Tuarascáil - A8-0034/2019Tuarascáil
A8-0034/2019

TUARASCÁIL ina bhfuil tairiscint i gcomhair rún neamhreachtach maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle i dtaca le Prótacal chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair (2018-2024) a thabhairt i gcrích

28.1.2019 - (10858/2018 – C8-0387/2018 – 2018/0267M(NLE))

An Coiste um Iascach
Rapóirtéir: João Ferreira

Nós Imeachta : 2018/0267M(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0034/2019
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0034/2019
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN NEAMHREACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle i dtaca le Prótacal chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair (2018-2024) a thabhairt i gcrích

(10858/2018 – C8-0387/2018 – 2018/0267M(NLE))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10858/2018),

–  ag féachaint do Phrótacal chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair (2018-2024) (10856/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0387/2018),

–  ag féachaint dá rún reachtach an ... maidir leis an dréachtchinneadh[1],

–  ag féachaint do Riail 99(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach agus don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt (A8-0034/2019),

A.  de bhrí go bhfuil an Coimisiún agus an Cósta Eabhair i ndiaidh comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nua (SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair) agus prótacal cur chun feidhme go ceann tréimhse de shé bliana, a chaibidliú;

B.  de bhrí gurb é an aidhm fhoriomlán atá leis an gcomhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe idir AE agus an Cósta Eabhair ná méadú a dhéanamh ar an gcomhar idir AE agus an Cósta Eabhair maidir le hiascaigh, chun leasa an dá pháirtí, trí bheartas inbhuanaithe iascaigh agus saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a chur chun cinn i limistéar eacnamaíoch eisiach (LEE) an Chósta Eabhair;

C.  de bhrí gur chomhionann le 79 %, ar an meán, é glacadh deiseanna iascaigh faoin SFPA a bhí ann roimhe seo idir AE agus an Chósta Eabhair, ar figiúr é a meastar a bheith maith ar an mórgóir; de bhrí, áfach, le linn na tréimhse sin, nár bhain na báid spiléar leas as na deiseanna iascaireachta a bhí ar fáil;

D.  de bhrí, mar gheall ar na SFPAnna idir AE agus an Cósta Eabhair a bheith tugtha i gcrích ceann i ndiaidh a chéile, go bhfuiltear ag cabhrú le geilleagar an Chósta Eabhair sa mhéid is go bhfuiltear tar éis mairnéalaigh áitiúla, calafort Abidjan agus saoráidí cannadóireachta a úsáid, foghabhálacha éisc ó bháid tuinnín-saighneoireachta AE a shaothrú agus acmhainneacht faireacháin áitiúil a neartú (cé go meastar go ginearálta an méid sin a bheith ábhar beag);

E.  de bhrí gur cheart go ndéanfadh an SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair forbairt inbhuanaithe níos éifeachtaí ar earnáil iascaigh an Chósta Eabhair agus ar na hearnálacha agus na gníomhaíochtaí gaolmhara, a chur chun cinn; de bhrí, maidir leis an tacaíocht a bheidh le soláthar faoin bPrótacal, gur gá go mbeadh sí comhsheasmhach leis na pleananna forbartha náisiúnta – go háirithe an Plean Straitéiseach i ndáil le Beostoc, Iascaigh agus Dobharshaothrú a fhorbairt (PSDEPA) – agus an Plean Gníomhaíochta don Fhás Gorm, a dréachtaíodh i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe chun táirgeacht san earnáil a mhéadú agus an earnáil a dhéanamh gairmiúil chun riachtanais bia agus fostaíochta an phobail a chomhlíonadh; de bhrí, de réir an Phlean Straitéisigh thuasluaite, go bhfuil gá le buiséad de níos mó ná EUR 140 milliún chun na haidhmeanna sin a bhaint amach;

F.  de bhrí go bhfuil AE, tríd an gCiste Eorpach Forbraíochta, ag cur buiséad ilbhliantúil de EUR 273 mhilliún ar fáil don Chósta Eabhair, faoina ndírítear, i measc réimsí eile, ar an mbonneagar, ar an tsláinte agus ar an gcabhair dhaonnúil;

1.  den tuairim gur cheart go saothródh an SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair dhá sprioc atá chomh tábhachtach le chéile: (1) deiseanna iascaigh a sholáthar do shoithí AE atá i LEE an Chósta Eabhair, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil agus gan cur isteach ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta de chuid na n-eagraíochtaí réigiúnacha a bhfuil an Cósta Eabhair ina cuid díobh – an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh go príomha – nó an barrachas ar fáil a shárú; agus (2) comhar idir AE agus an Cósta Eabhair a chur chun cinn d’fhonn beartas inbhuanaithe iascaigh agus saothrú fónta acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair, agus rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe earnáil iascaigh an Chósta Eabhair trí chomhar eacnamaíoch, airgeadais, teicniúil agus eolaíoch, gan an bonn a bhaint ó roghanna ceannasacha an Chósta Eabhair ná ó straitéisí maidir leis an bhforbairt sin;

2.  ag tarraingt airde ar thorthaí an mheasúnaithe shiarghabhálaigh agus fhadbhreathnaithigh ar an bPrótacal a ghabhann leis an SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair, a rinneadh i mí Mheán Fómhair 2017, agus inar luadh gur léir an Prótacal a ghabhann le SFPA 2013-2018 a bheith, ar an mórgóir, éifeachtach, éifeachtúil, iomchuí do na leasanna lena mbaineann, comhsheasmhach le beartas earnálach an Chósta Eabhair agus go raibh na geallsealbhóirí an-toilteanach glacadh leis, agus inar moladh go mbeadh an rogha ann prótacal nua a thabhairt chun críche;

3.  ag áitiú gur gá don SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair agus an Prótacal a ghabhann leis, nuair a chuirfear chun feidhme iad agus dá ndéanfaí athbhreithniú agus/nó athnuachan orthu, foráil a dhéanamh do PSDEPA agus don Phlean Gníomhaíochta don Fhás Gorm maidir le forbairt earnáil iascaigh an Chósta Eabhair, agus ailíniú a dhéanamh leo, agus gur cheart dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

–  feabhas a chur ar an rialachas: reachtaíocht a dhréachtú agus a bhailíochtú agus cuir le pleananna bainistíochta;

–  treisiú leis an rialú agus leis an bhfaireachas i limistéar eacnamaíoch eisiach an Chósta Eabhair;

–  neartú a dhéanamh ar bhearta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chomhrac, lena n-áirítear in uiscí intíre;

–  cead a thabhairt chun céanna agus calafoirt cur i dtír a thógail agus/nó a athchóiriú, lena n-áirítear – ach gan a bheith teoranta dó – Calafort Abidjan;

  –  feabhas a chur ar choinníollacha ag tithe deataithe éisc, go háirithe do mhná, agus ar an gcaoi sin, an córas leasaithe a dhéanamh níos éifeachtaí;

–  tacú le feabhas a chur ar dhálaí oibre do mhná, arb iad go príomha atá freagrach as déileáil le forghabháil éisc;

–  limistéir muirí faoi chosaint a bhunú;

  –  comhpháirtíochtaí le tríú tíortha a threisiú trí bhíthin comhaontuithe iascaigh, trédhearcacht a áirithiú trí fhoilsiú inneachar na gcomhaontuithe sin, agus chomh maith leis sin, trí chlár réigiúnach i gcomhair oiliúint agus úsáid breathnadóirí a bhunú;

–  tógáil margaí éisc a chumasú;

  –  treisiú eagraíochtaí ina ndéantar ionadaíocht ar fhir agus ar mhná in earnáil na hiascaireachta a chumasú, go háirithe iad siúd a bhíonn ag plé le hiascaireacht ar mhionscála, agus ar an gcaoi sin, a chabhraíonn le hinniúlachtaí teicniúla, bainistíochta agus caibidlíochta a neartú;

–  fónamh chun lárionaid bhunúsacha agus oiliúna gairmiúla a chur ar bun agus/nó a athchóiriú, agus ar an gcaoi sin, leibhéil scileanna na n-iascairí agus na mairnéalach a ardú;

–  feabhas a chur ar acmhainní taighde eolaíoch agus ar an gcumas faireachán a dhéanamh ar acmhainní iascaigh;

–  feabhas a chur ar inbhuanaitheacht acmhainní muirí trí chéile;

4.  ag meas go bhféadfadh na rialacha atá ann maidir le mairnéalaigh ACC a earcú i gcomhair shoithí iascaireachta AE, arbh ionann é agus 20 % den fhoireann, a bheith níos uaillmhianaí; ag athdhearbhú gur gá cloí le prionsabail EIS agus, go háirithe, ag moladh go síneofaí Coinbhinsiún Uimh. 188 EIS, lena dtugtar le fios go bhfuil oibleagáid ann urraim a thabhairt do phrionsabail ghinearálta na saoirse comhlachais agus na cómhargála neamhshrianta i gcás oibrithe agus do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe san fhostaíocht agus ag an obair; á iarraidh freisin go dtabharfaí aird ar na héilimh ó cheardchumainn na mairnéalach áitiúil go ndéanfaí an cumhdach slándála sóisialta, an cumhdach sláinte agus an cumhdach scoir do mhairnéalaigh ACC a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr;

5.  ag meas gur cheart an fhaisnéis ar na tairbhí a dhéanann cur chun feidhme an Phrótacail do gheilleagair áitiúla (fostaíocht, bonneagar, feabhsuithe sóisialta) a thiomsú;

6.  ag meas gurb inmhianaithe feabhas a chur ar chainníocht agus cruinneas sonraí maidir le gach gabháil (spriocspeicis agus foghabhálacha) agus maidir le stádas caomhantais acmhainní iascaigh agus feabhas a chur ar chur chun feidhme an chistithe tacaíochta earnála chun gur féidir, ar bhealach níos cruinne, an tionchar atá ag an gComhaontú ar éiceachóras na mara agus ar phobail iascaireachta, a thomhas; á iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú chun a áirithiú gur féidir leis na comhlachtaí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, lena n-áirítear coiste comhpháirteach eolaíoch a bheidh le cur ar bun chun na críche sin, feidhmiú go rialta agus go trédhearcach, i gcomhar le comhlachais iascairí mionscála agus comhlachais dheataithe éisc, le ceardchumainn, le hionadaithe ó phobail chósta, agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Chósta Eabhair;

7.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, sa chomhar eatarthu agus ina mbeartais oifigiúla cúnaimh um fhorbairt trína ndírítear ar an gCósta Eabhair, aird a thabhairt air gur cheart go mbeadh an Ciste Eorpach Forbraíochta agus an tacaíocht earnála a leagtar síos sa SFPA seo comhlántach lena chéile d’fhonn rannchuidiú, ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtaí, le cumhachtú na bpobal iascaireachta áitiúil agus le feidhmiú iomlán cheannasacht an Chósta Eabhair ar acmhainní na tíre sin;

8.  á iarraidh ar an gCoimisiún go n-áiteoidh sé ar Phoblacht an Chósta Eabhair an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an bprótacal a úsáid chun a tionscal iascaigh náisiúnta a neartú ar bhonn inbhuanaithe, lena gcuirfí borradh faoin éileamh ar infheistíocht áitiúil agus ar thionscadail thionsclaíocha, agus lena gcruthófaí poist áitiúla.

9.  á iarraidh ar an gCoimisiún miontuairiscí agus conclúidí chruinnithe an Chomhchoiste dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Chomhaontú, an clár earnála ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Phrótacal, agus torthaí na meastóireachtaí bliantúla, a chur chuig an bParlaimint; á iarraidh ar an gCoimisiún cead a thabhairt d’ionadaithe ón bParlaimint freastal ar chruinnithe Coiste Comhpháirteacha mar bhreathnadóirí agus rannpháirtíocht phobail iascaireachta an Chósta Eabhair a spreagadh;

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, ag gníomhú dóibh laistigh de theorainneacha a gcumhachtaí féin, an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas láithreach agus go hiomlán ag gach céim de na nósanna imeachta a bhaineann leis an bPrótacal agus, más infheidhme, lena athnuachan, de bhun Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 218(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

11.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus rialtais agus parlaimintí Phoblacht an Chósta Eabhair.

  • [1]  Téacsanna a glacadh, P8_TA(0000)0000.

TUAIRIM ón gCoiste um Fhorbairt (18.12.2018)

chuig an gCoiste um Iascach

ar thairiscint neamhreachtach i gcomhair rún ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Prótacal chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair (2018-2024) a thabhairt i gcrích

(2018/0267M(NLE))

Rapóirtéir don tuairim: Eleni Theocharous

MOLTAÍ

Iarann an Coiste um Fhorbairt ar an gCoiste um Iascach, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

Ba cheart don Choimisiún na pointí seo a leanas a chur san áireamh mar is cuí agus an comhaontú á chur chun feidhme:

1.  Ba cheart go ndéanfaí rochtain ar shoithigh AE a theorannú do na hacmhainní iascaigh nach féidir leis an gCósta Eabhair a shaothrú de bharr easpa acmhainne (barrachas acmhainní) agus níor cheart go mbeadh gabhálacha a théann thar an uastáirgeacht inbhuanaithe i gceist riamh leis sin; ba cheart go dtabharfaí tosaíocht do riachtanais chothaithe mhuintir na háite, chun feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair bia, agus go léireofaí é sin in oibleagáidí gabhálacha áitiúla;

2.  Ba cheart go n-áiteodh an Coimisiún ar Phoblacht an Chósta Eabhair an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an bprótacal maidir le tacaíocht earnála a úsáid chun a tionscal iascaigh náisiúnta a neartú ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe an iascaireacht ar mhionscála, lena gcuirfí borradh faoin éileamh ar infheistíocht áitiúil agus ar thionscadail thionsclaíocha sa gheilleagar gorm, agus lena gcruthófaí poist áitiúla;

3.  Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh cuspóirí a áireamh i gclár earnála ilbhliantúil, dá bhforáiltear in Airteagal 4 den phrótacal, lena ndéantar an méid seo a leanas:

–  forbairt inbhuanaithe na hearnála iascaireachta agus próiseála éisc áitiúil, agus na hearnála iascaigh agus próiseála éisc ar mhionscála go háirithe, chomh maith le gníomhaíochtaí agus comhpháirtíochtaí áitiúla eile atá nasctha leis an earnáil a chur chun cinn;

–  ról na mban agus daoine óga san iascach ar mhionscála a chur chun cinn trí dhíolachán tuinnín fo-ghabhála agus ísealcháilíochta, ar a dtugtar ‘iasc bréagach’, a rialú ionas go ndíolfar cion cothrom le gníomhaithe margaidh áitiúla go díreach;

–  faireachán, rialú agus faireachas iascaigh a athneartú in uiscí an Chósta Éabhair trí straitéis chomhleanúnach cosanta maidir leis an Limistéar Eacnamaíoch Eisiach (LEE), agus, ar an dóigh sin, cosc níos mó fós a chur ar an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe, neamhrialáilte agus ar na héifeachtaí neamhfhabhracha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a ghabhann léi;

–  trédhearcacht maidir le húsáid an mhaoinithe earnála faoin bprótacal a ráthú, chun faireachán a dhéanamh ar rátaí ionsúcháin agus iad a fheabhsú, agus chun a áirithiú go mbainfear amach torthaí nithiúla faoin gcomhaontú chun tacú leis an iascach áitiúil agus le muintir na háite i gcoitinne;

4.  Ba cheart don Choimisiún tacaíocht a thabhairt do Phoblacht an Chósta Eabhair maidir le bainistíocht a dhéanamh ar a n-acmhainneacht na cistí arna bhfáil a ionsú chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir astu agus go mbainfear amach torthaí nithiúla faoin gcomhaontú don iascach áitiúil agus do mhuintir na háite i gcoitinne;

5.  Ba cheart leas iomlán a bhaint as na deiseanna fostaíochta dá bhforáiltear leis an bprótacal do mhairnéalaigh áitiúla ar shoithí AE, agus tosaíocht a thabhairt do mhairnéalaigh an Chósta Éabhair;

6.  Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh a áirithiú go gcloífear leis na gníomhaíochtaí faireacháin agus meastóireachta a leagtar amach sa phrótacal agus sa chlár earnála ilbhliantúil a leanfaidh as chun cleachtais inbhuanaithe, dlíthe saothair agus dálaí cuibhiúla oibre agus na cosaintí um chearta an duine arna mbunú leis an gcomhaontú a choimirciú; ba cheart tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle chun an trédhearcacht a spreagadh agus chun a áirithiú, a mhéid a bhaineann leis an mbuiséad a bhfuil sé beartaithe leis tacú leis an mbeartas iascaigh sa Chósta Éabhair, go mbainfear úsáid as chun na críche sin iarbhír; ba cheart gnéithe réigiúnacha a chur san áireamh freisin agus an tuarascáil á hullmhú ionas gur féidir béim a leagan ar thionchar na gcomhaontuithe iascaigh arna gcur i gcrích ag AE sa réigiún, agus ar a n-éifeacht ar an gcomhaontú iascaigh leis an gCósta Éabhair.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (2018-2024)

Tagairtí

2018/0267M(NLE)

An Coiste Freagrach

 

PECH

 

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

25.10.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Eleni Theocharous

19.9.2018

Pléite sa choiste

20.11.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

13.12.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

14

0

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Ignazio Corrao, Doru-Claudian Frunzulică, Enrique Guerrero Salom, Maria Heubuch, Teresa Jiménez-Becerril Barrio, Linda McAvan, Norbert Neuser, Maurice Ponga, Jean-Luc Schaffhauser, Elly Schlein, Bogusław Sonik, Eleni Theocharous, Mirja Vehkaperä, Joachim Zeller

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Frank Engel

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Miguel Urbán Crespo

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

14

+

ALDE

Mirja Vehkaperä

ECR

Eleni Theocharous

EFDD

Ignazio Corrao

ENF

Jean-Luc Schaffhauser

PPE

Frank Engel, Teresa Jiménez-Becerril Barrio, Maurice Ponga, Bogusław Sonik

S&D

Doru-Claudian Frunzulică, Enrique Guerrero Salom, Linda McAvan, Norbert Neuser, Elly Schlein

VERTS/ALE

Maria Heubuch

0

-

 

 

2

0

GUE/NGL

Miguel Urbán Crespo

PPE

Joachim Zeller

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (2018-2024)

Tagairtí

2018/0267M(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

28.9.2018

 

 

 

An Coiste Freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

PECH

25.10.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

25.10.2018

BUDG

25.10.2018

 

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

BUDG

9.7.2018

 

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

João Ferreira

16.7.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

27.11.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

23.1.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

23

2

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marco Affronte, Clara Eugenia Aguilera García, Renata Briano, Alain Cadec, David Coburn, Richard Corbett, Linnéa Engström, Sylvie Goddyn, Ian Hudghton, Werner Kuhn, António Marinho e Pinto, Norica Nicolai, Liadh Ní Riada, Annie Schreijer-Pierik, Ricardo Serrão Santos, Isabelle Thomas, Ruža Tomašić, Peter van Dalen, Jarosław Wałęsa

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Norbert Erdős, Verónica Lope Fontagné, Nosheena Mobarik, Maria Lidia Senra Rodríguez

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Tim Aker, Agustín Díaz de Mera García Consuegra, Jo Leinen

Dáta don chur síos

28.1.2019

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

23

+

ALDE

António Marinho e Pinto, Norica Nicolai

ECR

Peter van Dalen, Nosheena Mobarik, Ruža Tomašić

EFDD

Sylvie Goddyn

GUE/NGL

Liadh Ní Riada, Maria Lidia Senra Rodríguez

PPE

Alain Cadec, Agustín Díaz de Mera García Consuegra, Norbert Erdős, Werner Kuhn, Verónica Lope Fontagné, Annie Schreijer-Pierik, Jarosław Wałęsa

S&D

Clara Eugenia Aguilera García, Renata Briano, Richard Corbett, Ricardo Serrão Santos, Isabelle Thomas

VERTS/ALE

Marco Affronte, Linnéa Engström, Ian Hudghton

2

-

EFDD

Tim Aker, David Coburn

0

0

 

 

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 7 Feabhra 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais