh infheistíochtaí bonneagair ar bhonn leanúnach agus sa todhchaí agus le haghaidh soiléireacht agus cinnteacht dhlíthiúil a chur ar fáil maidir le pleanáil bhonneagair.

(7)  Tá sé ríthábhachtach chun an nasc idir Éire agus Ballstáit eile ar Chonair na Mara Thuaidh – na Meánmhara agus ar Chonair an Atlantaigh le haghaidh infheistíochtaí bonneagair ar bhonn leanúnach agus sa todhchaí agus le haghaidh soiléireacht agus cinnteacht dhlíthiúil a chur ar fáil maidir le pleanáil bonneagair. Ina theannta sin, ba cheart i gcláir oibre iompair na Saoráide um Chónascadh na hEorpa foráil a dhéanamh maidir le glaonna ar thograí arb aidhm dóibh forbairt bonneagair iompair, bídís nua nó ann cheana féin, a mhaoiniú chun na naisc mhuirí sa chroíghréasán agus sa ghréasán cuimsitheach idir calafoirt na hÉireann agus na mór-roinne a áirithiú agus iad a oiriúnú i gcás teorainn sheachtrach a athbhunú leis an Ríocht Aontaithe.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  Tá sé ríthábhachtach chun an nasc idir Éirinn agus Ballstáit eile ar Chonair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh – na Meánmhara le haghaidh infheistíochtaí bonneagair ar bhonn leanúnach agus sa todhchaí agus le haghaidh soiléireacht agus cinnteacht dhlíthiúil a chur ar fáil maidir le pleanáil bhonneagair.

(7)  Tá sé ríthábhachtach an nasc idir Éire agus Tuaisceart Éireann (i gcomhréir le Comhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste 1998) agus na Ballstáit eile ar Chonair na Mara Thuaidh – na Meánmhara a áirithiú le haghaidh infheistíochtaí bonneagair atá ar siúl faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil maidir le pleanáil bonneagair agus chun a ráthú go leanfaidh an beartas iompair d’éascú a dhéanamh ar fhorálacha an Chomhaontaithe thuasluaite i gcomhréir le beartais an Aontais Eorpaigh. Ní dhéanann sé sin dochar do bhreithniú todhchaíoch ar sheasamh iomchuí Phoblacht na hÉireann laistigh den Chonair Chroíghréasáin nó do bhreithniú ar an seasamh agus ar an gcaidreamh todhchaíoch le calafoirt atá lasmuigh den Chroíghréasán faoi láthair ionas go bhfeabhsófar nascacht idir Poblacht na hÉireann agus an chuid eile den Aontas mar chuid d’ionstraimí a thiocfaidh ina dhiaidh sin faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7b)  Mar gheall ar an oiriúnú is gá ar an earnáil iompair agus na críocha is mó a bhfuil difear déanta dóibh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe, d'fhéadfadh an Coimisiún ciste oiriúnaithe a chur ar bun chun cúiteamh a dhéanamh ar thionchair dhiúltacha tarraingt siar gan comhaontú san earnáil iompair agus ar na críocha, trí thacú leis na hiarrachtaí airgeadais a bheidh le déanamh ag an earnáil iompair agus ag na críocha, chun oiriúnú do nascacht nua Aontas de 27 agus chun trasnú teorainneacha d’earraí agus do dhaoine a éascú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7 c)  I bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, tá sé bunriachtanach bonneagair oiriúnacha a fhorbairt - bídís nua nó ann cheana féin - chun na sreabha trádála a nascann Éire agus mór-roinn na hEorpa, rud a sholáthraigh “droichead talún” na Breataine roimhe sin.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7d)  Chun bonneagair nua a chruthú agus nuachóiriú a dhéanamh ar na bonneagair iompair atá ann cheana, tá sé bunriachtanach, dá bhrí sin, nóid agus naisc nua a chlárú ar an gCroíghréasán, go háirithe le haghaidh na nasc muirí.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7e)  Ina theannta sin, más rud é gurb é an Croíghréasán cnámh droma na gcodanna den ghréasán ag a bhfuil an tábhacht straitéiseach is mó don Eoraip, is gá freisin go ndéanfaí na noid agus na naisc nua, go háirithe ar bhonn na gcalafort, a áireamh ar an ngréasán cuimsitheach chun nascacht réigiúin uile an Aontais a áirithiú.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 f (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7f)  Le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe, caithfidh roinnt nód calafoirt atá ann faoi láthair ar an ngréasán cuimsitheach, go háirithe calafoirt na Fraince, mar shampla Brest-Roscoff-Cherbourg-Boulogne freagairt do dhéine méadaithe de shreabha trádála, agus ba cheart dóibh, dá bhrí sin, tairbhiú de chúnamh agus de thacaíocht níos fearr.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír -1 (nua)

Rialachán (AE) 1316/2013

Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

in Airteagal 7(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

«l a) na gníomhaíochtaí is gá chun bonneagar iompair a oiriúnú tar éis tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, lena n-áirítear oiriúnú ar threalamh rialaithe earraí agus paisinéirí.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/FR/TXT/HTML/?uri=CELEX:32013R1316&from=GA)

Réasúnú

I bhfianaise a phráinní atá sé an earnáil iompair, agus go háirithe an bonneagar a oiriúnú faoi chuimsiú imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas, ba cheart“éilimh athshreafa” 2019 agus 2020 na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) a chur i leataobh chun freastal ar an ngá sin agus clár oibre 2019 agus 2020 de SCE a bheith oiriúnaithe chuige sin.

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír -1 a (nua)

Rialachán (AE) 1316/2013

Airteagal 17 – mír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2. Déanfar an Coimisiún athbhreithniú ar na cláir oibre ilbhliantúla leath bealaigh tríd ar a laghad. Más gá, déanfaidh sé athbhreithniú ar an gclár oibre ilbhliantúil trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

«2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na cláir oibre ilbhliantúla leath bealaigh tríd ar a laghad. San earnáil iompair, déanfaidh sé athbhreithniú ar an gclár oibre ilbhliantúil chun é a oiriúnú do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas. Más gá, déanfaidh sé athbhreithniú ar an gclár oibre ilbhliantúil trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/FR/TXT/HTML/?uri=CELEX:32013R1316&from=GA)

Réasúnú

I bhfianaise a phráinní atá sé an earnáil iompair, agus go háirithe an bonneagar a oiriúnú faoi chuimsiú imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas, ba cheart“éilimh athshreafa” 2019 agus 2020 na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) a chur i leataobh chun freastal ar an ngá sin agus clár oibre 2019 agus 2020 de SCE a bheith oiriúnaithe chuige sin.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír -1 b (nua)

Rialachán (AE) 1316/2013

Airteagal 17 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

In Airteagal 17, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

 

«5 a. San earnáil iompair, tugtar tosaíocht sa chlár oibre bliantúil deiridh do na gníomhaíochtaí a shainítear in Airteagal 7 (2)(m).”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/FR/TXT/HTML/?uri=CELEX:32013R1316&from=GA)

Réasúnú

I bhfianaise a phráinní atá sé an earnáil iompair, agus go háirithe an bonneagar a oiriúnú faoi chuimsiú imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas, ba cheart“éilimh athshreafa” 2019 agus 2020 na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) a chur i leataobh chun freastal ar an ngá sin agus clár oibre 2019 agus 2020 de SCE a bheith oiriúnaithe chuige sin.

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tá Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 leasaithe de réir mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn leis an Rialachán.

Tá Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 leasaithe de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I leis an Rialachán.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 1b

 

An ciste práinneach um oiriúnú do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas.

 

Bunóidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais lena gcomhlánófar SCE i bhfoirm ciste éigeandála oiriúnaithe do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas. Is é is cuspóir don chiste sin éifeachtaí diúltacha tharraingt siar na Ríochta Aontaithe a fhritháireamh, trí chabhrú leis na geallsealbhóirí iompair agus leis na húdaráis áitiúla bealaí lastais mhuirí nua a bhunú roimh ré agus éascú do na hearraí agus do na daoine an teorainn idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a thrasnú.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn – mír 1 a (nua)

Rialachán (AE) 1316/2013

Iarscríbhinn I – cuid I – pointe 2 – an chuid ‘An tAtlantach’– líne 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Faoi réir leasú comhfhreagrach ar Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus ar a Iarscríbhinn “LÉARSCÁILEANNA AN GHRÉASÁIN CHUIMSITHIGH AGUS AN CHROÍGHRÉASÁIN”

 

I gcuid I d’Iarscríbhinn I, pointe 2 (“Conairí croíghréasáin”), sa roinn “Atlantach” i ndiaidh na líne “Aveiro – Valladolid – Vitoria – Bergara – Bilbao/Bordeaux – Páras – Le Havre/Metz – Mannheim/Strasbourg,” cuirtear isteach na línte seo a leanas:

 

Sionainn Faing - Baile Átha Cliath – Ros Láir – Port Láirge - Corcaigh – Brest – Roscoff – Saint Malo - Cherbourg – Boulogne - Caen - Le Havre – Rouen – Páras

 

 

Baile Átha Cliath/Corcaigh– Brest – Roscoff – Saint-Nazaire – Nantes - Tours

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn – mír 1

Rialachán (AE) 1316/2013

Iarscríbhinn I – cuid I – pointe 2 – an roinn “An Mhuir Thuaidh – an Mheánmhuir” – líne 1 a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

“Baile Átha Cliath/Dublin/Corcaigh/Cork – Zeebrugge/Antuairp/Rotterdam.

Baile Átha Cliath/Dublin/Corcaigh/Cork – Le Havre/Calais/Dunkerque - Zeebrugge/Antuairp/Rotterdam

(1)

Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

1.  Is staid gan réamhshampla é sa tarraingt siar Ballstáit, an Ríocht Aontaithe sa chás seo, ón Aontas a gcaithfidh an tAontas ullmhú ina choinne ar mhaithe leis na saoránaigh, leis an gcómhargadh agus le dea-chaidreamh eacnamaíoch agus trádála a choinneáil leis an tír atá ag imeacht, cibé acu a ghnóthaítear comhaontú tarraingthe siar nó nach ngnóthaítear.

2.  Sa chás nach féidir teacht ar aon chomhaontú idir AE27 agus an Ríocht Aontaithe, taispeánadh an méid seo a leanas le Coiste Iompair agus Turasóireachta Pharlaimint na hEorpa:

* go mbeadh an “easpa socraithe” sin ina thoisc dhochrach don Ríocht Aontaithe agus don Aontas Eorpach araon, agus go mbeadh a tionchar níos measa don earnáil iompair, agus bagairt á déanamh aici ar na bainisteoirí bonneagair agus ar na gníomhaithe iompair atá ag brath uirthi agus ar na poist a sholáthraíonn an earnáil sin sa lá atá inniu ann;

** gur cheart don dá thír a roinneann teorainn talún leis an Ríocht Aontaithe, Éire agus an Fhrainc (trí Thollán Mhuir nIocht), a n-ardaítear an cheist teorainn sheachtrach chomhchoiteann a athbhunú ina leith, bealaí nithiúla chun ardleibhéal nascachta a chothabháil dá saoránaigh agus do shoghluaiseacht na sreabh trádála idir an dá thír sin;

*** gur críocha áirithe, iad sin is cóngaraí don Ríocht Aontaithe nó atá speisialaithe sa trácht trasna Mhuir nIocht is mó a ndéanfaí difear dóibh de dheasca na “heaspa socraithe”.

3.  Chuige sin, táthar ag súil go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach roinnt gníomhaíochtaí roimh ré agus go nglacfar Rialachán SCE chun éifeachtaí na heaspa socraithe a chur san áireamh. Ba cheart leis na gníomhaíochtaí sin tosaíocht a thabhairt do na nithe seo a leanas:

* athnascadh na hÉireann le Conair na Mara Thuaidh - na Meánmhara trí bhealaí lastais mhuirí nua, lena n-áirítear calafoirt chroíghréasán na conaire;

** Éire a thabhairt isteach i gConair an Atlantaigh agus calafoirt nua na Fraince a chomhtháthú, i gcás inarb iomchuí, leis an gcroíghréasán agus na sreabha atá ann cheana á gcur san áireamh.

*** a bhfuil fágtha de chistí SCE a shlógadh don tréimhse 2019-2020 chun calafoirt an Chroíghréasáin a oiriúnú do na sreabha nua idir Éire agus AE27 chomh maith leis na srianta nua a ghabhann leis an trácht trasna Mhuir nIocht.

4.  Más iad sin na bearta tosaigh agus na cinn is práinní i gcás tacaíocht a bheith á tabhairt ag an Aontas Eorpach d’earnáil an iompair agus d’earnáil na turasóireachta, níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh ar iarmhairtí níos doimhní agus níos fadtéarmaí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, iarmhairtí a mbeidh tionchar acu ar na críocha sin a rinne dlúthnaisc, le linn na 45 bliana de chomhtháthú na Ríochta Aontaithe, atá bunriachtanach dá mbeogacht shocheacnamaíoch. Dá réir sin, ba cheart freisin bearta nua maoinithe a úsáid chun cabhrú leis na geallsealbhóirí iompair agus na críocha go léir oiriúnú d’iarmhairtí diúltacha Brexit.


TUAIRIM ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (20.12.2018)

chuig an gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1316/2013 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

(COM(2018)0568 – C8-0385/2018 – 2018/0299(COD))

Rapóirtéir: John Howarth

RÉASÚNÚ GEARR

Tugann an togra seo ón gCoimisiún aghaidh ar thacar imthosca ar leith a bhaineann le tarraingt siar bheartaithe na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach.

Má fhágann an Ríocht Aontaithe AE le Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm a choinníonn acquis an Aontais le linn idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2020, ansin leanfaidh Conair na Mara Thuaidh – na Meánmhara (NSM) de bheith ag rith tríd an Ríocht Aontaithe, mar a ritheann faoi láthair. An 1 Eanáir 2021, tá sé beartaithe go dtiocfaidh reachtaíocht CEF nua maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i bhfeidhm le coigeartuithe iomchuí ar ghréasán TEN-T.

Má fhágann an Ríocht Aontaithe, áfach, mar atá sceidealaithe faoi láthair don 29 Márta 2019, gan chomhaontú, d’fhéadfadh neamhleanúnachas a bheith i gConair NSM ghréasán TEN-T idir calafoirt Mhuir nIocht/na Mara Thuaidh agus calafoirt Phoblacht na hÉireann. Ar an mbealach céanna, in imthosca mar sin, thiocfadh deireadh le Conair TEN-T ag an teorainn idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hÉireann agus ní áireofaí calafort Bhéal Feirste inti.

Leis an togra ón gCoimisiún tairgtear réiteach iomchuí ar an aimhrialtacht reachtach a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus tacaítear le hainmniú chalafoirt Zeebrugge, Antuairp agus Rotterdam mar naisc laistigh de Chonair NSM ghréasán TEN-T le calafoirt Phoblacht na hÉireann, ag tabhairt dá aire go bhfuil an t-ainmniú bunaithe ar mhéid an tráchta reatha i measc na gcalafort. Beidh calafoirt Dunkirk agus Calais i Muir nIocht fós mar chalafoirt ainmnithe ar an gconair, sa chás sin mar chalafoirt imeachta agus teachta ó thaobh an Aontais Eorpaigh de.

Níl aon éifeacht ábhartha ag an ainmniú teicniúil sin ar sheasamh aon chalafoirt ná ní dhéanfar difear d’aon mhéid tráchta leis an ainmniú. Tugtar aird áfach ar an bhfíoras go bhféadfadh suaitheadh a bheith ann, mar a tuairiscíodh i sraith staidéar, do chalafoirt Mhuir nIocht go háirithe mar thoradh ar fhorchur seiceálacha custaim dá n-imeodh an Ríocht Aontaithe as an Aontas gan chomhaontú nó dá gcuirfeadh sí deireadh ina dhiaidh sin le socruithe custaim oscailte leis an Aontas.

Maidir le calafort Le Havre, ní cuid é faoi láthair de Chonair TEN-T a bhfuil nasc aici le Poblacht na hÉireann agus ní chomhlíonann calafoirt eile in Iarthuaisceart na Fraince critéir TEN-T faoi láthair. Níl san athmhachnamh ar chaidreamh Éireann le Conair TEN-T na Mara Thuaidh – na Meánmhara ach gné amháin den staid nua iompair a bheidh roimh Éirinn, agus sa chomhthéacs sin, meastar go bhfuil ábharthacht ag baint leis an mbreithniú ar an gcaidreamh leis an gConair Atlantach a sholáthraíonn naisc níos dírí idir Éire agus Ballstáit eile, lena n-áirítear ainmniú na gcalafort sa Fhrainc agus in Éirinn féin mar aon leis na calafoirt atá ainmnithe sa Bheilg agus san Ísiltír. Ba cheart féachaint ar an gcaidreamh atá ag Poblacht na hÉireann le conairí ghréasán TEN-T agus, dá bhrí sin, an caidreamh ionchasach le calafoirt, mar ábhar práinne faoi chuimsiú an athbhreithnithe ar reachtaíocht CEF do CAI 2021-2027, d’fhonn feabhas a chur ar naisc dhíreacha idir Éire agus an chuid eile den Aontas.

I gcomhréir le Tuarascáil an Choiste um Fhorbairt Réigiúnach ar ról an Bheartais Chomhtháthaithe i dTuaisceart Éireann, aibhsítear an tábhacht atá le gníomhaíocht eacnamaíoch agus gluaiseacht daoine leanúnach idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann mar aon le ról na nasc Iompair treisithe, lena n-áirítear Conair TEN-T i gcaomhnú chuspóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste 1998.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach ar an gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Bunaíodh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, arb ionstraim mhaoiniúcháin de chuid an Aontais í, le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is é is aidhm don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ullmhúchán agus cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a chumasú i gcomhthéacs an bheartais maidir le gréasáin thras-Eorpacha sna hearnálacha iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh.

(2)  Bunaíodh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, arb ionstraim mhaoiniúcháin de chuid an Aontais í, le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is é is aidhm don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ullmhúchán agus cur chun feidhme tionscadal trasteorann agus leasa choitinn a chumasú i gcomhthéacs an bheartais maidir le gréasáin thras-Eorpacha sna hearnálacha iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)  Ag féachaint do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, beidh gá le nuashonrú ar chodanna de chroíghréasán an Atlantaigh a bhaineann le hoileán na hÉireann;

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Ionas nach ndéanfar Conair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh – na Meánmhara a dheighilt ina dhá chuid ar leith gan aon nasc eatarthu agus chun nascacht a áirithiú idir Éirinn agus mór-roinn na hEorpa, ba cheart go n-áiritheoidh Conair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh – na Meánmhara naisc mhuirí idir príomh-chalafoirt na hÉireann agus príomh-chalafoirt na Beilge agus na hÍsiltíre.

(6)  Ionas nach ndéanfar Conair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh – na Meánmhara a dheighilt ina dhá cuid ar leith gan aon nasc eatarthu agus chun nascacht a áirithiú idir Éire agus mór-roinn na hEorpa, tá sé bunriachtanach naisc dhíreacha a chruthú leis na críocha is gaire d’Éirinn ar an gConair atá ann cheana. Ba cheart go n-áireodh Conair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh – na Meánmhara naisc mhuirí idir príomh-chalafoirt na hÉireann agus príomh-chalafoirt na Beilge, na hÍsiltíre agus na Fraince.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)  In Eoraip de 27, inarb í an Fhrainc an tír is cóngaraí d’Éirinn ar bhonn geografach, ba cheart an Chonair Atlantach a athailíniú chun Éire a nascadh léi.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  Tá sé ríthábhachtach chun an nasc idir Éirinn agus Ballstáit eile ar Chonair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh – na Meánmhara le haghaidh infheistíochtaí bonneagair ar bhonn leanúnach agus sa todhchaí agus le haghaidh soiléireacht agus cinnteacht dhlíthiúil a chur ar fáil maidir le pleanáil bhonneagair.

(7)  Tá sé ríthábhachtach an nasc idir Éire agus Tuaisceart Éireann (i gcomhréir le Comhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste 1998) agus na Ballstáit eile ar Chonair na Mara Thuaidh – na Meánmhara a áirithiú le haghaidh infheistíochtaí bonneagair atá ar siúl faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil maidir le pleanáil bonneagair agus chun a ráthú go leanfaidh an beartas iompair d’fhorálacha an Chomhaontaithe thuasluaite a éascú i gcomhréir le beartais an Aontais Eorpaigh. Ní dhéanann sé sin dochar do bhreithniú todhchaíoch ar sheasamh iomchuí Phoblacht na hÉireann laistigh den Chonair Chroíghréasáin ná do bhreithniú ar an seasamh agus ar an gcaidreamh todhchaíoch le calafoirt atá lasmuigh den Chroíghréasán faoi láthair ionas go bhfeabhsófar nascacht idir Poblacht na hÉireann agus an chuid eile den Aontas mar chuid d’ionstraimí a thiocfaidh ina dhiaidh sin faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – fomhír 1

Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013

Iarscríbhinn I – pointe 2 – an roinn An Mhuir Thuaidh - an Mheánmhuir – líne 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

“Baile Átha Cliath/Dublin/Corcaigh/Cork – Zeebrugge/Antuairp/Rotterdam”.

“Baile Átha Cliath/Dublin/Corcaigh/Cork – Le Havre/Calais/Dunkerque - Zeebrugge/Antuairp/Rotterdam.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – fomhír 1 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013

Iarscríbhinn I – pointe 2 – an roinn An tAtlantach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

I gcuid I d’Iarscríbhinn I, pointe 2 (“Conairí croíghréasáin”), sa roinn “Atlantach” i ndiaidh na líne “Aveiro – Valladolid – Vitoria – Bergara – Bilbao/Bordeaux – Páras – Le Havre/Metz – Mannheim/Strasbourg,” cuirtear isteach na línte seo a leanas:

 

“Sionainn agus Faing - Baile Átha Cliath – Ros Láir – Port Láirge - Corcaigh – Brest – Roscoff – Cherbourg – Caen - Le Havre – Rouen - Páras”

 

“Baile Átha Cliath – Corcaigh – Saint Nazaire – Nantes – Tours”

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

Tagairtí

COM(2018)0568 – C8-0385/2018 – 2018/0299(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

10.9.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

10.9.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

John Howarth

9.10.2018

Pléite sa choiste

22.11.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

13.12.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

26

0

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pascal Arimont, Victor Boştinaru, Rosa D’Amato, Aleksander Gabelic, Iratxe García Pérez, Ivan Jakovčić, Marc Joulaud, Sławomir Kłosowski, Constanze Krehl, Louis-Joseph Manscour, Iskra Mihaylova, Andrey Novakov, Younous Omarjee, Mirosław Piotrowski, Stanislav Polčák, Terry Reintke, Liliana Rodrigues, Fernando Ruas, Ruža Tomašić, Ramón Luis Valcárcel Siso, Monika Vana, Matthijs van Miltenburg, Lambert van Nistelrooij

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Ivana Maletić, Damiano Zoffoli

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Jude Kirton-Darling, Emmanuel Maurel

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

26

+

ALDE

Ivan Jakovčić, Iskra Mihaylova, Matthijs van Miltenburg

ECR

Sławomir Kłosowski, Mirosław Piotrowski, Ruža Tomašić

EFDD

Rosa D'Amato

GUE/NGL

Emmanuel Maurel

PPE

Pascal Arimont, Marc Joulaud, Ivana Maletić, Lambert van Nistelrooij, Andrey Novakov, Stanislav Polčák, Fernando Ruas, Ramón Luis Valcárcel Siso

S&D

Victor Boştinaru, Aleksander Gabelic, Iratxe García Pérez, Jude Kirton-Darling, Constanze Krehl, Louis-Joseph Manscour, Liliana Rodrigues, Damiano Zoffoli

VERTS/ALE

Terry Reintke, Monika Vana

0

-

 

 

1

0

GUE/NGL

Younous Omarjee

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

Tagairtí

COM(2018)0568 – C8-0385/2018 – 2018/0299(COD)

Dáta tíolactha chun PE

1.8.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

10.9.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

10.9.2018

ITRE

10.9.2018

REGI

10.9.2018

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

BUDG

29.8.2018

ITRE

24.9.2018

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Karima Delli

23.10.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

3.12.2018

10.1.2019

 

 

Dáta an ghlactha

10.1.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

45

0

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Daniela Aiuto, Lucy Anderson, Inés Ayala Sender, Georges Bach, Izaskun Bilbao Barandica, Deirdre Clune, Michael Cramer, Luis de Grandes Pascual, Andor Deli, Isabella De Monte, Ismail Ertug, Jacqueline Foster, Tania González Peñas, Dieter-Lebrecht Koch, Merja Kyllönen, Innocenzo Leontini, Peter Lundgren, Marian-Jean Marinescu, Georg Mayer, Gesine Meissner, Cláudia Monteiro de Aguiar, Renaud Muselier, Markus Pieper, Tomasz Piotr Poręba, Gabriele Preuß, Christine Revault d’Allonnes Bonnefoy, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, David-Maria Sassoli, Claudia Țapardel, Keith Taylor, Pavel Telička, Marita Ulvskog, Wim van de Camp, Marie-Pierre Vieu, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Rosa D’Amato, Michael Gahler, Maria Grapini, Karoline Graswander-Hainz, Peter Kouroumbashev, Evžen Tošenovský

Comhaltaí ionaid (Riail 200(2)) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Pascal Durand, Csaba Sógor, Sergei Stanishev, Mylène Troszczynski

Dáta don chur síos

11.1.2019


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

45

+

ALDE

Izaskun Bilbao Barandica, Gesine Meissner, Dominique Riquet, Pavel Telička

ECR

Tomasz Piotr Poręba, Evžen Tošenovský, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

EFDD

Daniela Aiuto, Rosa D'Amato

ENF

Georg Mayer, Mylène Troszczynski

GUE/NGL

Tania González Peñas, Merja Kyllönen, Marie‑Pierre Vieu

PPE

Georges Bach, Deirdre Clune, Andor Deli, Michael Gahler, Dieter‑Lebrecht Koch, Innocenzo Leontini, Marian‑Jean Marinescu, Cláudia Monteiro de Aguiar, Renaud Muselier, Markus Pieper, Massimiliano Salini, Csaba Sógor, Luis de Grandes Pascual, Wim van de Camp

S&D

Lucy Anderson, Inés Ayala Sender, Isabella De Monte, Ismail Ertug, Maria Grapini, Karoline Graswander‑Hainz, Peter Kouroumbashev, Gabriele Preuß, Christine Revault d'Allonnes Bonnefoy, David‑Maria Sassoli, Sergei Stanishev, Marc Tarabella, Marita Ulvskog,

VERTS/ALE

Michael Cramer, Pascal Durand, Keith Taylor

0

-

 

 

2

0

ECR

Jacqueline Foster, Peter Lundgren

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 22 Eanáir 2019Fógra dlíthiúil