Nós Imeachta : 2018/0168(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0035/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0035/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 13/02/2019 - 16.8
CRE 13/02/2019 - 16.8

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0110

TUARASCÁIL     ***I
PDF 333kWORD 146k
28.1.2019
PE 629.546v02-00 A8-0035/2019

ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin

(COM(2018)0336 – C8‑0211/2018 – 2018/0168(COD))

An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra

Rapóirtéir: Dita Charanzová

LEASUITHE
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA
 NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin

(COM(2018)0336 – C8‑0211/2018 – 2018/0168(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0336),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0211/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do thuairim an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0035/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Tá tábhacht ar leith le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i dtaca le húsáid mótarfheithiclí (mótarárachas) do shaoránaigh na hEorpa, is cuma más sealbhóirí polasaí nó íospartaigh fhéideartha timpistí iad. Is mórábhar cúraim do ghnóthais árachais é freisin mar gur deighleog shuntasach de ghnó árachais neamhshaoil san Aontas é. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar ag mótarárachas ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhchuspóir ag gníomhaíocht an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais margadh inmheánach an mhótarárachais a dhaingniú agus a chomhdhlúthú.

(1)  Tá tábhacht ar leith ag baint le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta maidir le húsáid mótarfheithiclí (mótarárachas) do shaoránaigh na hEorpa, cibé acu is sealbhóirí polasaí iad nó páirtithe a d’fhéadfadh a bheith gortaithe mar thoradh ar thionóisc. Is mórábhar cúraim do ghnóthais árachais é freisin mar gur deighleog shuntasach de ghnó árachais neamhshaoil san Aontas é. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar suntasach ag mótarárachas ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí, agus dá bhrí sin, ar an margadh inmheánach agus ar limistéar Schengen. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhchuspóir ag gníomhaíocht an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais margadh inmheánach an mhótarárachais a atreisiú agus a chomhdhlúthú.

 

(Má ghlactar an leasú seo, ba cheart tuilleadh leasuithe comhfhreagracha ar aithrisí an ghnímh leasaithigh seo a dhréachtú.)

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis na leasuithe seo easnamh a cheartú, ar easnamh é a tharla nuair a cumascadh na treoracha go léir um mótarárachas in 2009. Tá an téarma “íospartach” san áireamh i roinnt Airteagal, agus tuigtear leis sin nach bhfuil ach íospartaigh dhíreacha tionóisce i gceist, le hAirteagail eile, baintear úsáid as an téarma “duine díobhálaithe” agus tuigtear leis sin go bhfuil íospartaigh dhíreacha agus indíreacha araon (amhail baill teaghlaigh i ndiaidh tionóisc mharfach) i gceist. Chun a áirithiú go gcumhdaítear na héilimh fhéideartha go léir, ba cheart an téarma duine/daoine díobhálaithe a úsáid síos tríd an téacs. Ba cheart a thabhairt faoi deara, cé nach sainmhínítear “íospartach”, sainmhínítear an téarma “duine díobhálaithe” in Airteagal 1.

Leasú    2

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Rinne an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, lena n-áirítear a héifeachtúlacht, éifeachtacht agus comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais. Ba é conclúid na meastóireachta go bhfeidhmíonn Treoir 2009/103/CE go maith ar an iomlán, agus nach gá í a leasú maidir le tromlach na ngnéithe. Mar sin féin, aithníodh ceithre réimse ina mbeadh leasuithe spriocdhírithe iomchuí: cúiteamh d’íospartaigh timpistí i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, íosmhéideanna cumhdaigh árachais éigeantacha, na seiceálacha árachais a dhéanann na Ballstáit ar fheithiclí, agus an úsáid a bhaineann gnóthas árachais nua as ráitis faoi stair na n-éileamh de chuid sealbhóirí polasaí.

(2)  Rinne an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, lena n-áirítear a héifeachtúlacht, éifeachtacht agus comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais. Ba é conclúid na meastóireachta go bhfeidhmíonn Treoir 2009/103/CE go maith ar an iomlán, agus nach gá í a leasú maidir le tromlach na ngnéithe. Mar sin féin, aithníodh ceithre réimse ina mbeadh leasuithe spriocdhírithe iomchuí: cúiteamh do pháirtithe a gortaíodh i dtionóiscí i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, íosmhéideanna cumhdaigh árachais éigeantacha, na seiceálacha árachais a dhéanann na Ballstáit ar fheithiclí, agus an úsáid a bhaineann gnóthas árachais nua as ráitis faoi stair na n-éileamh de chuid sealbhóirí polasaí. Sa bhreis ar na ceithre réimse sin, chun daoine díobhálaithe a chosaint níos fearr, ba cheart rialacha nua a thabhairt isteach maidir le dliteanas i gcás timpiste lena bhfuil baint ag leantóir atá á tharraingt ag feithicil chumhachtaithe.

__________________

__________________

15 Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 263, 7.10.2009, lch. 11).

15 Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 263, 7.10.2009, lch. 11).

Leasú    3

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)  Tá cuid de na feithiclí níos lú amhail rothair leictreacha agus Segwayanna agus dá bhrí sin, is lú is dóichí go ndéanfadh na feithiclí sin damáiste suntasach do dhaoine nó do mhaoin ná cinn eile. Bheadh sé díréireach agus ní bheadh sé in ann seasamh i bhfad na haimsire iad a áireamh i raon feidhme Threoir 2009/103/CE, toisc go bhfhorchuirfí leis sin oibleagáid ar dhaoine cumhdach árachais costasach agus iomarcach a bheith acu ar na feithiclí sin. Ina theannta sin, bhainfeadh staid den sórt sin an bonn ó roghnú na bhfeithiclí sin agus dhéanfadh sí an nuálaíocht a dhíspreagadh ainneoin nach bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhféadfadh na feithiclí sin a bheith ina gcúis le timpistí a bheith á mbaint de dhaoine díobhálaithe ar an scála céanna le feithiclí eile amhail gluaisteáin nó trucailí. I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, leis na rialacha ar leibhéal an Aontais, ba cheart go gcumhdaítear na feithiclí sin a bhfuil d’acmhainn acu dochar suntasacha a dhéanamh i staid trasteorann. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, raon feidhme Threoir 2009/103/CE a theorannú do na feithiclí sin mheasann an tAontas go bhfuil gá le ceanglais sábháilteachta agus slándála a bheith ina leith sula gcuirtear ar an margadh iad, i.e. na feithiclí atá faoi réir cineálcheadú AE.

Leasú    4

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3b)  Tá sé tábhachtach, áfach, cead a thabhairt do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta maidir leis an leibhéal cosanta iomchuí do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith gortaithe mar gheall ar fheithiclí, seachas iad siúd atá faoi réir cineálcheadú AE. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach cead a bheith ag na Ballstáit forálacha éigeantacha a choimeád nó a thabhairt isteach lena gcumhdaítear cosaint úsáideoirí na gcineálacha eile feithiclí sin chun daoine díobhálaithe féideartha a chosaint ó thionóisc tráchta. Sa chás ina roghnaíonn Ballstát cumhdach árachais den sórt sin a éileamh i bhfoirm árachas éigeantach, ba cheart an dóchúlacht go bhféadfaí feithicil a úsáid i staid trasteorann agus an gá atá le daoine díobhálaithe féideartha a chosaint i mBallstát eile a chur san áireamh.

Leasú    5

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3c)  Is iomchuí freisin feithiclí atá ceaptha go heisiach lena n-úsáid le haghaidh raonrásaíocht carranna a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/103/CE, mar is iondúil a bhíonn na feithiclí sin cumhdaithe ag foirmeacha eile árachais dliteanais agus ní bhíonn siad faoi réir mótarárachas éigeantach nuair nach n-úsáidtear iad ach amháin le haghaidh comórtais. Ó tharla go bhfuil úsáid na bhfeithiclí sin teoranta do rian nó spás rialaithe, is lú is dóichí go mbeadh timpiste ann le feithiclí nó daoine neamhbhainteacha teoranta chomh maith. Tá sé tábhachtach, áfach, go gcoimeádann nó go dtugann na Ballstáit isteach forálacha éigeantacha chun feithiclí a ghlacann páirt in imeacht raonrásaíochta carranna a chumhdach.

Leasú    6

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3d)  Tá cothromaíocht iomchuí bainte amach ag an Treoir seo idir leas an phobail agus na costais fhéideartha d’údaráis phoiblí, d’árachóirí agus do shealbhóirí polasaí, d’fhonn a áirithiú go bhfuil na bearta atá molta costéifeachtach.

Leasú    7

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3e)  Ba cheart go n-aireofaí le húsáid feithicle i dtrácht úsáid feithicle i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus príobháideacha. D’fhéadfadh gach cabhsán, carrchlós nó aon limistéir choibhéiseacha eile ar thír-raon príobháideach atá inrochtana ag an bpobal. Níor cheart go nglacfaí le húsáid feithicle i limistéar dúnta, i gcás nach féidir leis an bpobal rochtain a fháil air, mar úsáid feithicle i dtrácht. Mar sin féin, nuair a úsáidtear feithicil i dtrácht am ar bith agus go bhfuil sí faoi réir ceanglas árachais éigeantach dá réir, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fheithicil sin cumhdaithe ag polasaí árachais lena n-áirítear daoine féideartha díobhálaithe, le linn thréimhse an chonartha, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an fheithicil i dtrácht tráth na timpiste, cé is moite i gcás ina n-úsáidtear an fheithicil in imeacht raonrásaíochta carranna. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann an cumhdach árachais nach mbaineann le trácht a theorannú i gcás nach bhfuil ag súil le cumhdach a bheith ann, mar is amhlaidh i gcás ina mbaintear timpiste de tharracóir le timpiste nuair nárbh é, tráth na timpiste sin, go raibh sé ina mhodh taistil ach go raibh sé ag giniúint, mar mheaisín chun obair a chur i gcrích, an chumhacht tiomána is gá chun feidhmiú.

Leasú    8

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 f (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3f)  Ba cheart úsáid feithicle i staideanna nach mbaineann le trácht a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/103/CE. Ina theannta sin, níor cheart do na Ballstáit ceangal a chur ar fheithiclí, atá díchláraithe go buan nó go sealadach mar gheall ar a neamhábaltacht a bheith úsáidte mar mhodh iompair, cumhdach árachais a fháil, toisc go bhfuil siad, mar shampla, i músaem, go bhfuil athchóiriú á dhéanamh orthu nó nár úsáideadh iad ar feadh tréimhse fhada ama ar chúis eile, amhail úsáid shéasúrach.

Leasú    9

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Níor cheart do na Ballstáit seiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch Ballstáit eile ná ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch tríú tír atá ag teacht isteach ina gcríoch ó chríoch Ballstáit eile. Le forbairtí teicneolaíochta nua, is féidir seiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí gan iad a stopadh agus mar sin gan cur isteach ar shaorghluaiseacht daoine. Is iomchuí, dá bhrí sin, na seiceálacha sin maidir le hárachas feithiclí a cheadú, ar choinníoll go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach, gur cuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta iad agus nach gá an fheithicil a stopadh.

(4)  Faoi láthair, Ballstáit ag staonadh ó sheiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth i gcríoch Ballstáit eile ná ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth i gcríoch tríú tír atá ag teacht isteach ina gcríoch ó chríoch Ballstáit eile. Le forbairtí teicneolaíochta nua, amhail teicneolaíocht lena gceadaítear aitheanta uimhirphlátaí uathoibríoch, is féidir seiceálacha árachais discréideacha a dhéanamh ar árachas feithiclí gan iad a stopadh agus, dá réir sin, gan cur isteach ar shaorghluaiseacht daoine. Is iomchuí, dá bhrí sin, na seiceálacha sin maidir le hárachas feithiclí a cheadú, ar choinníoll go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach, gur cuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta iad, ar sheiceálacha iad a dhéantar i leith na bhfeithiclí atá bunaithe i gcríoch an Bhallstát atá ag déanamh na seiceálacha, nach bhfuil gá ann an fheithicil a stopadh agus má dhéantar iad le hurraim iomlán do chearta, do shaoirse agus do leasa dlisteanacha an duine lena mbaineann.

Leasú    10

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)  Chun go mbeadh córas den sórt sin in ann feidhmiú, tá gá le malartú faisnéise idir na Ballstáit chun seiceálacha cumhdaigh mótarárachais a cheadú fiú má tá feithicil cláraithe i mBallstát eile. Ba cheart an malartú faisnéise sin, bunaithe ar an gcóras EUCARIS (an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Feithiclí agus Ceadúnais Tiomána) atá ann cheana, a dhéanamh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, toisc gur cheart go mbeadh gach feithicil faoi réir an fhíoraithe chéanna. Na leasuithe a thabharfar isteach leis an Treoir seo, beidh tionchar teoranta acu ar riaracháin phoiblí ós rud é go bhfuil an córas malartaithe sin ann cheana agus go bhfuil sé in úsáid chun dul i ngleic le cionta tráchta.

Réasúnú

Ba cheart an córas malartaithe faisnéise EUCARIS atá ann cheana a úsáid le haghaidh seiceálacha fíoraithe árachais.

Leasú    11

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b)  Is fadhb mhéadaitheach laistigh den Aontas í mótarfheithicil a úsáid gan cumhdach árachais éigeantaigh i gcoinne dliteanas sibhialta. Mar thoradh ar thiomáint neamhárachaithe, meastar gurb é € 870 milliún an costas a bhain le héilimh in 2011 don Aontas trí chéile. Ba cheart a chur i bhfáth go mbíonn tionchar diúltach ag an tiomáint neamhárachaithe ar réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear íospartaigh timpistí, árachóirí, cistí ráthaíochta agus sealbhóirí polasaí mótarárachais.

Leasú    12

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)  I gcomhréir leis na prionsabail sin, níor cheart go gcoimeádfadh Ballstáit sonraí ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse a theastaíonn lena fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil cumhdach aráchais bhailí ag feithicil. Nuair a fhaightear go bhfuil feithicil cumhdaithe, ba cheart na sonraí ar fad a bhaineann leis an bhfíorú sin a scriosadh. Sa chás nach bhfuil córas fíoraithe in ann a chinneadh an bhfuil feithicil árachaithe, níor cheart na sonraí sin a choimeád ach ar feadh uastréimhse 30 lá nó go dtí go léirítear cumhdach árachais bailí na feithicle, cibé acu tréimhse is giorra. Maidir leis na feithiclí ar ina leith a fuarthas nach bhfuil siad cumhdaithe ag cumhdach árachais bhailí, tá sé réasúnach a éileamh go gcoimeádfaí na sonraí sin go dtí go mbeidh aon phróisis riaracháin nó bhreithiúnacha curtha i gcrích agus go dtí go mbeidh an fheithicil cumhdaithe ag polasaí árachais bhailí.

Réasúnú

Le feithiclí a scanadh, ceadaítear do rialtais gluaiseacht daoine aonair a aimsiú. D’fhéadfadh é sin sárú a dhéanamh ar a gcuid príobháideachais. Ní cheart an ceart chun príobháideachta a shárú ach amháin i gcásanna ina bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann. D’fhéadfadh a leithéid de chúis a bheith ann nuair a aimsítear feithicil gan an t-árachas riachtanach. Do na feithiclí a léirigh go bhfuil siad cumhdaithe le mótarárachas (feithiclí “nach mbraitear” iad, mar a thugtar orthu), ní cheart an taifead sin a úsáid ar aon chúis eile agus ba cheart iad a scriosadh laistigh de thréimhse réasúnta ama. Ba cheart go mbeadh an tréimhse coinneála teoranta agus leagtha síos sa Rialachán, i gcomhréir le reachtaíocht eile AE eile amhail an Treoir E-call.

Leasú    13

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  Ar mhaithe le cosaint éifeachtach éifeachtúil d’íospartaigh timpistí tráchta, ní mór i gcónaí a ndíobhálacha pearsanta nó damáiste dá maoin a chúiteamh leis na híospartaigh sin, beag beann ar cé acu an bhfuil gnóthas árachais an pháirtí faoi dhliteanas sócmhainneach nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit comhlacht a bhunú nó a ainmniú chun an cúiteamh tosaigh a sholáthar do dhaoine díobhálacha a chónaíonn laistigh dá gcríoch de ghnáth, agus ag a mbeidh an ceart an cúiteamh sin a aiséileamh ón gcomhlacht atá bunaithe nó ainmnithe chun na críche céanna sin i mBallstát bunaíochta an ghnóthais árachais a d’eisigh an polasaí d’fheithicil an pháirtí faoi dhliteanas. Mar sin féin, ionas nach ndéanfaí éilimh chomhthreomhara, níor cheart cead a bheith ag íospartaigh timpistí tráchta éileamh ar chúiteamh a chur faoi bhráid an chomhlachta sin dá mba rud é gur chuir siad a n-éileamh faoi bhráid an ghnóthais árachais lena mbaineann cheana féin, nó gur thionscain siad caingean dlí in éadan an ghnóthais árachais cheana féin, agus go bhfuil an t-éileamh sin fós á bhreithniú agus go bhfuil an chaingean sin fós ar feitheamh.

(7)  Ar mhaithe le cosaint éifeachtach agus éifeachtúil do pháirtithe a gortaíodh mar thoradh ar thionóisc tráchta, ní mór i gcónaí na méideanna atá dlite dá ndíobhálacha pearsanta nó damáiste dá maoin a chúiteamh leis na daoine díobhálacha sin, beag beann ar cé acu an bhfuil gnóthas árachais an pháirtí faoi dhliteanas sócmhainneach nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit comhlacht a bhunú nó a ainmniú, gan mhoill, chun an cúiteamh tosaigh, ar a laghad suas go teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir 2009/103/CE nó suas go teorainneacha ráthaíochta a fhorordaíonn an Ballstát, má tá sé níos airde, a sholáthar do dhaoine díobhálacha a chónaíonn laistigh dá gcríoch de ghnáth, agus ag a bhfuil an ceart chun an cúiteamh sin a aiséileamh ón gcomhlacht atá curtha ar bun nó ainmnithe chun na críche céanna sin i mBallstát bunaíochta an ghnóthais árachais a d’eisigh an polasaí d’fheithicil an pháirtí faoi dhliteanas. Mar sin féin, ionas nach dtabharfaí nach éilimh chomhthreomhara isteach, níor cheart cead a bheith ag íospartaigh tionóiscí tráchta éileamh ar chúiteamh a chur faoi bhráid an chomhlachta sin má tá an t-éileamh curtha faoina bhráid cheana acu agus má tá an t-éileamh sin fós á bhreithniú.

Réasúnú

Cé gur cheart cosc a chur ar dhuine aonair éilimh iolracha ar chúiteamh a lorg ó chomhlachtaí cúitimh éagsúla, níl aon chúis le cosc a chur ar na héilimh sin má tá siad ag tógáil cás i gcoinne na cuideachta dócmhainní. Is féidir go leor cúiseanna a bheith ag duine aonair chun cás dlí a thógáil i gcoinne cuideachta dhócmhainneach, a théann thar a bhfuil cumhdaithe leis an mótarárachas íosta. Ag an am céanna, d’fhéadfadh sé go dtógfadh sé roinnt mhaith blianta sula dtugtar cinneadh críochnaitheach ar chásanna dócmhainneachta. Dá bhrí sin, ní cheart go mbeadh ar íospartach tionóisce fanacht ar chúiteamh. Féadfaidh na Ballstáit méid an chúitimh sin a aisghabháil ó aon dámhachtain ó rialú dlí.

Leasú    14

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  Maidir le startha na n-éileamh a bhí cheana féin ag sealbhóirí polasaí ar mian leo conarthaí árachais nua a chur i gcrích le gnóthais árachais, ba cheart a bheith in ann na startha sin a fhíordheimhniú go héasca chun aithint stair na n-éileamh sin a éascú nuair atá polasaí árachais nua á chur i gcrích. Chun fíorú agus fíordheimhniú na ráiteas faoi stair na n-éileamh a éascú, tá sé tábhachtach go mbeidh ábhar agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh sin mar an gcéanna i ngach Ballstát. Sa bhreis air sin, maidir le gnóthais árachais a chuireann ráitis faoi stair na n-éileamh san áireamh chun préimheanna mótarárachais a chinneadh, níor cheart dóibh idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta ná ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh an sealbhóir polasaí roimhe sin amháin. Ionas go mbeidh na Ballstáit in ann fíorú a dhéanamh ar conas a chaitheann gnóthais árachais le ráitis faoi stair na n-éileamh, ba cheart do ghnóthais árachais a bpolasaithe a fhoilsiú maidir le húsáid stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.

(8)  Maidir le startha na n-éileamh a bhí cheana féin ag sealbhóirí polasaí ar mian leo conarthaí árachais nua a chur i gcrích le gnóthais árachais, ba cheart a bheith in ann na startha sin a fhíordheimhniú go héasca chun aithint stair na n-éileamh sin a éascú nuair atá polasaí árachais nua á chur i gcrích. Chun fíorú agus fíordheimhniú na ráiteas faoi stair na n-éileamh a éascú, tá sé tábhachtach go mbeidh ábhar agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh sin mar an gcéanna i ngach Ballstát. Sa bhreis air sin, maidir le gnóthais árachais a chuireann ráitis faoi stair na n-éileamh san áireamh chun préimheanna mótarárachais a chinneadh, níor cheart dóibh idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta ná ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh an sealbhóir polasaí roimhe sin amháin. Ina theannta sin, ba cheart go gcaithfeadh gnóthais árachais le ráiteas ó Bhallstát eile mar ráiteas atá comhionann le ráiteas intíre agus ba cheart go ndéanfaidís aon lascainí atá ar fáil do chliant féideartha atá comhionann seachas sin, agus na lascainí sin a éilítear le reachtaíocht náisiúnta Ballstáit, a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag Ballstáit reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh maidir leis na córais 'bonus/malus’ ós rud é gur de chineál náisiúnta iad na córais sin, gan aon ghné thrasteorann, agus, dá bhrí sin, faoi phrionsabal na coimhdeachta, ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé i gcónaí cinntí a dhéanamhi dtaca leis na córais sin. Ionas go mbeidh na Ballstáit in ann fíorú a dhéanamh ar conas a chaitheann gnóthais árachais le ráitis faoi stair na n-éileamh, ba cheart do ghnóthais árachais a bpolasaithe a fhoilsiú maidir le húsáid stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.

Réasúnú

Ní hamháin nár cheart d’árachóirí idirdhealú a dhéanamh i gcoinne eachtrannach ná i gcoinne náisiúnaigh atá ag filleadh ar a dtír thionscnaimh, ná formhuirear a ghearradh orthu, ach ba cheart dóibh caitheamh leis an ráiteas mar ráiteas atá comhionann le ráiteas intíre agus ba cheart go ndéanfaidís aon lascainí atá ar fáil do chliant féideartha atá comhionann seachas sin, agus na lascainí sin a éilítear le reachtaíocht náisiúnta Ballstáit, a chur i bhfeidhm.. Leanfaidh sé de bheith ina inniúlacht náisiúnta más mian le Ballstát reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh maidir le córais "bonus/malus". Is de chineál náisiúnta iad córais den sórt sin, gan aon ghné thrasteorann, agus thairis sin ní mór iad a chur i bhfeidhm go cothrom maidir le cách ar chríoch aonair.

Leasú    15

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le hábhar agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20.

scriosta

__________________

 

20 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

 

Leasú    16

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a)  Chun éifeacht iomlán a thabhairt d’úsáid na ráitis faoi stair na n-éileamh nuair atá préimheanna á ríomh, ba cheart do na Ballstáit gnóthais árachais a spreagadh chun uirlisí trédhearcacha comparáide praghais a úsáid.

Leasú    17

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)  Chun a áirithiú go mbeidh na híosmhéideanna ag teacht leis na dálaí athraitheacha eacnamaíocha (agus nach gcreimfear iad le himeacht aimsire), ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na híosmhéideanna cumhdaigh mótarárachais tríú páirtí sin a oiriúnú chun léiriú a thabhairt ar na dálaí athraitheacha eacnamaíocha, agus chun cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí a bhunófar chun cúiteamh a sholáthar nó a chuirfear de chúram orthu cúiteamh a sholáthar de bhun Airteagal 10a maidir leis an aisíocaíocht a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(10)  Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le hinneachar agus foirm na ráitis faoi stair na n-éileamh a bhunú. Chun a áirithiú go mbeidh íosmhéideanna an chumhdaigh i gcoinne dliteanas sibhialta a bhaineann le mótarfheithiclí ag teacht leis na dálaí athraitheacha eacnamaíocha (agus nach gcreimfear iad le himeacht ama), ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na híosmhéideanna sin a oiriúnú, chomh maith le sainmhíniú ar na cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí a bunaíodh chun cúiteamh a sholáthar nó a chuirfear de chúram orthu cúiteamh a sholáthar de bhun Airteagal 10a de Threoir 2009/103/CE maidir leis an aisíocaíocht. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 20161a. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

 

__________________

 

1a IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

Leasú    18

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)  Mar chuid den mheastóireacht ar fheidhmiú na Treorach, ba cheart don Choimisiún Eorpach faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh san am céanna: líon na n-íospartach, méid na n-éileamh nár íocadh fós de bharr moilleanna ar íocaíochtaí de thoradh cásanna dócmhainneachta trasteorann, leibhéal na n-íosmhéideanna cumhdaigh sna Ballstáit, méid na n-éileamh de bharr na tiomána neamhárachaithe a bhaineann le trácht trasteorann agus líon na ngearán maidir le ráitis faoi stair na n-éileamh.

(11)  Mar chuid den mheastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE, ba cheart don Choimisiún Eorpach faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach sin, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh san am céanna: líon na ndaoine díobhálaithe, méid na n-éileamh nár íocadh fós de bharr moilleanna ar íocaíochtaí de thoradh cásanna dócmhainneachta trasteorann, leibhéal na n-íosmhéideanna cumhdaigh sna Ballstáit, méid na n-éileamh de bharr na tiomána neamhárachaithe a bhaineann le trácht trasteorann agus líon na ngearán maidir le ráitis faoi stair na n-éileamh. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2009/103/CE i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha, lena n-áirítear an méadú atá tagtha ar úsáid feithiclí uathrialaitheacha agus leath-uathrialaitheacha, chun a áirithiú go leanfaidh sé dá chuspóir a chomhlíonadh, arb ionann é agus daoine díobhálaithe féideartha a chosaint ó thionóiscí a bhfuil baint ag mótarfheithiclí leo. Ba cheart dó freisin anailís a dhéanamh ar chóras dliteanas na bhfeithiclí éadroma ardluais, agus ar réiteach féideartha uile-Aontais maidir le córas ‘bonus-malus’.

Leasú    19

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, go háirithe íoschosaint chomhionann d’íospartaigh timpistí tráchta ar fud an Aontais a áirithiú agus cosaint íospartaigh i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais a áirithiú, a bhaint amach go leordhóthanach agus, de bharr a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(12)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, go háirithe i dtaca le cosaint íosta chomhionann a áirithiú do dhaoine a rinneadh díobháil orthu mar thoradh ar thionóiscí tráchta ar fud an Aontas, a gcosaint a áirithiú i gcás dhócmhainneacht gnóthais árachais agus cóir chomhionann a áirithiú i dtaca le húdarú a dhéanann árachóirí ar ráitis faoi stair na n-éileamh le haghaidh sealbhóirí polasaí féideartha a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

Leasú    20

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a)  Chun cur chuige seasmhach a chur chun cinn i leith páirtithe a rinneadh díobháil orthu mar thoradh ar eachtraí ina úsáidtear mótarfheithicil mar arm chun coir fhoréigneach nó gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéileálann a gcomhlacht cúitimh a bunaíodh nó a údaraíodh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2009/103/CE leis na héilimh go léir a eascraíonn ó choir nó gníomh den sórt sin.

Leasú    21

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1)  Cuirtear an téarma ‘duine díobhálaithe’ in ionad an fhocail ‘íospartach’, agus cuirtear an téarma ‘daoine díobhálaithe’ in ionad an fhocail ‘íospartaigh’, ar fud na Treorach.

 

(Is gá foclaíocht bheacht chríochnaitheach "duine díobhálaithe" a chinneadh de réir an cháis, bunaithe ar riachtanais ghramadaí, agus bheadh sé mar thoradh ar an leasú seo a ghlacadh go gcruthófaí tuilleadh leasuithe comhfreagracha ar an Treoir leasaithe.)

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo easnamh a cheartú, ar easnamh é a tharla nuair a cumascadh na treoracha um árachas gluaisteán go léir in 2009. Tá an téarma “íospartach” san áireamh i roinnt Airteagal, agus tuigtear leis sin nach bhfuil ach íospartaigh dhíreacha tionóisce i gceist, le hAirteagail eile, baintear úsáid as an téarma “duine díobhálaithe” agus tuigtear leis sin go bhfuil íospartaigh dhíreacha agus indíreacha araon (amhail baill teaghlaigh i ndiaidh tionóisc mharfach) i gceist. Chun a áirithiú go gcumhdaítear na héilimh fhéideartha go léir, ba cheart an téarma duine/daoine díobhálaithe a úsáid ar fud an téacs. Ba cheart a thabhairt faoi deara, cé nach sainmhínítear “íospartach”, sainmhínítear an téarma “duine díobhálaithe” in Airteagal 1.

Leasú    22

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1a.  ciallaíonn “úsáid feithicle” aon úsáid a bhaintear as feithicil atá ceaptha lena húsáid mar mhodh taistil de ghnáth, atá comhsheasmhach le gnáthfheidhmiú na feithicle sin, beag beann ar thréithe na feithicle agus beag beann ar an tír-raon ar a n-úsáidtear an mhótarfheithicil agus ar cé acu an bhfuil sí ina stad nó ag gluaiseacht.”;

1a.  ciallaíonn “úsáid feithicle” aon úsáid a bhaintear as feithicil i dtrácht atá comhsheasmhach le feidhmiú na feithicle mar mhodh taistil tráth na tionóisce beag beann ar thréithe na feithicle agus beag beann ar an tír-raon ar a n-úsáidtear an mhótarfheithicil agus ar cé acu an bhfuil sí ina stad nó ag gluaiseacht;

Leasú    23

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 2 – mír 1 a agus mír 1 (b) (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)  In Airteagal 2, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

 

“Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach amháin maidir le feithiclí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/858*, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013** nó Rialachán (AE) Uimh. 168/2013***.

 

Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach maidir le feithiclí atá ceaptha go heisiach lena n-úsáid i gcomhthéacs rannpháirtíocht i ngníomhaíocht spóirt iomaíochta, nó i ngníomhaíochtaí spóirt gaolmhara, laistigh de limistéar dúnta.

 

__________________

 

* Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

 

** Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

 

*** Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus ar chuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52)."

Réasúnú

Leasú    24

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 b (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 3 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1b)  In Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

“Déanfaidh Ballstáit a áirithiú nuair a cheanglaítear ar fheithicil árachas a bheith aici de bhun an chéad mhír, go bhfuil an t-árachas bailí freisin agus go gcumhdaíonn sé daoine díobhálaithe i gcásanna tionóiscí a tharlaíonn:

 

(a) nuair atá an fheithicil i dtrácht agus nach bhfuil sí á úsáid i gcomhréir lena príomhfheidhm; agus

 

(b) lasmuigh d’úsáid na feithicle i dtrácht.

 

Féadfaidh Ballstáit srianta ar chumhdach árachais a ghlacadh maidir le húsáid lasmuigh d’úsáid na feithicle i dtrácht dá dtagraítear i bpointe (b) den chúigiú mír. Úsáidfear an fhoráil sin mar eisceacht agus ní úsáidfear é ach amháin nuair is gá, i gcás ina measann na Ballstáit go rachadh an cumhdach sin thar a bhféadfaí a bheith ag súil leis ó mhótarárachas. Ní fhéadfaidh an fhoráil sin a úsáid riamh chun teacht timpeall ar na prionsabail agus na rialacha a leagtar amach sa Threoir seo.

Leasú    25

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit seiceálacha árachais a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil na seiceálacha sin neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach, agus

Mar sin féin, féadfaidh siad seiceálacha árachais a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil na seiceálacha sin neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach chun an chríoch bheartaithe a ghnóthú, go n-urramaíonn siad cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann, agus

Leasú    26

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  go bhfuil siad mar chuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta agus nach gá an fheithicil a stopadh.

(b)  go bhfuil siad mar chuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta ar seiceálacha iad a dhéantar i ndáil le feithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch an Bhallstáit a bhfuil an seiceáil á déanamh aige agus nach gá an fheithicil a stopadh.

Leasú    27

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 4 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Chun críocha seiceálacha a dhéanamh ar árachas, amhail dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh Ballstát rochtain do Bhallstáit eile ar na sonraí clárúcháin feithiclí náisiúnta a leanas, maille leis an gcumhacht chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh orthu:

 

(a)  sonraí maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an fheithicil cumhdaithe ag árachas éigeantach;

 

(b)  sonraí a bhaineann le húinéirí nó sealbhóirí na feithicle atá ábhartha dá n-árachas i gcoinne dliteanas sibhialta faoi réir Airteagal 3.

 

Tabharfar rochtain ar na sonraí sin trí phointí teagmhála náisiúnta na mBallstát, arna n-ainmniú de bhun Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2015/413*.

 

__________________

 

* Treoir (AE) Uimh. 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L 68, 13.3.2015, lch. 9)

Leasú    28

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 4 – mír 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b.  Agus cuardach á dhéanamh aige i bhfoirm iarraidh amach, bainfidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil seiceáil árachais á déanamh aige úsáid as cláruimhir iomlán. Déanfar na cuardaigh sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB*. An Ballstát a bhfuil seiceáil árachais á déanamh aige, bainfidh sé úsáid as na sonraí a gheofar lena fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil an fheithicil cumhdaithe ag árachas éigeantach bailí faoi réir Airteagal 3 den Treoir seo.

 

__________________

 

* Cinneadh 2008/616/CGB an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).

Réasúnú

Tá an malartú sonraí riachtanach chun príomhchuspóir na Treorach seo a bhaint amach, arb ionann an cuspóir sin, i measc nithe eile, agus saorghluaiseacht feithiclí idir na Ballstáit a éascú agus bacainní ar fheidhmiú cuí margaidh chomhtháite le haghaidh mótarárachais a bhaint. Thairis sin, ba cheart dúinn úsáid a bhaint as córas EUCARIS atá ann cheana a leagtar amach i gCinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle chun a áirithiú gur féidir leis an malartú faisnéise sin tarlú.

Leasú    29

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 4 – mír 1 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1c.  Áiritheoidh na Ballstát, a mhéid is féidir, slándáil agus cosaint na sonraí arna dtarchur, agus úsáid á baint acu as feidhmchláir bogearraí atá ann cheana, amhail an ceann dá dtagraítear in Airteagal 15 de Chinneadh 2008/616/CGB, agus leaganacha leasaithe de na feidhmchláir bogearraí sin, i gcomhréir le Caibidil 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB. Leis na leaganacha leasaithe de na feidhmchláir, déanfar foráil do mhód malartaithe fíor-ama ar líne agus do mhód malartaithe baisce araon, agus tríd an dara mód sin, beifear in ann iarrataí iomadúla nó freagraí iomadúla a mhalartú in aon teachtaireacht amháin.

Réasúnú

Tá an malartú sonraí riachtanach chun príomhchuspóir na Treorach seo a bhaint amach, arb ionann an cuspóir sin, i measc nithe eile, agus saorghluaiseacht feithiclí idir na Ballstáit a éascú agus bacainní ar fheidhmiú cuí margaidh chomhtháite le haghaidh mótarárachais a bhaint. Thairis sin, ba cheart dúinn úsáid a bhaint as córas EUCARIS atá ann cheana a leagtar amach i gCinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle chun a áirithiú gur féidir leis an malartú faisnéise sin tarlú.

Leasú    30

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 4 – mír 2 – fomhíreanna 1 a, 1 b agus 1  c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Déanfaidh na Ballstáit, go háirithe, an cuspóir sonrach a shonrú, tagairt don bhunús dlí ábhartha, na ceanglais slándála ábhartha a chomhlíonadh agus prionsabail an riachtanais, na comhréireachta, agus an teorannaithe de réir cuspóra a urramú, agus déanfaidh siad tréimhse coinneála sonraí chomhréireach a leagan síos.

 

Ní choimeádfar na sonraí pearsanta de bhun an Airteagail seo ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun críche seiceáil árachais a láimhseáil. Déanfar na sonraí sin a scriosadh go hiomlán a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leo chun na críche sin. I gcás ina léirítear i seiceáil árachais go bhfuil feithicil atá cumhdaithe ag árachas éigeantach faoi réir Airteagal 3, déanfaidh an rialaitheoir na sonraí sin a scriosadh láithreach. Sa chás nach bhfuiltear in ann a chinneadh le seiceáil cé acu atá nó nach bhfuil feithicil cumhdaithe ag árachas éigeantach faoi réir Airteagal 3, coimeádfar na sonraí go ceann tréimhse chomhréireach nach faide ná 30 lá nó go ceann na tréimhse a bheidh riachtanach chun a chinneadh go bhfuil an cumhdach árachais ann, cibé acu tréimhse is giorra.

 

I gcás ina gcinneann Ballstát go bhfuil feithicil ag taisteal gan árachas éigeantach faoi réir Airteagal 3, féadfaidh sé pionóis a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 27.

Réasúnú

Le feithiclí a scanadh, ceadaítear do rialtais gluaiseacht daoine aonair a aimsiú. D’fhéadfadh é sin sárú a dhéanamh ar a gcuid príobháideachais. Ní cheart an ceart chun príobháideachta a shárú ach amháin i gcásanna ina bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann. D’fhéadfadh a leithéid de chúis a bheith ann nuair a aimsítear feithicil gan an t-árachas riachtanach. Do na feithiclí a léirigh go bhfuil siad cumhdaithe le mótarárachas (feithiclí “nach mbraitear” iad, mar a thugtar orthu), ní cheart an taifead sin a úsáid ar aon chúis eile agus ba cheart iad a scriosadh laistigh de thréimhse réasúnta ama. Ba cheart go mbeadh an tréimhse coinneála teoranta agus leagtha síos sa Rialachán, i gcomhréir le reachtaíocht eile AE eile amhail an Treoir E-call.

Leasú    31

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  le haghaidh díobhálacha pearsanta: EUR 6 070 000 in aghaidh na timpiste, beag beann ar líon na n-íospartach, nó EUR 1 220 000 in aghaidh an íospartaigh;

(a)  le haghaidh díobhálacha pearsanta: EUR 6 070 000 in aghaidh na timpiste, beag beann ar líon na bpáirtithe díobhálaithe, nó EUR 1 220 000 in aghaidh an duine díobhálaithe;

Leasú    32

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  le haghaidh damáistí do mhaoin, EUR 1 220 000 in aghaidh an éilimh, beag beann ar líon na n-íospartach.

(b)  le haghaidh damáiste do mhaoin, EUR 1 220 000 in aghaidh na tionóisce, beag beann ar líon na ndaoine díobhálaithe.

Réasúnú

Chun trasuí mícheart a sheachaint, ba cheart an téarma “in aghaidh an éilimh”, ag a bhfuil bríonna difriúla nuair a aistrítear é, a ionadú leis an téarma“in aghaidh na tionóisce” rud a bheidh ina chúis le tuiscint níos coitinne.

Leasuithe:    33

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3a)  In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

Déanfaidh gach Ballstát comhlacht a bhunú nó a údarú a mbeidh sé de chúram air cúiteamh a sholáthar, ar a laghad suas go dtí teorainneacha na hoibleagáide árachais i leith damáiste do mhaoin nó díobhálacha pearsanta arb éard is cúis leis nó leo feithicil gan aithint nó feithicil nár comhlíonadh ina leith an oibleagáid árachais dá bhforáiltear in Airteagal 3.

“Déanfaidh gach Ballstát comhlacht a chur ar bun nó a údarú a mbeidh sé de chúram air cúiteamh a sholáthar, ar a laghad suas go dtí teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó suas go dtí teorainneacha ráthaíochta a fhorordaíonn an Ballstát, má tá sé níos airde, i leith damáiste do mhaoin nó díobhálacha pearsanta arb éard is cúis leis nó leo feithicil gan aithint nó feithicil nár comhlíonadh ina leith an oibleagáid árachais dá bhforáiltear in Airteagal 3, lena n-airítear maidir le heachtraí ina úsáidtear mótarfheithicil mar arm chun coir fhoréigneach nó gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh.”

Réasúnú

Tá gá leis an leasú sin toisc go bhfuil dlúthbhaint idir an leasú agus na forálacha in Airteagal 10a maidir le cosaint daoine díobhálacha i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais nó easpa comhair gnóthais árachais.

Leasú    34

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 10a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 10a

Airteagal 10a

Cosaint daoine díobhálacha i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais nó easpa comhair gnóthais árachais

Cosaint daoine díobhálacha i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais

 

-1.  Déanfaidh Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag gach duine díobhálaithe cúiteamh a éileamh, ar a laghad suas go teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó suas go dtí teorainneacha ráthaíochta a fhorordaíonn an Ballstát, má tá siad níos airde, maidir le díobhálacha pearsanta nó damáiste do mhaoin de thoradh feithicil arna hárachú ag gnóthas árachais in aon cheann de na staideanna seo a leanas:

 

(a)  tá an gnóthas árachais faoi réir imeachtaí féimheachta; nó

 

(b)  tá an gnóthas árachais faoi réir imeacht foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 268(d) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

1.  Bunóidh nó údaróidh na Ballstáit comhlacht chun cúiteamh a thabhairt do dhaoine díobhálacha a chónaíonn ar a gcríoch de ghnáth, ar a laghad suas go teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) maidir le díobhálacha pearsanta nó damáiste do mhaoin de thoradh feithicil arna hárachú ag gnóthas árachais in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

1.  Déanfaidh gach Ballstát comhlacht a chur ar bun nó a údarú chun cúiteamh a thabhairt do dhaoine díobhálaithe, atá ina gcónaí ar a gcríoch de ghnáth, sna staideanna dá dtagraítear i mír -1.

(a)  tá an gnóthas árachais faoi réir imeachtaí féimheachta;

 

(b)  tá an gnóthas árachais faoi réir imeacht foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 268(d) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***;

 

(c)  níl freagra réasúnaithe tugtha ag an ngnóthas árachais ná ag a n-ionadaí éileamh ar na pointí a rinneadh san éileamh ar chúiteamh laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a chuir an duine díobhálaithe a éileamh nó a héileamh faoi bhráid an ghnóthais árachais sin.

 

2.  Ní fhéadfaidh daoine díobhálacha éileamh a chur faoi bhráid an chomhlachta dá dtagraítear i mír 1 más rud é go bhfuil éileamh curtha acu go díreach faoi bhráid an ghnóthais árachais nó go bhfuil caingean dlí tionscanta acu go díreach in éadan an ghnóthais árachais agus go bhfuil an t-éileamh nó an chaingean dlí sin fós ar feitheamh.

 

3.  Tabharfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 freagra ar an éileamh laistigh de dhá mhí tar éis an dáta a chuir an duine díobhálach a éileamh nó a héileamh ar chúiteamh isteach.

3.  Féadfaidh an duine díobhálaithe iarratas ar chúiteamh a dhéanamh go díreach leis an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh an comhlacht sin, ar bhonn na faisnéise a sholáthraigh an duine díobhálaithe, arna hiarraidh sin don chomhlacht, freagra réasúnaithe a thabhairt don duine díobhálaithe maidir le híocaíocht aon chúitimh laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a dhéanann na duine díobhálaithe iarratas ar chúiteamh.

 

Sa chás in bhfuil cúiteamh dlite, déanfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1, laistigh de thrí mhí óna fhreagra a chur in iúl, an cúiteamh iomlán a sholáthar don duine díobhálaithe nó, sa chás ina bhfuil an cúiteamh i bhfoirm íocaíochtaí tréimhsiúla, tosóidh an comhlacht na híocaíochtaí sin.

 

Sa chás ina gcuireann an duine díobhálaithe éileamh isteach chuig an ngnóthas árachais nó a ionadaí éileamh, ar éileamh é a tháinig faoi réir na staideanna dá dtagraítear i mír -1 roimh an éileamh nó le linn na éilimh, agus níl aon freagra faighte fós ag an duine díobhálaithe sin ón ngnóthas árachais nó a ionadaí éileamh, beidh an duine díobhálaithe in ann a éileamh nó a héileamh a chur isteach arís chuig an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1.

4.  Más rud é go bhfuil an duine díobhálach ina chónaí i mBallstát eile nach é an Ballstát ina bhfuil an gnóthas árachais dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, beidh an comhlacht, dá dtagraítear i mír 1 agus a thug cúiteamh don duine díobhálach sin ina Bhallstát cónaí, i dteideal aisíocaíocht a éileamh i leith na suime a íocadh i bhfoirm cúiteamh ón gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas árachais a d’eisigh polasaí an pháirtí faoi dhliteanas bunaithe.

4.  I gcás ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/138/CE i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát ar ina leith atá an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 inniúil, beidh an comhlacht sin i dteideal aisíocaíocht a éileamh i leith na suime a íocadh i bhfoirm cúiteamh ón gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú.

5.  Tá mír 1 go mír 4 gan dochar:

5.  Tá mír -1 go mír 4 gan dochar:

(a)  do cheart na mBallstát féachaint ar an gcúiteamh a íocann an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 mar chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta;

(a)  do cheart na mBallstát féachaint ar an gcúiteamh a íocann an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 mar chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta;

(b)  do cheart na mBallstát foráil maidir le réiteach na n-éileamh i dtaca leis an timpiste chéanna idir:

(b)  do cheart na mBallstát foráil maidir le réiteach na n-éileamh i dtaca leis an timpiste chéanna idir:

(i)  an comhlacht dá dtagraítear i mír 1;

(i)  an comhlacht dá dtagraítear i mír 1;

(ii)  an duine nó daoine faoi dhliteanas as an timpiste;

(ii)  an duine nó daoine faoi dhliteanas ai leith na tionóisce;

(iii)  gnóthais árachais eile nó comhlachtaí slándála sóisialta ar gá dóibh an duine díobhálach a chúiteamh.

(iii)  gnóthais árachais eile nó comhlachtaí slándála sóisialta ar gá dóibh an duine díobhálach a chúiteamh.

6.  Ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir aon cheanglas ach amháin na ceanglais atá leagtha síos sa Treoir seo. Ní dhéanfar an íocaíocht go háirithe faoi réir an cheanglais gur cheart don duine díobhálach a dheimhniú nach bhfuil an páirtí faoi dhliteanas in ann íoc nó toilteanach íoc.

6.  Ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir aon laghdú nó nó faoi réir aon cheanglas ach amháin na ceanglais atá leagtha síos sa Treoir seo. Go háirithe, ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir an cheanglais gur cheart don duine díobhálaithe a bhunú nach bhfuil an duine faoi dhliteanas nó an gnóthas árachais in ann íoc nó diúltaíonn sé íoc.

7.  Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28b, ionas go sonrófar cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí a bhunófar nó a údarófar de bhun Airteagal 10a maidir leis an aisíocaíocht.”

7.  Gabhfaidh éifeacht leis an Airteagal sin:

 

(a)  tar éis comhaontú a bheith tugtha i gcrích idir na comhlachtaí go léir dá dtagraítear i mír 1 arna mbunú nó arna n-údarú ag na Ballstáit a bhaineann lena gcuid feidhmeanna agus a gcuid oibleagáidí agus na nósanna imeachta maidir le haisíocaíocht;

 

(b)  ó dháta a bheidh le socrú ag an gCoimisiún an túisce a fhionnfaidh sé, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, go bhfuil an comhaontú dá dtagraítear i bpointe (a) tugtha i gcrích.

 

7a.  Féadfaidh daoine díobhálaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(1), sna staideanna dá dtagraítear i mír -1, iarratas a dhéanamh ar chúiteamh ón gcomhlacht cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 24 ina mBallstát cónaithe.

 

7b.  Féadfaidh an duine díobhálaithe iarratas ar chúiteamh a dhéanamh go díreach leis an gcomhlacht cúitimh, agus ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn an duine díobhálaithe arna hiarraidh sin don chomhlacht, déanfaidh an comhlacht freagra réasúnaithe a thabhairt don duine díobhálaithe laistigh de thrí mhí ón dáta a dhéanfaidh an duine díobhálaithe iarratas ar chúiteamh.

 

Nuair a gheobhaidh sé an t-éileamh, cuirfidh an comhlacht cúitimh in iúl do na daoine nó comhlachtaí seo a leanas go bhfuil éileamh faighte aige ón duine díobhálaithe:

 

(a)  an gnóthas árachais atá faoi réir imeachtaí féimheachta nó foirceanta;

 

(b)  an leachtaitheoir a ceapadh le haghaidh an ghnóthais árachais sin, mar a shainmhínítear in Airteagal 268(f) de Threoir 2009/138/CE;

 

(c)  an comhlacht cúitimh sa Bhallstát inar tharla an timpiste; agus

 

(d)  an comhlacht cúitimh sa Bhallstát ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/138/CE sa chás nach ionann an Ballstát sin agus an Ballstát inar tharla an timpiste.

 

7c.  Tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7b a fháil, cuirfidh an comhlacht cúitimh sa Bhallstát inar tharla an timpiste in iúl don chomhlacht cúitimh i mBallstát cónaithe an duine díobhálaithe cé acu atá nó nach bhfuil an cúiteamh ón gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 le meas mar chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta. Cuirfidh an comhlacht cúitimh i mBallstát cónaithe an duine díobhálaithe an fhaisnéis sin san áireamh agus cúiteamh á thabhairt aige.

 

7d.  Beidh an comhlacht cúitimh a thug cúiteamh don duine díobhálaithe ina B(h)allstát cónaithe i dteideal aisíocaíocht a éileamh i leith na suime a íocadh i bhfoirm cúiteamh ón gcomhlacht cúitimh sa Bhallstát ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/138/CE.

 

7e.  Déanfar an dara comhlacht a sheachú i gcearta an duine díobhálaithe i gcoinne an chomhlachta dá dtagraítear i mír 1 arna bhunú sa Bhallstát ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/138/CE, a mhéid is go ndearna an comhlacht cúitimh i mBallstát cónaithe an duine díobhálaithe cúiteamh a sholáthar i leith díobhálacha pearsanta nó damáiste do mhaoin.

 

Beidh sé de dhualgas ar gach Ballstát an tseachaíocht sin a admháil amhail dá bhforálfaidh aon Bhallstát eile.

 

7f.  Áireofar sa chomhaontú idir comhlachtaí cúitimh, dá dtagraítear in Airteagal 24(3), forálacha a bhaineann le feidhmeanna, oibleagáidí agus nósanna imeachta na gcomhlachtaí cúitimh le haghaidh aisíocaíochta a eascraíonn ón Airteagal seo.

 

7g.  In éagmais an chomhaontaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 7 nó in éagmais leasú ar an gcomhaontú faoi mhír 7f faoi [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28b lena leagtar síos cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí arna mbunú agus arna n-údarú de bhun an Airteagail sin maidir leis an aisíocaíocht, nó maidir leis an comhaontú a leasú faoi Airteagal 24(3), nó an dá rud, más gá.

 

__________________

 

* Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

*** Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

 

Leasú    35

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 15

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(4a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

Airteagal 15

"Airteagal 15

Feithiclí arna seoladh ó Bhallstát amháin go ceann eile

Feithiclí arna seoladh ó Bhallstát amháin go ceann eile

1.  De mhaolú ar an dara fleasc d'Airteagal 2(d) de Threoir 88/357/CEE, i gcás ina seolfar feithicil ó Bhallstát amháin go ceann eile, measfar gurb é an Ballstát ina bhfuil an riosca suite an Ballstát cinn scríbe, díreach tar éis don cheannaitheoir glacadh leis an seachadadh, ar feadh tréimhse 30 lá, nach bhfuil an fheithicil cláraithe go foirmiúil sa Bhallstát cinn scríbe.

1.  De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 13, ar phointe 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, i gcás ina seolfar feithicil ó Bhallstát amháin go ceann eile, measfar gurb é an Ballstát ina bhfuil an riosca suite Ballstát an chláraithe nó, díreach tar éis don cheannaitheoir glacadh leis an seachadadh, an Ballstát cinn scríbe, díreach tar éis don cheannaitheoir glacadh leis an seachadadh, ar feadh tréimhse 30 lá, muna bhfuil an fheithicil cláraithe go foirmiúil sa Bhallstát cinn scríbe.

2.  I gcás ina mbaineann tionóisc don fheithicil le linn na tréimhse a luaitear i mír 1 den Airteagal seo agus gan í faoi árachas, beidh an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 10(1) sa Bhallstát cinn scríbe faoi dhliteanas i leith an chúitimh dá bhforáiltear in Airteagal 9.

2.  Déanfaidh Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfidh gnóthais árachais in iúl d’ionad faisnéise an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil cláraithe go bhfuil polasaí árachais eisithe acu le haghaidh úsáid na feithicle i gceist.

 

__________________

 

* Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)."

Réasúnú

Leasú    36

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 b (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 15 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

"Airteagal 15a

 

Dliteanas i gcás timpiste lena bhfuil baint ag leantóir atá á tharraingt ag feithicil chumhachtaithe

 

I gcás timpiste arb í is cúis léi sraith feithiclí ar a n-áirítear leantóir atá á tharraingt ag feithicil chumhachtaithe, is é an gnóthas a d’árachaigh an leantóir a dhéanfaidh an duine díobhálaithe a chúiteamh, i gcás:

 

- inar tógadh amach dliteanais tríú páirtí ar leithligh; agus

 

- inar féidir an leantóir a shainaithint, ach nach féidir an fheithicil chumhachtaithe a tharraing é a shainaithint.

 

Sa chás sin, beidh an gnóthas a bhfuil an duine díobhálaithe á chúiteamh aige in ann dul ar iontaoibh an ghnóthais a d’árachaigh an fheithicil chumhachtaithe atá ag tarraingt an leantóra má dhéantar foráil maidir leis sin faoi dhlí náisiúnta.”

Réasúnú

Leasú    37

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 16 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

“Nuair atá ráitis faoi stair na n-éileamh, arna n-eisiúint ag gnóthais árachais eile comhlachtaí eile dá dtagraítear sa dara fomhír, á gcur san áireamh ag na gnóthais árachais nó na comhlachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit nach gcaithfidh siad le sealbhóirí polasaí ar bhealach idirdhealaitheach nó nach ngearrfaidh siad formhuirear ar a bpréimheanna de bharr a náisiúntachta nó ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh siad roimhe sin amháin.

Nuair atá ráitis faoi stair na n-éileamh, arna n-eisiúint ag gnóthais árachais eile agus ag comhlachtaí eile dá dtagraítear sa dara fomhír, á gcur san áireamh ag na gnóthais árachais nó na comhlachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit nach gcaithfidh siad le sealbhóirí polasaí ar bhealach idirdhealaitheach nó nach ngearrfaidh siad formhuirear ar a bpréimheanna de bharr a náisiúntachta nó ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh siad roimhe sin amháin.

Leasú    38

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 16 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

I gcás ina ndéanfaidh gnóthas árachais ráitis stair na n-éileamh a chur san áireamh agus préimheanna á gcinneadh aige, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh sé, ina theannta sin, ráitis stair na n-éileamh arna n-eisiúint ag gnóthais árachais atá bunaithe i mBallstáit eile a chur san áireamh mar ráitis atá comhionann leo siúd arna n-eisiúint ag gnóthas árachais laistigh den Bhallstát céanna agus cuirfidh siad i bhfeidhm, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, aon cheanglas reachtúil a bhaineann le cóireáil préimheanna.

Réasúnú

Ní hamháin nár cheart d’árachóirí idirdhealú a dhéanamh i gcoinne eachtrannach ná i gcoinne náisiúnaigh atá ag filleadh ar a dtír thionscnaimh, ná formhuirear a ghearradh orthu, ach ba cheart dóibh caitheamh leis an ráiteas mar ráiteas atá comhionann le ráiteas intíre agus ba cheart go ndéanfaidís aon lascainí atá ar fáil do chliant féideartha atá comhionann seachas sin, agus na lascainí sin a éilítear le reachtaíocht náisiúnta Ballstáit, a chur i bhfeidhm.. Leanfaidh sé de bheith ina inniúlacht náisiúnta más mian le Ballstát reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh maidir le córais "bonus/malus". Is de chineál náisiúnta iad córais den sórt sin, gan aon ghné thrasteorann, agus thairis sin ní mór iad a chur i bhfeidhm go cothrom maidir le cách ar chríoch aonair.

Leasú    39

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 16 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais árachais a bpolasaithe maidir le húsáid na ráiteas faoi stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.

Gan dochar do bheartais phraghsála na ngnóthas árachais,áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais árachais a mbeartais maidir le húsáid na ráiteas faoi stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.

Leasú    40

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 16 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28a(2) lena sonraítear ábhair agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh dá dtagraítear sa dara fomhír. Áireofar sa ráiteas sin faisnéis faoi gach ceann de na nithe seo a leanas:

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28a(2) lena leagtar síos ábhair agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh dá dtagraítear sa dara mír. Áireofar sa ráiteas sin, ar a laghad, faisnéis faoi na nithe seo a leanas:

(a)  céannacht an ghnóthais árachais a eisíonn an ráiteas faoi stair na n-éileamh;

(a)  céannacht an ghnóthais árachais a eisíonn an ráiteas faoi stair na n-éileamh;

(b)  céannacht an tsealbhóra polasaí;

(b)  céannacht an tsealbhóra polasaí, lena n-áirítear dáta breithe, seoladh teagmhála agus, i gcás inarb iomchuí, uimhir agus dáta eisiúna an an cheadúnais tiomána;

(c)  an fheithicil árachaithe;

(c)  an fheithicil árachaithe agus a huimhir aitheantais feithicle;

(d)  tréimhse chumhdaigh na feithicle árachaithe;

(d)  dáta tosaigh agus dáta foirceanta chumhdach árachais na feithicle;

(e)  líon agus luach na n-éileamh tríú páirtí dearbhaithe le linn na tréimhse cumhdaithe ag an ráiteas faoi stair na n-éileamh.”

(e)  líon na n-éileamh dliteanais tríú páirtí arna ndearbhú le linn na tréimhse atá cumhdaithe ag an ráiteas faoi stair na n-éileamh ina raibh an locht ar an sealbhóir polasaí, lena n-áirítear dáta agus cineál gach éileamh, maidir le damáiste do mhaoin nó díobháil phearsanta, agus cé acu an bhfuil an t-éileamh oscailte nó dúnta faoi láthair.

Leasú    41

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 16 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar fad sula ndéanfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh agus déanfaidh sé iarracht teacht ar chomhaontú frithpháirteach idir páirtithe leasmhara maidir le hinneachar agus foirm an ráitis faoi stair na n-éileamh.

Réasúnú

Níl ráitis úsáideach ach amháin má tá siad oiriúnach dá gcuspóir agus má áirítear iontu faisnéis atá ábhartha chun an riosca a bhaineann le sealbhóir polasaí féideartha a chinneadh. Chun an méid atá ábhartha a thuiscint, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara sula ndéanfaidh sé gníomh cur chun feidhme a ghlacadh.

Leasú    42

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 16 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 16a

 

Uirlis Chomparáide Praghsanna

 

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain shaor in aisce ag tomhaltóirí ar uirlis chomparáide neamhspleách amháin ar a laghad, lena gcuirtear ar a gcumas praghsanna agus taraifí ginearálta idir soláthraithe an árachais éigeantaigh faoi réir Airteagal 3, a chur i gcomparáid lena chéile agus a mheas, agus sin á dhéanamh bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na tomhaltóirí.

 

2.  Deánfaidh soláthraithe árachais éigeantaigh an fhaisnéis ar fad arna hiarraidh le haghaidh uirlis den sórt sin a sholáthar d’údaráis inniúla agus áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis sin chomh beacht agus chomh nuashonraithe agus is gá chun an beachtas sin a áirithiú. D’fhéadfaí go n-áireofaí in uirlis den sórt sin freisin roghanna breise cumhdaigh mótarárachais sa bhreis ar árachas éigeantach faoi Airteagal 3.

 

3.  Beidh an uirlis chomparáide:

 

(a)  neamhspleách ó thaobh na hoibríochtúlachta de ar sholáthraithe seirbhíse, rud a fhágfaidh go n-áiritheofar go gcaitear go cothrom le soláthraithe seirbhísí sna torthaí cuardaigh;

 

(b)  nochtfaidh sí go soiléir úinéirí agus oibreoirí na huirlise comparáide;

 

(c)  leagfaidh sí amach critéir shoiléire, oibiachtúla ar a bhfuil an chomparáid bunaithe;

 

(d)  úsáidfidh sí friotal atá soiléir agus gan débhríocht;

 

(e) cuirfidh sí faisnéis bheacht agus atá cothrom le dáta ar fáil agus luafaidh sí an uair a rinneadh an nuashonrú is deireanaí;

 

(f)  beidh sí oscailte faisnéis ábhartha a bheith á cur ar fáil ag aon soláthróir árachais éigeantaigh, agus déanfaidh sí réimse leathan tairiscintí a áireamh lena gcumhdaítear cuid shuntasach den mhargadh agus, i gcás nach ionann an fhaisnéis a sholáthrófar agus forléargas iomlán ar an margadh, déanfaidh sí ráiteas soiléir a áireamh ina mínítear an méid sin, sula ndéanfaidh sí na torthaí a thaispeáint;

 

(g)  cuirfidh sí nós imeachta éifeachtach ar fáil chun faisnéis mhícheart a thuairisciú.

 

(h)  ráiteas a áireamh ina mínítear go bhfuil praghsanna bunaithe ar an bhfaisnéis atá curtha ar fáil agus nach bhfuil ceangailteach ar sholáthraithe árachais.

 

4.  Deimhneoidh údaráis inniúla, arna iarraidh sin ag soláthraí na huirlise, uirlisí comparáide lena gcomhlíontar na ceanglais i bpointí (a) go (h) de mhír 3.

 

5.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28b, lena bhforlíontar an Treoir seo trí fhoirm agus feidhmeanna uirlis chomparáide den sórt sin agus na catagóirí faisnéise a bheidh le soláthar ag soláthraithe árachais i bhfianaise cineál aonair polasaithe árachais a bhunú.

 

6.  Gan dochar do reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus i gcomhréir le hAirteagal 27, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis, lena n-áirítear fíneálacha, le haghaidh oibritheoirí uirlise comparáide a chuir tomhaltóirí amú nó nach nochtann a n-úinéireacht go soiléir agus cibé acu an bhfaigheann siad luach saothair ó aon soláthraí árachais."

Réasúnú

Díreach mar is amhlaidh i gcás fhormhór na n-earnálacha airgeadais eile, níos mó ná riamh, tá tomhaltóirí ag cuardach mótarárachas ar líne. Mar gheall air sin, tá go leor suíomhanna gréasáin comparáide ann, ar suíomhanna iad a d’fhéadfadh a bheith cothrom nó gan a bheith cothrom nó a d'fhéadfadh mearbhall a chur ar thomhaltóirí. Mar a cheanglaítear le reachtaíocht Eorpach eile, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag gach Ballstát suíomh gréasáin amháin ar a laghad a bheith acu ar féidir tairiscintí a chur i gcomparáid lena chéile. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann smachtbhannaí a fhorchur ar shuíomhanna gréasáin mura bhfuil siad soiléir maidir lena n-úinéireacht agus le luach saothair ó chuideachtaí árachais.

Leasú    43

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 b (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 18 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5b)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

"Airteagal 18a

 

Rochtain ar thuairiscí ar thimpiste

 

Áiritheoidh na Ballstáit an ceart atá ag an duine díobhálaithe cóip den tuairisc ar thimpiste a fháil ó údaráis inniúla go tráthúil. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nuair a chuirtear cosc ar Bhallstát an tuairisc iomlán ar thionóisc a eisiúint láithreach, soláthróidh sé leagan leasaithe don duine díobhálaithe go dtí go mbeidh an leagan iomlán ar fáil. Ba cheart go mbeadh aon atheagruithe ar an téacs teoranta dóibh siúd a bhfuil fíorghá leo agus atá riachtanach chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a chomhlíonadh."

Réasúnú

I ndiaidh tionóisce, tá sé tábhachtach go mbeadh rochtain ag duine díobhálaithe ar an tuairisc tionóisce ó na póilíní. Ní hamhlaidh atá i gcónaí sa lá atá inniu ann agus níor réitíodh an tsaincheist sin le hAirteagal 26 mar atá sé faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé soiléir gur cheart go gcuirfí tuairisc ar thimpiste ar fáil, fiú leagan atá curtha in eagar, a luaithe agus is féidir chun cead a thabhairt do dhuine díobhálaithe cúiteamh a lorg

Leasú    44

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 c (nua) – pointe -a (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 23 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5c)  Leasaítear Airteagal 23 mar seo a leanas:

 

(a)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

 

"1a.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé ceanglas ar ghnóthais árachais gach faisnéis riachtanach a éilítear leis an gclár dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a sholáthar, lena n-áirítear gach cláruimhir a chumhdaítear le polasaí árachais arna eisiúint ag gnóthas. Ina theannta sin, ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais árachais an t-ionad faisnéise a chur ar an eolas nuair a bhíonn polasaí neamhbhailí roimh dháta éaga an pholasaí nó mura gcumhdaíonn sé cláruimhir feithicle a thuilleadh.";

Réasúnú

Leasú    45

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 c (nua) – pointe b (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 23 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

 

"5a.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an clár dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a choimeád agus a nuashonrú agus a chomhtháthú go hiomlán i mbunachair sonraí um chlárúcháin feithiclí, agus go mbeidh sé inrochtana ag na pointí teagmhála náisiúnta faoi Threoir (AE) 2015/413.";

Réasúnú

Ní féidir árachas a sheiceáil ach amháin má tá faisnéis faoi chlárúcháin feithiclí agus faoi árachas ar fáil do na húdaráis a bhfuil na feithiclí á rialú acu. Tá an bunachar sonraí sin in Airteagal 21 cheana, ach níl aon cheanglas ann an bunachar sonraí sin a choimeád ná rochtain a thabhairt do rialaitheoirí VRD. Oireann an leasú seo don tsaincheist sin.

Leasú    46

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 c (nua) – pointe c (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 23 – mír 6

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(c)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

6.  Ní mór próiseáil sonraí pearsanta a eascraíonn as mír 1 go mír 5 a dhéanamh i gcomhréir leis na bearta náisiúnta arna ndéanamh de bhun Threoir 95/46/CE.

"6.   Déanfar próiseáil sonraí pearsanta mar thoradh ar mhíreanna 1 go 5a a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.".

Réasúnú

Ó glacadh athbhreithniú 2009 ar an Treoir um Árachas Gluasiteán, tá an RGCS tagtha in ionad na Treorach um Chosaint Sonraí agus, dá bhrí sin, ba cheart an tagairt a cheartú.

Leasú    47

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 d (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 26 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5d)  cuirtear isteach Airteagal 26a mar seo a leanas:

 

"Airteagal 26a

 

Comhlachtaí Cúitimh

 

1.  Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na comhlachtaí cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 10a agus Airteagal 24 á riar mar aonad riaracháin aonair a chumhdaíonn feidhmeanna uile na gcomhlachtaí cúitimh éagsúla a chumhdaítear leis an Treoir seo.

 

2.  I gcás nach bhfuil na comhlachtaí seo á riar ag Ballstát mar aonad riaracháin aonair, déanfaidh sé an fhíric sin agus na cúiseanna atá lena chinneadh a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile."

Réasúnú

Chun é a shimpliú agus chun é a dhéanamh chomh héasca agus is féidir do húdaráis, árachóirí agus daoine díobhálaithe comhshásamh éileamh a lorg, ba cheart go spreagfaí na Ballstáit chun comhlacht amháin a chruthú chun feidhmeanna uile na gcomhlachtaí cúitimh difriúla a áirítear sa Treoir seo a chumhdach. Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit rogha eile a dhéanamh, ach ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na cúiseanna bunúsacha go gcreideann siad go bhfuil gá leis sin.

Leasú    48

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 e (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 26 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5e)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 26b

 

Tréimhse teorann

 

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tréimhse teorann ceithre bliana ar a laghad i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí faoi Airteagal 19 agus Airteagal 20(2) a bhaineann le cúiteamh i leith díobháil phearsanta agus damáiste do mhaoin mar thoradh ar thionóisc trasteorann tráchta ar bhóithre. Cuirfear tús leis an tréimhse teorann ón lá a tháinig an t-éilitheoir ar an eolas, nó ón lá a raibh forais réasúnacha ag an éilitheoir chun a bheith ar an eolas, maidir le méid an ghortaithe, an chaillteanais agus an damáiste, cúis na tionóisce agus céannacht an duine faoi dhliteanas agus an gnóthas árachais a chumhdaíonn an duine sin i gcoinne dliteanas sibhialta nó an t-ionadaí éileamh nó an comhlacht cúitimh atá freagrach as cúiteamh a sholáthar agus a mbeidh aon éileamh le déanamh ina leith.

 

2.  Áiritheoidh na Ballstáit sa chás ina ndéanann an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an éileamh foráil do thréimhse teorann níos faide ná ceithre bliana, go mbeidh feidhm ag an tréimhse teorann níos faide.

 

3.  Soláthróidh na Ballstáit faisnéis atá cothrom le dáta don Choimisiún faoina rialacha náisiúnta agus an teorainn maidir le damáistí a thagann as tionóiscí tráchta. Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar an bhfaisnéis arna gcur in iúl ag na Ballstáit a chur ar fáil agus inrochtana go poiblí, i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.”

Leasú    49

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 f (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 26 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5f)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 26c

 

Fionraí na tréimhse teorann

 

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an teorainn dá dtagraítear in Airteagal 26a ar fionraí le linn na tréimhse a chuireann an t-éilitheoir a éileamh nó a héileamh isteach:

 

(a)  chuig gnóthas árachais an duine ba chúis leis an tionóisc nó a ionadaí éileamh dá dtagraítear in Airteagal 21 agus in Airteagal 22; nó

 

(b)  chuig an gcomhlacht cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25, agus diúltú éilimh chosantóra.

 

2.  Sá chás ina bhfuil an chuid atá fágtha den tréimhse teorann, a luaithe a thagann deireadh leis an tréimhse fionraithe, níos lú ná sé mhí, áiritheoidh na Ballstáit go dtugtar íostréimhse sé mhí sa bhreis don éilitheoir chun imeachtaí cúirte a thionscnamh.

 

3.  Áiritheoidh na Ballstáit, má théann tréimhse in éag ar an Satharn, ar an Domhnach nó ar cheann dena laethanta saoire poiblí, go cuirtear síneadh leis an tréimhse go dtí deireadh an chéad lá oibre ina dhiaidh sin.

Leasú    50

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 g (nua)

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 26 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5g)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 26d

 

Ríomh na dteorainneacha ama

 

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon tréimhse ama a leagtar síos sa Treoir seo a ríomh mar seo a leanas:

 

(a)  tosófar an ríomh an lae i ndiaidh an lae ar tharla an t-imeacht ábhartha;

 

(b)  nuair a shloinnfear tréimhse i mblianta, rachaidh sí in éag an bhliain ábhartha ina dhiaidh sin sa mhí leis an ainm céanna agus ar an lá leis an uimhir chéanna sa mhí chéanna ar tharla an t-imeacht sin. Mura bhfuil lá leis an uimhir céanna sa mhí ábhartha ina dhiaidh sin, rachaidh an tréimhse in éag ar an lá deireanach den mhí sin;

 

(c)  ní chuirfear tréimhsí ar fionraí le linn sosanna cúirte.”

Leasú    51

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 28a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 28a

scriosta

Nós imeachta coiste

 

1.  The Commission shall be assisted by the European Insurance and Occupational Pensions Committee established by Commission Decision 2004/9/EC ****.That committee shall be a committee within the meaning of Regulation (EU) No 182/2011 of the European Parliament and of the Council*****.

 

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

 

Leasú    52

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 28b – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Maidir leis an gcumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus in Airteagal 10a(7), tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse neamhchinntithe ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 30.

2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a ghlacadh go ceann tréimhse neamhchinntithe ón ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithigh seo]. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dtagraítear in Airteagal 10a(7g), an cúigiú mír d’Airteagal 16 agus Airteagal 16a(5) a ghlacadh ar feadh tréimhse cúig bliana ón … [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithigh seo].

Leasú    53

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 28b – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(2) agus Airteagal 10a(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

5.  Gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(2); Ní thiocfaidh Airteagal 10a(7g), an cúigiú mír d’Airteagal 16 agus Airteagal 16a(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú    54

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 28c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 28c

Airteagal 28c

Meastóireacht

Meastóireacht agus athbhreithniú

Déanfar meastóireacht ar an Treoir seo, tráth nach déanaí ná seacht mbliana tar éis dháta trasuí na Treorach seo. Cuirfidh an Coimisiúin conclúidí na meastóireachta, in éineacht lena bharúlacha, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis dháta thrasuí na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar tuarascáil í ina ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme an Treorach seo, go háirithe i dtaca le:

 

(a)  a cur chun feidhme maidir le forbairtí teicneolaíocha, go háirithe maidir le feithiclí uathrialaitheacha agus leath-uathrialaitheacha;

 

(b)  leordhóthanacht a raon feidhme, agus na rioscaí tionóisce a bhaineann le mótarfheithiclí difriúla á mbreithniú, i bhfianaise na n-athruithe is dócha a mbeidh sa mhargadh, go háirithe maidir le feithiclí éadroma ardluais a thagann faoi chatagóirí na feithicle dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 2, pointe h), i), j), k) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, amhail rothair leictreacha agus Segwayanna, agus cibé acu an dócha go ndéanfaidh an córas dliteanais a sholáthraítear léi na riachtanais a bheidh ann amach anseo a chomhlíonadh.

 

(c)  na gnóthais árachais a spreagadh chun córas ‘bonus-malus’ a áireamh ina gconarthaí árachais, lena n-áirítear lascainí amhail “bónas cheal éilimh”, ina bhfuil tionchar ag ráitis faoi stair éileamh na sealbhóirí polasaí ar phréimheanna.

 

Beidh barúlacha ón gCoimisiún ag gabháil leis an tuarascáil sin agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil léi.

(1)

IO C 440, 6.12.2018, lch. 85.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá sé mar aidhm leis an togra, mar a thíolaic an Coimisiún, an Treoir maidir le Mótarárachas (2009/103/CE) a leasú i gcúig réimse shonracha: (i) dóchmainneacht an árachóra; (ii) stair na n-éileamh; (iii) rioscaí a bhaineann leis an tiomáint neamhárachaithe (iv) íosmhéideanna cumhdaigh agus (v) raon feidhme na Treorach. Comhaontaíonn an Rapóirtéir go leanann an Treoir maidir le Mótarárachas de bheith oiriúnach don fheidhm, ar an iomlán, ach go bhféadfaí feabhas a chur ar réimsí áirithe.

Maidir le raon feidhme na Treorach, a bhféadfaí a rá ina leith gurb ionann é agus an chuid den togra is mó a bhfuil aighneas ann ina taobh, tugann an Rapóirtéir ar aire go raibh, i ndiaidh na rialuithe seo a leanas ón gCúirt Bhreithiúnais (cásanna Vnuk C-162/13, Rodrigues de Andrade C-514/16 agus Torreiro C-334/16), roinnt mearbhaill ann i measc na mBallstát maidir le cé hiad na feithiclí a thagann faoi réir raon feidhme na Treorach. Baineann sé sin, go háirithe, le feithiclí amhail rothair leictreacha, segwayanna nó scútair leictreacha, ach, chomh maith leis sin, le feithiclí a úsáidtear i mótarspóirt, cuir i gcás. Creideann an Rapóirtéir, i bprionsabal, nár cheart go gcumhdófaí feithiclí den sórt sin leis an Treoir, mar go bhféadfadh an gá le mótarárachas a bheith ina bhac ar ghlacadh rothar leictreacha, cuir i gcás, nó d’fhéadfadh sé na préimheanna árachais le haghaidh gach feithicil a ardú gan ghá.

Mhol an Rapóirtéir, dá bhrí sin, gur cheart go n-áireofaí feithiclí, atá faoi réir ceanglais chineálcheadaithe, faoi raon feidhme na Treorach, agus iad siúd amháin. Ba cheart, áfach, go mbeadh an rogha ag na Ballstáit a éileamh go mbeadh cumhdach árachais éigeantaigh ag feithiclí eile, má mheasann siad go bhfuil gá leis sin. Maidir leis an sainmhíniú ar “úsáid feithicle”, creideann an Rapóirtéir go bhfuil sé tábhachtach a shoiléiriú gurb é atá le tuiscint leis sin ná feithicil a úsáidtear i dtrácht, ar bhóithre poiblí agus ar bhóithre príobháideacha araon, ach ní i gcásanna ina n-úsáidtear an fheithicil go heisiach i limistéar dúnta, ar limistéar é nach bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne air. Más rud é, áfach, go mbaineann tionóisc d'fheithicil den sórt sin - a úsáidtear i limistéir dhúnta agus i dtrácht chomh maith agus, dá réir sin, a bhfuil sé d'oibleagáid uirthi cumhdach mórtarárachais a bheith aici - , ba cheart go mbeadh árachóir na feithicle fós faoi dhliteanas vis-a-vis daoine díobhálaithe.

Ar an dara dul síos, measann an Rapóirtéir go bhfuil na forálacha maidir le seiceálacha ar árachas (Airteagal 4) fós ródhoiléir a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta i dtaobh conas is féidir le húdarás Ballstáit a sheiceáil cé acu atá nó nach bhfuil cumhdach árachais ag feithicil, atá cláraithe i mBallstát eile. Tugann an Rapóirtéir le fios go bhfuil feidhmchlár bogearraí ar fáil cheana ar a dtugtar Eucaris (an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Feithiclí agus Ceadúnais Tiomána), trína ndéantar foráil do mhalartú gasta, slán agus rúnda VRD (sonraí clárúcháin feithicle) sonracha idir na Ballstáit. Úsáidtear an feidhmchlár sin inter alia le haghaidh malartú trasteorann faisnéise maidir le cionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre faoi Threoir (AE) 2015/413. Is iomchuí, dá bhrí sin, go bhféadfaí feidhmchlár Eucaris a úsáid freisin lena sheiceáil cé acu atá nó nach bhfuil cumhdach mótarárachais éigeantaigh ag feithicil atá cláraithe i mBallstát eile. Ar ndóigh, caithfear coimircí cosanta sonraí a bheith curtha i bhfeidhm, go háirithe maidir le coinneáil sonraí, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

Maidir le dócmhainneacht an árachóra (Airteagal 10a nua), tá imní ar an Rapóirtéir faoin bhforáil (mír 2), a chiallaíonn nach féidir le daoine díobhálaithe éileamh a chur faoi bhráid comhlacht cúitimh, má tá caingean déanta acu i gcoinne an ghnóthais árachais dhóchmhainnigh agus má tá an chaingean fós ar feitheamh. I dtuairim an Rapóirtéara, bheadh an srian sin ródhíobhálach don duine díobhálaithe agus níl bonn cirt leis, go háirithe má chuirtear san áireamh an méid ama a d’fhéadfadh a bheith i gceist le himeachtaí dlíthiúla i gcoinne árachóra.

Thairis sin, áirítear sa Treoir Airteagal 15 maidir le feithiclí seolta, arb é tuairim na gcleachtóirí ina leith nach bhfuil sé ina léiriú ar an staid mar atá i ndáiríre. Dá bhrí sin, measann an Rapóirtéir gur cheart an tAirteagal sin a leasú, chun rogha a thabhairt don tomhaltóir árachas a lorg ina B(h)allstát baile (Ballstát an chinn scríbe) nó sa Bhallstát inar díoladh an fheithicil. Bheadh sé sin ina réiteach ar an am teoranta a theastaíonn chun an fheithicil a sheoladh idir Ballstáit agus í a chlárú i mBallstát cónaithe an úinéara.

Ina theannta sin, molann an Rapóirtéir aghaidh a thabhairt ar staid shonrach de dhliteanas i gcás timpiste a bhain le leantóir a bhí á tharraingt ag feithicil chumhachtaithe (Airteagal 15a nua). I dtimpistí den sórt sin (ón taobh thiar), is minic go mb'fhéidir nach bhféadfaí uimhir phláta na príomhfheithicle a fheiceáil. Thairis sin, b'fhéidir nach mbeadh leantóirí agus feithiclí tarraingthe cláraithe leis an úinéir céanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh polasaithe árachais difriúla acu agus d’fhéadfadh sé go mbeidís cláraithe i mBallstáit dhifriúla fiú. I gcásanna den sórt sin, nuair nach féidir an fheithicil tarraingthe a shainaithint, ba cheart go ndéanfadh árachóir an leantóra an duine díobhálaithe a chúiteamh, ar féidir leis tar éis sin caingean a thionscnamh i gcoinne árachóir na feithicle tarraingthe.

I dtaca le stair na n-éileamh, tá sé mar aidhm ag an Rapóirtéir a shoiléiriú gur cheart do sholáthraithe árachais, i bprionsabal, caitheamh le ráitis faoi stair na n-éileamh, arna n-eisiúint i mBallstát eile, ar bhealach comhionann le ráitis intíre, chun préimheanna a chinneadh agus chun aon lascainí atá ar fáil do chliant comhionann ar shlí eile nó iad siúd luaite i ndlí Ballstáit a chur i bhfeidhm. Tá roinnt forálacha nua tugtha isteach freisin maidir leis an bhfaisnéis ba cheart a bheith sa ráiteas faoi stair na n-éileamh. Thairis sin, déantar foráil sa téacs d'uirlis chomparáide praghsanna neamhspleách le haghaidh tomhaltóirí chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna soláthraithe árachais éigeantaigh.

Chun a chur ar chumas daoine díobhálaithe cúiteamh a lorg, leis an Treoir, cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit ionaid faisnéise a bhunú (Airteagal 23), ina gcoimeádtar inter alia clár de chlár uimhreacha mótarfheithiclí, bunaithe ar a gcríocha, agus uimhreacha na bpolasaithe árachais lena gcumhdaítear úsáid na bhfeithiclí sin. Tugann an Rapóirtéir dá haire, áfach, agus is ábhar imní di, nach bhfuil aon oibleagáid ar árachóirí faoi láthair na hionaid faisnéise sin a chur ar an eolas nuair nach bailí a thuilleadh é polasaí le haghaidh feithicil chláraithe, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis na sonraí míchearta a bheith á stóráil sa chlár. Dá bhrí sin, is gá an clár a nuashonrú go leanúnach agus a chomhtháthú go hiomlán i mbunachair sonraí clárúcháin feithiclí, chun beachtas na faisnéise atá á stóráil iontu a uasmhéadú.

Liostaítear sa Treoir maidir le Mótarárachas freisin comhlachtaí cúitimh éagsúla, a bhfuil sainchúram difriúil acu, ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil gné thrasteorann ag baint (Airteagail 20-26) leis an timpiste (Airteagal 10, 10a nua). Creideann an Rapóirtéir gur cheart córas den sórt sin a shimpliú, ar mhaithe le húdaráis áitiúla, árachóirí agus daoine díobhálaithe a bhfuil comhshásamh á lorg acu, agus gur cheart na comhlachtaí sin a riar mar aonad riaracháin aonair a chumhdaíonn feidhmeanna uile na gcomhlachtaí cúitimh difriúla. Más fearr le Ballstát na comhlachtaí sin a choinneáil scartha óna chéile, ba cheart dó é sin a chur in iúl don Choimisiún agus do Bhallstáit eile an Choimisiúin agus bonn cirt a thabhairt lena chinneadh.

Thairis sin, tugann an Rapóirtéir dá haire go bhfuil, ó bhí 2009 ann, tráth a ndearnadh cúig Threoir a bhí ann roimhe sin a chomhtháthú, na téarmaí “íospartach” agus “duine díobhálaithe” ar áireamh sa Treoir maidir le Mótarárachas, ach nach bhfuil ach an dara téarma díobh sin sainmhínithe sa Treoir. Tuigtear leis an téarma “duine díobhálaithe” gurb iad íospartaigh dhíreacha agus neamhdhíreacha araon (e.g. daoine muinteartha i ndiaidh tionóisc mharfach) atá i gceist Is iomchuí, dá bhrí sin, an fhoclaíocht a ailíniú agus tagairt a dhéanamh do “duine díobhálaithe” i bhforálacha uile an téacs.

Ar deireadh, measann an Rapóirtéir é a bheith tábhachtach clásal athbhreithnithe a chur isteach chun meastóireacht a dhéanamh, tráth nach déanaí ná cúig bliana i ndiaidh an dáta trasuí, ar cé acu an bhfuil an Treoir fós oiriúnach dá cuspóir, go háirithe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha maidir le feithiclí uathrialaitheacha agus leath-uathrialacha. Más gá, ba cheart go mbeadh togra reachtach ag gabháil leis an meastóireacht sin.

Mar chríoch, creideann an Rapóirtéir go dtugtar aghaidh leis na heilimintí a liostaítear thuas ar na pointí is ábhartha ar ina leith is gá togra an Choimisiúin agus an Treoir maidir le Mótarárachas a fheabhsú, chun ardleibhéal cosanta le haghaidh íospartaigh timpistí mórtarfheithiclí a áirithiú agus saorghluaiseacht mórtarfheithiclí idir na Ballstáit a éascú.


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA  (20.12.2018)

chuig an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra

ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhialre lena leastaítear Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin

(COM(2018)0336 – C8‑0211/2018 – 2018/0168(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Joëlle Bergeron

RÉASÚNÚ GEARR

Tugadh isteach an chéad Treoir maidir le mótarárachas in AE in 1972. Ó shin i leith, treisíodh agus forlíonadh de réir a chéile le cúig threoir eile agus códaíodh iad le Treoir 2009/103/CE.

Ina chlár oibre do 2016, d’fhógair an Coimisiún go ndéanfaí meastóireacht ar an treoir sin. Ag deireadh na meastóireachta sin ba léir go raibh roinnt leasuithe agus oiriúnuithe ag teastáil chun príomhchuspóir na Treorach sin a shásamh, is é sin íospartaigh tionóiscí mótarfheithiclí i staideanna trasteorann a chosaint. Féadtar cúig phointe nua a lua: dócmhainneacht an árachóra, aithint ráitis faoi stair na n-éileamh, seiceálacha árachais chun tiomáint neamhárachaithe a chomhrac, comhchuibhiú íosmhéideanna cumhdaigh, agus raon feidhme na Treorach.

Measann an Rapóirtéir go mbeidh an togra seo le haghaidh treorach éifeachtach maidir le comhlíonadh na gceanglas nua i dtaca le híospartaigh tionóiscí ar bhóithre i mBallstáit AE nach raibh cónaí orthu ann a chosaint, agus íospartaigh tionóiscí a tharla mar gheall ar thiománaí ó Bhallstát eile.

Tá méadú ag teacht ar an méid cásanna dócmhainneachta i measc árachóirí, go háirithe i gcomhthéacs trasteorann agus cé go mbíonn nósanna imeachta cúitimh ag tíortha áirithe in AE casta agus fada uaireanta, is dul chun cinn é, dar leis an Rapóirtéir, an fhéidearthacht go soláthraítear sásra chun cúiteamh leordhóthanach a thabhairt d’íospartaigh go pras. Áirítear sa togra bunú ciste cúitimh, i ngach Ballstát, arna mhaoiniú ag na hárachóirí náisiúnta, chun teacht in ionad an árachóra dhócmhainnigh. I staideanna trasteorann, tabharfar cúiteamh don íospartach go díreach ó chiste náisiúnta an Stáit ina dtarlaíonn an timpiste sula n-aisíocfar é ón gciste cúitimh náisiúnta i Stát an árachóra dhócmhainnigh. Tá córas cistí ráthaíochta bunaithe ag líon mór Ballstát cheana féin, agus dar leis an Rapóirtéir, is dul chun cinn suntasach é go bhfuiltear ag smaoineamh ar an gcóras a leathnú go dtí gach Ballstát trí chomhaontuithe deonacha.

Leis an dréacht ón gCoimisiún, déantar foráil freisin go gcuirfeadh árachóirí an modh próiseála céanna i bhfeidhm maidir le gach ráiteas faoi stair na n-éileamh arna eisiúint in AE. Formheasann an Rapóirtéir cur chuige an Choimisiúin chun na ráitis faoi stair na n-éileamh a chomhchuibhiú agus, ag an am céanna, chun iad a phróiseáil ar an mbealach céanna gan beann ar Bhallstát baile an tsealbhóra árachais. Cuirfidh an beart sin tuilleadh comhionannais ar fáil idir sealbhóirí árachais trí chur i bhfeidhm ag árachóirí den mhodh próiseála céanna maidir le gach ráiteas faoi stair na n-éileamh arna eisiúint san Eoraip. Is é atá mar chuspóir leis sin ná caolais árachais a laghdú agus trédhearcacht a mhéadú trí fhíordheimhniú ráitis faoi stair na n-éileamh.

Maidir le seiceálacha árachais, measann an Rapóirtéir go bhfuil sé ríthábhachtach teorainn a chur leis an toirmeasc atá orthu faoi láthair agus na Ballstáit a údarú chun seiceálacha neamhionsáiteacha a dhéanamh ar bhonn deonach. Measfar gur seiceálacha neamhionsáiteacha iad mar go n-úsáidfear teicnící nach mbeidh gá feithiclí a stopadh dá mbarr, agus nach mbeidh idirdhealaitheach, agus a bheidh riachtanach agus comhréireach. Measann an Rapóirtéir gur dea-thionscnamh é an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit uirlisí digiteacha aitheanta uimhirphlátaí a úsáid. Ba cheart gach beart nua a spreagadh, lena bhféadfar laghdú a dhéanamh ar thiomáint neamhárachaithe.

Tá sé i gceist leis an togra le haghaidh Treorach íosmhéideanna cumhdaigh i gcás damáiste maoine nó pearsanta a ráthú, gan beann ar an gcatagóir feithicle lena mbaineann. Tacaíonn an Rapóirtéir go hiomlán leis an bhforáil nua sin ar choinníoll go bhfuil an ceart ag na Ballstáit dul thar an íosmhéid sin agus nach bhfuil sé i gceist leis praghsanna árachais a chomhchuibhiú toisc nach mbeidh sé sin indéanta sa lá atá inniu ann leis an méid éagothromaíochtaí eacnamaíocha atá idir tíortha éagsúla AE.

Ar deireadh, maidir le raon feidhme na Treorach, tugann an Rapóirtéir tacaíocht do sprioc an Choimisiúin i dtaca le cásdlí reatha de chuid na Cúirte Breithiúnais maidir le sainmhíniú ar an gcoincheap “úsáid feithicle” a chódú. Mar sin féin, measann an Coimisiún go bhfuil an sainmhíniú a glacadh róshriantach fós agus go bhfágfaidh sé roinnt feithiclí nach bhfuil “ceaptha le húsáid mar mhodh taistil de ghnáth” ach go bhféadfaidís a bheith ina gcúis le damáiste maoine nó pearsanta. Tá an Rapóirtéir den tuairim nár cheart gurb í an toisc chinntitheach i gcur i bhfeidhm na Treorach seo gníomhaíocht iompair na feithicle sa chiall chruinn de. D’fhéadfadh feithiclí a úsáidtear i ngníomhaíochtaí tógála trasteorann, mar shampla, a bheith ina gcúis le tionóiscí. Tá an Rapóirtéir den tuairim gur cheart an sainmhíniú ar úsáid feithicle a bheith chomh leathan agus is féidir d’fhonn uasleibhéal cosanta a chur ar fáil d’íospartaigh tionóiscí. Cuirfear leasú síos faoin bpointe sin.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    55

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Tá tábhacht ar leith le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i dtaca le húsáid mótarfheithiclí (mótarárachas) do shaoránaigh na hEorpa, is cuma más sealbhóirí polasaí nó íospartaigh fhéideartha timpistí iad. Is mórábhar cúraim do ghnóthais árachais é freisin mar gur deighleog shuntasach de ghnó árachais neamhshaoil san Aontas é. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar ag mótarárachas ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhchuspóir ag gníomhaíocht an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais margadh inmheánach an mhótarárachais a atreisiú agus a chomhdhlúthú.

(1)  Tá tábhacht ar leith le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i dtaca le húsáid mótarfheithiclí (mótarárachas) do shaoránaigh na hEorpa, cibé acu is sealbhóirí polasaí nó íospartaigh fhéideartha tionóiscí iad. Is mórábhar cúraim do ghnóthais árachais é freisin mar gur deighleog shuntasach de ghnó árachais neamhshaoil san Aontas é. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar suntasach ag mótarárachas ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí agus, dá bhrí sin, ar an margadh inmheánach agus ar limistéar Schengen. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhchuspóir ag gníomhaíocht an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais margadh inmheánach an mhótarárachais a atreisiú agus a chomhdhlúthú.

Leasú    56

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Rinne an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, lena n-áirítear a héifeachtúlacht, éifeachtacht agus comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais. Ba é conclúid na meastóireachta go bhfeidhmíonn Treoir 2009/103/CE go maith ar an iomlán, agus nach gá í a leasú maidir le tromlach na ngnéithe. Mar sin féin, aithníodh ceithre réimse ina mbeadh leasuithe spriocdhírithe iomchuí: cúiteamh d’íospartaigh timpistí i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, íosmhéideanna cumhdaigh árachais éigeantacha, na seiceálacha árachais a dhéanann na Ballstáit ar fheithiclí, agus an úsáid a bhaineann gnóthas árachais nua as ráitis faoi stair na n-éileamh de chuid sealbhóirí polasaí.

(2)  Rinne an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, lena n-áirítear a héifeachtúlacht, éifeachtacht agus comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais. Ba é conclúid na meastóireachta go bhfeidhmíonn Treoir 2009/103/CE go maith ar an iomlán, agus ní gá í a leasú maidir le tromlach na ngnéithe. Mar sin féin, aithníodh ceithre réimse ina mbeadh leasuithe spriocdhírithe iomchuí: cúiteamh d’íospartaigh tionóiscí i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, íosmhéideanna cumhdaigh árachais éigeantacha, na seiceálacha árachais a dhéanann na Ballstáit ar fheithiclí, agus an úsáid a bhaineann gnóthas árachais nua as ráitis faoi stair na n-éileamh de chuid sealbhóirí polasaí. Ba cheart go dtabharfaí isteach córas ‘bonus-malus’ éigeantach freisin i gcomhair ríomh na bpréimheanna árachais atá bunaithe ar ráitis faoi stair na n-éileamh ag gnóthais árachais. Bheadh a leithéid de chóras ina spreagadh do thiomáint shábháilte agus, dá réir sin, dhéanfaí trácht ar bhóithre níos sábháilte. Bheadh préimheanna árachais níos cothroime ar fáil do chustaiméirí chomh maith, dá thoradh sin.

_________________

_________________

15 Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 263, 7.10.2009, lch. 11).

15 Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 263, 7.10.2009, lch. 11).

Leasú    57

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)  De réir chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i bprionsabal is faoi raon feidhme Threoir 2009/103/CE atá na mótarfheithiclí uile atá ann cheana agus na mótarfheithiclí nua. Mar sin féin, maidir leis na cineálacha nua feithiclí go háirithe, amhail rothair leictreacha, scútair leictreacha agus Segwayanna, is cosúil nach bhfuil sé sin bunriachtanach. Tá siad i bhfad níos lú agus tá uasluas níos ísle acu, mar sin, níl a gcumas damáiste/díobhála chomh mór sin. Is cosúil go bhfuil cur i bhfeidhm neamhdhifreáilte árachais éigeantaigh díréireach, go háirithe i bhfianaise an ghá atá le forbairt modhanna malartacha iompair nua a chur chun cinn, ag a bhfuil níos lú spás bóthair poiblí ag teastáil agus nach bhfuil chomh díobhálach céanna don chomhshaol. Mar sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach amháin maidir leis na feithiclí sin nach mór dóibh ceanglais sábháilteachta a shásamh mar choinníoll ceadaithe faoi dhlí an Aontais. Ar ndóigh, d’fhéadfadh sé go dtarlódh timpistí nuair a bhainfí úsáid as a leithéid d’fheithiclí, agus mar sin ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit rialacha ar an leibhéal náisiúnta a ghlacadh nó a choinneáil, lena ndéantar foráil chomh maith do dhliteanas árachais i gcomhair feithiclí nach bhfuil faoi réir formheas cineáil. Trí thabhairt faoi cuspóirí ginearálta maidir le hardchaighdeán cosanta le haghaigh íospartaigh de thimpistí mótarfheithiclí agus éascú na saorghluaiseachta daoine agus feithiclí ar fud an Aontais, cabhróidh an Treoir seo le feabhas a chur ar mhuinín sa mhargadh aonair do mhótarárachas trí dheimhneacht dhlíthiúil a mhéadú i dtaca le díolacháin mótarárachais trasteorann atá bunaithe ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, agus na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn phróiseas an chúitimh d’íospartaigh á laghdú.

Leasú    58

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3b)  Tá cothromaíocht iomchuí bainte amach ag an Treoir seo idir leas an phobail agus na costais fhéideartha d’údaráis phoiblí, d’árachóirí agus do shealbhóirí polasaí, d’fhonn a áirithiú go bhfuil na bearta atá molta costéifeachtach.

Leasú    59

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Níor cheart do na Ballstáit seiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch Ballstáit eile ná ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch tríú tír atá ag teacht isteach ina gcríoch ó chríoch Ballstáit eile. Le forbairtí teicneolaíochta nua, is féidir seiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí gan iad a stopadh agus mar sin gan cur isteach ar shaorghluaiseacht daoine. Is iomchuí, dá bhrí sin, na seiceálacha sin maidir le hárachas feithiclí a cheadú, ar choinníoll go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach, gur cuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta iad agus nach gá an fheithicil a stopadh.

(4)  Tá na Ballstáit ag staonadhó sheiceálacha árachais a dhéanamh faoi láthair ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch Ballstáit eile ná ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch tríú tír atá ag teacht isteach ina gcríoch ó chríoch Ballstáit eile. Le forbairtí teicneolaíocha nua, amhail teicneolaíocht aitheanta uimhirphlátaí, is féidir seiceálacha árachais discréideacha a dhéanamh ar árachas feithiclí gan iad a stopadh agus, dá réir sin, gan cur isteach ar shaorghluaiseacht daoine. Is iomchuí, dá bhrí sin, na seiceálacha sin maidir le hárachas feithiclí a cheadú, ar choinníoll go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach, gur cuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta iad agus nach bhfuil gá ann an fheithicil a stopadh agus go ráthaíonn siad cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann.

Leasú    60

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)  Is fadhb mhéadaitheach laistigh den Aontas í an tiomáint gan árachas, is í sin mótarfheithicil a thiomáint gan mótarárachas tríú páirtí éigeantach. Meastar gurb é € 870 milliún an costas a bhain le héilimh in 2011 don Aontas trí chéile. Ba cheart a chur i bhfáth go mbíonn tionchar diúltach ag an tiomáint neamhárachaithe ar réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear íospartaigh tionóiscí, árachóirí, cistí ráthaíochta agus sealbhóirí polasaí mótarárachais.

Leasú    61

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  Ar mhaithe le cosaint éifeachtach éifeachtúil d’íospartaigh timpistí tráchta, ní mór i gcónaí a ndíobhálacha pearsanta nó damáiste dá maoin a chúiteamh leis na híospartaigh sin, beag beann ar cé acu an bhfuil gnóthas árachais an pháirtí faoi dhliteanas sócmhainneach nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit comhlacht a bhunú nó a ainmniú chun an cúiteamh tosaigh a sholáthar do dhaoine díobhálacha a chónaíonn laistigh dá gcríoch de ghnáth, agus ag a mbeidh an ceart an cúiteamh sin a aiséileamh ón gcomhlacht atá bunaithe nó ainmnithe chun na críche céanna sin i mBallstát bunaíochta an ghnóthais árachais a d’eisigh an polasaí d’fheithicil an pháirtí faoi dhliteanas. Mar sin féin, ionas nach ndéanfaí éilimh chomhthreomhara, níor cheart cead a bheith ag íospartaigh timpistí tráchta éileamh ar chúiteamh a chur faoi bhráid an chomhlachta sin dá mba rud é gur chuir siad a n-éileamh faoi bhráid an ghnóthais árachais lena mbaineann cheana féin, nó gur thionscain siad caingean dlí in éadan an ghnóthais árachais cheana féin, agus go bhfuil an t-éileamh sin fós á bhreithniú agus go bhfuil an chaingean sin fós ar feitheamh.

(7)  Ar mhaithe le cosaint éifeachtach éifeachtúil d’íospartaigh tionóiscí tráchta, ní mór i gcónaí a ndíobhálacha pearsanta nó damáiste dá maoin a chúiteamh leis na híospartaigh sin, beag beann ar cé acu an bhfuil gnóthas árachais an pháirtí faoi dhliteanas sócmhainneach nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit comhlacht a bhunú nó a ainmniú, gan aon mhoill, chun an cúiteamh tosaigh a sholáthar do dhaoine díobhálacha a chónaíonn laistigh dá gcríoch de ghnáth, agus ag a mbeidh an ceart an cúiteamh sin a aiséileamh ón gcomhlacht atá bunaithe nó ainmnithe chun na críche céanna sin i mBallstát bunaíochta an ghnóthais árachais a d’eisigh an polasaí d’fheithicil an pháirtí faoi dhliteanas. Mar sin féin, ionas nach ndéanfaí éilimh chomhthreomhara, níor cheart cead a bheith ag íospartaigh timpistí tráchta éileamh ar chúiteamh a chur faoi bhráid an chomhlachta sin dá mba rud é gur chuir siad a n-éileamh faoi bhráid an ghnóthais árachais lena mbaineann cheana féin, nó gur thionscain siad caingean dlí in éadan an ghnóthais árachais cheana féin, agus go bhfuil an t-éileamh sin fós á bhreithniú agus go bhfuil an chaingean sin fós ar feitheamh.

Leasú    62

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  Maidir le startha na n-éileamh a bhí cheana féin ag sealbhóirí polasaí ar mian leo conarthaí árachais nua a chur i gcrích le gnóthais árachais, ba cheart a bheith in ann na startha sin a fhíordheimhniú go héasca chun aithint stair na n-éileamh sin a éascú nuair atá polasaí árachais nua á chur i gcrích. Chun fíorú agus fíordheimhniú na ráiteas faoi stair na n-éileamh a éascú, tá sé tábhachtach go mbeidh ábhar agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh sin mar an gcéanna i ngach Ballstát. Sa bhreis air sin, maidir le gnóthais árachais a chuireann ráitis faoi stair na n-éileamh san áireamh chun préimheanna mótarárachais a chinneadh, níor cheart dóibh idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta ná ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh an sealbhóir polasaí roimhe sin amháin. Ionas go mbeidh na Ballstáit in ann fíorú a dhéanamh ar conas a chaitheann gnóthais árachais le ráitis faoi stair na n-éileamh, ba cheart do ghnóthais árachais a bpolasaithe a fhoilsiú maidir le húsáid stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.

(8)  Maidir le startha na n-éileamh a bhí cheana féin ag sealbhóirí polasaí ar mian leo conarthaí árachais nua a chur i gcrích le gnóthais árachais, ba cheart a bheith in ann na startha sin a fhíordheimhniú go héasca chun aithint stair na n-éileamh sin a éascú nuair atá polasaí árachais nua á chur i gcrích. Chun fíorú agus fíordheimhniú na ráiteas faoi stair na n-éileamh a éascú, tá sé tábhachtach go mbeidh ábhar agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh sin mar an gcéanna i ngach Ballstát. Chomh maith leis sin, ba cheart do ghnóthais árachais úsáid a bhaint as córas éigeantach ‘bonus-malus’ chun préimheanna mótarárachais a chinneadh. Ba cheart ráitis faoi stair na n-éileamh a chur san áireamh. Níor cheart go mbeadh aon idirdhealú ar bhonn náisiúntachta ná ar bhonn an Bhallstáit inar chónaigh an sealbhóir polasaí roimhe sin amháin. Ionas go mbeidh na Ballstáit in ann fíorú a dhéanamh ar conas a chaitheann gnóthais árachais le ráitis faoi stair na n-éileamh, ba cheart do ghnóthais árachais a bpolasaithe a fhoilsiú maidir le húsáid stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.

Leasú    63

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)  Mar chuid den mheastóireacht ar fheidhmiú na Treorach, ba cheart don Choimisiún Eorpach faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh san am céanna: líon na n-íospartach, méid na n-éileamh nár íocadh fós de bharr moilleanna ar íocaíochtaí de thoradh cásanna dócmhainneachta trasteorann, leibhéal na n-íosmhéideanna cumhdaigh sna Ballstáit, méid na n-éileamh de bharr na tiomána neamhárachaithe a bhaineann le trácht trasteorann agus líon na ngearán maidir le ráitis faoi stair na n-éileamh.

(11)  Mar chuid den mheastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE, ba cheart don Choimisiún Eorpach faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach sin, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh san am céanna: líon na n-íospartach, méid na n-éileamh nár íocadh fós de bharr moilleanna ar íocaíochtaí de thoradh cásanna dócmhainneachta trasteorann, leibhéal na n-íosmhéideanna cumhdaigh sna Ballstáit, méid na n-éileamh de bharr na tiomána neamhárachaithe a bhaineann le trácht trasteorann agus líon na ngearán maidir le ráitis faoi stair na n-éileamh. I gcomhthéacs na meastóireachta ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún scrúdú agus measúnú, i bhfianaise dhul chun cinn na teicneolaíochta, lena n-áirítear an méadú atá ag teacht ar úsáid na bhfeithiclí uathrialaitheacha agus leath-uathrialaitheacha, ar cé acu atá nó nach bhfuil an Treoir ag comhlíonadh a críche i dtaca le híospartaigh de thionóiscí tráchta ar bhóithre a chosaint ar dhócmhainneacht árachóirí i gcásanna tionóiscí a bhfuil feithiclí ina gcúis leo. Ag an am céanna, ba cheart féachaint chuige go seasfaidh an faireachán sin an aimsir agus go ndéanfaí iarracht leis cuspóirí na Treorach a bhaint amach a mhéid a bhaineann le forbairtí teicneolaíocha nua i réimsí amhail feithiclí leictreacha agus feithiclí uathrialaitheacha agus leath-uathrialaitheacha.

Leasú    64

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, go háirithe íoschosaint chomhionann d’íospartaigh timpistí tráchta ar fud an Aontais a áirithiú agus cosaint íospartaigh i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais a áirithiú, a bhaint amach go leordhóthanach agus, de bharr a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(12)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, go háirithe íoschosaint chomhionann d’íospartaigh tionóiscí tráchta ar fud an Aontais a áirithiú agus cosaint íospartaigh i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais a áirithiú agus cóir chomhionann a áirithiú i dtaca le húdarú a dhéanann árachóirí ar ráitis faoi stair na n-éileamh le haghaidh sealbhóirí polasaí féideartha a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amacg san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

Leasú    65

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Cuirtear mír nua le hAirteagal 2:

 

‘Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach amháin maidir le mótarfheithiclí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/858*, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013** nó Rialachán (AE) Uimh. 168/2013***.

 

* Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

 

**Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

 

*** Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).”

Leasú    66

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit seiceálacha árachais a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil na seiceálacha sin neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach, agus

Mar sin féin, féadfaidh siad seiceálacha árachais a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil na seiceálacha sin neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach chun an chríoch bheartaithe a ghnóthú, agus go ráthaítear leo cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann, agus

 

(Tá feidhm ag an leasú seo ar fud an téacs. Má ghlactar leis is gá athruithe comhfhreagracha a dhéanamh tríd síos.)

Leasú    67

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 16 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

“Nuair atá ráitis faoi stair na n-éileamh, arna n-eisiúint ag gnóthais árachais eile comhlachtaí eile dá dtagraítear sa dara fomhír, á gcur san áireamh ag na gnóthais árachais nó na comhlachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit nach gcaithfidh siad le sealbhóirí polasaí ar bhealach idirdhealaitheach nó nach ngearrfaidh siad formhuirear ar a bpréimheanna de bharr a náisiúntachta nó ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh siad roimhe sin amháin.

Nuair atá ráitis faoi stair na n-éileamh, arna n-eisiúint ag gnóthais árachais eile agus comhlachtaí eile dá dtagraítear sa dara fomhír, á gcur san áireamh ag na gnóthais árachais nó na comhlachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit nach gcaithfidh siad le sealbhóirí polasaí ar bhealach idirdhealaitheach nó nach ngearrfaidh siad formhuirear ar a bpréimheanna de bharr a náisiúntachta nó ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh siad roimhe sin amháin.

Leasú    68

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 16 – mír 2 a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Áiritheoidh na Ballstáit go n-ionchorpróidh na gnóthais árachais agus na comhlachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír córas ‘bonus-malus’ éigeantach ina gconarthaí árachais do mhótarfheithiclí i ndáil le dliteanas tríú páirtí, lena ríomhtar líon na bpréimheanna árachais de gach sealbhóir árachais i gcomhréir leis na ráitis faoi stair na n-éileamh.

Leasú    69

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 16 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais árachais a bpolasaithe maidir le húsáid na ráiteas faoi stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais árachais a bpolasaithe maidir le húsáid na ráiteas faoi stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu, go háirithe maidir leis an gcóras ‘bonus-malus’ a úsáideann siad.

Leasú    70

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Treoir 2009/103/CE

Airteagal 28c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar meastóireacht ar an Treoir seo, tráth nach déanaí ná seacht mbliana tar éis dháta trasuí na Treorach seo. Cuirfidh an Coimisiúin conclúidí na meastóireachta, in éineacht lena bharúlacha, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Déanfar meastóireacht ar an Treoir seo, tráth nach déanaí ná cúig mbliana tar éis dháta trasuí na Treorach seo. Go háirithe, déanfar measúnú ar sheiftiúlacht na Treorach seo maidir le forbairtí teicneolaíocha a bhaineann le feithiclí uathrialaitheacha agus leath-uathrialaitheacha, agus scrúdófar cé acu an gcuireann réisím dliteanais na Treorach seo coinníollacha teicneolaíocha nua san áireamh nó nach gcuireann nó ar cheart cion dliteanais nua dian a thabhairt isteach nó nár cheart, ar cion é atá bunaithe ar fheithiclí uathrialaitheacha amháin mar fhoinse bhaoil ach nach bhfuil rioscaí dliteanais neamhrialaithe i gceist leis ag an am céanna ionas nach mbeidh siad ina mbac ar úsáid na dteicneolaíochtaí nua. Cuirfidh an Coimisiúin conclúidí na meastóireachta, in éineacht lena bharúlacha, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus cuirfidh sé togra reachtach, i gcás inar gá, i gceangal leis an méid sin.

(Earráid theicniúil: is togra le haghaidh Threoir 2018/0168 (COD) lena leasaítear Treoir 2009/103/CE an Treoir atá faoi chaibidil.)

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Árachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí agus maidir le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin

Tagairtí

COM(2018)0336 – C8-0211/2018 – 2018/0168(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

11.6.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

JURI

11.6.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Joëlle Bergeron

9.7.2018

Pléite sa choiste

11.10.2018

20.11.2018

 

 

Dáta an ghlactha

10.12.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

18

0

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Joëlle Bergeron, Jean-Marie Cavada, Kostas Chrysogonos, Mady Delvaux, Mary Honeyball, Sajjad Karim, Sylvia-Yvonne Kaufmann, António Marinho e Pinto, Julia Reda, Evelyn Regner, Pavel Svoboda, Axel Voss, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Sergio Gaetano Cofferati, Luis de Grandes Pascual, Tiemo Wölken, Kosma Złotowski

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

18

+

ALDE

Jean-Marie Cavada, António Marinho e Pinto

ECR

Kosma Złotowski

EFDD

Joëlle Bergeron

GUE/NGL

Kostas Chrysogonos

PPE

Daniel Buda, Luis de Grandes Pascual, Pavel Svoboda, Axel Voss, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka

S&D

Sergio Gaetano Cofferati, Mady Delvaux, Mary Honeyball, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Evelyn Regner, Tiemo Wölken

VERTS/ALE

Julia Reda

0

-

 

 

0

0

 

 

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Árachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí agus maidir le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin

Tagairtí

COM(2018)0336 – C8-0211/2018 – 2018/0168(COD)

Dáta tíolactha chun PE

24.5.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

11.6.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

JURI

11.6.2018

 

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Dita Charanzová

19.6.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

10.10.2018

21.11.2018

21.1.2019

 

Dáta an ghlactha

22.1.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

34

1

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

John Stuart Agnew, Pascal Arimont, Dita Charanzová, Carlos Coelho, Lara Comi, Anna Maria Corazza Bildt, Daniel Dalton, Nicola Danti, Dennis de Jong, Pascal Durand, Evelyne Gebhardt, Maria Grapini, Robert Jarosław Iwaszkiewicz, Philippe Juvin, Morten Løkkegaard, Eva Maydell, Marlene Mizzi, Nosheena Mobarik, Jiří Pospíšil, Virginie Rozière, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Olga Sehnalová, Jasenko Selimovic, Igor Šoltes, Ivan Štefanec, Catherine Stihler, Róża Gräfin von Thun und Hohenstein, Mylène Troszczynski, Mihai Ţurcanu, Anneleen Van Bossuyt, Marco Zullo

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Biljana Borzan, Edward Czesak, Martin Schirdewan, Adam Szejnfeld, Josef Weidenholzer

Dáta don chur síos

28.1.2019


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

34

+

ALDE

ECR

EFDD

ENF

GUE/NGL

PPE

 

 

S&D

 

Verts/ALE

Dita Charanzová, Morten Løkkegaard, Jasenko Selimovic

Edward Czesak, Daniel Dalton, Nosheena Mobarik, Anneleen Van Bossuyt

Marco Zullo

Mylène Troszczynski

Dennis de Jong, Martin Schirdewan

Pascal Arimont, Carlos Coelho, Lara Comi, Anna Maria Corazza Bildt, Philippe Juvin, Eva Maydell, Jiří Pospíšil, Andreas Schwab, Ivan Štefanec, Adam Szejnfeld, Róża Gräfin von Thun und Hohenstein, Mihai Ţurcanu

Biljana Borzan, Nicola Danti, Evelyne Gebhardt, Maria Grapini, Virginie Rozière, Christel Schaldemose, Olga Sehnalová, Catherine Stihler, Josef Weidenholzer

Pascal Durand, Igor Šoltes

1

-

ENF

John Stuart Agnew

2

0

EFDD

S&D

Robert Jarosław Iwaszkiewicz

Marlene Mizzi

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 8 Feabhra 2019Fógra dlíthiúil