Nós Imeachta : 2018/0138(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0015/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0015/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 13/02/2019 - 16.7

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0109

TUARASCÁIL     ***I
PDF 288kWORD 127k
14.1.2019
PE 627.834v02-00 A8-0015/2019

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích

(COM (2018) 0277 – C8-0192/2018 – 2018/0138 (COD))

An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht

Rapóirtéir: Dominique Riquet

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach
 AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
 TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích

(COM(2018)0277 – C8-0192/2018 – 2018/0138(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiúin chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0277),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0192/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Seanad na Seicia, Bundestag na Gearmáine, Dáil Éireann agus Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachtaina n-áitítear nach bhfuil prionsabal na coimhdeachta á chomhlíonadh sa dréachtghníomh reachtach,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A8-0015/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle22 creat coiteann maidir le gréasáin idir-inoibritheacha, úrscothacha a chruthú ar mhaithe le forbairt an mhargaidh inmheánaigh. Struchtúr dhá shraith atá ag na gréasáin thras-Eorpacha iompair (TEN-T): áirithítear leis an ngréasán cuimsitheach nascacht idir réigiúin uile an Aontais agus is éard atá sa chroíghréasán na gnéithe sin den ghréasán ar mó a dtábhacht straitéiseach don Aontas. I Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, sainítear spriocanna ceangailteacha maidir leis an gcur chun feidhme: tá an croíghréasán le bheith tugtha chun críche faoi 2030 agus an gréasán cuimsitheach faoi 2050.

(1)  Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle22 creat coiteann maidir le gréasáin idir-inoibritheacha, de dhá shraith, san Aontas, a bheadh faoi réir na saoránach, a chruthú ar mhaithe le forbairt an mhargaidh inmheánaigh agus le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach an Aontais. Struchtúr dhá shraith atá ag na gréasáin thras-Eorpacha iompair (TEN-T): is éard atá sa chroíghréasán ná na gnéithe sin den ghréasán ar mó a dtábhacht straitéiseach don Aontas, agus leis an ngréasán cuimsitheach áirithítear nascacht idir réigiúin uile an Aontais. Ba cheart don chroíghréasán feidhmiú mar luasaire trasteorann, ilmhódach i gcomhair limistéar iompair agus soghluaisteachta Eorpach aonair. I Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, sainítear spriocanna ceangailteacha maidir leis an gcur chun feidhme: tá an croíghréasán le bheith tugtha chun críche faoi 2030 agus an gréasán cuimsitheach faoi 2050. De bhreis air sin, i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 dírítear ar naisc thrasteorann lena bhfeabhsófar idir-inoibritheacht idir na modhanna iompair difriúla agus lena rannchuideofar le comhtháthú ilmhódach iompar an Aontais, agus ba cheart a chur san áireamh ann freisin dinimic na forbartha in earnáil an iompair agus i dteicneolaíochtaí nua amach anseo.

__________________

__________________

22 Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

22 Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  D'ainneoin an ghá atá ann agus na n-amlínte ceangailteacha, is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo, i gcás a lán infheistíochtaí a bhfuil sé ina chuspóir leo TEN-T a thabhairt chun críche, go mbíonn nósanna imeachta casta le sárú acu maidir le deonú ceadanna, soláthar trasteorann agus eile. Fágann sin go mbíonn an baol ann nach gcuirfear tionscadail chun feidhme in am agus is minic moilleanna suntasacha agus ardú costais ann dá bharr sin. D'fhonn dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus ionas go bhféadfar TEN-T a thabhairt chun críche ar shlí shioncrónaithe, tá gá le gníomhaíocht chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais.

(2)  D’ainneoin an ghá atá ann agus na n-amlínte ceangailteacha, is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo, i gcás a lán infheistíochtaí a bhfuil sé ina chuspóir leo TEN-T a thabhairt chun críche, go mbíonn roinnt nósanna imeachta malla, neamhléire agus casta le sárú acu maidir le deonú ceadanna, soláthar trasteorann agus eile. Fágann sé sin go mbíonn an baol ann nach gcuirfear tionscadail chun feidhme in am, gur minic moilleanna suntasacha agus ardú costais a bheith ann, go gcúisítear neamhchinnteacht do thionscnóirí tionscadail agus d’infheisteoirí príobháideacha ionchasacha, agus go bhféadfadh sé fiú go n-éireofaí as tionscadail i lár an phróisis. I bhfianaise na gcúinsí sin, chun TEN-T chríochnú ar shlí shioncrónaithe faoin spriocdháta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEopra agus ón gComhairle, tá gníomhaíocht chomhchuibhithe ag teastáil ar leibhéal an Aontais. De bhreis air sin, ba cheart do na Ballstáit a bpleananna bonneagair náisiúnta a chinneadh i gcomhréir le cuspóirí TEN-T.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le tionscadail de chuid an Aontais arna sainaithint mar thionscadail leasa choitinn faoi Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, a bhaineann le croíghréasán an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair. Is féidir le Ballstát a chinneadh freisin an raon feidhme a leathnú amach chun an gréasán cuimsitheach a chuimsiú.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Faoi chuimsiú creat dlíthiúil cuid mhaith de na Ballstáit, tugtar tosaíocht do chatagóirí áirithe tionscadal ar bhonn a dtábhachta straitéisí don gheilleagar. Saintréithe de chuid na tosaíochta sin is ea amchláir níos giorra, nósanna imeachta comhuaineacha nó tréimhsí teoranta ama le haghaidh achomharc, agus é á áirithiú go mbaintear amach cuspóirí na mbeartas cothrománach eile freisin. Sa chás ina bhfuil foráil déanta maidir leis sin faoi chuimsiú creat dlíthiúil náisiúnta, ba cheart feidhm a bheith aige go huathoibríoch i leith tionscadail de chuid an Aontais arna sainaithint mar thionscadail leasa choitinn faoi Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.

(3)  I gcórais dlí cuid mhaith de na Ballstáit, tugtar tosaíocht do chatagóirí áirithe tionscadal ar bhonn a dtábhachta straitéisí don Aontas. Saintréithe de chuid na tosaíochta sin is ea amchláir níos giorra, nósanna imeachta comhuaineacha agus/nó simplithe nó tréimhsí teoranta ama chun an nós imeachta um cheadú a chur i gcrích nó le haghaidh achomharc, agus é á áirithiú go mbaintear amach cuspóirí na mbeartas cothrománach eile freisin. I gcás inar ann sa chreat dlíthiúil náisiúnta do rialacha den chineál sin faoi thús áite a thabhairt, ba cheart feidhm a bheith acu go huathoibríoch i leith tionscadail de chuid an Aontais arna sainaithint mar thionscadail leasa choitinn faoi Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013. Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil rialacha den chineál sin faoi thús áite a thabhairt acu rialacha den chineál sin a ghlacadh.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  D’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht na measúnuithe comhshaoil agus cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas cinnteoireachta, i gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh i ndáil le saincheisteanna comhshaoil tionscadal croíghréasáin go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE, agus as reachtaíocht eile de chuid an Aontais amhail Treoir 92/43/CEE, Treoir 2009/147/CE, Treoir 2000/60/CE, Treoir 2008/98/CE, Treoir 2010/75/AE, Treoir 2012/18/AE agus Treoir 2011/42/CE, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar foráil maidir le nós imeachta comhpháirteach lena gcomhlíontar ceanglais na dTreoracha sin.

(4)  D’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht na measúnuithe comhshaoil agus cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas cinnteoireachta, i gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh i ndáil le saincheisteanna comhshaoil tionscadal croíghréasáin go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE, agus as reachtaíocht eile de chuid an Aontais amhail Treoir 92/43/CEE, Treoir 2009/147/CE, Treoir 2000/60/CE, Treoir 2008/98/CE, Treoir 2010/75/AE, Treoir 2012/18/AE agus Treoir 2011/42/CE, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar foráil maidir le nós imeachta comhpháirteach lena gcomhlíontar ceanglais na dTreoracha sin. Thairis sin, le measúnú luath a dhéanamh ar scóip na dtionchar comhshaoil agus plé luath a dhéanamh leis an údarás inniúil faoi ábhar na measúnuithe comhshaoil d’fhéadfaí na moilleanna a laghdú le linn chéim an cheadaithe agus feabhas ginearálta a chur ar cháilíocht na measúnuithe.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)  I bhfianaise an líon mór measúnuithe comhshaoil a eascraíonn ó Threoracha Eorpacha éagsúla agus ó dhlíthe náisiúnta atá riachtanach do dheonú ceadanna ar thionscadail leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán TEN-T, ba cheart don Aontas nós imeachta coiteann, simplithe agus lárnaithe a chur ar bun lena gcomhlíonfaí ceanglais na dTreoracha sin chun rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo arb é is aidhm leo ná an cuíchóiriú a dhéantar ar bhearta a mhéadú.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  Ba cheart nósanna imeachta comhtháite um dheonú ceadanna a bheith ann chun tacú le tionscadail chroíghréasán ionas gur féidir bainistíocht shoiléir a dhéanamh ar an nós imeachta foriomlán agus chun pointe iontrála aonair a sholáthar d'infheisteoirí. Ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil a ainmniú i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus lena gcórais riaracháin.

(5)  Ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil aonair a ainmniú i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus lena gcórais riaracháin ionas go mbainfeadh na tionscadail a bhaineann leis an gcroíghréasán tairbhe as comhtháthú na nósanna imeachta deonaithe ceadanna agus as pointe teagmhála aonair a bheith ann d’infheisteoirí, rud a éascódh bainistiú soiléir agus éifeachtach ar an nós imeachta cuimsitheach. I gcás inar gá, is féidir leis an údarás inniúil aonair a fhreagrachtaí, a oibleagáidí agus a chúraimí a tharmligean chuig údarás eile ar an leibhéal iomchuí réigiúnach, áitiúil nó ar leibhéal riaracháin eile.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Ach údarás inniúil aonair a bhunú ar an leibhéal náisiúnta a dhéanfaidh comhtháthú ar na nósanna imeachta go léir um dheonú ceadanna (ionad ilfhreastail), ba cheart go laghdófaí castacht na nósanna imeachta, go bhfeabhsófaí a n-éifeachtúlacht agus go gcuirfí lena dtrédhearcacht. Ina theannta sin, ba cheart go bhfeabhsódh sé an comhar idir na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Ba cheart go gcuirfeadh na nósanna imeachta chun cinn comhar ceart idir infheisteoirí agus an t-údarás inniúil aonair agus dá bhrí sin go bhfágfaidís gur féidir an scóip a mheas sa chéim réamhiarratais den nós imeachta deonaithe ceadanna. Ba cheart an staidéar scóipe sin a chomhtháthú sa chur síos mionsonraithe ar an iarratas agus ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Threoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE.

(6)  Ach údarás inniúil aonair a bhunú ar an leibhéal náisiúnta a dhéanfadh comhtháthú ar na nósanna imeachta go léir um dheonú ceadanna (ionad ilfhreastail), ba cheart go laghdófaí castacht na nósanna imeachta, go bhfeabhsófaí a n-éifeachtúlacht agus a gcomhordú agus go gcuirfí lena dtrédhearcacht agus lena luas agus le luas ghlacadh na gcinntí. Ina theannta sin, ba cheart go bhfeabhsódh sé an comhar idir na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Ba cheart go gcuirfeadh na nósanna imeachta chun cinn comhar ceart idir infheisteoirí agus an t-údarás inniúil aonair agus dá bhrí sin go bhfágfaidís gur féidir an scóip a mheas sa chéim réamhiarratais den nós imeachta deonaithe ceadanna. Ba cheart an staidéar scóipe sin a chomhtháthú sa chur síos mionsonraithe ar an iarratas agus ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Threoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)  I gcás ina meastar tionscadail leasa choitinn mar thionscadail tosaíochta an Aontais, d’fhéadfaí comhúdarás inniúil a bhunú arna chomhaontú ag údaráis inniúla aonair ó dhá cheann nó níos mó de na Ballstáit nó ag na Ballstáit agus tríú tíortha, chun na dualgais arna n-eascairt ón Rialachán seo a chomhlíonadh.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  I bhfianaise na práinne a bhaineann le tabhairt chun críche chroíghréasán TEN-T, ba cheart teorainn ama a bheith ag gabháil leis an simpliú ar na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, faoinar cheart do na húdaráis inniúla atá freagrach cinneadh cuimsitheach a dhéanamh maidir le tógáil an tionscadail. Ba cheart don teorainn ama sin láimhseáil níos éifeachtúla ar nósanna imeachta a spreagadh, agus níor cheart di, ar chúinse ar bith, an bonn a bhaint d'ardchaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí.

(8)  I bhfianaise na práinne a bhaineann le tabhairt chun críche chroíghréasán TEN-T faoi 2030, ba cheart teorainn ama a bheith ag gabháil leis an simpliú ar na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, faoinar cheart do na húdaráis inniúla atá freagrach cinneadh cuimsitheach a dhéanamh maidir le tógáil an tionscadail. Ba cheart don teorainn ama sin láimhseáil níos éifeachtúla ar nósanna imeachta a áirithiú, agus níor cheart di, ar chúinse ar bith, an bonn a bhaint d'ardchaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail i dtéarmaí na gcritéar aibíochta i dtaca le roghnú tionscadal arna mbunú ag an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa Ba cheart comhlíonadh na spriocdhátaí a leagtar síos sa Rialachán seo a chur san áireamh agus na meastóireachtaí sin á gcur i gcrích.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)  Baineann dúshláin ar leith le tionscadail bhonneagair trasteorann TEN-T maidir le comhordú na nósanna imeachta deonaithe ceadanna. Ba cheart cumhacht a thabhairt do na Comhordaitheoirí Eorpacha chun faireachán a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin agus chun sioncrónú agus tabhairt chun críche na nósanna imeachta a éascú.

(10)  Baineann dúshláin ar leith le tionscadail bhonneagair trasteorann TEN-T maidir le comhordú na nósanna imeachta deonaithe ceadanna. Ba cheart cumhacht a thabhairt do na Comhordaitheoirí Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 chun faireachán a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin agus chun sioncrónú agus tabhairt chun críche na nósanna imeachta a éascú chun comhlíonadh na spriocdhátaí a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Ní bhíonn baint chórasach ag an gCoimisiún le húdarú tionscadal aonair. I gcásanna áirithe, áfach, bíonn gnéithe áirithe d'ullmhú tionscadail faoi réir imréiteach ar leibhéal an Aontais. I gcás ina bhfuil an Coimisiún páirteach sna nósanna imeachta, tabharfaidh sé tosaíocht do thionscadail leasa choitinn de chuid an Aontais agus áiritheoidh sé cinnteacht do thionscnóirí tionscadail. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh gá a bheith le formheas Státchabhrach. I gcomhréir leis an gCód Dea-Chleachtais maidir le seoladh nósanna imeachta i dtaobh rialú Státchabhrach, féadfaidh Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún déileáil le tionscadail leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán TEN-T a mheasann siad ar cinn tosaíochta iad lena mbaineann amlínte níos intuartha faoi réir an chur chuige um punann cásanna nó pleanáil arna comhaontú go frithpháirteach.

(12)  Ní bhíonn baint chórasach ag an gCoimisiún le húdarú tionscadal aonair. I gcásanna áirithe, áfach, bíonn gnéithe áirithe d’ullmhú tionscadail faoi réir imréiteach ar leibhéal an Aontais. I gcás ina bhfuil an Coimisiún páirteach sna nósanna imeachta, tabharfaidh sé tosaíocht do thionscadail leasa choitinn de chuid an Aontais agus áiritheoidh sé cinnteacht do thionscnóirí tionscadail. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh gá a bheith le formheas Státchabhrach. Gan dochar do na spriocdhátaí a leagtar síos sa Rialachán seo agus i gcomhréir leis an gCód Dea-Chleachtais maidir le seoladh nósanna imeachta i dtaobh rialú Státchabhrach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún déileáil le tionscadail leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán TEN-T a mheasann siad ar cinn tosaíochta iad le hamlínte níos intuartha faoi réir an chur chuige um punann cásanna nó na pleanála arna comhaontú go frithpháirteach.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Ba cheart tacú le cur chun feidhme tionscadail bhonneagair a bhaineann le croíghréasán TEN-T freisin le treoirlínte ón gCoimisiún lena soláthraítear soiléireacht bhreise i dtaobh cur chun feidhme cineálacha áirithe tionscadal agus urraim á thabhairt d’acquis an Aontais an tráth céanna. Mar shampla, sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar23 déantar foráil maidir le treoirlínte den sórt sin chun soiléireacht bhreise a sholáthar i dtaobh urramú na Treorach maidir le hÉin agus na Treorach maidir le Gnáthóga. Ba cheart tacaíocht dhíreach a bhaineann le soláthar poiblí a chur ar fáil i leith tionscadail leasa choitinn lena áirithiú go mbainfear an luach is fearr as airgead poiblí24. Ina theannta sin, ba cheart cúnamh teicniúil iomchuí a chur ar fáil faoi na sásraí a forbraíodh i gcomhair an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, d'fhonn tacaíocht airgeadais a sholáthar do thionscadail leasa choitinn TEN-T.

(13)  Ba cheart tacú le cur chun feidhme tionscadail bhonneagair a bhaineann le croíghréasán TEN-T freisin le treoirlínte ón gCoimisiún lena soláthraítear soiléireacht bhreise i dtaobh cur chun feidhme cineálacha áirithe tionscadal agus urraim á tabhairt d’acquis an Aontais an tráth céanna Mar shampla, sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar23 déantar foráil maidir le treoirlínte den sórt sin chun soiléireacht bhreise a sholáthar i dtaobh urramú na Treorach maidir le hÉin agus na Treorach maidir le Gnáthóga. Ba cheart tacaíocht dhíreach a bhaineann le soláthar poiblí a chur ar fáil i leith tionscadail leasa choitinn lena áirithiú go n-íoslaghdófaí costais sheachtracha agus go mbainfí an luach is fearr as airgead poiblí24. Ina theannta sin, ba cheart cúnamh teicniúil iomchuí a chur ar fáil faoi na sásraí a forbraíodh i gcomhair an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, d’fhonn tacaíocht airgeadais a sholáthar do thionscadail leasa choitinn TEN-T.

__________________

__________________

23 COM(2017) 198 final.

23 COM(2017) 198 final.

24 COM(2017) 573 final

24 COM(2017) 573 final

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, níor cheart na nósanna imeachta riaracháin ar cuireadh tús leo roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo.

(15)  Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, níor cheart na nósanna imeachta riaracháin ar cuireadh tús leo roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, ach amháin má chinntear a mhalairt le comhaontú uathu siúd lena mbaineann.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leis an Rialachán seo, leagtar amach na ceanglais is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta riaracháin a leanann údaráis inniúla na mBallstát i ndáil le húdarú agus le cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn go léir a bhaineann le croíghréasán an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair.

Leis an Rialachán seo, leagtar amach na ceanglais is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta riaracháin a leanann údaráis inniúla na mBallstát i ndáil le húdarú agus le cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn go léir a bhaineann le croíghréasán an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, lena n-áirítear na tionscadail réamhroghnaithe a liostaítear i gCuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán lena bhunaítear ‘an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa’ 2021-2027.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cur i bhfeidhm fhorálacha uile an Rialacháin seo a leathnú amach, mar bhloc, chun tionscadail leasa choitinn maidir leis an ngréasán cuimsitheach den ghréasán tras-Eorpach iompair a chuimsiú.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  ciallaíonn "cinneadh cuimsitheach" an cinneadh nó an bailiúchán cinntí a ghlacann údarás nó údaráis de chuid Ballstáit, gan cúirteanna ná binsí san áireamh, lena gcinntear cibé acu atá nó nach bhfuil údarú le deonú do thionscnóir tionscadail chun an bonneagar iompair a thógáil is gá chun tionscadal a thabhairt chun críche, gan dochar d’aon chinneadh a ghlacfar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin;

(a)  ciallaíonn "cinneadh cuimsitheach" an cinneadh nó an bailiúchán cinntí a ghlacann údarás inniúil aonair Ballstáit, agus i gcás inarb infheidhme, an comhúdarás inniúil, ach gan cúirteanna ná binsí a bheith san áireamh, lena gcinntear cibé acu atá nó nach bhfuil údarú le deonú do thionscnóir tionscadail chun an bonneagar iompair a thógáil is gá chun tionscadal a thabhairt chun críche, gan dochar d’aon chinneadh a ghlacfar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin;

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  ciallaíonn "nósanna imeachta deonaithe ceadanna" gach nós imeachta nach mór a leanúint nó gach beart nach mór a dhéanamh os comhair údaráis Bhallstáit, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, sular féidir leis an tionscnóir tionscadail an tionscadal a chur chun feidhme;

(b)  ciallaíonn "nósanna imeachta deonaithe ceadanna" gach nós imeachta nach mór a leanúint nó gach beart nach mór a dhéanamh os comhair údaráis inniúla Bhallstáit, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, sular féidir leis an tionscnóir tionscadail an tionscadal a chur chun feidhme agus a thosóidh ón dáta a shíneoidh údarás inniúil aonair an Bhallstáit an fógra faoin gcomhad a ghlacadh;

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  ciallaíonn "tionscnóir tionscadail" an t-iarratasóir ar údarú le haghaidh tionscadal príobháideach nó an t-údarás poiblí a dhéanann tionscadal a thionscnamh;

(c)  ciallaíonn “tionscnóir tionscadail” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach poiblí ní príobháideach a chuireann iarratas isteach ar údarú chun tionscadal a thionscnamh;

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  ciallaíonn "údarás inniúil aonair" an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát mar údarás atá freagrach as comhlíonadh na ndualgas a eascróidh as an Rialachán seo;

(d)  ciallaíonn "údarás inniúil aonair" an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, mar údarás atá freagrach as comhlíonadh na ndualgas a eascróidh as an Rialachán seo;

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)  ciallaíonn “comhúdarás inniúil” údarás arna bhunú trí chomhaontú frithpháirteach idir an t-údarás inniúil aonair ó dhá Bhallstát nó níos mó nó ó Bhallstát amháin nó níos mó agus ó thríú tír amháin nó níos mó, atá i bhfeighil éascú na nósanna imeachta um dheonú ceadanna maidir le tionscadail trasteorann leasa choitinn.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Beidh gach tionscadal leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán TEN-T faoi réir nós imeachta comhtháite um dheonú ceadanna arna bhainistiú ag údarás inniúil aonair arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 6.

1.  Beidh gach tionscadal leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán TEN-T, lena n-áirítear na codanna réamhroghnaithe i gCuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán lena bhunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, faoi réir nós imeachta comhtháite um dheonú ceadanna arna bhainistiú ag údarás inniúil aonair arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 6.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Chun nósanna imeachta riaracháin éifeachtúla a áirithiú maidir le tionscadail leasa choitinn, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus gach údarás lena mbaineann go ndéanfar na tionscadail sin a láimhseáil chomh gasta is féidir ó thaobh an dlí de, lena n-áirítear maidir le leithdháileadh na n-acmhainní.

3.  Chun nósanna imeachta riaracháin éifeachtúla agus éifeachtacha a áirithiú maidir le tionscadail leasa choitinn, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus gach údarás lena mbaineann go ndéanfar na tionscadail sin a láimhseáil chomh gasta is féidir ó thaobh an dlí de, lena n-áirítear maidir le meastóireacht ar critéir aibíochta i dtaca le roghnú tionscadal agus ar leithdháileadh na n-acmhainní.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  D’fhonn cloí leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 6 agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a thabhairt chun críche, déanfar comhtháthú ar na nósanna imeachta riaracháin go léir a eascraíonn as an dlí is infheidhme, idir an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais, agus ní bheidh ach aon chinneadh cuimsitheach amháin ina thoradh orthu.

1.  D’fhonn cloí leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 6 agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a thabhairt chun críche, déanfar comhtháthú ar na nósanna imeachta deonaithe ceadanna go léir a eascraíonn as an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na measúnuithe comhshaoil ábhartha, ar leibhéal an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais araon, agus ní bheidh ach aon chinneadh cuimsitheach amháin ina thoradh orthu, gan dochar do thrédhearcacht, rannpháirtíocht an phobail, ná do cheanglais chomhshaoil agus sábháilteachta faoi dhlí aon Aontais.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  I gcás tionscadail leasa choitinn lena mbaineann an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol, ar oibleagáid í a eascraíonn go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus as dlí eile de chuid an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil maidir le nósanna imeachta comhpháirteacha de réir bhrí Airteagal 2(3) de Threoir 2011/92/AE.

2.  Gan dochar do na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás tionscadail leasa choitinn lena mbaineann an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol, ar oibleagáid í a eascraíonn go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus as dlí eile de chuid an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil maidir le nósanna imeachta comhpháirteacha de réir bhrí Airteagal 2(3) de Threoir 2011/92/AE.

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Faoin…. (OP cuir isteach an dáta ar a mbeidh bliain caite ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo le do thoil), ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil aonair amháin a bheidh freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna a éascú lena n-áirítear freagracht as an gcinneadh cuimsitheach a dhéanamh.

1.  Faoi…. [bliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus i gcás ar bith nach déanaí ná 31 Nollaig 2020, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil aonair amháin a bheidh freagrach as na nósanna imeachta deonaithe ceadanna is gá chun an cinneadh cuimsitheach a dhéanamh a éascú, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfar freagracht an údaráis inniúil aonair dá dtagraítear i mír 1 agus/nó na cúraimí a bhaineann léi a tharmligean chuig údarás eile ar an leibhéal iomchuí riaracháin nó féadfaidh údarás eile na cúraimí sin a thabhairt chun críche, do gach tionscadal leasa choitinn ar leith nó gach catagóir tionscadal leasa choitinn ar leith, faoi na coinníollacha seo a leanas:

Ar thionscnamh ón an údarás inniúil aonairféadfar a fhreagrachtaí, a oibleagáidí agus/nó na cúraimí a bhaineann léi, amhail dá dtagraítear i mír 1, le comhaontú ón mBallstát, a tharmligean chuig údarás eile ar an leibhéal iomchuí réigiúnach, áitiúil nó ar leibhéal riaracháin eile agus féadfaidh an t-údarás eile sin na cúraimí sin a thabhairt chun críche, do gach tionscadal leasa choitinn ar leith nó gach catagóir tionscadal leasa choitinn ar leith, cé is moite de chinneadh cuimsitheach dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a dhéanamh, faoi na coinníollacha seo a leanas:

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  nach bhfuil ach údarás amháin freagrach as aon tionscadal leasa choitinn amháin;

(a)  nach bhfuil ach údarás inniúil amháin freagrach as aon tionscadal leasa choitinn amháin;

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  gurb é an t-údarás sin an t-aon phointe teagmhála atá ag an tionscnóir tionscadail sa nós imeachta as a n-eascraíonn an cinneadh cuimsitheach i leith tionscadal leasa choitinn áirithe, agus

(b)  gurb é an t-údarás inniúil sin an t-aon phointe teagmhála atá ag an tionscnóir tionscadail sa nós imeachta as a n-eascraíonn an cinneadh cuimsitheach i leith tionscadal leasa choitinn áirithe, agus

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  go gcomhordaíonn an t-údarás cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha ar fad.

(c)  go gcomhordaíonn an t-údarás inniúil cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha ar fad.

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is é an cinneadh cuimsitheach a eiseoidh an t-údarás inniúil an t-aon chinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de a thig ón nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna. I gcás ina mbaineann údaráis eile leis an tionscadal, is féidir leo a dtuairim a thabhairt i ndáil leis an nós imeachta, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Cuirfidh an t-údarás inniúil aonair an tuairim sin san áireamh.

Is é an cinneadh cuimsitheach a eiseoidh an t-údarás inniúil an t-aon chinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de a thig ón nós imeachta deonaithe ceadanna. Gan dochar do na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás ina mbaineann údaráis eile leis an tionscadal, is féidir leo a dtuairim a thabhairt i ndáil leis an nós imeachta, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Ceanglaítear ar an údarás inniúil aonair na tuairimí sin a chur san áireamh, go háirithe má bhaineann siad leis na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTreoir 92/43/CEE.

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Agus an cinneadh cuimsitheach á dhéanamh aige, áiritheoidh an t-údarás inniúil aonair go n-urramófar na ceanglais ábhartha faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais agus tabharfaidh sé údar cuí leis an gcinneadh.

4.  Agus an cinneadh cuimsitheach á dhéanamh aige, áiritheoidh an t-údarás inniúil aonair go n-urramófar na ceanglais ábhartha faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais agus tabharfaidh sé údar cuí leis an gcinneadh ar bhonn na bhforálacha dlí is infheidhme.

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   cheanglaítear le tionscadal leasa choitinn gur gá cinntí a dhéanamh in dhá Bhallstát nó níos mó, déanfaidh na húdaráis inniúla faoi seach gach beart is gá chun comhar agus comhordú éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú eatarthu féin. Gan dochar d'oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, féachfaidh na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta comhpháirteacha, go háirithe maidir le measúnú ar thionchair chomhshaoil.

5.  I gcás ina gceanglaítear le tionscadal leasa choitinn gur gá cinntí a dhéanamh in dhá Bhallstát nó níos mó, nó i mBallstát amháin nó níos mó agus i dtríú tír amháin nó níos mó, déanfaidh na húdaráis inniúla faoi seach gach beart is gá chun comhar agus comhordú éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú eatarthu féin, nó féadfaidh siad comhúdarás inniúil a bhunú, gan dochar do na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 6, a bheadh i bhfeighil ar an nós imeachta deonaithe ceadanna a éascú. Gan dochar d’oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, féachfaidh na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta comhpháirteacha, go háirithe maidir le measúnú ar thionchair chomhshaoil.

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.  Chun cur chun feidhme éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, agus go háirithe Airteagal 6(a) de, déanfaidh an t-údarás inniúil aonair dáta tosaithe an nós imeachta deonaithe ceadanna agus an cinneadh cuimsitheach, mar a leagtar amach in Airteagal 6, a chur in iúl don Choimisiún.

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  I bprionsabal, ní bheidh níos mó ná dhá bhliain i gceist leis an gcéim réamhiarratais, ó thús an nós imeachta deonaithe ceadanna go dtí cur isteach an chomhaid iarratais iomláin chuig an údarás inniúil aonair.

2.  I bprionsabal, ní bheidh níos mó ná 18 mí i gceist leis an gcéim réamhiarratais, ó thús an nós imeachta deonaithe ceadanna go dtí cur isteach an chomhaid iarratais iomláin chuig an údarás inniúil aonair.

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Chun tús a chur leis an nós imeachta deonaithe ceadanna, tabharfaidh an tionscnóir tionscadail fógra faoin tionscadal i scríbhinn d’údarás inniúil aonair na mBallstát lena mbaineann, agus áireofar ann cur síos mionsonraithe ar an tionscadal. Tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dó an fógra thuasluaite a fháil, admhóidh an t-údarás inniúil é, nó, má mheasann sé nach bhfuil an tionscadal sách forbartha le dul isteach sa nós imeachta deonaithe ceadanna, diúltóidh sé don fhógra i scríbhinn. Má chinneann an t-údarás inniúil aonair diúltú don fhógra, tabharfaidh sé údar leis an gcinneadh. Is é an dáta ar a síníonn an t-údarás inniúil admháil an fhógra dáta tosaigh an nós imeachta deonaithe ceadanna. Más rud é go bhfuil dhá Bhallstát nó níos mó i gceist, is é an dáta ar a nglacann an t-údarás inniúil lena mbaineann leis an bhfógra deiridh dáta tosaigh an nós imeachta deonaithe ceadanna.

3.  Chun tús a chur leis an nós imeachta deonaithe ceadanna, tabharfaidh an tionscnóir tionscadail fógra faoin tionscadal i scríbhinn d’údarás inniúil aonair na mBallstát lena mbaineann, nó, i gcás inarb iomchuí, don chomhúdarás inniúil, agus áireofar ann cur síos mionsonraithe ar an tionscadal. Tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dó an fógra thuasluaite a fháil, glacfaidh an t-údarás inniúil leis, nó, má mheasann sé nach bhfuil an tionscadal sách forbartha le dul isteach sa nós imeachta deonaithe ceadanna, diúltóidh sé don fhógra i scríbhinn. Má chinneann an t-údarás inniúil aonair diúltú don fhógra, tabharfaidh sé údar leis an gcinneadh. Is é an dáta ar a síníonn an t-údarás inniúil admháil an fhógra dáta tosaigh an nós imeachta deonaithe ceadanna. Más rud é go bhfuil dhá Bhallstát nó níos mó i gceist, is é an dáta ar a nglacann an t-údarás inniúil lena mbaineann leis an bhfógra deiridh dáta tosaigh an nós imeachta deonaithe ceadanna.

Leasú    37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Laistigh de thrí mhí ó thús an nós imeacht deonaithe ceadanna, déanfaidh an t-údarás inniúil aonair, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le húdaráis eile lena mbaineann, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag an tionscnóir tionscadal ar bhonn an fhógra dá dtagraítear i mír 3, cur síos mionsonraithe ar an iarratas a ullmhú agus a chur in iúl don tionscnóir tionscadail, ina mbeidh:

4.  Laistigh de dhá mhí ó thús an nós imeacht deonaithe ceadanna, déanfaidh an t-údarás inniúil aonair, nó i gcás inarb iomchuí, an comhúdarás inniúil, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le húdaráis eile lena mbaineann, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag an tionscnóir tionscadal ar bhonn an fhógra dá dtagraítear i mír 3, cur síos mionsonraithe ar an iarratas a ullmhú agus a chur in iúl don tionscnóir tionscadail, ina mbeidh:

Leasú    38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 – pointe -a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-a)  an t-údarás inniúil, ar an leibhéal riaracháin iomchuí, atá ina fheighil, i gcás tarmligean ón údarás inniúil aonair i gcomhréir le hAirteagal 5(2);

Leasú    39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 – pointe b – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)  na cinntí agus na tuairimí atá le fáil;

(i)  na cinntí, na ceadanna, na tuairimí agus na measúnuithe atá le fáil;

Leasú    40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 – pointe b – pointe ii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii)  na húdaráis, na páirtithe leasmhara agus an pobal ar dóigh dóibh a bheith i gceist;

(ii)  na húdaráis, na páirtithe leasmhara agus an pobal ar dóigh dóibh a bheith i gceist agus/nó ar dóigh go rachfar i gcomhairle leo;

Leasú    41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 – pointe b – pointe iv

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv)  garspriocanna móra atá le baint amach agus na spriocdhátaí a bhaineann leo i bhfianaise an chinnidh chuimsithigh atá le déanamh;

(iv)  garspriocanna móra atá le baint amach agus na spriocdhátaí a bhaineann leo i bhfianaise an chinnidh chuimsithigh atá le déanamh, agus an tráthchlár foriomlán atá beartaithe;

Leasú    42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.  Cuirfidh an tionscnóir tionscadail isteach an comhad iarratais ar bhonn an chur síos mionsonraithe ar an iarratas laistigh de 21 mhí ón gcur síos mionsonraithe sin ar an iarratas a fháil. Tar éis don tréimhse sin dul in éag, ní mheasfar go bhfuil an cur síos mionsonraithe ar an iarratas infheidhme a thuilleadh, mura rud é go gcinnfidh an t-údarás inniúil aonair síneadh a chur leis an tréimhse sin, ar bhonn iarraidh réasúnaithe ón tionscnóir tionscadail.

6.  Cuirfidh an tionscnóir tionscadail isteach an comhad iarratais ar bhonn an chur síos mionsonraithe ar an iarratas laistigh de 15 mhí ón gcur síos mionsonraithe sin ar an iarratas a fháil. Tar éis don tréimhse sin dul in éag, ní mheasfar go bhfuil an cur síos mionsonraithe ar an iarratas infheidhme a thuilleadh, mura rud é go gcinnfidh an t-údarás inniúil aonair, ar a thionscnamh féin, síneadh 6 mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin, ar bhonn iarraidh réasúnaithe ón tionscnóir tionscadail.

Leasú    43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.  Déanfaidh an t-údarás inniúil aonair measúnú ar an iarratas agus glacfaidh sé cinneadh cuimsitheach laistigh de thréimhse bliana amháin ón dáta a chuirtear isteach an comhad iarratais iomlán i gcomhréir le mír 7. Féadfaidh na Ballstáit teorainn ama níos luaithe a leagan síos, i gcás inarb iomchuí.

8.  Déanfaidh an t-údarás inniúil aonair measúnú ar an iarratas agus glacfaidh sé cinneadh cuimsitheach ceangailteach laistigh de thréimhse sé mhí ón dáta a chuirtear isteach an comhad iarratais iomlán i gcomhréir le mír 7, ach amháin má chineann an t-údarás inniúil aonair, ar a thionscnamh féin, síneadh trí mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin agus bunús a thabhairt lena chinneadh. Féadfaidh na Ballstáit teorainn ama níos luaithe a leagan síos, i gcás inarb iomchuí.

Leasú    44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 6 a

 

Nós imeachta deonaithe ceadanna agus cúnamh airgeadais ón Aontas

 

1.  I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6 den Rialachán seo, cuirfear san áireamh staid dhul chun cinn an tionscadail agus meastóireacht á déanamh ar thionscadail de réir critéir aibíochta i dtaca le roghnú tionscadal a leagtar amach in Airteagal 13 de Rialachán (AE) .../... [lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa].

 

2.  Beidh moilleanna a tharlaíonn maidir leis na céimeanna agus na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 6 ina n-údar imscrúdú ar staid dhul chun cinn an tionscadail agus athbhreithniú ar an gcúnamh airgeadais arna fháil ag an Aontas faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) .../... [CEF] agus d’fhéadfadh sé go mbeadh laghdú ar chúnamh airgeadais nó tarraingt siar cúnaimh airgeadais ina toradh air sin.

Leasú    45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás tionscadail a bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó leo, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a gcuid amchlár ar chomhréim agus comhaontóidh siad sceideal comhpháirteach.

1.  I gcás tionscadail a bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó leo nó ag Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó leo, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a gcuid amchlár ar chomhréim agus comhaontóidh siad sceideal comhpháirteach.

Leasú    46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Sna cásanna sin, chun an nós imeachta deonaithe ceadanna a éascú, féadfaidh údaráis inniúla aonair ó dhá Bhallstát nó níos mó nó ó Bhallstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó, trí chomhaontú frithpháirteach, comhúdarás inniúil a bhunú, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 5(5).

Leasú    47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Tabharfar de chumhacht don Chomhordaitheoir Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 súil ghéar a choinneáil ar an nós imeachta deonaithe ceadanna maidir le tionscadail trasteorann leasa choitinn agus an comhar idir na húdaráis inniúla lena mbaineann a éascú.

2.  Tabharfar de chumhacht don Chomhordaitheoir Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 súil a choinneáil ar an nós imeachta deonaithe ceadanna maidir le tionscadail trasteorann leasa choitinn agus teagmháil agus comhar a éascú idir na húdaráis inniúla lena mbaineann nó, i gcás inarb iomchuí, leis an gcomhúdarás inniúil.

Leasú    48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Gan dochar don oibleagáid na teorainneacha ama faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, mura ndéanfar an teorainn ama i leith an chinnidh chuimsithigh a urramú, cuirfidh an t-údarás inniúil an Comhordaitheoir Eorpach lena mbaineann ar an eolas láithreach faoi na bearta a glacadh nó a ghlacfar chun an nós imeachta deonaithe ceadanna a thabhairt chun críche a luaithe is féidir. Féadfaidh an Comhordaitheoir Eorpach a iarraidh ar an údarás inniúil tuairisc rialta a thabhairt ar an dul chun cinn atá á dhéanamh.

3.  Gan dochar don oibleagáid na teorainneacha ama faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, mura ndéanfar an teorainn ama i leith an chinnidh chuimsithigh a urramú, cuirfidh an t-údarás inniúil aonair an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, an Comhordaitheoir Eorpach lena mbaineann ar an eolas láithreach faoi na bearta a glacadh nó a ghlacfar chun an nós imeachta deonaithe ceadanna a thabhairt chun críche a luaithe is féidir. Féadfaidh an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, an Comhordaitheoir Eorpach a iarraidh ar an údarás inniúil aonair tuairisc rialta a thabhairt ar an dul chun cinn atá á dhéanamh.

Leasú    49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  I gcás ina bhfuil na nósanna imeachta soláthair á seoladh ag eintiteas comhpháirteach a chuir na Ballstáit rannpháirteacha ar bun, cuirfidh an t-eintiteas sin i bhfeidhm forálacha náisiúnta ceann de na Ballstáit sin agus, de mhaolú ar na Treoracha sin, is éard a bheidh sna forálacha sin na forálacha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 57(5) de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó pointe (a) d'Airteagal 39(5) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de réir mar is infheidhme, mura mbeidh comhaontú ann idir na Ballstáit rannpháirteacha lena bhforáiltear a mhalairt. Déanfar foráil i gcomhaontú den sórt sin, ar chaoi ar bith, go mbeidh feidhm ag aon reachtaíocht náisiúnta amháin i gcás na nósanna imeachta soláthair arna seoladh ag eintiteas comhpháirteach.

2.  I gcás ina bhfuil na nósanna imeachta soláthair á seoladh ag eintiteas comhpháirteach a chuir na Ballstáit rannpháirteacha ar bun, cuirfidh an t-eintiteas sin, i gcomhar lena fhochuideachtaí, i gcás inarb iomchuí, forálacha náisiúnta ceann de na Ballstáit sin i bhfeidhm agus, de mhaolú ar na Treoracha sin, is éard a bheidh sna forálacha sin na forálacha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 57(5) de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó pointe (a) d'Airteagal 39(5) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de réir mar is infheidhme, mura mbeidh comhaontú ann idir na Ballstáit rannpháirteacha lena bhforáiltear a mhalairt. Déanfar foráil i gcomhaontú den sórt sin, ar chaoi ar bith, go mbeidh feidhm ag aon reachtaíocht náisiúnta amháin maidir leis na nósanna imeachta soláthair arna seoladh ag eintiteas comhpháirteach agus, i gcás inarb iomchuí, ag a fhochuideachtaí, don tionscadal uile.

Leasú    50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Arna iarraidh sin do thionscnóir tionscadail nó do Bhallstát, i gcomhréir leis na cláir chistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais agus gan dochar don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil, cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil ar fáil do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus chun cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a éascú.

Arna iarraidh sin do thionscnóir tionscadail nó do Bhallstát, i gcomhréir leis na cláir chistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais agus gan dochar don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil, cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil, comhairleach agus airgeadais ar fáil do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus chun cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a éascú ag gach céim den phróiseas.

Leasú    51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

 

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6 agus Airteagal 7 in aon Bhallstát ar leith ón dáta a ainmneoidh an Ballstát sin an t-údarás inniúil aonair i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

 

Foilseoidh an Coimisiún fógra san Irish Oifigiúil nuair a bheidh na forálacha sin infheidhme i mBallstát.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá líonra bonneagair ar leibhéal AE, atá cothrom le dáta agus éifeachtúil, a nascfaidh na saoránaigh agus gnólachtaí agus a thacóidh leis an margadh aonair de dhíth ar an Aontas. Chun na críche sin, d’ainmnigh na hinstitiúidí Eorpacha na gréasáin thras-Eorpacha iompair (TEN-T), a áirithíonn gréasán cuimsitheach agus, thar aon rud eile, croíghréasán, atá ina chrann taca ag an Aontas. Tá tionscadail leasa choitinn mar chuid den ghréasán sin agus is iad is ábhar don Rialachán seo, agus cuireann siad breisluach Eorpach suntasach ar fáil.

Tá cur chun críche na ngréasán TEN-T ríthábhachtach maidir le fás eacnamaíoch marthanach inbhuanaithe a bhaint amach san Aontas agus a iomaíocht a áirithiú ag an am céanna, i bhfianaise na hiomaíochta domhanda a bheith ag méadú. Tá 2030 leagtha amach ag an Aontas agus na Ballstáit dóibh féin mar spriocdháta chun an croíghréasán a chur i gcrích. Meastar gur cheart go nginfí EUR 4 500 billiún breise nó 1.8% de OTI AE le cur i gcrích an chroíghréasáin amháin agus gur cheart go mbeadh sé ina chúis le 13 mhilliún bliain fostaíochta go dtí 2030.

CÚLRA AGUS INSPREAGADH AN RIALACHÁIN

Mura ndéanfar rud éigin le dlús a chur le cúrsaí, ní bhainfear amach spriocdháta 2030. Tá deacrachtaí móra ag gabháil do shuiteáil bhonneagar chroíghréasán TEN-T. Tá dhá chineál deacrachta ann.

–  Baineann an chéad cheann le cúrsaí airgeadais. I bhfianaise na srianta buiséadacha sna Ballstáit agus buiséad Eorpach an-srianta, ní mór infheistíochtaí ollmhóra a mhealladh isteach. Meastar gur infheistíocht thart ar EUR 500 billiún a theastóidh idir 2021 agus 2030 chun croíghréasán TEN-T a thabhairt chun críche, agus thart ar EUR 1 500 billiún má chuirtear san áireamh gréasán cuimsitheach TEN-T faoi 2050.

–  Baineann an dara ceann le cúrsaí rialála agus oibríochtúla. Tá sé i gceist leis an Rialachán seo na bacainní rialála a chruthaíonn deacrachtaí suntasacha do thionscnóirí tionscadail agus do thabhairt chun críche TEN-T a laghdú. Tugann an Rapóirtéir dá haire, go háirithe, le himeacht ama, go bhfuil an méadú ar chastacht agus líon na staidéar, measúnaithe agus comhairliúchán is gá do na tionscadail á dhéanamh níos deacra iad a chur chun feidhme. I gcás ollthionscadail bonneagair, mar shampla, bíonn ocht mbliana ann, ar an meán, idir an chéim ghiniúna agus comhad an chur chun feidhme a chur i gcrích. Le cur siar na spriocdhátaí, cúisítear neamhchinnteacht shuntasach do na hoibritheoirí, ardú géar ar chostas na staidéar agus ar chostas deireadh na hoibre, chomh maith le líon mór achomharc. Díspreagann na gnéithe sin ní hamháin na tionscnóirí tionscadail, ach a gcomhpháirtithe freisin, go háirithe a gcomhpháirithe airgeadais, mar gheall ar a nósanna imeachta agus torthaí a bheith fada agus neamhchinnte. Tá an scéal chomh géibheannach sin anois go bhféadfadh sé toirmeasc a chur ar thionscnóirí, agus go bhféadfadh sé go mbeadh roinnt tionscadal nach dtosóidh riamh ó tharla iad a bheith ró-neamhchinnte i bhfianaise chastacht na nósanna imeachta.

MOLTAÍ ARNA NDÉANAMH SA TUARASCÁIL

Is sa chomhthéacs sin a chuireann an Rapóirtéir fáilte roimh an togra seo le haghaidh rialacháin ón gCoimisiún, a bhfuil sé mar aidhm leis eagrúchán níos fearr agus giorrúchán a dhéanamh ar na nósanna imeachta maidir le húdarú agus le cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T). Ní chuirfidh an cuíchóiriú sin isteach ar chineál nó ar ábhar na bhfoirmiúlachtaí riaracháin nó rialála, ar rudaí iad atá faoi chúram na mBallstát i gcónaí, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Tugtar isteach forálacha leis an Rialachán, áfach, maidir le heagrúchán, spriocdhátaí, simpliú agus tabhairt isteach pointe teagmhála aonair agus é mar aidhm leo an neamhchinnteacht agus an costas a laghdú go mór.

  Spriocdhátaí

Mar sin, fáiltíonn an Rapóirtéir roimh thabhairt isteach spriocdhátaí soiléire agus sonracha ag gach céim den nós imeachta deonaithe ceadanna, agus tacaíonn sí leo. Ina theannta sin, tá uastréimhse don nós imeachta ina iomláine tugtha isteach freisin, agus an tréimhse seo laghdaithe go trí bliana ag an Rapóirtéir, rud ar feabhas suntasach é le hais mar atá faoi láthair.

  Údarás inniúil aonair

Cumhdaítear leis an gcuíchóiriú, bunú pointe teagmhála aonair do na tionscnóirí tionscadail i ngach Ballstát trí údarás inniúil aonair a ainmniú, a thabharfaidh faoi gach nós imeachta deonaithe ceadanna agus a bheidh ar an aon údarás amháin a dhéanfaidh an cinneadh cuimsitheach aonair. Cuireann an Rapóirtéir san áireamh, áfach, an deis do na Ballstáit an inniúlacht sin a tharmligean d’údarás eile dá mbeadh sé sin ag leibhéal níos oiriúnaí, fad is go gcloífí leis an bprionsabal go mbeadh údarás inniúil aonair agus pointe teagmhála aonair ann do na tionscnóirí.

  Tionscadail trasteorann

Maidir le nósanna imeachta um sholáthar poiblí do thionscadail trasteorann arna gcur chun feidhme ag eintiteas comhpháirteach idir Ballstáit, tá neartú déanta ag an Rapóirtéir ar thogra an Choimisiúin trí fhoráil a dhéanamh do dhlí aonair infheidhme a chumhdóidh an tionscadal uile don eintiteas comhpháirteach, lena n-áirítear a fhochuideachtaí.

  Tosaíocht a thabhairt

Cuireann an Rapóirtéir i dtreis freisin a thábhachtaí is atá tionscadail leasa choitinn (an t-aon chineál tionscadail dá dtagraítear sa Rialachán seo) agus a mbreisluach Eorpach suntasach maidir le spriocanna an Aontais a bhaint amach, agus an chóir tosaíochta ar cheart do na Ballstáit a thabhairt dóibh ina gcreataí dlí dá bhrí sin.

  Comhsheasmhacht le CEF

Sa bhreis air sin, tá foráil nua tugtha isteach ag an Rapóirtéir sa Rialachán lena gcuirtear san áireamh comhlíonadh na spriocdhátaí a leagtar síos sa Rialachán seo mar cheann de na critéir chun tionscadail arna gcur faoi bhráid an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) a roghnú.

Tá an rapóirtéir cinnte de gur féidir le Rialachán mar seo rannchuidiú go mór le cur chun críche éifeachtach na ngréasán TEN-T san Aontas trí mhoilleanna a laghdú, an leibhéal cinnteachta a mhéadú do thionscnóirí tionscadail agus infheisteoirí i rith na nósanna imeachta is gá, agus trí rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha a neartú in fine. Dá nglacfaí go pras leis an Rialachán, chuirfí ar chumas na dtionscadal leasa choitinn faoin gclár SCE II nua, a bheidh ag tosú in 2020, tairbhe a bhaint as, i measc nithe eile.


TUAIRIM ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (19.11.2018)

chuig an gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích

(COM(2018)0277 – C8‑0192/2018 – 2018/0138(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Demetris Papadakis

RÉASÚNÚ GEARR

Agus AE ag saothrú chun a bheith ar thús cadhnaíochta ar leibhéal domhanda i réimse na nuálaíochta, an digitithe agus an dícharbónaithe, ghlac an Coimisiún Eorpach trí ‘phacáiste soghluaisteachta’ reachtacha arb aidhm leo an t-iompar a dhéanamh níos sábháilte, níos inrochtana agus níos glaine, agus iomaíochas thionscail na hEorpa a áirithiú agus poist a chosaint. Tá an rialachán atá beartaithe maidir le bearta a chuíchóiriú chun cur i gcrích an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) a chur chun cinn le fáil sa tríú pacáiste soghluaisteachta dar teideal ‘An Eoraip ag Gluaiseacht’.

Is ríthábhachtach an t-iompar éifeachtúil, cliste agus inbhuanaithe d’fheidhmiú éifeachtach mhargadh inmheánach AE agus tá sé tábhachtach maidir le hiomaíochas a áirithiú, deiseanna nua gnó agus fostaíochta a chruthú, an comhshaol a chosaint agus an t-athrú aeráide a mhaolú trí shoghluaisteacht astaíochtaí ísle a chur chun cinn. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach dlús a chur faoi infheistíochtaí sa bhonneagar iompair a bhfuil breisluach AE suntasach acu, go háirithe trí TEN-T a fhorbairt.

Tá TEN-T comhdhéanta de dhá shraith phleanála: an gréasán cuimsitheach (lena gcuimsítear na réigiúin Eorpacha uile, ba chóir dó a bheith curtha chun feidhme faoi 2050) agus an croíghréasán (na naisc is tábhachtaí, ba chóir dó a bheith curtha chun feidhme faoi 2030).

Le cur chun feidhme ghréasán TEN-T, le béim ar leith ar naisc thrasteorann agus laistigh de na tréimhsí ama a leagadh síos, laghdófar scrogaill tráchta, tógfar ceangail atá ar lár - go háirithe i gcodanna trasteorann - agus cuirfear feabhas ar idir-inoibritheacht idir modhanna éagsúla iompair.

Mar sin féin, tá ábhair imní ann, de dheasca fadhbanna sainaitheanta a bhaineann le moilleanna agus éiginnteachtaí dlíthiúla, nach gcríochnófar croíghréasán TEN-T faoi 2030, arb é an sprioc-am a socraíodh é.

Is é is cuspóir foriomlán an togra ón gCoimisiún ná aghaidh a thabhairt ar na moilleanna agus ar an ardleibhéal éiginnteachta a chuireann isteach ar sheachadadh éifeachtach thionscadail TEN-T. Is iad na foinsí faidhbe a sainaithníodh ná:

(i)  Céimeanna agus údaráis éagsúla a bheith i gceist sna nósanna imeachta deonaithe ceadanna;

(ii)  Teorainneacha ama ar lár nó nach ndearnadh forfheidhmiú orthu;

(iii)  Nósanna imeachta éagsúla maidir le soláthar poiblí i gcás thionscadail trasteorann TEN-T;

(iv)  Dúshláin chomhordúcháin maidir le tionscadail trasteorann a sheachadadh;

(iv)  Éiginnteacht braite maidir le nósanna imeachta um Státchabhair.

Dá bhrí sin, dírítear sa togra ón gCoimisiún ar an méid seo a leanas:

-  Comhar breise a dhéanamh ar nósanna imeachta soláthair phoiblí i gcomhair tionscadal trasteorann,

-  Teorainneacha ama a shimpliú agus a leagan síos maidir le rialacha deonaithe ceadanna,

-  Doiciméid agus nósanna imeachta riaracháin a shimpliú i gcás na modhanna iompair go léir,

-  Moilleanna a thagann chun cinn i dtionscadail bhonneagair a laghdú,

-  Rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha a éascú,

-  Rialacha maidir le comhairliúcháin phoiblí a shoiléiriú.

Is ríthábhachtach gréasán TEN-T d’fhorbairt inbhuanaithe réigiúin na hEorpa. Leagann an Rapóirtéir béim ar an ngá atá lena áirithiú go gcuirfear san áireamh in TEN-T réigiúin fhorimeallacha agus oileáin, na réigiúin is forimeallaí agus réigiúin trasteorann máguaird. Dá bhrí sin, is uirlis thábhachtach san obair sin an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF).

Aithníonn an Rapóirtéir breisluach CEF i dtaca le TEN-T óir tá éifeacht ghiarála ann ar fhás inbhuanaithe agus ar phoist agus ar chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach chomh maith. Chun an tionchar ar chistiú AE a uasmhéadú, tacaíonn an Rapóirtéir leis an úsáid is fearr a bhaint as scéimeanna cistiúcháin phoiblí, agus i bhfianaise CEF agus Fís 2020 a bheith measctha leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus ionstraimí airgeadais eile.

Leagann an Rapóirtéir béim ar an ngá atá ann go ndéanfaidh an Coimisiún, na Comhordaitheoirí Eorpacha agus na geallsealbhóirí eile atá páirteach ann an tábhacht chéanna a thabhairt do thionscadail TEN-T mhóra agus bheaga agus do bhuntáistí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfaí a ghiniúint trí na tionscadail sin.

Mheas an Coimisiún Eorpach go mbeidh tuairim is €500 billiún d’infheistíochtaí ag teastáil idir 2021 agus 2030 chun croíghréasán TEN-T a sheachadadh, rud a chuideodh le 13 mhilliún post a chruthú in aghaidh na bliana go dtí 2030 agus 1.8% de OTI AE a ghiniúint mar ioncam breise.

De bhreis air sin, aithníonn an Rapóirtéir an tábhacht a bhaineann le cosaint a thabhairt do na gnéithe comhshaoil atá ceangailte le pleanáil agus cur chun feidhme TEN-T tríd an iompar astaíochtaí ísle a chur chun cinn agus trí chuspóirí a bhaint amach maidir le hastaíochtaí ísle gás ceaptha teasa. Ina theannta sin, ba cheart an chosaint chéanna a thabhairt do gach gné den tsláinte agus den fholláine shóisialta a bhaineann leis an iompar.

Tá cur chun feidhme éifeachtach thionscadail TEN-T ag brath freisin ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí ó chéim an-luath phleanáil an bhonneagair iompair agus ar chomhairliúcháin a eagrú leis an bpobal, leis an tsochaí shibhialta agus le húdaráis áitiúla ábhartha ar bhonn éifeachtúil agus tráthúil. Is féidir leis an idirphlé sóisialta agus sibhialta ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil cur go mór le glacadh an phobail le tionscadail bonneagair iompair, le hinchreidteacht a ghnóthú agus le coimhlintí a laghdú ag céimeanna níos déanaí an tionscadail.

Dearbhaíonn an Rapóirtéir, trína áirithiú go gcuirfidh an tionscadal ar bhonn éifeachtach leis an bhforbairt réigiúnach agus áitiúil, go dtiocfaidh feabhas go huathoibríoch ar na tuairimí maidir leis an tionscadal agus go méadófar atmaisféar an leasa choitinn agus a mhéad agus a bhraitear úinéireacht ar an leibhéal áitiúil.

Leagann an Rapóirtéir béim ar na buntáistí foriomlána do shaol laethúil shaoránaigh AE a bhainfidh le TEN-T a chur i gcrích. I dtaca leis sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit cinneadh maidir lena bpleananna bonneagair náisiúnta i gcomhréir le cuspóirí TEN-T d’fhonn dearcadh comhtháite a sholáthar lena gceadófar soghluaisteacht atá níos fearr agus níos mó do shaoránaigh uile AE - ar tosca ríthábhachtach í i gcuimsiú sóisialta agus cosaint an chomhshaoil.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach ar an gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Lua 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 171(2), Airteagal 172 de,

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle22 creat coiteann maidir le gréasáin idir-inoibritheacha, úrscothacha a chruthú ar mhaithe le forbairt an mhargaidh inmheánaigh. Struchtúr dhá shraith atá ag na gréasáin thras-Eorpacha iompair (TEN-T): áirithítear leis an ngréasán cuimsitheach nascacht idir réigiúin uile an Aontais agus is éard atá sa chroíghréasán na gnéithe sin den ghréasán ar mó a dtábhacht straitéiseach don Aontas. I Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, sainítear spriocanna ceangailteacha maidir leis an gcur chun feidhme: tá an croíghréasán le bheith tugtha chun críche faoi 2030 agus an gréasán cuimsitheach faoi 2050.

(1)  Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle22 creat coiteann maidir le gréasáin idir-inoibritheacha, úrscothacha a chruthú ar mhaithe le forbairt an mhargaidh inmheánaigh lenar cheart go n-áireofaí freisin dinimic forbartha na hearnála iompair agus na dteicneolaíochtaí nua sa todhchaí. Tá sé mar aidhm le pleanáil, forbairt agus oibriú na ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) soghluaiseacht chliste, shábháilte agus inbhuanaithe daoine agus earraí a fhorbairt, rud lena n-áiritheofaí inrochtaineacht agus nascacht do réigiúin uile an Aontais, lena n-áiritheofaí na réigiúin iargúlta, na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí, agus lena gcuideofaí le tuilleadh fás eacnamaíoch agus iomaíochais, agus iarracht á déanamh spriocanna comhshaoil, sóisialta agus forbartha inbhuanaithe a bhaint amach. Struchtúr dhá shraith atá ag na TEN-Tanna: áirithítear leis an ngréasán cuimsitheach nascacht idir réigiúin uile an Aontais agus is éard atá sa chroíghréasán ná na gnéithe sin den ghréasán ar mó a dtábhacht straitéiseach don Aontas. I Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, sainítear spriocanna ceangailteacha maidir leis an gcur chun feidhme: tá an croíghréasán le bheith tugtha chun críche faoi 2030 agus an gréasán cuimsitheach faoi 2050, agus é mar aidhm leo soghluaisteacht chliste, shábháilte agus inbhuanaithe a bhaint amach a thacóidh le forbairt agus nascacht idir limistéir uirbeacha, limistéir fho-uirbeacha agus limistéir thuaithe, agus tús áite á thabhairt d’forbairt eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta.

__________________

__________________

22 Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

22 Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  D'ainneoin an ghá atá ann agus na n-amlínte ceangailteacha, is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo, i gcás a lán infheistíochtaí a bhfuil sé ina chuspóir leo TEN-T a thabhairt chun críche, go mbíonn nósanna imeachta casta le sárú acu maidir le deonú ceadanna, soláthar trasteorann agus eile. Fágann sin go mbíonn an baol ann nach gcuirfear tionscadail chun feidhme in am agus is minic moilleanna suntasacha agus ardú costais ann dá bharr sin. Chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus ionas go bhféadfar TEN-T a thabhairt chun críche ar shlí shioncrónaithe, tá gá le gníomhaíocht chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais.

(2)  D'ainneoin an ghá atá ann agus na n-amlínte ceangailteacha, is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo, i gcás a lán infheistíochtaí a bhfuil sé ina chuspóir leo TEN-T a thabhairt chun críche, go mbíonn nósanna imeachta malla agus anásta le sárú acu maidir le deonú ceadanna agus soláthar trasteorann agus chomh maith le nósanna imeachta casta eile. Fágann sé sin go mbíonn an baol ann nach gcuirfear tionscadail chun feidhme in am agus is minic moilleanna suntasacha agus ardú costais ann dá bharr sin, chomh maith le héiginnteacht a bheith ann do thionscnóirí tionscadail agus infheisteoirí príobháideacha ionchasacha. Chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus ionas go mbeifí in ann TEN-T a thabhairt chun críche ar shlí shioncrónaithe, tá gá le gníomhaíocht chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. I dtaca leis sin, ba cheart do na Ballstáit a bpleananna bonneagair náisiúnta a chinneadh i gcomhréir le cuspóirí TEN-T.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Faoi chuimsiú creat dlíthiúil cuid mhaith de na Ballstáit, tugtar tosaíocht do chatagóirí áirithe tionscadal ar bhonn a dtábhachta straitéisí don gheilleagar. Saintréithe de chuid na tosaíochta sin is ea amchláir níos giorra, nósanna imeachta comhuaineacha nó tréimhsí teoranta ama le haghaidh achomharc, agus é á áirithiú go mbaintear amach cuspóirí na mbeartas cothrománach eile freisin. Sa chás ina bhfuil foráil déanta maidir leis sin faoi chuimsiú creat dlíthiúil náisiúnta, ba cheart feidhm a bheith aige go huathoibríoch i leith tionscadail de chuid an Aontais arna sainaithint mar thionscadail leasa choitinn faoi Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.

(3)  Faoi chuimsiú creat dlíthiúil cuid mhaith de na Ballstáit, tugtar tosaíocht do chatagóirí áirithe tionscadal a thairbhíonn de nósanna imeachta meara ar bhonn breisluach Eorpach níos mó a bheith acu agus ar bhonn a dtábhachta straitéisí don gheilleagar. Saintréithe de chuid na tosaíochta sin is ea laghdú ar líon na gceadanna atá le fáil, amchláir níos giorra, nósanna imeachta comhuaineacha, simplithe, nó tréimhsí teoranta ama le haghaidh chur i gcrích an nós imeachta um cheadú nó le haghaidh achomhairc a dhéanamh, agus é á áirithiú go mbaintear amach cuspóirí na mbeartas cothrománach eile freisin. Sa chás ina bhfuil foráil déanta maidir leis sin faoi chuimsiú creat dlíthiúil náisiúnta, ba cheart feidhm a bheith aige go huathoibríoch i leith tionscadail de chuid an Aontais arna sainaithint mar thionscadail leasa choitinn faoi Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, chun gur féidir príomhchuspóirí na dtionscadal sin a bhaint amach ar leibhéal uile-Eorpach.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  D’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht na measúnuithe comhshaoil agus cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas cinnteoireachta, i gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh i ndáil le saincheisteanna comhshaoil tionscadal croíghréasáin go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE, agus as reachtaíocht eile de chuid an Aontais amhail Treoir 92/43/CEE, Treoir 2009/147/CE, Treoir 2000/60/CE, Treoir 2008/98/CE, Treoir 2010/75/AE, Treoir 2012/18/AE agus Treoir 2011/42/CE, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar foráil maidir le nós imeachta comhpháirteach lena gcomhlíontar ceanglais na dTreoracha sin.

(4)  D’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht na measúnuithe comhshaoil agus cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas cinnteoireachta, i gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh, lena dtabhairt i gcomhréir le cuspóirí 2030 maidir le haer glan, i ndáil le saincheisteanna comhshaoil tionscadal croíghréasáin go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE, agus as reachtaíocht eile de chuid an Aontais amhail Treoir 92/43/CEE, Treoir 2009/147/CE, Treoir 2000/60/CE, Treoir 2008/98/CE, Treoir 2010/75/AE, Treoir 2012/18/AE agus Treoir 2011/42/CE, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar foráil maidir le nós imeachta comhpháirteach lena gcomhlíontar ceanglais na dTreoracha sin. Thairis sin, le measúnú luath a dhéanamh ar scóip na dtionchar comhshaoil agus plé luath a dhéanamh leis an údarás inniúil faoi ábhar na measúnuithe comhshaoil d’fhéadfaí na moilleanna a laghdú le linn chéim an cheadaithe agus feabhas ginearálta a chur ar cháilíocht na measúnuithe. De bhreis ar na measúnuithe comhshaoil, is gá freisin measúnú críochnúil a dhéanamh ar na tionchair shóisialta i dtéarmaí fostaíochta, chomhtháthú AE, sláinte (tionóiscí a laghdú), mianach saoil, buntáistí áitiúla agus cuimsiú sóisialta.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  Ba cheart nósanna imeachta comhtháite um dheonú ceadanna a bheith ann chun tacú le tionscadail chroíghréasán ionas gur féidir bainistíocht shoiléir a dhéanamh ar an nós imeachta foriomlán agus chun pointe iontrála aonair a sholáthar d'infheisteoirí. Ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil a ainmniú i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus lena gcórais riaracháin.

(5)  Ní mór nósanna imeachta comhtháite um dheonú ceadanna a bheith ann chun tacú le tionscadail chroíghréasán - idir thionscadail TEN-T ar scála mór agus scála níos lú - ionas gur féidir bainistíocht shoiléir, thrédhearcach agus chomhtháite a dhéanamh ar an nós imeachta foriomlán agus chun pointe iontrála aonair a sholáthar d’infheisteoirí. Ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil a ainmniú i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus lena gcórais riaracháin.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Ach údarás inniúil aonair a bhunú ar an leibhéal náisiúnta a dhéanfaidh comhtháthú ar na nósanna imeachta go léir um dheonú ceadanna (ionad ilfhreastail), ba cheart go laghdófaí castacht na nósanna imeachta, go bhfeabhsófaí a n-éifeachtúlacht agus go gcuirfí lena dtrédhearcacht. Ina theannta sin, ba cheart go bhfeabhsódh sé an comhar idir na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Ba cheart go gcuirfeadh na nósanna imeachta chun cinn comhar ceart idir infheisteoirí agus an t-údarás inniúil aonair agus dá bhrí sin go bhfágfaidís gur féidir an scóip a mheas sa chéim réamhiarratais den nós imeachta deonaithe ceadanna. Ba cheart an staidéar scóipe sin a chomhtháthú sa chur síos mionsonraithe ar an iarratas agus ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Threoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE.

(6)  Ach údarás inniúil aonair a bhunú ar an leibhéal náisiúnta a dhéanfaidh comhtháthú ar na nósanna imeachta go léir um dheonú ceadanna (ionad ilfhreastail), ba cheart go laghdófaí castacht na nósanna imeachta, go laghdófaí a gcostas, go bhfeabhsófaí a n-éifeachtúlacht agus a chomhordaithe is atá siad agus go gcuirfí lena dtrédhearcacht agus le luas a nglactha, chun go bhféadfaí na tionscadail a chur chun feidhme go héifeachtach agus na cuspóirí atá leagtha síos a bhaint amach. Ina theannta sin, ba cheart go bhfeabhsódh sé an comhar idir na Ballstáit agus go gcuirfeadh sé sineirge chun cinn idir ionstraimí éagsúla ar mhaithe leis an sprioc sin, i bhfianaise go rannchuideoidh cur chun cinn TEN-T le feabhas a chur ar iomaíochas gnó i margadh aonair na hEorpa, ag tabhairt tús áite don trádáil laistigh den Chomhphobal. Ba cheart go gcuirfeadh na nósanna imeachta chun cinn comhar ceart idir infheisteoirí agus an t-údarás inniúil aonair agus dá bhrí sin go bhfágfaidís gur féidir an scóip a mheas sa chéim réamhiarratais den nós imeachta deonaithe ceadanna. Ba cheart an staidéar scóipe sin a chomhtháthú sa chur síos mionsonraithe ar an iarratas agus ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Threoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  Ba cheart an nós imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith gan dochar do chomhlíonadh na gceanglas a shainítear sa dlí idirnáisiúnta agus i ndlí an Aontais, lena n-áirítear forálacha chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint.

(7)  Ba cheart an nós imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith gan dochar do chomhlíonadh na gceanglas a shainítear sa dlí idirnáisiúnta agus i ndlí an Aontais, lena n-áirítear forálacha chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint tríd an iompar inbhuanaithe, astaíochtaí ísle a chur chun cinn agus tríd an gcuspóir a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go dtí leibhéil ísle.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  I bhfianaise na práinne a bhaineann le tabhairt chun críche chroíghréasán TEN-T, ba cheart teorainn ama a bheith ag gabháil leis an simpliú ar na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, faoinar cheart do na húdaráis inniúla atá freagrach cinneadh cuimsitheach a dhéanamh maidir le tógáil an tionscadail. Ba cheart don teorainn ama sin láimhseáil níos éifeachtúla ar nósanna imeachta a spreagadh, agus níor cheart di, ar chúinse ar bith, an bonn a bhaint d'ardchaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí.

(8)  I bhfianaise na práinne a bhaineann le chroíghréasán TEN-T a chríochnú, ba cheart teorainn ama a bheith ag gabháil leis an simpliú ar na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, faoinar cheart do na húdaráis inniúla atá freagrach cinneadh cuimsitheach a dhéanamh maidir le tógáil an tionscadail. Ba cheart don teorainn ama sin láimhseáil níos éifeachtúla ar nósanna imeachta a áirithiú, agus níor cheart di, ar chúinse ar bith, an bonn a bhaint d'ardchaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8 a)  Trí nósanna imeachta comhairliúcháin atá éifeachtach agus leathan a bhunú leis an bpobal, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla ábhartha ó na céimeanna is luaithe den réamhphleanáil, tabharfar aghaidh ar mhoilleanna i bpróisis cheadaithe agus chur chun feidhme na dtionscadal agus áiritheofar go mbainfear tairbhe as na tionscadail ar an leibhéal áitiúil.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)  Baineann dúshláin ar leith le tionscadail bhonneagair trasteorann TEN-T maidir le comhordú na nósanna imeachta deonaithe ceadanna. Ba cheart cumhacht a thabhairt do na Comhordaitheoirí Eorpacha chun faireachán a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin agus chun sioncrónú agus tabhairt chun críche na nósanna imeachta a éascú.

(10)  Baineann dúshláin ar leith le tionscadail bhonneagair trasteorann TEN-T maidir le comhordú na nósanna imeachta deonaithe ceadanna. Chun moilleanna i gcur chun feidhme trasteorann na dtionscadal sin a sheachaint, tugtar de chumhacht do na Comhordaitheoirí Eorpacha, le cúnamh ó údaráis réigiúnacha agus áitiúla, chun faireachán a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin agus chun a sioncrónú agus a dtabhairt chun críche a éascú, ag neartú an chomhair fheidhmithigh agus ag tógáil ar thionscadail INTERREG maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe i limistéir trasteorann.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)  Ba cheart soláthar poiblí i dtionscadail trasteorann leasa choitinn a dhéanamh i gcomhréir leis an gConradh agus le Treoir 2014/25/AE agus/nó le Treoir 2014/24/AE. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear i gcrích go héifeachtúil tionscadail trasteorann leasa choitinn an chroíghréasáin, ba cheart soláthar poiblí arna dhéanamh ag eintiteas comhpháirteach a bheith faoi réir ag aon reachtaíocht náisiúnta amháin. De mhaolú ar reachtaíocht an Aontais maidir le soláthar poiblí, ba cheart, i bprionsabal, gurb iad na rialacha náisiúnta is infheidhme rialacha an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eintiteas comhpháirteach. Ba cheart é a bheith fós indéanta an reachtaíocht is infheidhme a shainiú i gcomhaontú idir-rialtasach.

(11)  Ba cheart soláthar poiblí i dtionscadail trasteorann leasa choitinn a dhéanamh i gcomhréir leis an gConradh agus le Treoir 2014/25/AE agus/nó le Treoir 2014/24/AE. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear i gcrích go héifeachtúil tionscadail trasteorann leasa choitinn an chroíghréasáin, ba cheart soláthar poiblí arna dhéanamh ag eintiteas comhpháirteach a bheith faoi réir ag aon reachtaíocht náisiúnta amháin. De mhaolú ar reachtaíocht an Aontais maidir le soláthar poiblí, ba cheart, i bprionsabal, gurb iad na rialacha náisiúnta is infheidhme rialacha an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eintiteas comhpháirteach, nó ba cheart an reachtaíocht is infheidhme a shainiú i gcomhaontú idir-rialtasach.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Ní bhíonn baint chórasach ag an gCoimisiún le húdarú tionscadal aonair. I gcásanna áirithe, áfach, bíonn gnéithe áirithe d’ullmhú tionscadail faoi réir imréiteach ar leibhéal an Aontais. I gcás ina bhfuil an Coimisiún páirteach sna nósanna imeachta, tabharfaidh sé tosaíocht do thionscadail leasa choitinn de chuid an Aontais agus áiritheoidh sé cinnteacht do thionscnóirí tionscadail. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh gá a bheith le formheas Státchabhrach. I gcomhréir leis an gCód Dea-Chleachtais maidir le seoladh nósanna imeachta i dtaobh rialú Státchabhrach, féadfaidh Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún déileáil le tionscadail leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán TEN-T a mheasann siad ar cinn tosaíochta iad lena mbaineann amlínte níos intuartha faoi réir an chur chuige um punann cásanna nó pleanáil arna comhaontú go frithpháirteach.

(12)  Ní bhíonn baint chórasach ag an gCoimisiún le húdarú tionscadal aonair. I gcásanna áirithe, áfach, bíonn gnéithe áirithe d’ullmhú tionscadail faoi réir imréiteach ar leibhéal an Aontais. I gcás ina bhfuil an Coimisiún páirteach sna nósanna imeachta, tabharfaidh sé tosaíocht do thionscadail leasa choitinn de chuid an Aontais agus áiritheoidh sé cinnteacht do thionscnóirí tionscadail. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh gá a bheith le formheas Státchabhrach ach glacfar nós imeachta an mheastacháin mhear i gcásanna ina bhfuil an tionscadal i gcomhréir le rialacha Státchabhrach, rud a chuirfeadh feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht na hinfheistíochta. I gcomhréir leis an gCód Dea-Chleachtais maidir le seoladh nósanna imeachta i dtaobh rialú Státchabhrach, féadfaidh Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún déileáil le tionscadail leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán TEN-T a mheasann siad ar cinn tosaíochta iad lena mbaineann amlínte níos intuartha faoi réir an chur chuige um punann cásanna nó pleanáil arna comhaontú go frithpháirteach. Beidh ar an gCoimisiún freisin a chinntiú go gcuirfidh sé malartú dea-chleachtas chun cinn chun gréasán tras-Eorpach iompair rathúil a áirithiú.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Ba cheart tacú le cur chun feidhme tionscadail bhonneagair a bhaineann le croíghréasán TEN-T freisin le treoirlínte ón gCoimisiún lena soláthraítear soiléireacht bhreise i dtaobh cur chun feidhme cineálacha áirithe tionscadal agus urraim á tabhairt d’acquis an Aontais an tráth céanna Mar shampla, sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar23 déantar foráil maidir le treoirlínte den sórt sin chun soiléireacht bhreise a sholáthar i dtaobh urramú na Treorach maidir le hÉin agus na Treorach maidir le Gnáthóga. Ba cheart tacaíocht dhíreach a bhaineann le soláthar poiblí a chur ar fáil i leith tionscadail leasa choitinn lena áirithiú go mbainfear an luach is fearr as airgead poiblí24. Ina theannta sin, ba cheart cúnamh teicniúil iomchuí a chur ar fáil faoi na sásraí a forbraíodh i gcomhair an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, d’fhonn tacaíocht airgeadais a sholáthar do thionscadail leasa choitinn TEN-T.

(13)  Ba cheart tacú le cur chun feidhme tionscadail bhonneagair a bhaineann le croíghréasán TEN-T freisin le treoirlínte ón gCoimisiún lena soláthraítear soiléireacht bhreise i dtaobh cur chun feidhme cineálacha áirithe tionscadal agus urraim á tabhairt d’acquis an Aontais, do riachtanais forbartha agus do spriocanna athraithe aeráide AE. Mar shampla, sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar23 déantar foráil maidir le treoirlínte den sórt sin chun soiléireacht bhreise a sholáthar i dtaobh urramú na Treorach maidir le hÉin agus na Treorach maidir le Gnáthóga. Ba cheart an sásra um measúnú toilteanach a bunaíodh le haghaidh gnéithe soláthair na dtionscadal bonneagair mór a chur ar fáil i gcomhair thionscadail uile TEN-T. Trí mheascán uirlisí a úsáid (deasc chabhrach, sásra um fhógra agus malartú faisnéise) bainfidh údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus tionscnóirí tionscadail tairbhe shuntasach as an saineolas atá ann faoi láthair agus bainfear an luach is fearr as airgead poiblí24. Ina theannta sin, ba cheart cúnamh teicniúil iomchuí a chur ar fáil faoi na sásraí a forbraíodh i gcomhair an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, d’fhonn tacaíocht airgeadais a sholáthar do thionscadail leasa choitinn TEN-T, ag rannchuidiú ar an gcaoi sin le cuspóirí ilmhódacha an Choimisiúin.

__________________

__________________

23 COM(2017) 198 final.

23 COM(2017) 198 final.

24 COM(2017) 573 final

24 COM(2017) 573 final

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13 a)  Ba cheart don Choimisiún creat a mholadh maidir le hacmhainní breise a aimsiú i gcomhair tionscadail a bhfuil breisluach Eorpach acu gan laghdú a dhéanamh ar an leithreasú buiséadach d’ionstraimí an Bheartais Chomhtháthaithe.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  ciallaíonn "údarás inniúil aonair" an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát mar údarás atá freagrach as comhlíonadh na ndualgas a eascróidh as an Rialachán seo;

(d)  ciallaíonn “údarás inniúil aonair” údarás atá ann cheana nó údarás nuabhunaithe, arna shainaithint ag Ballstát ar an leibhéal riaracháin cuí, a ghníomhaíonn mar phointe teagmhála do thionscnóirí tionscadail, a oibríonn i ndlúthchomhair leis an Comhordaitheoirí Eorpacha faoi seach agus a éascaíonn cur chun feidhme an Rialacháin sin;

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Chun nósanna imeachta riaracháin éifeachtúla a áirithiú maidir le tionscadail leasa choitinn, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus gach údarás lena mbaineann go ndéanfar na tionscadail sin a láimhseáil chomh gasta is féidir ó thaobh an dlí de, lena n-áirítear maidir le leithdháileadh na n-acmhainní.

3.  Chun nósanna imeachta riaracháin meara agus éifeachtúla a áirithiú maidir le tionscadail leasa choitinn, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus gach údarás lena mbaineann go ndéanfar na tionscadail sin a láimhseáil chomh gasta, chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil agus is féidir ó thaobh an dlí de, lena n-áirítear maidir le leithdháileadh na n-acmhainní.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  D’fhonn cloí leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 6 agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a thabhairt chun críche, déanfar comhtháthú ar na nósanna imeachta riaracháin go léir a eascraíonn as an dlí is infheidhme, idir an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais, agus ní bheidh ach aon chinneadh cuimsitheach amháin ina thoradh orthu.

1.  D’fhonn cloí leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 6, sineirge a chur chun cinn idir na hionstraimí atá ar fáil agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a thabhairt chun críche, déanfar comhtháthú ar na nósanna imeachta riaracháin go léir a eascraíonn as an dlí is infheidhme, idir an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais, agus ní bheidh ach aon chinneadh cuimsitheach amháin ina thoradh orthu.

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  I gcás tionscadail leasa choitinn lena mbaineann an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol, ar oibleagáid í a eascraíonn go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus as dlí eile de chuid an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil maidir le nósanna imeachta comhpháirteacha de réir bhrí Airteagal 2(3) de Threoir 2011/92/AE.

2.  I gcás tionscadail leasa choitinn lena mbaineann an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol, ar oibleagáid í a eascraíonn go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus as dlí eile de chuid an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil maidir le nósanna imeachta comhpháirteacha de réir bhrí Airteagal 2(3) de Threoir 2011/92/AE. Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh freisin ar chastachtaí maidir le tionchair chomhshaoil fhéideartha i dtionscadail thrasteorann lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí, tionchair ar acmhainní uisce nó ar limistéir faoi chosaint de chuid NATURA 2000. Tá gá le saintacaíocht i gcomhair tionscadail in earnáil an uisce-iompair - lena n-áirítear calafoirt mhuirí, calafoirt intíre agus uiscebhealaí intíre - mar gheall ar spleáchas na hearnála sin ar acmhainní uisce. Is gá measúnú a dhéanamh ar na tionscadail sin laistigh de chomhthéacs cheanglais na Chreat-treorach Uisce.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca)  oibreoidh an t-údarás inniúil i gcomhar leis na Ballstáit maidir le tionscadail trasteorann

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 – pointe b – pointe i v

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv)  garspriocanna móra atá le baint amach agus na spriocdhátaí a bhaineann leo i bhfianaise an chinnidh chuimsithigh atá le déanamh;

(iv)  garspriocanna móra atá le baint amach agus na spriocdhátaí a bhaineann leo i bhfianaise an chinnidh chuimsithigh atá le déanamh, agus an tráthchlár foriomlán atá beartaithe;

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.  Déanfaidh an t-údarás inniúil aonair measúnú ar an iarratas agus glacfaidh sé cinneadh cuimsitheach laistigh de thréimhse bliana amháin ón dáta a chuirtear isteach an comhad iarratais iomlán i gcomhréir le mír 7. Féadfaidh na Ballstáit teorainn ama níos luaithe a leagan síos, i gcás inarb iomchuí.

8.  Déanfaidh an t-údarás inniúil aonair measúnú ar an iarratas agus glacfaidh sé cinneadh cuimsitheach laistigh de thréimhse bliana amháin ón dáta a chuirtear isteach an comhad iarratais iomlán i gcomhréir le mír 7. Féadfaidh na Ballstáit teorainn ama níos luaithe a leagan síos, i gcás inarb iomchuí, agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcás spriocdhátaí a cailleadh.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Tabharfar de chumhacht don Chomhordaitheoir Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 súil ghéar a choinneáil ar an nós imeachta deonaithe ceadanna maidir le tionscadail trasteorann leasa choitinn agus an comhar idir na húdaráis inniúla lena mbaineann a éascú.

2.  Tabharfar de chumhacht don Chomhordaitheoir Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus d’ionadaithe ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha súil ghéar a choinneáil ar an nós imeachta deonaithe ceadanna maidir le tionscadail trasteorann leasa choitinn agus an comhar a éascú idir na húdaráis inniúla lena mbaineann.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Arna iarraidh sin do thionscnóir tionscadail nó do Bhallstát, i gcomhréir leis na cláir chistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais agus gan dochar don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil, cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil ar fáil do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus chun cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a éascú.

Arna iarraidh sin do thionscnóir tionscadail nó do Bhallstát, i gcomhréir leis na cláir chistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais agus gan dochar don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil, cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil spriocdhírithe ar fáil do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus chun cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a éascú.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Tá gá le cúnamh speisialta freisin le cothabháil an ghréasáin a áirithiú chun inbhuanaitheacht agus feidhmíocht bhonneagar TEN-T a áirithiú. I dtaca leis sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, in éineacht le BEI, staidéar a dhéanamh ar scéimeanna cistiúcháin nua chun infheistíochtaí i gcothabháil an ghréasáin a éascú.

AN NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích

Tagairtí

COM(2018)0277 – C8-0192/2018 – 2018/0138(COD)

An Coiste Freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

11.6.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

11.6.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Demetris Papadakis

20.6.2018

Pléite sa choiste

9.10.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

15.11.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

30

5

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pascal Arimont, Victor Boştinaru, Mercedes Bresso, Steeve Briois, Andrea Cozzolino, Rosa D’Amato, Raymond Finch, Aleksander Gabelic, Iratxe García Pérez, Krzysztof Hetman, Ivan Jakovčić, Sławomir Kłosowski, Constanze Krehl, Louis-Joseph Manscour, Martina Michels, Iskra Mihaylova, Andrey Novakov, Younous Omarjee, Konstantinos Papadakis, Mirosław Piotrowski, Stanislav Polčák, Liliana Rodrigues, Fernando Ruas, Monika Smolková, Ruža Tomašić, Ramón Luis Valcárcel Siso, Ángela Vallina, Monika Vana, Matthijs van Miltenburg, Lambert van Nistelrooij, Derek Vaughan, Kerstin Westphal

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Martina Anderson, Daniel Buda, Ivana Maletić, Tonino Picula, Bronis Ropė, Milan Zver

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mircea Diaconu, David Martin

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

30

+

ALDE

Mircea Diaconu, Ivan Jakovčić, Iskra Mihaylova, Matthijs van Miltenburg

ECR

Ruža Tomašić

EFDD

Rosa D'Amato

GUE/NGL

Martina Michels, Younous Omarjee

PPE

Pascal Arimont, Daniel Buda, Krzysztof Hetman, Ivana Maletić, Lambert van Nistelrooij, Andrey Novakov, Stanislav Polčák, Fernando Ruas, Ramón Luis Valcárcel Siso, Milan Zver

S&D

Victor Boştinaru, Mercedes Bresso, Andrea Cozzolino, Iratxe García Pérez, Constanze Krehl, David Martin, Tonino Picula, Liliana Rodrigues, Monika Smolková, Kerstin Westphal

VERTS/ALE

Bronis Ropė, Monika Vana

5

-

ECR

Sławomir Kłosowski, Mirosław Piotrowski

EFDD

Raymond Finch

ENF

Steeve Briois

NI

Konstantinos Papadakis

1

0

GUE/NGL

Martina Anderson

Eochair:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích

Tagairtí

COM(2018)0277 – C8-0192/2018 – 2018/0138(COD)

Dáta tíolactha chun PE

17.5.2018

 

 

 

An Coiste Freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

11.6.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

11.6.2018

IMCO

11.6.2018

REGI

11.6.2018

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

ENVI

21.6.2018

IMCO

19.6.2018

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Dominique Riquet

6.7.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

9.10.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

10.1.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

6

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Daniela Aiuto, Lucy Anderson, Inés Ayala Sender, Georges Bach, Izaskun Bilbao Barandica, Deirdre Clune, Michael Cramer, Luis de Grandes Pascual, Andor Deli, Isabella De Monte, Ismail Ertug, Jacqueline Foster, Tania González Peñas, Dieter-Lebrecht Koch, Merja Kyllönen, Innocenzo Leontini, Peter Lundgren, Marian-Jean Marinescu, Georg Mayer, Gesine Meissner, Cláudia Monteiro de Aguiar, Renaud Muselier, Markus Pieper, Tomasz Piotr Poręba, Gabriele Preuß, Christine Revault d’Allonnes Bonnefoy, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, David-Maria Sassoli, Claudia Țapardel, Keith Taylor, Pavel Telička, Marita Ulvskog, Wim van de Camp, Marie-Pierre Vieu, Roberts Zīle

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rosa D’Amato, Michael Gahler, Maria Grapini, Karoline Graswander-Hainz, Peter Kouroumbashev, Evžen Tošenovský

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pascal Durand, Andrey Novakov, Csaba Sógor, Sergei Stanishev, Mylène Troszczynski

Dáta don chur síos

15.1.2019


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

37

+

ALDE

Izaskun Bilbao Barandica, Gesine Meissner, Dominique Riquet, Pavel Telička

ECR

Roberts Zīle

ENF

Georg Mayer

PPE

Georges Bach, Wim van de Camp, Deirdre Clune, Andor Deli, Michael Gahler, Luis de Grandes Pascual, Dieter-Lebrecht Koch, Innocenzo Leontini, Marian-Jean Marinescu, Cláudia Monteiro de Aguiar, Renaud Muselier, Andrey Novakov, Markus Pieper, Massimiliano Salini, Csaba Sógor

S&D

Lucy Anderson, Inés Ayala Sender, Isabella De Monte, Ismail Ertug, Maria Grapini, Karoline Graswander-Hainz, Peter Kouroumbashev, Gabriele Preuß, Christine Revault d'Allonnes Bonnefoy, David-Maria Sassoli, Sergei Stanishev, Claudia Țapardel, Marita Ulvskog

VERTS/ALE

Michael Cramer, Pascal Durand, Keith Taylor

6

-

ECR

Jacqueline Foster, Peter Lundgren, Tomasz Piotr Poręba

EFDD

Daniela Aiuto, Rosa D'Amato

ENF

Mylène Troszczynski

4

0

ECR

Evžen Tošenovský

GUE/NGL

Tania González Peñas, Merja Kyllönen, Marie-Pierre Vieu

Eochair:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 29 Eanáir 2019Fógra dlíthiúil