Tuarascáil - A8-0062/2019Tuarascáil
A8-0062/2019

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchoiteanna lena gcinntítear nascacht bhunúsach aeir de bhóthar maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ón Aontas

4.2.2019 - (COM(2018)0893 – C8‑0510/2018 – 2018/0433(COD)) - ***I

An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Rapóirtéir: Pavel Telička
(Nós imeachta simplithe – Riail 50(2) de na Rialacha Nós Imeachta)


Nós Imeachta : 2018/0433(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0062/2019
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0062/2019
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchoiteanna lena gcinntítear nascacht bhunúsach aeir de bhóthar maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ón Aontas

(COM(2018)0893 – C8‑0510/2018 – 2018/0433(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0893),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0510/2018),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an ... [1],

 ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an ...[2],

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0062/2019),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2. Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Ós rud é gur bearta sealadacha a bheidh sna bearta seo, ba cheart iad a theorannú do thréimhse ama ghearr, gan dochar d'aon chomhaontú a bhféadfaí a caibidlíocht a dhéanamh lena aghaidh agus a d'fhéadfadh teacht i bhfeidhm amach anseo lena gcumhdófaí cur ar fáil aersheirbhísí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

(5)  Ós rud é gur bearta sealadacha a bheidh sna bearta seo, ba cheart iad a theorannú do thréimhse ama ghearr. Faoin... [cuir isteach dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ba cheart sainordú a thabhairt don Choimisiún chun tús a chur le caibidlíochtaí oscailte leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhaontú cuimsitheach aeriompair.

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)  Chun leibhéil nascachta a bheidh chun leasa an dá thaobh a chothabháil, ba cheart foráil a dhéanamh do shocruithe margaíochta comhoibritheacha, amhail códroinnt d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus aeriompróirí AE 27 araon i gcomhréir le prionsabal na cómhalartachta.

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta a ghlacadh chun cómhalartacht chóir a áirithiú idir na cearta a dheonóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go haontaobhach ar aeriompróirí a chéile, agus lena áirithiú go bhféadfaidh iompróirí an Aontais dul in iomaíocht le hiompróirí na Ríochta Aontaithe faoi réir coinníollacha cothroma i dtaca le haersheirbhísí a chur ar fáil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(6) Chun cómhalartacht chóir a áirithiú idir na cearta a dheonóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go haontaobhach ar aeriompróirí a chéile, agus lena áirithiú go bhféadfaidh iompróirí an Aontais dul in iomaíocht le hiompróirí na Ríochta Aontaithe faoi réir coinníollacha cothroma i dtaca le haersheirbhísí a chur ar fáil, ba cheart an cumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le coibhéis a athbhunú nó cásanna lena mbainfeadh iomaíocht mhíchothrom a réiteach le bearta iomchuí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr1a. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

 

_________________

 

1a IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 2a

 

Díolúine shealadach ó cheanglas úinéireachta

 

1. Féadfaidh an Coimisiún díolúine shealadach a dheonú ón gceanglas úinéireachta arna leagan síos in Airteagal 4(f) de Rialachán 1008/2008 arna iarraidh sin ag an aeriompróir ar choinníoll go gcomhlíonann an t-aeriompróir na coinníollacha seo a leanas ar fad:

 

(a) go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí aige i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ar an lá roimh an gcéad lá a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 12(2);

 

(b) gur leis an Ríocht Aontaithe nó le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe, nó meascán den dá rud, níos lú ná 50 % den ghnóthas;

 

(c) gurb iad Ballstáit an Aontais nó náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais, nó meascán den dá rud, a rialaíonn an gnóthas le fírinne, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin; agus

 

(d) go ndéanann sé pleananna inchreidte a thíolacadh maidir lena struchtúr úinéireachta a athrú sa tréimhse ama is giorra agus is féidir chun an ceanglas úinéireachta arna leagan síos in Airteagal 4(f) de Rialachán 1008/2008 a chomhlíonadh.

 

2. Féadfar an díolúine dá dtagraítear i mír 1 a dheonú ar feadh tréimhse nach dtéann thar an 30 Márta 2020 agus ní bheidh sí inathnuaite.

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe a fheidhmiú do phaisinéirí, do chumasc de phaisinéirí agus de lasta agus seirbhísí uile-lasta idir aon dá phointe a bhfuil ceann amháin suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus an ceann eile suite i gcríoch an Aontais;

(c) seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe, lena n-áirítear códroinnt, a fheidhmiú do phaisinéirí, do chumasc de phaisinéirí agus de lasta agus seirbhísí uile-lasta idir aon dá phointe a bhfuil ceann amháin suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus an ceann eile suite i gcríoch an Aontais;

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5, maidir le seirbhísí aeriompair sceidealaithe a sholáthar de bhun an Rialacháin seo, ní rachaidh an toilleadh séasúrach iomlán a bheidh le soláthar ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ar na bealaí idir an Ríocht Aontaithe agus gach Ballstát thar líon iomlán na minicíochtaí arna bhfeidhmiú ag na haeriompróirí sin ar na bealaí sin le linn shéasúr geimhridh agus shéasúr samhraidh IATA na bliana 2018.

scriosta

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d'aeriompróirí an Aontais coibhéiseach, de jure nó de facto, leis na cearta a thabharfar d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d'aeriompróirí uile an Aontais, féadfaidh sé, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008:

2. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d'aeriompróirí an Aontais coibhéiseach, de jurede facto, leis na cearta a thabharfar d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d'aeriompróirí uile an Aontais, tá sé de chumhacht aige, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a chun:

Leasú  8

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) an acmhainn atá ar fáil d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe laistigh den teorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) a choigeartú agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;

(a) caidhpeáil ar an acmhainn do bhealaí idir an Ríocht Aontaithe agus gach Ballstát a mholadh agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;

Leasú  9

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na coinníollacha a bhfuil aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ag baint tairbhe astu i bhfad níos fabhraí ná na coinníollacha sin, féadfaidh an Coimisiún, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008:

2. I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na coinníollacha a bhfuil aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ag baint tairbhe astu i bhfad níos fabhraí ná na coinníollacha sin, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a, chun:

Leasú  10

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) an acmhainn atá ar fáil d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe laistigh den teorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) a choigeartú agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;

(a) caidhpeáil ar an acmhainn do bhealaí idir an Ríocht Aontaithe agus gach Ballstát a mholadh agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;

Leasú  11

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfar gníomhartha tarmligthe faoi mhír 2 a ghlacadh chun na cásanna seo a leanas a leigheas:

3. Beidh sé mar aidhm leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 na cásanna seo a leanas go háirithe a leigheas:

Leasú  12

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) caighdeáin maidir le cosaint oibrithe, sábháilteacht, slándáil, nó leis an gcomhshaol atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith curtha i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;

(d) caighdeáin maidir le cosaint cearta paisinéirí, oibrithe, sábháilteacht, slándáil, nó leis an gcomhshaol atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith curtha i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinntí údarú aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú nó a chúlghairm de bhun mhír 1 agus mhír 2.

4. Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinntí údarú aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú nó a chúlghairm de bhun mhír 1 agus mhír 2, gan moill mhíchuí.

Leasú  14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme.

1. Rachaidh an tAontas agus údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme.

Leasú  15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 11

scriosta

An Coiste

 

Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

 

Leasú  16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11a

 

An tarmligean a fheidhmiú

 

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

 

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

 

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

 

4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

 

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

 

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú  17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 4 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) an dáta a thiocfaidh comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm lena rialaítear aeriompar eatarthu a sholáthar nó, de réir an cháis, an dáta a chuirfear i bhfeidhm go sealadach é; nó

(a)  an dáta a thiocfaidh comhaontú cuimsitheach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm lena rialaítear aeriompar eatarthu a sholáthar nó, de réir an cháis, an dáta a chuirfear i bhfeidhm go sealadach é; nó

 

 


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

Tagairtí

COM(2018)0893 – C8-0510/2018 – 2018/0433(COD)

Dáta tíolactha chun PE

20.12.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

14.1.2019

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Pavel Telička

10.1.2019

 

 

 

Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh

10.1.2019

Pléite sa choiste

22.1.2019

 

 

 

Dáta an ghlactha

22.1.2019

 

 

 

Dáta don chur síos

4.2.2019

 

 

An nuashonrú is déanaí: 8 Feabhra 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais