Nós Imeachta : 2018/0208(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0068/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0068/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 13/02/2019 - 8.15
CRE 13/02/2019 - 8.15
PV 17/04/2019 - 8.14
CRE 17/04/2019 - 8.14

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0097
P8_TA(2019)0406

TUARASCÁIL     ***I
PDF 410kWORD 177k
6.2.2019
PE 630.382v02-00 A8-0068/2019

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um Cheartas

(COM(2018)0384 – C8‑0235/2018 – 2018/0208(COD))

ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agusón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

Rapóirtéirí: Heidi Hautala, Josef Weidenholzer

(Nós imeachta comhchoiste – Riail 55 de na Rialacha Nós Imeachta)

LEASUITHE
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 TUAIRIM ón gCoiste um Buiséid
 TUAIRIM ón gCoiste um Rialú Buiséadach
 TUAIRIM ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne
 NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
 TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um Cheartas

(COM(2018)0384 – C8‑0235/2018 – 2018/0208(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  Ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0384),

–  Ag féachaint d'Airteagal 294(2) agus d'Airteagal 81(1) agus (2) agus Airteagal 82(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C8‑0235/2018),

–  Ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  Ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  Ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus an Choiste um Shaoisí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile faoi Riail 55 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  Ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Rialú Buiséadach agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0068/2019),

1.  Ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  Á mheabhrú di a rún an 14 Márta 2018 maidir leis an gcéad CAI eile: Ag ullmhú sheasamh na Parlaiminte maidir le CAI tar éis 2020(1); Ag athdhearbhú a tacaíocht do chláir i réimsí an chultúir, an oideachais, na meán, na hóige, an spóirt, an daonlathais, na saoránachta agus na sochaí sibhialta a bhfuil a mbreisluach Eorpach léirithe go soiléir acu agus a bhfuil an-tóir i measc tairbhithe orthu; Á athdhearbhú nach féidir Aontas níos láidre agus níos uaillmhianaí a bhaint amach mura dtugtar acmhainní airgeadais atreisithe dó; Á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí tacaíocht leanúnach do bheartais atá ann faoi láthair, go méadófaí acmhainní do chláir shuaitheanta an Aontais, agus go mbeadh freagrachtaí breise ag gabháil le hacmhainní airgeadais breise;

3.  Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  De réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CFAE), ‘tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir’. Sonraítear in Airteagal 3 ina theannta sin gurb é ‘is aidhm don Aontas an tsíocháin, a luachanna agus dea-bhail a phobal a chur chun cinn’ agus, i measc nithe eile, ‘go n-urramóidh an tAontas an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú’. Athdhearbhaítear na luachanna sin agus cuirtear in iúl iad sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ('an Chairt').

(1)  De réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CFAE), ‘tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir’. Sonraítear in Airteagal 3 ina theannta sin gurb é ‘is aidhm don Aontas an tsíocháin, a luachanna agus dea-bhail a phobal a chur chun cinn’ agus, i measc nithe eile, ‘go n-urramóidh an tAontas an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú’. Sonraítear in Airteagal 8 CFAE ina theannta sin go mbeidh sé mar aidhm ag an Aontas, trína ghníomhaíochtaí uile, éagothromaíochtaí a dhíothú, comhionannas inscne a chur chun cinn agus idirdhealú a chomhrac, agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú aige. Athdhearbhaítear na luachanna sin agus cuirtear in iúl iad sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ('an Chairt') agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1 a)  De réir Airteagail 8 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart do ghníomhaíochtaí uile an Chláir um Cheartas tacú le príomhshruthú inscne, lena n-áirítear buiséadú inscne, agus príomhshruthú cuspóirí neamh-idirdhealaitheacha.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Ní mór na cearta agus na luachanna sin a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú, a roinnt ar na saoránaigh agus na pobail laistigh den Aontas agus a bheith i gcroílár shochaithe na hEorpa. Dá bhrí sin, cruthófar Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna, ina gcuimseofar an clár um Chearta agus Luachanna agus an clár um Cheartas i mbuiséad an Aontais. Tráth a chaithfidh sochaithe Eorpacha aghaidh a thabhairt ar antoisceachas, radacachas agus easaontais, is tábhachtaí murab ionann agus riamh ceartas, cearta agus luachanna an Aontais a chur chun cinn, a neartú, agus a chosaint, mar atá: cearta an duine, meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta. Beidh impleachtaí móra díreacha aige sin ar an saol polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch san Aontas. Mar chuid den Chiste nua, cumascfar sa chlár um Chearta agus Luachanna an Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus an clár um an Eoraip ar son na Saoránach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle11. Leanfaidh an clár um Cheartas (dá ngairtear an ‘Clár’ anseo feasta) de thacaíocht a thabhairt maidir le forbairt a dhéanamh ar limistéar Eorpach ceartais comhtháite agus comhar trasteorann, i leanúnachas leis an gClár um Cheartas don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 (dá ngairtear ‘an Clár ba réamhtheachtaí’ anseo feasta).

(2)  Ní mór don Aontas agus do gach Ballstát na cearta agus na luachanna sin a chothú go gníomhach, a chosaint, agus a chur chun cinn ina mbeartais uile, ar bhealach comhsheasmhach, agus iad a fhorfheidhmiú agus a roinnt ar na saoránaigh agus na pobail laistigh den Aontas agus a bheith i gcroílár shochaithe na hEorpa. Ag an am céanna, tá gá le limistéar Eorpach ceartais a fheidhmíonn mar is cuí agus le córais náisiúnta dlí atá éifeachtach, neamhspleách agus ar ardchaighdeán, chomh maith le muinín fhrithpháirteach níos fearr, ionas go mbeadh rath ar an margadh inmheánach agus go gcaomhnófaí luachanna comhchoiteanna an Aontais. Dá bhrí sin, cruthófar Ciste nua um Cheartas, Chearta agus Luachanna a chuimseoidh na cláir um Chearta agus Luachanna agus um Cheartas i mbuiséad an Aontais Eorpaigh. Tráth a chaithfidh sochaithe Eorpacha aghaidh a thabhairt ar antoisceachas, radacachas, polarú agus easaontais, agus tráth a bhfuil imeachtaí ar bun faoi Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a bhaineann le sáruithe córasacha ar an smacht reachta, chomh maith le sáruithe ar imeachtaí arna n-eisiúint i ndáil le smacht reachta sna Ballstáit, is tábhachtaí murab ionann agus riamh ceartas, cearta agus luachanna an Aontais a chur chun cinn, a neartú, agus a chosaint, mar atá: cearta an duine agus cearta bunúsacha, meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, lena n-áirítear comhionannas inscne, neamh-idirdhealú agus an smacht reachta , sa mhéid go bhféadfaidh meath na gceart agus na luachanna sin in aon Bhallstát éifeachtaí díobhálacha a bheith aige ar an Aontas ina iomláine. Beidh impleachtaí móra díreacha aige sin ar an saol polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch san Aontas. Mar chuid den Chiste nua, cumascfar sa chlár um Chearta agus Luachanna an Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus an clár um an Eoraip ar son na Saoránach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle11. Leanfaidh an clár um Cheartas (dá ngairtear an ‘Clár’ anseo feasta) de thacaíocht a thabhairt maidir le forbairt a dhéanamh ar limistéar Eorpach ceartais comhtháite agus comhar trasteorann, i leanúnachas leis an gClár um Cheartas don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 (dá ngairtear ‘an Clár ba réamhtheachtaí’ anseo feasta).

__________________

__________________

10Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).

11 Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip do Shaoránaigh’ don tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014, lch.3).

11 Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip do Shaoránaigh’ don tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014, lch.3).

12Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Déanfar an Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna agus an dá chlár cistiúcháin atá mar bhonn faoi a dhíriú, go príomha, ar dhaoine agus ar eintitis a rannchuidíonn le beocht agus beatha a chur sna luachanna, sna cearta agus san éagsúlacht shaibhir is coiteann dúinn. Is é an cuspóir bunaidh an tsochaí seo againn atá bunaithe ar chearta agus atá cothrom, uilechuimsitheach agus daonlathach a chothú agus a chothabháil. Áirítear leis sin sochaí shibhialta bhríomhar, a spreagann rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine agus éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa a chothú, bunaithe freisin ar an stair agus ar an gcuimhne is coiteann dúinn. In Airteagal 11 de Chonradh ar an Aontas Eorpach sonraítear freisin go dtabharfaidh na hinstitiúidí, ar dhóigheanna iomchuí, an deis do shaoránaigh agus dá gcomhlachais ionadaíochta, a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

(3)  Déanfar an Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna agus an dá chlár cistiúcháin atá mar bhonn faoi a dhíriú ar dhaoine agus ar eintitis a rannchuidíonn le beocht agus beatha a chur sna luachanna, sna cearta agus san éagsúlacht shaibhir is coiteann dúinn. Is é an cuspóir bunaidh sochaí atá bunaithe ar chearta agus atá cothrom, oscailte, cuimsitheach agus daonlathach a chothú agus a choinneáil ar bun, go háirithe trí chistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn sochaí shibhialta bhríomhar, dhea-fhorbartha, láidir agus chumasaithe, lena gcumasaítear rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine, agus cearta an duine agus cearta bunúsacha a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme go cuí, agus lena gcothaítear síocháin agus éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa, bunaithe ar na luachanna, ar an stair agus ar an gcuimhne is coiteann dúinn. Le hAirteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ceanglaítear go gcoinneoidh na hinstitiúidí idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta leis an tsochaí shibhialta agus go dtabharfaidh siad, ar dhóigheanna iomchuí, an deis do shaoránaigh agus dá gcomhlachais ionadaíochta, a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i bhfianaise gur ag laghdú de réir a chéile atá an spás do shochaí shibhialta neamhspleách i roinnt de na Ballstát.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Foráiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú, le hurraim do chearta bunúsacha agus do chórais agus do thraidisiúin dhlíthiúla éagsúla na mBallstát. Chuige sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh chun comhar breithiúnach a fhorbairt in ábhair shibhialta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát i réimse chosc na coireachta agus chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn. Agus limistéar Eorpach ceartais á fhorbairt tuilleadh amach anseo ba cheart a áirithiú go dtabharfar lánurraim do chearta bunúsacha agus do phrionsabail agus do luachanna coiteanna, amhail an neamh-idirdhealú, comhionannas inscne, rochtain éifeachtach ar an gceartas do chách, an smacht reachta agus córas breithiúnach neamhspleách dea-fheidhmiúil.

(4)  Foráiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú, le hurraim do chearta bunúsacha agus do chórais agus do thraidisiúin dhlíthiúla éagsúla na mBallstát. Is den réamhriachtanas é an smacht reachta, cearta bunúsacha agus an daonlathas san Aontas a urramú agus a chur chun cinn má táthar chun gach ceart agus oibleagáid a chumhdaítear sna Conarthaí a chaomhnú, agus chun muinín na ndaoine as an Aontas a chothú. Tá ról tábhachtach ag an gcaoi a gcuirtear an smacht reachta i bhfeidhm sna Ballstáit i dtaca le muinín fhrithpháirteach a áirithiú i measc na mBallstát agus ina gcórais dlí. Chuige sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh chun comhar breithiúnach a fhorbairt in ábhair shibhialta agus in ábhair choiriúla agus, i gcás inarb iomchuí, in ábhair riaracháin agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát i réimse chosc na coireachta agus chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn ag díriú go háirithe ar choireanna trasteorann, ar choireanna fioscacha, ar choireanna comhshaoil, ar sceimhlitheoireacht agus ar sháruithe ar chearta bunúsacha, amhail gáinneáil ar dhaoine, chomh maith le réimse chosaint chearta na n-íospartach. Agus limistéar Eorpach ceartais á fhorbairt tuilleadhar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta ba cheart go ndéanfaí cearta an duine agus cearta bunúsacha agus prionsabail agus luachanna comhchoiteanna, amhail an neamh-idirdhealú, an dlúthpháirtíocht, cóir chomhionann ar bhonn na bhforas a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt, rochtain éifeachtach chomhionann ar an gceartas do chách, an smacht reachta, an daonlathas agus córas breithiúnach neamhspleách dea-fheidhmiúil, a áirithiú agus a chothú.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4 a)  Forálann Airteagal 81 CFAE go sainráite go bhféadfaidh an tAontas gníomhartha dlíthiúla a ghlacadh le haghaidh chomhfhogasú dhlíthe na mBallstát. Faoin gConradh, féadtar na gníomhartha sin a ghlacadh inter alia le haghaidh aitheantas agus forfheidhmiú frithpháirteach breithiúnas agus cinntí seachbhreithiúnacha idir na Ballstáit; an tseirbhís trasteorann de dhoiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha; comhoiriúnacht na rialacha dlí idirnáisiúnta príobháideacha is infheidhme sna Ballstáit i ndáil le coinbhleacht dlíthe agus dlínse; comhar le linn fianaise a ghlacadh; rochtain éifeachtach ar an gceartas; deireadh a chur le constaicí i mbealach dea-fheidhmiú imeachtaí sibhialta, coiriúla gus riaracháin, a bhféadfaí a áireamh ina measc imeachtaí cúirte náisiúnta a dhéanamh níos comhoiriúnaí; réiteach malartach díospóide (RMD) a fhorbairt; tacú le hoiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí;

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  Ba cheart cistiú leanúint de bheith ar cheann de na huirlisí tábhachtacha chun na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha síos ag na Conarthaí a chur chun feidhme go rathúil. Ba cheart iad a bhaint amach, inter alia, trí Chlár um Cheartas solúbtha agus éifeachtach a bhunú lena bhféadfar pleanáil agus cur chun feidhme na spriocanna sin a éascú.

(5)   maoiniú ar cheann de na huirlisí is tábhachtaí chun na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha síos ag na Conarthaí a chur chun feidhme go rathúil. Ba cheart iad a bhaint amach, inter alia, trí Chlár um Cheartas solúbtha agus éifeachtach a bhunú lena bhféadfar pleanáil agus cur chun feidhme na spriocanna sin a éascú, agus cé na gníomhaíochtaí lena dtugtar an breisluach Eorpach is airde trí phríomhtháscairí feidhmíochta a úsáid, aon uair is féidir, á chur san áireamh.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5 a)  Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an gClár solúbthacht agus inrochtaineacht a chistí a mhéadú agus na deiseanna agus coinníollacha cistiúcháin céanna a chur ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta bídís san Aontas nó lasmuigh de.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas le bearta a ghlacadh maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i leith breithiúnas agus cinntí breithiúnacha, arb é dúshraith an chomhair bhreithiúnaigh é laistigh den Aontas ó bhí Comhairle Eorpach Tampere ann an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999. Éilíonn aitheantas frithpháirteach ardleibhéal muiníne frithpháirtí i measc na mBallstát. Glacadh bearta chun dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i roinnt réimsí chun aitheantas frithpháirteach a éascú agus muinín fhrithpháirteach a chothú. Tá ríthábhacht ag baint le limistéar ceartais dea-fheidhmiúil, ina gcuirtear deireadh le constaicí in imeachtaí breithiúnacha trasteorann agus rochtain ar cheartas i gcásanna trasteorann, chun fás eacnamaíoch a áirithiú.

(6)  Maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais do gach duine a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas le bearta a ghlacadh maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i leith breithiúnas agus cinntí breithiúnacha, arb é dúshraith an chomhair bhreithiúnaigh é laistigh den Aontas ó bhí Comhairle Eorpach Tampere ann an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999. Éilíonn aitheantas frithpháirteach ardleibhéal muiníne frithpháirtí i measc na mBallstát. Glacadh bearta chun dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i roinnt réimsí chun aitheantas frithpháirteach a éascú agus muinín fhrithpháirteach a chothú. Tá ríthábhacht ag baint le limistéar ceartais dea-fheidhmiúil, ina gcuirtear deireadh le constaicí in imeachtaí breithiúnacha trasteorann agus rochtain ar cheartas i gcásanna trasteorann, chun fás eacnamaíoch agus comhtháthú breise a áirithiú.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6 a)  Mar a mheabhraíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cásdlí1a, tá neamhspleáchas na mbreithiúna ina bhunchuid den cheart bunúsach chun triail chóir a fháil agus is bunús é don mhuinín fhrithpháirteach agus don aitheantas frithpháirteach.

_________________

1a CBAE, an Mór-Dhlísheomra, an 27 Feabhra 2018, C-64/16, Asociação Sindical dos Juízes Portugueses, ECLI:EU:C:2018:117; 1a CBAE, an Mór-Dhlísheomra, an 25 Iúil 2018, C-216/18, Asociação Sindical dos Juízes Portugueses, ECLI:EU:C:2018:586;

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6 b)  Ba cheart go n-áireodh rochtain ar cheartas, go háirithe, rochtain ar chúirteanna, ar mhalairt modhanna le díospóidí a shocrú agus ar shealbhóirí oifige poiblí a bhfuil oibleagáid orthu comhairle neamhchlaonta dlí a sholáthar do pháirtithe.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6 c)  Ba cheart go measfaí ionchorprú na gné inscne sna córais cheartais a bheith ina sprioc thábhachtach chun forbairt bhreise a dhéanamh ar réimse Eorpach an cheartais. Tá idirdhealú trasnach sa chóras ceartais fós ar cheann de na príomhchonstaicí i mbealach rochtain chomhionann na mban ar cheartas. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfadh an clár rannchuidiú go gníomhach le díothú aon idirdhealaithe agus aon chonstaicí atá i mbealach daoine ó mhionlaigh, daoine faoi mhíchumas, imirceach, iarrthóirí tearmainn, daoine scothaosta, daoine atá ag cónaí i limistéir iargúlta nó daoine ó aon ghrúpa leochaileach rochtain a fháil ar cheartas agus tacú le nósanna imeachta agus cinntí sa chóras breithiúnach, ar nósanna imeachta agus cinntí iad atá éasca le úsáid d’íospartaigh agus atá íogair ó thaobh inscne de.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  Tá urramú an smachta reachta riachtanach le haghaidh ardleibhéal muiníne frithpháirtí i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile, go háirithe maidir le comhar breithiúnach éifeachtach in ábhair shibhialta agus choiriúla atá bunaithe ar aitheantas frithpháirteach. Tá an smacht reachta ar cheann de na luachanna coiteanna atá cumhdaithe ag Airteagal 2 CAE, agus is léiriú nithiúil ar an smacht reachta prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí dá bhforáiltear le hAirteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Déanann cur chun cinn an smachta reachta, trí thacú leis na hiarrachtaí a dhéantar neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras ceartais náisiúnta a fheabhsú, an mhuinín fhrithpháirteach sin a neartú atá fíor-riachtanach le haghaidh comhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla.

(7)  Tá lánurramú agus cur chun cinnan smachta reachta riachtanach le haghaidh ardleibhéal muiníne frithpháirtí i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais agus na ngnóthaí baile, go háirithe maidir le comhar breithiúnach éifeachtach in ábhair shibhialta agus choiriúla atá bunaithe ar aitheantas frithpháirteach. Tá an smacht reachta ar cheann de na luachanna coiteanna atá cumhdaithe ag Airteagal 2 CAE, agus is léiriú nithiúil ar an smacht reachta prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí dá bhforáiltear le hAirteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Déanann cur chun cinn an smachta reachta, trí thacú leis na hiarrachtaí a dhéantar neamhspleáchas, trédhearcacht, cuntasacht, cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras ceartais náisiúnta a fheabhsú, an mhuinín fhrithpháirteach sin a neartú atá fíor-riachtanach le haghaidh an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7 a)  Tá sé tábhachtach a mheabhrú gurb é is ceartas ann ná an smacht reachta sa tsochaí a dhearbhú agus an ceart chun triail chóir a fháil os comhair cúirt neamhspleách agus neamhchlaonta a áirithiú do gach duine d’fhonn luachanna Eorpacha a chosaint.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  De bhun Airteagail 81(2)(h) agus 82(1)(c) CFAE, tacóidh an tAontas le hoiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí mar uirlis chun comhar breithiúnach a fheabhsú in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha. Is uirlis thábhachtach í oiliúint a chur ar ghairmithe ceartais chun tuiscint choiteann a chothú i dtaobh na dóighe is fearr leis an smacht reachta a chaomhnú. Rannchuidíonn sin le limistéar Eorpach ceartais a thógáil trí chultúr breithiúnach coiteann a chruthú i measc gairmithe ceartais na mBallstát. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear an dlí i bhfeidhm go ceart agus go comhleanúnach san Aontas agus muinín fhrithpháirteach idir gairmithe ceartais in imeachtaí trasteorann a áirithiú. Ba cheart na gníomhaíochtaí oiliúna a fhaigheann tacaíocht ón gClár a bheith bunaithe ar mheasúnuithe fónta ar riachtanais oiliúna, úsáid a bhaint as modheolaíocht úrscothach, imeachtaí trasteorann a bhailíonn gairmithe ceartais ó Bhallstáit éagsúla a áirithiú, gnéithe gníomhacha foghlama agus líonraithe a chuimsiú ann agus ba cheart dóibh a bheith inbhuanaithe.

(8)  De bhun Airteagail 81(2)(h) agus 82(1)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tacóidh an tAontas le hoiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí mar uirlis chun comhar breithiúnach a fheabhsú in ábhair shibhialta agus in ábhair choiriúla, agus i gcás inarb iomchuí, in ábhair riaracháin bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha. Is uirlis thábhachtach í oiliúint a chur ar ghairmithe ceartais chun tuiscint choiteann a chothú i dtaobh na dóighe is fearr leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chur chun feidhme agus a chaomhnú. Rannchuidíonn sin le limistéar Eorpach ceartais a thógáil trí chultúr breithiúnach coiteann a chruthú i measc gairmithe ceartais na mBallstát. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear an dlí i bhfeidhm go neamh-idirdhealaitheach, go ceart agus go comhleanúnach san Aontas agus muinín agus tuiscint fhrithpháirteach idir gairmithe ceartais in imeachtaí trasteorann a áirithiú. Ba cheart na gníomhaíochtaí oiliúna a fhaigheann tacaíocht ón gClár a bheith bunaithe ar mheasúnuithe fónta ar riachtanais oiliúna, úsáid a bhaint as modheolaíocht úrscothach, imeachtaí trasteorann a bhailíonn gairmithe ceartais, lena n-áirítear iadsan ag obair d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó Bhallstáit éagsúla a áirithiú, gnéithe gníomhacha foghlama agus líonraithe a chuimsiú ann agus ba cheart dóibh a bheith inbhuanaithe. Ba cheart go n-áireodh sé sin cúrsaí oiliúna do bhreithiúna, do dhlíodóirí, d’ionchúisitheoirí agus do phóilíní maidir leis na dúshláin agus na constaicí a mbíonn ar dhaoine i suíomh leochaileach aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear leanaí, mionlaigh eitneacha, daoine LGBTI, daoine faoi mhíchumas, íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe agus cineálacha eile foréigin idirphearsanta agus íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, agus maidir le conas a áirithiú go dtugtar cosaint cheart d’íospartaigh na coireachta. Ba cheart go ndéanfaí na cúrsaí oiliúna sin a eagrú i gcomhar díreach leis na daoine sin agus leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar a son agus a thacaíonn leo.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8 a)  Is é is cuspóir do theorainneacha ama a shocrú le haghaidh imeachtaí ná cinnteacht dhlíthiúil a sholáthar, atá ina bhunriachtanas don smacht reachta.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8 b)  De bhun Chinneadh (AE) 2017/865 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le nithe a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus an cinneadh ábhartha maidir le tearmann agus non-refoulement, tacóidh an Clár le hoiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúna d’fhonn feasacht a ardú agus cur i bhfeidhm praiticiúil an Choinbhinsiúin a chur chun cinn laistigh den raon sin chun cosaint níos fearr a tabhairt d’íospartaigh an fhoréigin i gcoinne na mban agus na gcailíní ar fud an Aontais.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Féadfaidh gníomhaithe éagsúla a bheith i gceist le hoiliúint bhreithiúnach, amhail údaráis dhlíthiúla, bhreithiúnacha agus riaracháin, institiúidí acadúla, comhlachtaí náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an oiliúint bhreithiúnach, eagraíochtaí oiliúna nó líonraí ar an leibhéal Eorpach nó líonraí de chomhordaitheoirí cúirte maidir le dlí an Aontais. Maidir le comhlachtaí agus eintiteas a shaothraíonn leas ginearálta Eorpach i réimse na hoiliúna breithiúnaí, amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (‘GEOB’), Acadamh an Dlí Eorpaigh (‘ERA’), Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna (‘ENCJ’), Comhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas-Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh, Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach agus an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí, ba cheart dóibh leanúint den pháirt atá acu i gcur chun cinn clár oiliúna a bhfuil gné cheart Eorpach iontu do na breithiúna agus don fhoireann bhreithiúnach, agus a bhféadfaí, dá bhrí sin, tacaíocht leordhóthanach airgeadais a dheonú dóibh i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo.

(9)  Féadfaidh gníomhaithe éagsúla a bheith i gceist le hoiliúint bhreithiúnach, amhail údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin, institiúidí acadúla, comhlachtaí náisiúnta atá freagrach as an oiliúint bhreithiúnach, eagraíochtaí oiliúna nó líonraí ar an leibhéal Eorpach nó líonraí de chomhordaitheoirí cúirte maidir le dlí an Aontais, chomh maith le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta lena n-áirítear iadsan a thugann ar aghaidh caingne ionadaíochta. Maidir le comhlachtaí agus eintiteas a shaothraíonn leas ginearálta Eorpach i réimse na hoiliúna breithiúnaí, amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (‘GEOB’), Acadamh an Dlí Eorpaigh (‘ERA’), Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna (‘ENCJ’), Comhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas-Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh, Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach agus an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí, ba cheart dóibh leanúint den pháirt atá acu i gcur chun cinn clár oiliúna a bhfuil gné cheart Eorpach iontu do na breithiúna agus don fhoireann bhreithiúnach, agus a bhféadfaí, dá bhrí sin, tacaíocht leordhóthanach airgeadais a dheonú dóibh i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo. Thairis sin, d’fhéadfadh eagraíochtaí i réimsí na gceart bunúsach, agus gairmithe a oibríonn le híospartaigh an fhoréigin, chomh maith le hinstitiúidí acadúla speisialaithe, rannchuidiú leis na cláir oiliúna sin, agus dá bhrí sin ba cheart go mbeidís rannpháirteach nuair is ábhartha. Ag cur san áireamh go bhfuil banbhreithiúna tearc-ionadaithe sna poist is sinsearaí, spreagfar banbhreithiúna, ban-ionschúisitheoirí agus gairmithe dlí eile ar mná iad chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oiliúna.

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9 a)  Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit níos mó a infheistiú i bhforbairt cúrsaí oiliúna breithiúnacha agus san oideachas leanúnach do bhreithiúna amhail gníomhaíocht a dhéanann suas an bonn le haghaidh córas breithiúnach éifeachtach, neamhspleách agus neamhchlaonta.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10 a)  Ba cheart go dtacódh an clár freisin le cur chun cinn an dea-chleachtais idir cúirteanna go háirithe ó thaobh déileáil le foréigean inscnebhunaithe agus malartú acmhainní comhchoiteanna agus ábhar oiliúna maidir le foréigean inscnebhunaithe, le haghaidh breithiúna, ionchúisitheoirí poiblí, dlíodóirí, póilíní agus gairmithe eile a bhíonn i dteagmháil le híospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe;

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)  Ba cheart do bhearta faoin gClár tacú le haitheantas frithpháirteach feabhsaithe maidir le cinntí breithiúnacha agus breithiúnais agus an comhfhogasú reachtaíochta is gá a éascóidh comhar idir na húdaráis ábhartha go léir, lena n-áirítear Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais, agus cosaint dlí maidir le cearta daoine aonair in ábhair shibhialta agus thráchtála. Ba cheart don Chlár freisin an reachtaíocht nósanna imeachta maidir le cásanna trasteorann a chur chun cinn agus cur le cóineasú níos mó a dhéanamh sa dlí sibhialta d’fhonn cabhrú deireadh a chur le nithe a bhacann dea-fheidhmiú agus feidhmiú éifeachtach nósanna imeachta breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha, chun leas gach páirtí i ndíospóid shibhialta a dhéanamh. Ar deireadh, chun tacú le forfheidhmiú éifeachtach agus cur i bhfeidhm praiticiúil dhlí an Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta, ba cheart don Chlár tacú le feidhmiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála a bunaíodh le cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle.

(11)  Ba cheart do bhearta faoin gClár tacú le haitheantas frithpháirteach feabhsaithe maidir le cinntí breithiúnacha agus breithiúnais, le muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus leis an gcomhfhogasú reachtaíochta is gá a éascóidh comhar idir na húdaráis ábhartha go léir, lena n-áirítear Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais, agus cosaint dlí maidir le cearta daoine aonair in ábhair shibhialta agus thráchtála. Ba cheart don Chlár freisin an reachtaíocht nósanna imeachta maidir le cásanna trasteorann a chur chun cinn lena n-áirítear nósanna imeachta idirghabhála, ag díriú go háirithe ar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar cheartas do gach duine a éascú, agus cur le cóineasú níos mó a dhéanamh go háirithe sa dlí sibhialta d’fhonn cabhrú deireadh a chur le nithe a bhacann dea-fheidhmiú agus feidhmiú éifeachtach nósanna imeachta breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha, chun leas gach páirtí i ndíospóid shibhialta a dhéanamh. Ar deireadh, chun tacú le forfheidhmiú éifeachtach agus cur i bhfeidhm praiticiúil dhlí an Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta, ba cheart don Chlár tacú le feidhmiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála a bunaíodh le cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  De bhun Airteagal 3(3) CAE, Airteagal 24 de Chairt agus de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989, ba cheart don Chlár tacú le cearta an linbh a chosaint, agus ba cheart dó cur chun cinn chearta an linbh a phríomhshruthú i gcur chun feidhme a chuid gníomhaíochtaí go léir.

(12)  De bhun Airteagal 3(3) CAE, Airteagal 24 de Chairt agus de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989, ba cheart don Chlár tacú le cearta an linbh a chosaint, agus ba cheart dó cur chun cinn chearta an linbh a phríomhshruthú i gcur chun feidhme a chuid gníomhaíochtaí go léir. Chun na críche sin, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar na gníomhaíochtaí atá dírithe ar chearta leanaí a chosaint i gcomhthéacs an cheartais choiriúil agus shibhialta, lena n-áirítear cosaint leanaí atá in éineacht le tuismitheoirí atá faoi choinneáil agus leanaí tuismitheoirí atá i bpríosún. Ba cheart tacaíocht iomchuí a bhreithniú freisin ar mhaithe le gníomhaíochtaí oiliúna atá dírithe ar chur chun feidhme cuí Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coimircí nós imeachta do leanaí a bhfuil drochamhras fúthu nó a bhfuil cúis curtha ina leith in imeachtaí coiriúla.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12 a)  De bhun Airteagal 3(3) CAE, Airteagal 23 den Chairt agus den Choinbhinsiún chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), ba cheart don Chlár tacú le cearta na mban a chosaint, agus ba cheart dó cur chun cinn chearta na mban a phríomhshruthú i gcur chun feidhme a chuid gníomhaíochtaí go léir. A áirithiú go ndéantar neartú ar an rochtain atá ag mná agus cailíní ar cheartas i gcásanna d’fhoréigean inscnebhunaithe, trí Choinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú agus trí reachtaíocht chuimsitheach a ghlacadh i gcoinne foréigean inscnebhunaithe san Aontas.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12 b)  De bhun Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a gcine nó ar a mbunadh eitneach, ba cheart go dtacódh an Clár le cosaint daoine ar ó chine nó de bhunadh eitneach ar leith iad, amhail na Romaigh, agus príomhshruthú a dhéanamh ar chur chun cinn a gceart i gcur chun feidhme a ghníomhaíochtaí uile, go háirithe bearta frith-idirdhealaitheacha a neartú.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Leis an gClár don tréimhse 2014-2020 cumasaíodh gníomhaíochtaí oiliúna a bhaineann le dlí an Aontais, go háirithe maidir le raon feidhme agus cur i bhfeidhm na Cairte, agus iad dírithe ar chomhaltaí de na breithiúna agus cleachtóirí dlí eile. Ina chonclúidí dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte in 2016, mheabhraigh an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le feasacht a mhúscailt maidir le cur i bhfeidhm na Cairte, lena n-áirítear i measc lucht ceaptha beartas, cleachtóirí dlí agus sealbhóirí ceart iad féin, ar bhonn náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, chun cearta bunúsacha a phríomhshruthú ar bhealach comhsheasmhach, tá sé riachtanach tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí múscailte feasachta d'údaráis phoiblí eile seachas údaráis bhreithiúnacha agus cleachtóirí dlí.

(13)  Leis an gClár don tréimhse 2014-2020 cumasaíodh gníomhaíochtaí oiliúna a bhaineann le dlí an Aontais, go háirithe maidir le raon feidhme agus cur i bhfeidhm na Cairte, agus iad dírithe ar chomhaltaí de na breithiúna agus cleachtóirí dlí eile. Ina chonclúidí dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte in 2016, mheabhraigh an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le feasacht a mhúscailt maidir le cur i bhfeidhm na Cairte, lena n-áirítear i measc lucht ceaptha beartas, cleachtóirí dlí agus sealbhóirí ceart iad féin, ar bhonn náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, chun cearta bunúsacha a phríomhshruthú ar bhealach comhsheasmhach, tá sé riachtanach tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí múscailte feasachta d'údaráis phoiblí eile seachas údaráis bhreithiúnacha agus cleachtóirí dlí, agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a bheadh i mbun an chúraim sin chomh maith.

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  De bhun Airteagal 67 CFAE, ba cheart don Aontas a bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus urraim ann do chearta bunúsacha, rud a bhfuil rochtain ar an gceartas ríthábhachtach lena aghaidh. Chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú, agus d'fhonn an mhuinín fhrithpháirteach atá fíor-riachtanach chun dea-fheidhmiú limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a chinntiú, is gá tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí údarás eile seachas údaráis bhreithiúnacha agus cleachtóirí dlí, agus chuig eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a rannchuidíonn leis na cuspóirí sin.

(14)  De bhun Airteagal 67 CFAE, ba cheart don Aontas a bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus urraim ann do chearta bunúsacha, rud a bhfuil rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an gceartas do gach duine ríthábhachtach lena aghaidh. Chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú, agus d'fhonn an mhuinín fhrithpháirteach atá fíor-riachtanach chun dea-fheidhmiú limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a áirithiú, is gá tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí údarás eile seachas údaráis bhreithiúnacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, agus cleachtóirí dlí, agus chuig eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar son chearta íospartaigh na coireachta, a rannchuidíonn leis na cuspóirí sin. Chun rochtain ar cheartas do gach duine a bhaint amach, is gá tacaíocht a sholáthar, go háirithe, do ghníomhaíochtaí a éascaíonn rochtain éifeachtach agus chomhionann ar cheartas do dhaoine i suíomh leochaileach, amhail leanaí, mionlaigh eitneacha, daoine LGBTI, daoine faoi mhíchumas, íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe agus cineálacha eile foréigin idirphearsanta agus íospartaigh na gáinneála ar dhaoine agus imircigh, gan beann ar a stádas cónaithe.

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 CFAE, ba cheart don Chlár tacú freisin le príomhshruthú chuspóirí an chomhionannais idir mná agus fir agus le cuspóirí an neamh-idirdhealaithe ina ghníomhaíochtaí uile.

(15)  De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 CFAE, ba cheart don Chlár cur chuige tras-earnálach a ghlacadh i leith chur chun cinn an chomhionannais inscne agus tacú le príomhshruthú an chomhionannais inscne, agus chuspóirí an neamh-idirdhealaithe ina ghníomhaíochtaí uile. Ba cheart faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh chun an bealach ina dtugtar aghaidh ar na cuspóirí sin i ngníomhaíochtaí an Chláir a mheasúnú.

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  Ba cheart go rannchuideodh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag Rialachán seo le limistéar Eorpach ceartais a chruthú trí chomhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus trí dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Ba cheart do ghníomhaíochtaí cistiúcháin rannchuidiú le tuiscint choiteann ar luachanna an Aontais, an smacht reachta, eolas níos fearr ar dhlí an Aontais agus ar bheartais an Aontais, eolas agus dea-chleachtais a roinnt maidir le hionstraimí an chomhair bhreithiúnaigh a úsáid ag na páirtithe leasmhara go léir lena mbaineann, agus le hiomadú réiteach digiteach comh-inoibritheach a thacaíonn le comhar trasteorann leanúnach agus éifeachtach, agus ba cheart bonn fónta anailíse a sholáthar chun tacú le forbairt agus forfheidhmiú agus cur i bhfeidhm ceart dhlíthe agus bheartais an Aontais. Le hidirghabháil an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus barainneachtaí scála a ghiniúint. Fairis sin, is fearr is féidir leis an tAontas Eorpach ná na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghnóthaí trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil.

(16)  Ba cheart go rannchuideodh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo le limistéar Eorpach ceartais a chruthú, ag cothú neamhspleáchas agus éifeachtúlacht an chórais dlí, trí chomhar agus líonrú trasteorann a mhéadú, atá ina bhonn don mhuinín fhrithpháirteach idir breithiúna na mBallstát agus trí dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chur i bhfeidhm dhlí comhionannais an Aontais agus cur chun feidhme níos fearr a dhéanamh ar ionstraimí éagsúla an Aontais agus iad a chomhordú níos fearr, ar ionstraimí iad a bhaineann le cosaint íospartach Ba cheart do ghníomhaíochtaí cistiúcháin rannchuidiú le tuiscint choiteann ar luachanna an Aontais, an smacht reachta, eolas níos fearr ar dhlí an Aontais agus ar bheartais an Aontais, eolas agus dea-chleachtais a roinnt maidir le hionstraimí an chomhair bhreithiúnaigh a úsáid ag na páirtithe leasmhara go léir lena mbaineann, agus le hiomadú agus cur chun cinn réiteach digiteach comh-inoibritheach a thacaíonn le comhar trasteorann leanúnach agus éifeachtach, agus ba cheart bonn fónta anailíse a sholáthar chun tacú le forbairt, forfheidhmiú agus tuiscint chuí ar chur chun feidhme dhlíthe agus bheartais an Aontais . Le hidirghabháil an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus barainneachtaí scála a ghiniúint. Thairis sin, is fearr is féidir leis an Aontas Eorpach ná na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghnóthaí trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil agus an dea-chleachtas a chomhroinnt.

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16 a)  Ba cheart go rannchuideodh an Clár freisin le comhar feabhsaithe le tríú tíortha nuair atá dlí an Aontais á chur i bhfeidhm go seach-chríochach, chun feabhas a chur ar rochtain ar cheartas agus chun dul i ngleic le dúshláin bhreithiúnacha agus nós imeachta go háirithe i gcásanna de gháinneáil ar dhaoine, agus i gcásanna a bhaineann le hathrú aeráide agus le freagracht chorparáideach ghnó.

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16 b)  Mar a léiríodh i dTuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Scórchlár Ceartais 2017 ón gCoimisiún Eorpach, tá éagothromaíochtaí suntasacha inscne fós ann i measc foirne breithiúna agus breithiúnacha na mBallstát, go háirithe, ach ní go heisiach, i ndáil leis an gnéithe seo a leanas: an sciar de bhanbhreithiúna ar leibhéil níos airde na mbreithiúna, trédhearcacht i gceapacháin, cothromaíocht idir freagrachtaí oibre agus freagrachtaí lasmuigh den obair agus cleachtais mheantóireachta a bheith ann. Ba cheart don Chlár, dá bhrí sin, tacú le gníomhaíochtaí oiliúna a fhéachann le dul i ngleic leis na héagothromaíochtaí sin. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, d’fhéadfaí iad a chur in oiriúint do bhanghairmithe i measc breithiúna agus fhoireann bhreithiúnach na mBallstát, nó i gcás inarb imleor é, díriú ar ghairmithe, idir fhir is mhná, chun feasacht a ardú i measc na bhfoirne ábhartha go léir.

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16 c)  Ní chuireann córas ceartais an Aontais ceartas agus cosaint leordhóthanach ar fáil do mhná agus cailíní agus, dá bharr sin, ní fhaigheann íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe an tacaíocht is gá. Áiríonn sé sin freisin easpa cosanta agus tacaíochta i ndáil le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine chun críocha gnéis, mná ar dídeanaithe agus imircigh iad, daoine LGBTIQ agus daoine faoi mhíchumas.

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)  Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí ginearálta a áirithiú le hobair chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, amhail EUROJUST, EU-LISa agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, agus ba cheart dó obair ghníomhaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta eile a chur san áireamh sna limistéir a chumhdaítear leis an gClár.

(17)  Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí ginearálta a áirithiú le hobair chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, amhail EUROJUST, FRA, OLAFEU-LISa agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chun obair ghníomhaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta eile a chur san áireamh sna limistéir a chumhdaítear leis an gClár agus feabhsuithe a mholadh, nuair is gá.

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)  Is gá breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí go léir a dhéantar laistigh den Chlár a áirithiú, agus is gá a gcomhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus a gcomhsheasmhacht le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais a áirithiú freisin. Chun leithdháileadh éifeachtach cistí a áirithiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart féachaint le comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí idir cláir chistiúcháin a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthcheangal acu lena chéile, go háirithe laistigh den Chiste um Cheartas, Cearta agus Luachanna – agus dá bhrí sin leis an gClár um Chearta agus Luachanna- agus idir an Clár agus Clár an Mhargaidh Aonair, Bainistiú Teorainneacha agus Slándála, go háirithe na Cistí um Thearmann, Imirce agus um Shlándáil Inmheánach, Bonneagar Straitéiseach, go háirithe Clár Digiteach na hEorpa, Clár Erasmus+, an Clár Réime um thaighde agus nuálaíocht, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus Rialachán LIFE13.

(18)  Is gá inmharthanacht, infheictheacht agus croíphrionsabal an bhreisluacha Eorpaigh, agus bainistiú fónta airgeadais i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí go léir a dhéantar laistigh den Chlár um Cheartas a áirithiú, agus is gá a gcomhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus a gcomhsheasmhacht le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais a áirithiú freisin. Chun leithdháileadh éifeachtach agus feidhmíochtbhunaithe cistí a áirithiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart féachaint le comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí a lorg idir cláir chistiúcháin a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthcheangal acu le chéile, go háirithe laistigh den Chiste um Cheartas, Cearta agus Luachanna – agus, dá bhrí sin, leis an gClár um Chearta agus Luachanna – agus idir an Clár agus Clár an Mhargaidh Aonair, Bainistiú agus Slándáil Teorainneacha, go háirithe na Cistí um Thearmann agus Imirce agus um Shlándáil Inmheánach, Bonneagar Straitéiseach, go háirithe Clár Digiteach na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+, Clár Erasmus+, an Clár Réime um thaighde agus nuálaíocht, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus Rialachán LIFE13.. Níor cheart gur dochar cur chun feidhme an Chláir um Chearta do reachtaíocht agus do bheartais an Aontais, agus ba cheart go ndéanfadh sé comhlánú orthu, ar reachtaíocht agus beartais iad i ndáil le cosaint bhuiséad na Aontais i gcás easnaimh ghinearálta maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit;.

__________________

__________________

13 Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le clár a bhunú don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE.

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19 a)  Ba cheart na sásraí lena n-áirithítear nasc idir beartais chistiúcháin an Aontais agus luachanna an Aontais a bheachtú tuilleadh, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh an Coimisiún togra a chur faoi bhráid na Comhairle maidir le hacmhainní a leithdháiltear ar Bhallstát faoi bhainistíocht chomhpháirteach a aistriú chuig an gClár i gcás ina bhfuil an Ballstát sin faoi réir nósanna imeachta a bhaineann le luachanna an Aontais. Le sásra cuimsitheach an Aontais maidir le daonlathas, smacht reachta agus cearta bunúsacha, ba cheart go ráthófaí athbhreithniú rialta agus comhionann ar na Ballstáit go léir, lena solathraítear an fhaisnéis is gá chun na bearta a bhaineann le heasnaimh ghinearálta luachanna an Aontais sna Ballstáit a ghníomhachtú. Chun cur chur chun feidhme aonfhoirmeach a áirithiú agus i bhfianaise thábhacht éifeachtaí airgeadais na mbeart atá á bhforchur, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún agus ba cheart dó gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún. Chun gur fusa cinntí a ghlacadh a bhfuil gá leo chun gníomhaíocht éifeachtach a áirithiú, ba cheart vótáil trí thromlach cáilithe aisiompaithe a úsáid.

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19 b)  Tá sé tábhachtach go n-áiritheofaí bainistíocht fhónta airgeadais an chláir agus a chur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is sothuigthe don úsáideoir, agus deimhneacht dhlíthiúil agus inrochtaineacht an chláir do gach rannpháirtí á n-áirithiú ag an am céanna.

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19 c)  Maidir le feabhas a chur ar chur chun feidhme agus ar cháilíocht an chaiteachais, ba cheart gurb ionann sin agus treoirphrionsabail chun cuspóirí an chláir a bhaint amach agus úsáid optamach na n-acmhainní airgeadais á háirithiú ag an am céanna.

Leasú    37

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. [an Rialachán Airgeadais nua] (an ‘Rialachán Airgeadais’) maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(20)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. [an Rialachán Airgeadais nua] (an ‘Rialachán Airgeadais’) maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha agus éilítear trédhearcacht iomlán maidir le húsáid acmhainní, bainistiú fónta airgeadais agus úsáid stuama acmhainní. Go háirithe, rialacha maidir leis an deis atá ann go ndéanfaí eagraíochtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus trasnáisiúnta na sochaí sibhialta a chistiú trí dheontais oibriúcháin ilbhliantúla, trí fhodheontais, trí fhorálacha lena n-áirithítear nósanna imeachta tapa agus solúbtha maidir le deontais a bhronnadh, amhail nós imeachta iarratais dhá chéim, feidhmchláir atá éasca lena n-úsáid agus nósanna imeachta tuairiscithe, ba cheart na rialacha sin a fheidhmiú agus a neartú tuilleadh mar chuid de chur chun feidhme an Chláir. Ba cheart go gcuirfí critéir an chómhaoinithe san áireamh in obair dheonach.

Leasú    38

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)  Maidir leis na cineálacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme atá le húsáid faoin Rialachán seo, is ar bhonn a gcumas cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, lena n-áirítear, go háirithe, costas na rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Chuige sin ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, rud dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(21)  Maidir leis na cineálacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme atá le húsáid faoin Rialachán seo, is ar bhonn a gcumas cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus na torthaí inmhianaithe a thabhairt ba cheart iad a roghnú, lena n-áirítear, go háirithe, costas na rialuithe, an t-ualach riaracháin, méid agus acmhainn na ngeallsealbhóirí ábhartha agus na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Chuige sin ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe, as costais aonaid, agus as fodheontais chomh maith le maoiniú nach mbaineann le costais, rud dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

Leasú    39

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle16, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle17 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle18, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus rochtain is gá a dheonú don Choimisiún, OLAF, OIPE agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus a áirithiú go ndeonóidh aon tríú páirtí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais cearta coibhéiseacha.

(22)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle16, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle17 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle18, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí thrédhearcacht iomlán i gcistiú an Chláir agus sna nósanna imeachta roghnúcháin, trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, ba cheart don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a chinneadh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, ba cheart d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus rochtain is gá a dheonú don Choimisiún, OLAF, OIPE agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus a áirithiú go ndeonóidh aon tríú páirtí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais cearta coibhéiseacha.

_________________

_________________

15 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

16 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).

16 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).

17 Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

18 Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

19 Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

Leasú    40

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)  Féadfaidh tríú tíortha atá ina mbaill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais faoi chuimsiú an chomhair a bunaíodh faoin gcomhaontú LEE, lena ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár trí chinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin, ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart sainfhoráil a thabhairt isteach sa Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) chomh maith le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n-inniúlachtaí faoi seach a chur i gcrích go cuimsitheach.

(23)  Féadfaidh tríú tíortha atá ina mbaill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais faoi chuimsiú an chomhair a bunaíodh faoin gcomhaontú LEE, lena ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár trí chinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin, ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart sainfhoráil a thabhairt isteach sa Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don oifigeach údarúcháin atá freagrach, comhlachtaí agus líonraí um chearta an duine, lena n-áirítear institiúidí náisiúnta atá freagrach as cearta an duine a chosaint i ngach Ballstát, comhlachtaí agus líonraí atá freagrach as beartais um neamh-idirdhealú agus comhionannas, ombudsmain, agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um chearta Bunúsacha (FRA), don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) chomh maith le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n-inniúlachtaí faoi seach a chur i gcrích go cuimsitheach agus feabhas a chur ar a sineirgí agus ar an gcomhar eatarthu. Ba cheart go mbeadh sé indéanta tríú tíortha a áireamh go háirithe i gcás ina gcothaíonn a rannpháirtíocht cuspóirí an chláir, le haird ar go bhfuil sé i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirt na dtíortha sin i gcláir an Aontais arna mbunú leis na Comhaontuithe Réime, Cinntí ó Chomhairle Comhlachaithe nó comhaontuithe comhchosúla faoi seach;

Leasú    41

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24 a)  Maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, is é is aidhm leis ná a chur ar chumas an Aontais cosaint níos fearr a thabhairt dá bhuiséad nuair a chuireann laigí sa smacht reachta isteach ar bhainistiú fónta airgeadais ar leasa airgeadais an Aontais nó nuair a bhíonn siad á mbagairt. Ba cheart go mbeadh sé mar chomhlánú ar an gclár um Cheartas a bhfuil ról difriúil aige, eadhon tacú tuilleadh le forbairt a dhéanamh ar an Limistéar Eorpach Ceartais bunaithe ar an smacht reachta agus ar mhuinín fhrithpháirteach, agus a áirithiú gur féidir le daoine a gcearta a thabhú.

Leasú    42

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)  De bhun [De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE1] ón gComhairle, tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus cuspóirí an Chláir agus na socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(25)  De bhun [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí i gcomhréir leis an gcinneadh nua maidir le OCTanna: Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle1] tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus cuspóirí an Chláir agus na socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ní mór don Chlár a áirithiú go gcuirtear na daoine agus na heintitis sin ar an eolas go leordhóthanach faoina n-incháilitheacht do chistiú.

__________________

__________________

1Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach ('Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear') (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

Leasú    43

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25 a)  Bunaithe ar a dtábhacht agus ar a n-ábharthacht. ba cheart go rannchuideodh an Clár seo le comhlíonadh ghealltanas an Aontais agus a Bhallstát chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

Leasú    44

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 den chomhaontú Idirinstitiúideach do Reachtóireacht Níos Fearr dar dáta an 13 Aibreán 2016, ní mór an Clár seo a mheas ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais shonracha faireacháin, agus rórialáil agus ualaí riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh táscairí intomhaiste a bheith ar áireamh sna ceanglais sin, chun éifeachtaí an Chláir ar an talamh a mheas.

(27)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 den chomhaontú Idirinstitiúideach do Reachtóireacht Níos Fearr dar dáta an 13 Aibreán 2016, ní mór an Clár seo a mheas ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais shonracha faireacháin, agus rórialáil agus ualaí riaracháin á seachaint, go háirithe i leith thairbhithe an Chláir. Ar na ceanglais sin ba cheart, más féidir táscairí intomhaiste a áireamh mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin ar an talamh.

Leasú    45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse an 1 Eanáir 2021– an 31 Nollaig 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Leasú    46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Ciallaíonn ‘na breithiúna agus an fhoireann bhreithiúnach’ breithiúna, ionchúisitheoirí agus foireann na cúirte, chomh maith le gairmithe ceartais eile a bhaineann leis na breithiúna, mar shampla dlíodóirí, nótairí, báillí nó oifigigh um fhorfheidhmiú, cleachtóirí dócmhainneachta, idirghabhálaithe, ateangairí cúirte agus aistritheoirí, saineolaithe cúirte, foireann príosúin agus oifigigh phromhaidh.

1.  Ciallaíonn ‘na breithiúna agus an fhoireann bhreithiúnach’ breithiúna, ionchúisitheoirí agus foireann na cúirte, chomh maith le gairmithe ceartais eile a bhaineann leis na breithiúna, mar shampla dlíodóirí cosanta agus ionchúisimh, nótairí, báillí nó oifigigh um fhorfheidhmiú, cleachtóirí dócmhainneachta, idirghabhálaithe, ateangairí cúirte agus aistritheoirí, saineolaithe cúirte, foireann príosúin agus oifigigh phromhaidh.

Leasú    47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Tá sé mar chuspóir ginearálta ag an gClár rannchuidiú le forbairt bhreise a dhéanamh ar limistéar Eorpach ceartais atá bunaithe ar an smacht reachta, ar aitheantas frithpháirteach agus ar mhuinín fhrithpháirteach;

1.  Tá sé mar chuspóir ginearálta ag an gClár rannchuidiú le forbairt bhreise a dhéanamh ar limistéar Eorpach saoirse, slándála agus ceartais atá bunaithe ar an smacht reachta, lena n-áirítear neamhspleáchas na mbreithiúna agus neamhchlaontacht an cheartais, ar aitheantas frithpháirteach, ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar chomhar trasteorann, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le forbairt an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach;

Leasú    48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár, mar atá mionsonraithe tuilleadh in Iarscríbhinn I:

2.  Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

Leasú    49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla a éascú agus tacú leis an saghas sin comhair, agus an smacht reachta a chur chun cinn, lena n-áirítear tacú leis na hiarrachtaí chun éifeachtacht na gcóras ceartais náisiúnta a fheabhsú agus cinntí a fhorfheidhmiú;

(a)  faoi chuimsiú an daonlathais agus urramú na gceart bunúsach, comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla a éascú, lena n-áirítear comhar amach thar theorainneacha an Aontais i gcás ina bhfuil gá dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go seach-chríochach, chun an rochtain ar cheartas a neartú le haghaidh daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha agus an smacht reachta agus neamhspleáchas na mbreithiúna a chur chun cinn, lena n-áirítear tacú leis na hiarrachtaí chun éifeachtacht na gcóras ceartais náisiúnta a fheabhsú, agus cinntí breithiúnacha agus cosaint íospartach a fhorfheidhmiú go himleor;

Leasú    50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  tacú le hoiliúint bhreithiúnach agus sin a chur chun cinn, d'fhonn cultúr coiteann dlíthiúil, breithiúnach agus smacht reachta a chothú;

(b)  tacú le hoiliúint náisiúnta agus thrasnáisiúnta bhreithiúnach lena n-áirítear oiliúint sa téarmaíocht dlí, d’fhonn cultúr coiteann dlíthiúil, breithiúnach agus smachta reachta a chothú, chomh maith le cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach ionstraimí dlí an Aontais maidir le haitheantas frithpháirteach agus coimircí nós imeachta. Beidh an oiliúint sin íogair ó thaobh inscne de, cuirfidh sí san áireamh riachtanais shonracha leanaí agus daoine faoi mhíchumas, beidh sí dírithe ar an íospartach, i gcás inarb iomchuí, agus cuimseoidh sí, go háirithe, dlí sibhialta agus coiriúil agus, i gcás inarb infheidhme, dlí riaracháin, cearta bunúsacha agus an comhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus an radacaithe;

Leasú    51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú do gach duine, lena n-áirítear trí mheáin leictreonacha, trí nósanna imeachta sibhialta agus coiriúla éifeachtacha a chur chun cinn agus trí thacú le cearta íospartach na coireachta agus le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, agus na cearta sin a chur chun cinn.

(c)  rochtain éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach ar an gceartas a éascú do gach duine, le béim ar éagothromaíochtaí agus idirdhealú ar aon fhoras, amhail na forais a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt, agus sásamh éifeachtach, lena n-áirítear trí mheáin leictreonacha (r-cheartas) agus, i gcás inarb iomchuí, nósanna imeachta riaracháin,, trí nósanna imeachta sibhialta agus coiriúla éifeachtacha a chur chun cinn agus trí thacú le cearta gach íospartach na coireachta agus le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, agus na cearta sin a chur chun cinn, ag díriú go háirithe ar leanaí agus ar mhná.

Leasú    52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ca)  cur chun cinn a dhéanamh ar chur i bhfeidhm praiticiúil an taighde a bhaineann le drugaí, tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, an bonn eolais sa réimse a fhairsingiú, agus modhanna nuálacha a fhorbairt chun dul i ngleic le feiniméin na substaintí nua sícighníomhacha agus leis an ngáinneáil ar dhaoine agus ar earraí.

Leasú    53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2 a.  I gcur chun feidhme a ghníomhaíochtaí go léir, féachfaidh an Clár, mar chuspóir cothrománach, le tacú le cearta comhionanna agus le prionsabal an neamh-idirdhealaithe atá cumhdaithe in Airteagal 21 den Chairt agus leis na cearta agus an prionsabal sin a chur chun cinn.

Leasú    54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Is é EUR [305 000 000] i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027.

1.  De réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí i gcomhréir leis an gcomhaontú nua idir-institiúideach] phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, is éard a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027, arb ionann é agus an phríomhthagairt don údarás buiséadach le linn an nós imeachta buiséadach bliantúil, ná EUR 316 000 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 356 000 000 i bpraghsanna reatha).

Leasú    55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2 a.  Déanfar an buiséad a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí atá nasctha le cur chun cinn an chomhionannais inscne a léiriú go bliantúil mar mhír neamhspleách sa bhuiséad;

Leasú    56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(c). Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh i gcás inar féidir é.

4.  Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit nó an Coimisiún sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a) den Rialachán Airgeadais. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh i gcás inar féidir é.

Leasú    57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 4 a

Sásra um Thacaíocht Luachanna

1.   I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina bhfuil meath tromchúiseach agus tapa i mBallstát maidir le comhlíonadh luachanna an Aontais a chuimsítear in Airteagal 2 CAE, agus mar gheall air sin tá baol ann nach mbeidh na luachanna sin cosanta nó curtha chun cinn go leordhóthanach, féadfaidh an Coimisiún glao ar thograí a oscailt i bhfoirm nós imeachta mear le haghaidh iarratais ar dheontais d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’fhonn tacú leis an idirphlé daonlathach sa Bhallstát i gceist agus chun é a éascú agus a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb maidir le comhlíonadh neamhleor na luachanna a chuimsítear in Airteagal 2 CAE.

2.   Cuirfidh an Coimisiún suas le 5% de na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) ar leataobh don sásra um thacaíocht luachanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Ag deireadh gach bliana buiséadaí, déanfaidh an Coimisiún aon chistí nár gealladh faoin sásra sin a aistriú chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thagann faoi raon feidhme an Chláir.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an sásra um thacaíocht luachanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thionscnamh. Beidh gníomhachtú an sásra bunaithe ar fhaireachán agus ar mheastóireacht chuimsitheach agus fhianaise-bhunaithe ar an staid i ngach Ballstát maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus na cearta bunúsacha.

Leasú    58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Féadfaidh an Clár cistiú a sholáthar ar cheann de na bealaí a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfaidh an Clár cistiú a sholáthar ar cheann de na bealaí a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go príomha trí dheontais ghníomhaíochta mar aon le deontais oibriúcháin bhliantúla agus ilbhliantúla. Beidh an cistiú sin curtha chun feidhme ar bhealach lena n-áiritheofar bainistíocht fhónta airgeadais, úsáid stuama na gcistí poiblí, leibhéil níos ísle d’ualach riaracháin d’oibreoir an Chláir agus do na tairbheoirí chomh maith le rochtain ag tairbhithe féideartha ar chistí an Chláir. Féadfar cnapshuimeanna, costais aonaid, rátaí comhréidhe agus fodheontais (tacaíocht airgeadais le haghaidh tríú páirtithe) a úsáid. Glacfar le comhchistiúcháin chomhchineáil agus féadfar iad a tharscaoileadh sna cásanna ina bhfuil cistiú comhlántach teoranta.

Leasú    59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 7

Airteagal 7

Cineálacha gníomhaíochtaí

Cineálacha gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóir a shroicheadh a shainítear in Airteagal 3, féadfaidh siad cistiú a fháil faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I incháilithe le haghaidh cistiúcháin.

Gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóir a shroicheadh a shainítear in Airteagal 3, féadfaidh siad cistiú a fháil faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin:

(1)  múscailt feasachta, faisnéis a scaipeadh chun eolas a fheabhsú ar bheartais an Aontais agus ar dhlí an Aontais lena n-áirítear dlí substainteach agus dlí nós imeachta, ionstraimí comhair bhreithiúnaigh, cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus dlí comparáideach agus caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, le fócas speisialta ar an tuiscint a mhéadú ar réimsí ildisciplíneacha, trasdisciplíneacha agus idirdhisciplíneacha dlí, amhail trádáil agus cearta an duine agus maidir le conas dlíthíocht seach-chríche a éascú;

(2)  foghlaim fhrithpháirteach tríd an dea-chleachtas i measc geallsealbhóirí a mhalartú lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eolas agus tuiscint fhrithpháirteach na mBallstát ar an dlí sibhialta agus ar an dlí coiriúil agus ar chórais dlí agus bhreithiúnacha a chéile a fheabhsú, lena n-áirítear tríd an smacht reachta agus trí rochtain ar cheartas, agus muinín fhrithpháirteach a fheabhsú chomh maith le malartú dea-chleachtais i ndáil le ceartas atá fabhrach do leanaí agus cur chun cinn agus ionchorprú ghné na hinscne tríd síos sa chóras ceartais;

(3)  oiliúint do bhreithiúna, do dhlíodóirí, d’ionchúisitheoirí agus do phóilíní maidir leis na dúshláin agus na constaicí a mbíonn ar dhaoine i suíomh leochaileach aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear leanaí, mionlaigh eitneacha, daoine LGBTI, daoine faoi mhíchumas, íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe agus cineálacha eile foréigin idirphearsanta agus íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, agus maidir le conas a áirithiú go dtugtar cosaint cheart d’íospartaigh na coireachta.

(4)  gníomhaíochtaí anailíse agus faireacháin chun feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint ar na constaicí a d'fhéadfadh a bheith ar dhea-fheidhmiú an limistéir Eorpaigh cheartais agus chun cur chun feidhme dhlí an Aontais agus beartais sna Ballstáit a fheabhsú go sonrach i réimse na rochtana neamh-idirdhealaitheacha ar an gceartas;

(5)  gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú rianúil an réimse ceartais Eorpaigh, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar an daonlathas, an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha sna Ballstáit agus taighde ar conas deireadh a chur le constaicí ar rochtain uilíoch, neamh-idirdhealaitheach agus éifeachtach ar cheartas do gach duine;

(6)  tionscnaimh a théann i ngleic le héagothromaíochtaí inscne i measc bhreithiúna agus fhoireann bhreithiúnach na mBallstát trí oiliúint atá curtha in oiriúint do bhanghairmithe, nó trí dhíriú ar ghairmithe, idir fhir is mhná, ag ardú feasacht ar shaincheisteanna amhail sciar íseal na mbanbhreithiúna ar leibhéil níos airde na mbreithiúna nó an gá atá le critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla le linn nósanna imeachta ceapacháin;

(7)  páirtithe leasmhara ábhartha lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach i gcosaint íospartach agus i gcúrsaí sásaimh a chur faoi oiliúint chun eolas ar bheartais an Aontais agus ar dhlí an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear inter alia an dlí substainteach agus an dlí nós imeachta, úsáid comhsásamh agus dlínse uilíoch, úsáid dhlí an Aontais maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh choireachta, úsáid ionstraimí comhair bhreithiúnaigh an Aontais, cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an dlítheangeolaíocht agus an dlí comparáideach, chun rochtain an íospartaigh ar an gceartas maidir le teagmhais trasteorann a fheabhsú.

(8)  oiliúint ildisciplíneach ar fhoireann bhreithiúnach agus ar gheallsealbhóirí ábhartha eile i réimse dhlí an phionóis, na coinneála agus na bainistíochta príosúin, chun éascú a dhéanamh ar scaipeadh an dea-chleachtais;

(9)  oiliúint ildisciplíneach ar fhoireann bhreithiúnach agus ar gheallsealbhóirí ábhartha eile i réimse an cheartais d’ógánaigh, chun ullmhú do chur chun feidhme cuí Threoir (AE) 2016/800 maidir leis na coimircí nós imeachta do leanaí a bhfuil drochamhras fúthu nó a bhfuil cúis curtha ina leith in imeachtaí coiriúla, agus chun an Treoir a chur chun cinn mar is cuí;

(10)  forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar uirlisí Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht córas breithiúnach agus ar an gcomhar eatarthu trí bhíthin teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear trí idir-inoibritheacht trasteorann córas agus feidhmeanna príobháideacht agus cosaint sonraí.

(11)  forbairt acmhainní a dhéanamh ar líonraí tábhachtacha ar an leibhéal Eorpach agus ar líonraí breithiúnacha Eorpacha, lena n-áirítear líonraí arna mbunú le dlí an Aontais chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais a áirithiú, chun dlí an Aontais, spriocanna beartais agus straitéisí i réimsí an chláir a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh agus chun rannpháirt a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár.

(12)  tacaíocht struchtúrtha d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóírí ábhartha eile atá gníomhach i réimsí a chumhdaítear leis an gClár agus acmhainn na saineolaithe dí a fhorbairt agus oiliúint a sholáthar dóibh, ar saineolaithe iad a oibríonn le haghaidh na n-eagraíochtaí sin, lena n-áirítear abhcóideacht, gníomhaíochtaí líonraithe, dlíthíocht a bhaineann le sáruithe ar an daonlathas, an smachta reachta agus ceart bunúsach, slógacht agus oiliúint phoiblí, agus soláthar seirbhísí ábhartha;

(13)  eolas ar an gclár, chomh maith le scaipeadh, inaistritheacht agus trédhearcacht a thorthaí a fheabhsú agus for-rochtain saoránach a chothú, lena n-áirítear deasca cláir neamhspleácha/líonra teagmhála náisiúnta a bhunú agus tacú leo.

(14)  staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair, agus forbairt agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais.

Leasú    60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena náirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll go mbainistítear na ranníocaíochtaí ar bhonn éifeachtach lena áirithiú go seachnaítear aon chistiú dúbailte agus nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. [Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata].

1.  Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna, agus go seachnaítear foinsiú dúbailte Cistí trí fhoinsí an mhaoinithe a léiriú go soiléir do gach catagóir chaiteachais, i gcomhréir le prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais. [Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata].

Leasú    61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3 – fomhír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

(a)  rinneadh measúnú cuí orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

Leasú    62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Is féidir deontas oibríochtúil a dhámhachtain, gan glao ar thograí, don Ghréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach chun caiteachas a bhaineann lena chlár oibre buan a chumhdach.

3.  Déanfar deontas oibríochtúil a dhámhachtain, gan glao ar thograí, don Ghréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach chun caiteachas a bhaineann lena chlár oibre buan a chumhdach.

Leasú    63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 17.

2.  Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh tarmligthe. Déanfar an gníomh tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14.

Leasú    64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 11 a

Idirphlé Sibhialta

1.   I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfidh an Coimisiún ‘Grúpa um Idirphlé Sibhialta’ ar bun arb é is aidhm dó idirphlé rialta, oscailte agus trédhearcach a áirithiú le tairbhithe an Chláir agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach ó thaobh íospartaigh na coireachta a chosaint agus caingne sásaimh a thabhairt ar aghaidh, chun taithí agus dea-chleachtais a mhalartú, agus chun cur chun feidhme thosaíochtaí an Chláir, scaipeadh na dtorthaí agus forbairtí beartais laistigh de réimsí na gcuspóirí a chuimsíonn an Clár agus réimsí gaolmhara a phlé.

2.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle freisin leis an nGrúpa um Idirphlé Sibhialta i ndáil le hullmhú agus cur chun feidhme an chláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 11.

Leasú    65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3. Beidh na sonraí a bhaileofar le haghaidh faireacháin agus tuairiscithe, i gcás inarb infheidhme, imdhealaithe de réir inscne, aoise agus catagóir foirne.

Leasú    66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2 a.  Is bealach a bheidh san fhaireachán freisin chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach a dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna comhionannais inscne agus neamh-idirdhealaithe i ngníomhaíochtaí an Chláir.

Leasú    67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit.

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí cearta is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach, cruinn agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún formáidí so-úsáidte a chur ar fáil agus cláir insealbhaithe agus tacaíochta a sholáthar go háirithe d’iarrthóirí agus do thairbhithe arbh fhéidir nach mbeadh dóthain acmhainní agus foirne acu chun riachtanais tuairiscithe a chomhlíonadh.

Leasú    68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil ar meastóireachtaí iad a bheidh dea-dhoiciméadaithesa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin gClár agus ar ghnóthú na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3. Beidh na meastóireachtaí go léir íogair ó thaobh inscne de agus áireofar iontu anailís mhionsonrach ar bhuiséad an chláir atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le comhionannas inscne.

Leasú    69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná trí bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

Leasú    70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

Leasú    71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3 a.  Déanfar measúnú i meastóireacht eatramhach agus deiridh an Chláir orthu seo a leanas, inter alia:

(a)   an dearcadh i leith thionchar an Chláir maidir le rochtain ar cheartas bunaithe ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhailítear ar leibhéal na hEorpa;

(b)   líon agus cáilíocht na n-ionstraimí agus na n-uirlisí a forbraíodh trí ghníomhaíochtaí a fuair cistiú ón gClár;

(c)   breisluach Eorpach an Chláir;

(d)   leibhéal an chistithe i ndáil leis na torthaí a baineadh amach (éifeachtúlacht);

(e)   aon chonstaic a d'fhéadfadh a bheith ann, idir chonstaicí riaracháin, eagrúcháin agus/nó struchtúracha, don Chlár a chur chun feidhme ar bhealach níos rianúla, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla (deiseanna do shimpliú).

Leasú    72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Déanfar cothromaíocht inscne a áirithiú i gcomhdhéanamh an ghrúpa saineolaithe a rachfar i gcomhairle leo.

Leasú    73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar maidir le breisluach Eorpach an Chláir do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal, agus dá réir sin, léireoidh siad breisluach an Aontais agus cuideoidh siad le hiarrachtaí an Choimisiúin i dtaca le bailiú sonraí chun trédhearcacht bhuiséadach a threisiú.

Leasú    74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, agus cuideoidh eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí ábhartha um chearta an duine leis an gcoiste. Déanfar cothromaíocht inscne agus ionadaíocht iomchuí mionlach agus grúpaí eisiata eile ar an gCoiste a choimirciú.

Leasú    75

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Iarscríbhinn I

scriosta

Gníomhaíochtaí an chláir

Déanfar cuspóirí sonracha an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3 (2) a shaothrú go háirithe trí thacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí a leanas:

1.  múscailt feasachta, faisnéis a scaipeadh chun eolas a fheabhsú ar bheartais an Aontais agus ar dhlí an Aontais lena n áirítear dlí substainteach agus dlí nós imeachta, ionstraimí comhair bhreithiúnaigh, cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus dlí comparáideach agus caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta;

2.  foghlaim fhrithpháirteach trí dhea-chleachtais a mhalartú i measc na bpáirtithe leasmhara chun feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint fhrithpháirteach ar an dlí sibhialta agus ar an dlí choiriúil agus ar chórais dhlíthiúla agus bhreithiúnacha na mBallstát, lena n-áirítear an smacht reachta, agus feabhas a chur ar mhuinín fhrithpháirteach;

3.  gníomhaíochtaí anailíse agus faireacháin25 chun feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint ar na constaicí a d'fhéadfadh a bheith ar dhea-fheidhmiú an limistéir Eorpaigh cheartais agus chun cur chun feidhme dhlí an Aontais agus beartais sna Ballstáit a fheabhsú;

4.  páirtithe leasmhara ábhartha a chur faoi oiliúint chun eolas ar bheartais an Aontais agus ar dhlí an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear inter alia an dlí substainteach agus an dlí nós imeachta, úsáid ionstraimí comhair bhreithiúnaigh an Aontais, cás-dlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an dlítheangeolaíocht agus an dlí comparáideach.

5.  forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar uirlisí Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht córas breithiúnach agus ar an gcomhar eatarthu trí bhíthin theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear trí idir-inoibritheacht thrasteorann córas agus feidhmeanna.

6.  forbairt acmhainní a dhéanamh ar líonraí tábhachtacha ar an leibhéal Eorpach agus ar líonraí breithiúnacha Eorpacha, lena n-áirítear líonraí arna mbunú le dlí an Aontais chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais a áirithiú, chun dlí an Aontais, spriocanna beartais agus straitéisí i réimsí an chláir a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh agus chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár.

7.  eolas ar an gclár, scaipeadh agus inaistritheacht a thorthaí a fheabhsú agus for-rochtain saoránach a chothú, lena n-áirítear deasca cláir/líonra teagmhála náisiúnta a bhunú agus tacú leo.

__________________

25 Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, bailiú sonraí agus staidrimh; forbairt modheolaíochtaí coiteanna agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí nó tagarmharcanna; staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí; measúnú tionchair; forbairt agus foilsiú treoracha, tuarascálacha agus ábhair oideachais.

Leasú    76

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar faireachán ar an gClár ar bhonn sraith táscairí atá beartaithe tomhas a dhéanamh ar a mhéid atá cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir bainte amach agus d’fhonn na hualaí agus na costais riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí maidir leis an tsraith seo a leanas de tháscairí fíorthábhachtacha.

Déanfar faireachán ar an gClár ar bhonn tacar táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla bunaithe ar thorthaí atá ceaptha tomhas a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, agus d’fhonn an t-ualach agus na costais riaracháin a íoslaghdú agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtacht na gcóras ceartais. Chuige sin, fad is a urramófar cearta a bhaineann le príobháideachas agus le cosaint sonraí baileofar sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, beidh na sonraí imdhealaithe de réir inscne, aoise agus catagóir foirne, maidir leis an tsraith seo a leanas de tháscairí fíorthábhachtacha.

Leasú    77

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Líon comhaltaí na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí oiliúna (lena n-áirítear malartuithe foirne, cuairteanna staidéir, ceardlanna agus seimineáir) arna gcistiú ag an gClár, lena n-áirítear deontas oibriúcháin an GEOB

Líon bhaill foirne agus chomhaltaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí oiliúna

Líon na malartuithe faisnéise sa Chóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS)

Líon na malartuithe faisnéise sa Chóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS)

Líon na gcásanna, na ngníomhaíochtaí agus na n-aschur sa chomhar trasteorann, lena n-áirítear trí mheán uirlisí TF agus nósanna imeachta atá bunaithe ar leibhéal an Aontais

Líon na n-amas ar thairseach an ríomhcheartais / ar na leathanaigh a thugann aghaidh ar an ngá atá le faisnéis maidir le cásanna sibhialta trasteorann

Líon na ndaoine a thairbhigh ó na gníomhaíochtaí a leanas:

Líon na ndaoine a thairbhigh ó na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i)   foghlaim fhrithpháirteach agus malartú gníomhaíochtaí dea-chleachtas;

(i)   foghlaim fhrithpháirteach agus malartú gníomhaíochtaí dea-chleachtas

(ii)   gníomhaíochtaí ar mhaithe le múscailt feasachta, le faisnéis agus le scaipeadh na faisnéise

(ii)   gníomhaíochtaí ar mhaithe le múscailt feasachta, le faisnéis agus le scaipeadh na faisnéise

(iia)  gníomhaíochtaí forbartha acmhainneachta a dhírítear ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta

(iib)  gníomhaíochtaí a bhaineann le faisnéis a sholáthar do dhaoine maidir le rochtain ar cheartas

(iic)  gníomhaíochtaí do bhreithiúna maidir le dúshláin dlíthíochta agus conas dlí idirnáisiúnta príobháideach agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gcásanna trasteorann/ildisciplíneacha

(iid)  gníomhaíochtaí múscailte feasachta a cistíodh leis an gClár

Clúdach geografach na ngníomhaíochtaí a cistíodh leis an gClár

Measúnú na rannpháirtithe maidir leis na gníomhaíochtaí ar ghlac siad páirt iontu agus maidir leis an inbhuanaitheacht a meastar a bheith ag na gníomhaíochtaí sin

(1)

Téacs a glacadh, P8_TA(2018)0075.

TUAIRIM ón gCoiste um Buiséid (5.11.2018  )

chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um Cheartas

(COM(2018)0384 – C8‑0235/2018 – 2018/0208(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Esteban González Pons

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar na coistí atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Dréachtrún reachtach

Mír 1 a (nua)

Dréachtrún reachtach

Leasú

1a.  Á mheabhrú di a rún an 14 Márta 2018 maidir leis an gcéad CAI eile: Ag ullmhú sheasamh na Parlaiminte maidir le CAI tar éis 20201a; ag athdhearbhú a tacaíocht do chláir i réimsí an chultúir, an oideachais, na meán, an óige, an spóirt, an daonlathais, na saoránachta agus na sochaí sibhialta a bhfuil a mbreisluach Eorpach léirithe go soiléir acu agus a bhfuil an-tóir i measc tairbhithe orthu; á athdhearbhú nach féidir Aontas níos láidre agus níos uaillmhéine a bhaint amach mura dtugtar acmhainní airgeadais atreisithe dó; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí tacaíocht leanúnach do bheartais atá ann faoi láthair, go méadófaí acmhainní do chláir shuaitheanta an Aontais, agus go mbeadh freagrachtaí breise ag gabháil le hacmhainní airgeadais breise;

_____________

1A Téacs a glacadh, P8_TA(2018)0075

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19 a)  Tá sé tábhachtach go n-áiritheofaí bainistíocht fhónta airgeadais an chláir agus a chur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is sothuigthe don úsáideoir, agus deimhneacht dhlíthiúil agus inrochtaineacht an chláir do gach rannpháirtí á n-áirithiú ag an am céanna.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19 b)  Ba cheart gurb iad na prionsabail threoracha chun cuspóirí an chláir a bhaint amach ná feabhas a chur ar chur chun feidhme agus ar cháilíocht an chaiteachais, agus úsáid optamach na n-acmhainní airgeadais á háirithiú ag an am céanna;

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24 a)  Maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, is é is aidhm leis ná a chur ar chumas an Aontais cosaint níos fearr a thabhairt dá bhuiséad nuair a chuireann laigí sa smacht reachta isteach ar bhainistiú fónta airgeadais ar leasa airgeadais an Aontais nó nuair a bhíonn siad á mbagairt. Ba cheart go mbeadh sé mar chomhlánú ar an gclár um Cheartas a bhfuil ról difriúil aige, eadhon tacú tuilleadh le forbairt a dhéanamh ar an Limistéar Eorpach Ceartais bunaithe ar an smacht reachta agus ar mhuinín fhrithpháirteach, agus a áirithiú gur féidir le daoine a gcearta a thabhú.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Is é EUR [305 000 000] i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027.

1.  De réir bhrí [tagairt le tabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí i gcomhréir leis an gcomhaontú idirinstitiúideach nua: phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais], is éard a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027, arb ionann é agus an phríomhthagairt don údarás buiséadach le linn an nós imeachta buiséadach bliantúil, ná EUR 316 000 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 356 000 000 i bpraghsanna reatha).

Réasúnú

Moltar go ndéanfaí leasú ar an imchlúdach airgeadais i gcomhréir le rúin PE an 14 Márta agus an 30 Bealtaine maidir leis an gcéad CAI eile, bunaithe ar réamh-mhiondealú teicniúil de réir an chláir, a d’fhéadfadh a bheith faoi réir coigeartuithe breise, agus seasamh foriomlán PE á urramú ag an am céanna, de réir mar a leagtar amach é sna rúin sin mar aon le leibhéal foriomlán 1,3% atá ag OIN AE-27.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena náirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll go mbainistítear na ranníocaíochtaí ar bhonn éifeachtach lena áirithiú go seachnaítear aon chistiú dúbailte agus nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. [Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata].

1.  Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna, agus go seachnaítear foinsiú dúbailte Cistí trí fhoinsí an mhaoinithe a léiriú go soiléir do gach catagóir chaiteachais, i gcomhréir le prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais. [Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata].

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal, agus dá réir sin, léireoidh siad breisluach an Aontais agus cuideoidh siad le hiarrachtaí an Choimisiúin i dtaca le bailiú sonraí chun trédhearcacht bhuiséadach a threisiú.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

An clár um Cheartas.

Tagairtí

COM(2018)0384 – C8-0235/2018 – 2018/0208(COD)

Coistí freagracha

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

JURI

14.6.2018

LIBE

14.6.2018

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

14.6.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Esteban González Pons

28.6.2018

Riail 55 - Nós imeachta coiste comhlachaithe

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

5.7.2018

Pléite sa choiste

25.9.2018

Dáta an ghlactha

5.11.2018

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

24

3

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Jean Arthuis, Reimer Böge, Lefteris Christoforou, Gérard Deprez, André Elissen, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Ingeborg Gräßle, Monika Hohlmeier, John Howarth, Bernd Kölmel, Zbigniew Kuźmiuk, Vladimír Maňka, Siegfried Mureşan, Jan Olbrycht, Paul Rübig, Eleftherios Synadinos, Indrek Tarand, Isabelle Thomas, Inese Vaidere, Daniele Viotti, Tiemo Wölken, Marco Zanni

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Karine Gloanec Maurin, Alain Lamassoure, Janusz Lewandowski, Andrey Novakov

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Michael Detjen

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

24

+

ALDE

Jean Arthuis, Gérard Deprez

ECR

Zbigniew Kuźmiuk

PPE

Reimer Böge, Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Ingeborg Gräßle, Monika Hohlmeier, Alain Lamassoure, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Paul Rübig, Inese Vaidere

S&D

Michael Detjen, Eider Gardiazabal Rubial, Karine Gloanec Maurin, John Howarth, Vladimír Maňka, Isabelle Thomas, Daniele Viotti, Tiemo Wölken

VERTS/ALE

Indrek Tarand

3

-

ECR

Bernd Kölmel

ENF

André Elissen, Marco Zanni

1

0

NI

Eleftherios Synadinos

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

TUAIRIM ón gCoiste um Rialú Buiséadach (19.11.2018)

chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um Cheartas

(COM(2018)0384 – C8‑0235/2018 – 2018/0208(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Dennis de Jong

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar na coistí atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Ní mór na cearta agus na luachanna sin a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú, a roinnt ar na saoránaigh agus na pobail laistigh den Aontas agus a bheith i gcroílár shochaithe na hEorpa. Dá bhrí sin, cruthófar Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna, ina gcuimseofar an clár um Chearta agus Luachanna agus an clár um Cheartas i mbuiséad an Aontais. Tráth a chaithfidh sochaithe Eorpacha aghaidh a thabhairt ar antoisceachas, radacachas agus easaontais, is tábhachtaí murab ionann agus riamh ceartas, cearta agus luachanna an Aontais a chur chun cinn, a neartú, agus a chosaint, mar atá: cearta an duine, meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta. Beidh impleachtaí móra díreacha aige sin ar an saol polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch san Aontas. Mar chuid den Chiste nua, cumascfar sa chlár um Chearta agus Luachanna an Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus an clár um an Eoraip ar son na Saoránach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle11. Leanfaidh an clár um Cheartas (dá ngairtear an ‘Clár’ anseo feasta) de thacaíocht a thabhairt maidir le forbairt a dhéanamh ar limistéar Eorpach ceartais comhtháite agus comhar trasteorann, i leanúnachas leis an gClár um Cheartas don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 (dá ngairtear ‘an Clár ba réamhtheachtaí’ anseo feasta).

(2)  Ní mór na cearta agus na luachanna sin a chur chun cinn go gníomhach agus a fhorfheidhmiú, a roinnt ar na saoránaigh agus na pobail laistigh den Aontas agus a bheith i gcroílár shochaithe na hEorpa. Dá bhrí sin, cruthófar Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna, ina gcuimseofar an clár um Chearta agus Luachanna agus an clár um Cheartas i mbuiséad an Aontais. Tráth a chaithfidh sochaithe Eorpacha aghaidh a thabhairt ar antoisceachas, radacachas, polarú agus easaontais, is tábhachtaí murab ionann agus riamh ceartas, cearta agus luachanna coiteanna AE a chur chun cinn, a neartú, agus a chosaint, eadhon: cearta an duine, meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta. Beidh impleachtaí móra díreacha aige sin ar an saol polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch san Aontas. Mar chuid den Chiste nua, cumascfar sa chlár um Chearta agus Luachanna an Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus an clár um an Eoraip ar son na Saoránach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle11. Leanfaidh an clár um Cheartas (dá ngairtear an ‘Clár’ anseo feasta) de thacaíocht a thabhairt maidir le forbairt a dhéanamh ar limistéar Eorpach ceartais comhtháite agus comhar trasteorann, i leanúnachas leis an gClár um Cheartas don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 (dá ngairtear ‘an Clár ba réamhtheachtaí’ anseo feasta).

_________________

_________________

10 Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).

10 Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).

11 Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip do Shaoránaigh’ don tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014, lch.3).

11 Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip do Shaoránaigh’ don tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014, lch.3).

12 Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).

12 Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Déanfar an Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna agus an dá chlár cistiúcháin atá mar bhonn faoi a dhíriú, go príomha, ar dhaoine agus ar eintitis a rannchuidíonn le beocht agus beatha a chur sna luachanna, sna cearta agus san éagsúlacht shaibhir is coiteann dúinn. Is é an cuspóir bunaidh an tsochaí seo againn atá bunaithe ar chearta agus atá cothrom, uilechuimsitheach agus daonlathach a chothú agus a chothabháil. Áirítear leis sin sochaí shibhialta bhríomhar, a spreagann rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine agus éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa a chothú, bunaithe freisin ar an stair agus ar an gcuimhne is coiteann dúinn. In Airteagal 11 de Chonradh ar an Aontas Eorpach sonraítear freisin go dtabharfaidh na hinstitiúidí, ar dhóigheanna iomchuí, an deis do shaoránaigh agus dá gcomhlachais ionadaíochta, a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

(3)  Déanfar an Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna agus an dá chlár cistiúcháin atá mar bhonn faoi a dhíriú, go príomha, ar dhaoine agus ar eintitis a rannchuidíonn le beocht agus beatha a chur sna luachanna, sna cearta agus san éagsúlacht shaibhir is coiteann dúinn. Is é an cuspóir bunaidh an tsochaí seo againn atá bunaithe ar chearta agus ar shaoirsí agus atá cothrom, uilechuimsitheach agus daonlathach a chothú agus a chothabháil. Áirítear leis sin sochaí shibhialta bhríomhar a chur chun cinn, rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine a spreagadh, na meáin neamhspleácha a chosaint, agus éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa a chothú, bunaithe freisin ar an stair agus ar an gcuimhne is coiteann dúinn. In Airteagal 11 de Chonradh ar an Aontas Eorpach sonraítear freisin go dtabharfaidh na hinstitiúidí, ar dhóigheanna iomchuí, an deis do shaoránaigh agus dá gcomhlachais ionadaíochta, a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Foráiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú, le hurraim do chearta bunúsacha agus do chórais agus do thraidisiúin dhlíthiúla éagsúla na mBallstát. Chuige sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh chun comhar breithiúnach a fhorbairt in ábhair shibhialta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát i réimse chosc na coireachta agus chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn. Agus limistéar Eorpach ceartais á fhorbairt tuilleadh amach anseo ba cheart a áirithiú go dtabharfar lánurraim do chearta bunúsacha agus do phrionsabail agus do luachanna coiteanna, amhail an neamh-idirdhealú, comhionannas inscne, rochtain éifeachtach ar an gceartas do chách, an smacht reachta agus córas breithiúnach neamhspleách dea-fheidhmiúil.

(4)  Foráiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú, le hurraim do chearta bunúsacha agus do chórais agus do thraidisiúin dhlíthiúla éagsúla na mBallstát. Chuige sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh chun comhar breithiúnach a fhorbairt in ábhair shibhialta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát i réimse chosc na coireachta agus chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn. Agus limistéar Eorpach ceartais á fhorbairt tuilleadh amach anseo ba cheart a áirithiú go dtabharfar lánurraim do chearta bunúsacha agus do phrionsabail agus do luachanna coiteanna, amhail an neamh-idirdhealú, comhionannas inscne, rochtain chomhionann agus éifeachtach ar an gceartas do chách, an smacht reachta agus córas breithiúnach neamhspleách dea-fheidhmiúil.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  Ba cheart cistiú leanúint de bheith ar cheann de na huirlisí tábhachtacha chun na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha síos ag na Conarthaí a chur chun feidhme go rathúil. Ba cheart iad a bhaint amach, inter alia, trí Chlár um Cheartas solúbtha agus éifeachtach a bhunú lena bhféadfar pleanáil agus cur chun feidhme na spriocanna sin a éascú.

(5)   maoiniú ar cheann de na huirlisí is tábhachtaí chun na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha síos ag na Conarthaí a chur chun feidhme go rathúil. Ba cheart iad a bhaint amach, inter alia, trí Chlár um Cheartas solúbtha agus éifeachtach a bhunú lena bhféadfar pleanáil agus cur chun feidhme na spriocanna sin a éascú, agus cé na gníomhaíochtaí lena dtugtar an breisluach Eorpach is airde trí phríomhtháscairí feidhmíochta a úsáid, aon uair is féidir, á chur san áireamh.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas le bearta a ghlacadh maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i leith breithiúnas agus cinntí breithiúnacha, arb é dúshraith an chomhair bhreithiúnaigh é laistigh den Aontas ó bhí Comhairle Eorpach Tampere ann an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999. Éilíonn aitheantas frithpháirteach ardleibhéal muiníne frithpháirtí i measc na mBallstát. Glacadh bearta chun dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i roinnt réimsí chun aitheantas frithpháirteach a éascú agus muinín fhrithpháirteach a chothú. Tá ríthábhacht ag baint le limistéar ceartais dea-fheidhmiúil, ina gcuirtear deireadh le constaicí in imeachtaí breithiúnacha trasteorann agus rochtain ar cheartas i gcásanna trasteorann, chun fás eacnamaíoch a áirithiú.

(6)  Maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais do chách a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas le bearta a ghlacadh maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i leith breithiúnas agus cinntí breithiúnacha, arb é dúshraith an chomhair bhreithiúnaigh é laistigh den Aontas ó bhí Comhairle Eorpach Tampere ann an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999. Éilíonn aitheantas frithpháirteach ardleibhéal muiníne frithpháirtí i measc na mBallstát. Glacadh bearta chun dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i roinnt réimsí chun aitheantas frithpháirteach a éascú agus muinín fhrithpháirteach a chothú. Tá ríthábhacht ag baint le limistéar ceartais dea-fheidhmiúil, ina gcuirtear deireadh le constaicí in imeachtaí breithiúnacha trasteorann agus rochtain ar cheartas i gcásanna trasteorann, chun fás eacnamaíoch agus comhtháthú breise a áirithiú.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  Tá urramú an smachta reachta riachtanach le haghaidh ardleibhéal muiníne frithpháirtí i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile, go háirithe maidir le comhar breithiúnach éifeachtach in ábhair shibhialta agus choiriúla atá bunaithe ar aitheantas frithpháirteach. Tá an smacht reachta ar cheann de na luachanna coiteanna atá cumhdaithe ag Airteagal 2 CAE, agus is léiriú nithiúil ar an smacht reachta prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí dá bhforáiltear le hAirteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Déanann cur chun cinn an smachta reachta, trí thacú leis na hiarrachtaí a dhéantar neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras ceartais náisiúnta a fheabhsú, an mhuinín fhrithpháirteach sin a neartú atá fíor-riachtanach le haghaidh comhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla.

(7)  Tá urramú an smachta reachta riachtanach le haghaidh ardleibhéal muiníne frithpháirtí i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais agus na ngnóthaí baile, go háirithe maidir le comhar breithiúnach éifeachtach in ábhair shibhialta agus choiriúla atá bunaithe ar aitheantas frithpháirteach. Tá an smacht reachta ar cheann de na luachanna coiteanna atá cumhdaithe ag Airteagal 2 CAE, agus is léiriú nithiúil ar an smacht reachta prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí dá bhforáiltear le hAirteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Déanann cur chun cinn an smachta reachta, trí thacú leis na hiarrachtaí a dhéantar neamhspleáchas, trédhearcacht, cuntasacht, cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras ceartais náisiúnta a fheabhsú, an mhuinín fhrithpháirteach sin a neartú atá fíor-riachtanach le haghaidh comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  De bhun Airteagail 81(2)(h) agus 82(1)(c) CFAE, tacóidh an tAontas le hoiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí mar uirlis chun comhar breithiúnach a fheabhsú in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha. Is uirlis thábhachtach í oiliúint a chur ar ghairmithe ceartais chun tuiscint choiteann a chothú i dtaobh na dóighe is fearr leis an smacht reachta a chaomhnú. Rannchuidíonn sin le limistéar Eorpach ceartais a thógáil trí chultúr breithiúnach coiteann a chruthú i measc gairmithe ceartais na mBallstát. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear an dlí i bhfeidhm go ceart agus go comhleanúnach san Aontas agus muinín fhrithpháirteach idir gairmithe ceartais in imeachtaí trasteorann a áirithiú. Ba cheart na gníomhaíochtaí oiliúna a fhaigheann tacaíocht ón gClár a bheith bunaithe ar mheasúnuithe fónta ar riachtanais oiliúna, úsáid a bhaint as modheolaíocht úrscothach, imeachtaí trasteorann a bhailíonn gairmithe ceartais ó Bhallstáit éagsúla a áirithiú, gnéithe gníomhacha foghlama agus líonraithe a chuimsiú ann agus ba cheart dóibh a bheith inbhuanaithe.

(8)  De bhun Airteagail 81(2)(h) agus 82(1)(c) CFAE, tacóidh an tAontas le hoiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí mar uirlis chun comhar breithiúnach a fheabhsú in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha. Is uirlis thábhachtach í oiliúint chomhchuibhithe a chur ar ghairmithe ceartais chun tuiscint choiteann a chothú i dtaobh na dóighe is fearr leis an smacht reachta a chaomhnú. Rannchuidíonn sé sin le limistéar Eorpach ceartais a thógáil trí chultúr breithiúnach coiteann a chruthú i measc gairmithe ceartais na mBallstát. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear an dlí i bhfeidhm go ceart agus go comhleanúnach san Aontas agus muinín agus tuiscint fhrithpháirteach idir gairmithe ceartais in imeachtaí trasteorann a áirithiú. Ba cheart na gníomhaíochtaí oiliúna a fhaigheann tacaíocht ón gClár a bheith bunaithe ar mheasúnuithe fónta ar riachtanais oiliúna, úsáid a bhaint as modheolaíocht úrscothach, imeachtaí trasteorann a bhailíonn gairmithe ceartais ó Bhallstáit éagsúla a áirithiú, gnéithe gníomhacha foghlama agus líonraithe a chuimsiú ann agus ba cheart dóibh a bheith inbhuanaithe.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Féadfaidh gníomhaithe éagsúla a bheith i gceist le hoiliúint bhreithiúnach, amhail údaráis dhlíthiúla, bhreithiúnacha agus riaracháin, institiúidí acadúla, comhlachtaí náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an oiliúint bhreithiúnach, eagraíochtaí oiliúna nó líonraí ar an leibhéal Eorpach nó líonraí de chomhordaitheoirí cúirte maidir le dlí an Aontais. Maidir le comhlachtaí agus eintiteas a shaothraíonn leas ginearálta Eorpach i réimse na hoiliúna breithiúnaí, amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (‘GEOB’), Acadamh an Dlí Eorpaigh (‘ERA’), Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna (‘ENCJ’), Comhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas-Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh, Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach agus an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí, ba cheart dóibh leanúint den pháirt atá acu i gcur chun cinn clár oiliúna a bhfuil gné cheart Eorpach iontu do na breithiúna agus don fhoireann bhreithiúnach, agus a bhféadfaí, dá bhrí sin, tacaíocht leordhóthanach airgeadais a dheonú dóibh i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo.

(9)  Féadfaidh gníomhaithe éagsúla a bheith i gceist le hoiliúint bhreithiúnach, amhail údaráis dhlíthiúla, bhreithiúnacha agus riaracháin, institiúidí acadúla, comhlachtaí náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an oiliúint bhreithiúnach, eagraíochtaí oiliúna nó líonraí ar an leibhéal Eorpach nó líonraí de chomhordaitheoirí cúirte maidir le dlí an Aontais. Maidir le comhlachtaí agus eintiteas a shaothraíonn leas ginearálta Eorpach i réimse na hoiliúna breithiúnaí, amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (‘GEOB’), Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna (‘ENCJ’), Comhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas-Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh, agus Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach, ba cheart dóibh leanúint den pháirt atá acu i gcomhordú agus i gcur chun cinn clár oiliúna náisiúnta ardchaighdeáin a bhfuil gné cheart Eorpach iontu do na breithiúna agus don fhoireann bhreithiúnach, agus a bhféadfaí, dá bhrí sin, tacaíocht leordhóthanach airgeadais a dheonú dóibh i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh saininstitiúidí acadúla cur leis na cláir oiliúna sin freisin agus ba cheart go bhfaighidís cistiúchán leormhaith le haghaidh a ngníomhaíochtaí i ndáil leis sin.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  De bhun Airteagal 3(3) CAE, Airteagal 24 de Chairt agus de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989, ba cheart don Chlár tacú le cearta an linbh a chosaint, agus ba cheart dó cur chun cinn chearta an linbh a phríomhshruthú i gcur chun feidhme a chuid gníomhaíochtaí go léir.

(12)  De bhun Airteagal 3(3) CAE, Airteagal 24 den Chairt agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989, ba cheart don Chlár tacú le cearta an linbh a chosaint, agus ba cheart dó cur chun cinn chearta an linbh a phríomhshruthú i gcur chun feidhme a chuid gníomhaíochtaí go léir. Chun na críche sin, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar na gníomhaíochtaí atá dírithe ar chearta leanaí a chosaint i gcomhthéacs an cheartais choiriúil agus shibhialta, lena n-áirítear cosaint leanaí atá in éineacht le tuismitheoirí atá faoi choinneáil agus leanaí tuismitheoirí atá i bpríosún. Ba cheart tacaíocht iomchuí a chur san áireamh freisin ar mhaithe le gníomhaíochtaí oiliúna atá dírithe ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.

_________________

1A Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nós imeachta do leanaí a bhfuil drochamhras fúthu nó a bhfuil cúis curtha ina leith in imeachtaí coiriúla (IO L 132, 21.5.2016, lch. 1).

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Leis an gClár don tréimhse 2014-2020 cumasaíodh gníomhaíochtaí oiliúna a bhaineann le dlí an Aontais, go háirithe maidir le raon feidhme agus cur i bhfeidhm na Cairte, agus iad dírithe ar chomhaltaí de na breithiúna agus cleachtóirí dlí eile. Ina chonclúidí dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte in 2016, mheabhraigh an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le feasacht a mhúscailt maidir le cur i bhfeidhm na Cairte, lena n-áirítear i measc lucht ceaptha beartas, cleachtóirí dlí agus sealbhóirí ceart iad féin, ar bhonn náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, chun cearta bunúsacha a phríomhshruthú ar bhealach comhsheasmhach, tá sé riachtanach tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí múscailte feasachta d'údaráis phoiblí eile seachas údaráis bhreithiúnacha agus cleachtóirí dlí.

(13)  Leis an gClár don tréimhse 2014-2020 cumasaíodh gníomhaíochtaí oiliúna a bhaineann le dlí an Aontais, go háirithe maidir le raon feidhme agus cur i bhfeidhm na Cairte, agus iad dírithe ar chomhaltaí de na breithiúna agus cleachtóirí dlí eile. Ina chonclúidí dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte in 2016, mheabhraigh an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le feasacht a mhúscailt maidir le cur i bhfeidhm na Cairte, lena n-áirítear i measc lucht ceaptha beartas, cleachtóirí dlí agus sealbhóirí ceart iad féin, ar bhonn náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  De bhun Airteagal 67 CFAE, ba cheart don Aontas a bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus urraim ann do chearta bunúsacha, rud a bhfuil rochtain ar an gceartas ríthábhachtach lena aghaidh. Chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú, agus d'fhonn an mhuinín fhrithpháirteach atá fíor-riachtanach chun dea-fheidhmiú limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a chinntiú, is gá tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí údarás eile seachas údaráis bhreithiúnacha agus cleachtóirí dlí, agus chuig eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a rannchuidíonn leis na cuspóirí sin.

(14)  De bhun Airteagal 67 CFAE, ba cheart don Aontas a bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus urraim ann do chearta bunúsacha, rud a bhfuil rochtain ar an gceartas ríthábhachtach lena aghaidh. Chun rochtain chomhionann agus éifeachtach ar an gceartas do chách a éascú, agus d’fhonn an mhuinín fhrithpháirteach atá fíor-riachtanach chun dea-fheidhmiú limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a chinntiú, is gá tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí údarás eile seachas údaráis bhreithiúnacha agus cleachtóirí dlí, lena n-áirítear chuig eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus an saol acadúil, a rannchuidíonn leis na cuspóirí sin.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  Ba cheart go rannchuideodh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag Rialachán seo le limistéar Eorpach ceartais a chruthú trí chomhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus trí dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Ba cheart do ghníomhaíochtaí cistiúcháin rannchuidiú le tuiscint choiteann ar luachanna an Aontais, an smacht reachta, eolas níos fearr ar dhlí an Aontais agus ar bheartais an Aontais, eolas agus dea-chleachtais a roinnt maidir le hionstraimí an chomhair bhreithiúnaigh a úsáid ag na páirtithe leasmhara go léir lena mbaineann, agus le hiomadú réiteach digiteach comh-inoibritheach a thacaíonn le comhar trasteorann leanúnach agus éifeachtach, agus ba cheart bonn fónta anailíse a sholáthar chun tacú le forbairt agus forfheidhmiú agus cur i bhfeidhm ceart dhlíthe agus bheartais an Aontais. Le hidirghabháil an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus barainneachtaí scála a ghiniúint. Fairis sin, is fearr is féidir leis an tAontas Eorpach ná na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghnóthaí trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil.

(16)  Ba cheart go rannchuideodh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo le limistéar Eorpach ceartais a chruthú trí chomhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus trí dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Ba cheart do ghníomhaíochtaí cistiúcháin rannchuidiú le tuiscint choiteann ar luachanna an Aontais, an smacht reachta, eolas níos fearr ar dhlí an Aontais agus ar bheartais an Aontais, eolas agus dea-chleachtais a roinnt maidir le hionstraimí an chomhair bhreithiúnaigh a úsáid ag na páirtithe leasmhara go léir lena mbaineann, mar aon le réitigh dhigiteacha chomh-inoibritheacha a thacaíonn le comhar trasteorann leanúnach agus éifeachtach a chur chun cinn, agus ba cheart bonn fónta anailíse a sholáthar chun tacú le forbairt agus forfheidhmiú agus cur i bhfeidhm ceart dhlíthe agus bheartais an Aontais. Le hidirghabháil airgeadais an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus barainneachtaí scála a ghiniúint. Fairis sin, is fearr is féidir leis an Aontas Eorpach ná na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghnóthaí trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)  Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí ginearálta a áirithiú le hobair chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, amhail EUROJUST, EU-LISa agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, agus ba cheart dó obair ghníomhaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta eile a chur san áireamh sna limistéir a chumhdaítear leis an gClár.

(17)  Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí ginearálta a áirithiú le hobair chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, amhail EUROJUST, EU-LISa, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, agus ba cheart dó obair ghníomhaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta eile a chur san áireamh sna limistéir a chumhdaítear leis an gClár.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)  Is gá breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí go léir a dhéantar laistigh den Chlár a áirithiú, agus is gá a gcomhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus a gcomhsheasmhacht le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais a áirithiú freisin. Chun leithdháileadh éifeachtach cistí a áirithiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart féachaint le comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí idir cláir chistiúcháin a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthcheangal acu lena chéile, go háirithe laistigh den Chiste um Cheartas, Cearta agus Luachanna – agus dá bhrí sin leis an gClár um Chearta agus Luachanna- agus idir an Clár agus Clár an Mhargaidh Aonair, Bainistiú Teorainneacha agus Slándála, go háirithe na Cistí um Thearmann, Imirce agus um Shlándáil Inmheánach, Bonneagar Straitéiseach, go háirithe Clár Digiteach na hEorpa, Clár Erasmus+, an Clár Réime um thaighde agus nuálaíocht, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus Rialachán LIFE13.

(18)  Is gá inmharthanacht, infheictheacht agus croíphrionsabal an bhreisluacha Eorpaigh agus an bainistiú fónta airgeadais i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí go léir a dhéantar laistigh den Chlár um Cheartas a áirithiú, agus is gá a gcomhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus a gcomhsheasmhacht le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais a áirithiú freisin. Chun leithdháileadh éifeachtach agus feidhmíochtbhunaithe cistí a áirithiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart féachaint le comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí a lorg idir cláir chistiúcháin a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthcheangal acu le chéile, go háirithe laistigh den Chiste um Cheartas, Cearta agus Luachanna – agus, dá bhrí sin, leis an gClár um Chearta agus Luachanna – agus idir an Clár agus Clár an Mhargaidh Aonair, Bainistiú agus Slándáil Teorainneacha, go háirithe na Cistí um Thearmann agus Imirce agus um Shlándáil Inmheánach, Bonneagar Straitéiseach, go háirithe Clár Digiteach na hEorpa, Clár Erasmus+, an Clár Réime um thaighde agus nuálaíocht, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus Rialachán LIFE13. Ba cheart cur chun feidhme an Chláir um Cheartas, aon uair is gá, cosaint bhuiséad an Aontais a chomhlánú, nó ba cheart é a chomhordú le cosaint bhuiséad an Aontais, i gcás easnaimh ghinearálta maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit.

__________________

__________________

13 Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le clár a bhunú don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE.

13 Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le clár a bhunú don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)  Maidir leis na cineálacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme atá le húsáid faoin Rialachán seo, is ar bhonn a gcumas cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, lena n-áirítear, go háirithe, costas na rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Chuige sin ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, rud dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(21)  Maidir leis na cineálacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme atá le húsáid faoin Rialachán seo, is ar bhonn a gcumas cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí inmhianaithe a thabhairt ba cheart iad a roghnú, lena n-áirítear, go háirithe, costas na rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Chuige sin ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, rud dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle16, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle17 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle18, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, ba cheart d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus rochtain is gá a dheonú don Choimisiún, OLAF, OIPE agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus a áirithiú go ndeonóidh aon tríú páirtí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais cearta coibhéiseacha.

(22)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle16, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle17 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle18, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí thrédhearcacht iomlán i maoiniú an Chláir agus sna nósanna imeachta roghnúcháin, trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, ba cheart don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a chinneadh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, ba cheart d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus rochtain is gá a dheonú don Choimisiún, OLAF, OIPE agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus a áirithiú go ndeonóidh aon tríú páirtí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais cearta coibhéiseacha.

_________________

_________________

15 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

15 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

16 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).

16 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).

17 Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

17 Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

18 Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

18 Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

19 Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

19 Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)  Féadfaidh tríú tíortha atá ina mbaill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais faoi chuimsiú an chomhair a bunaíodh faoin gcomhaontú LEE, lena ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár trí chinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin, ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart sainfhoráil a thabhairt isteach sa Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) chomh maith le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n-inniúlachtaí faoi seach a chur i gcrích go cuimsitheach.

(23)  Faoi réir a chuid rialacha agus rialachán ar fad a chomhlíonadh, féadfaidh tríú tíortha atá ina mbaill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais faoi chuimsiú an chomhair a bunaíodh faoin gcomhaontú LEE, lena ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár trí chinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin, ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart sainfhoráil a thabhairt isteach sa Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) chomh maith le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n-inniúlachtaí faoi seach a chur i gcrích go cuimsitheach.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 den chomhaontú Idirinstitiúideach do Reachtóireacht Níos Fearr dar dáta an 13 Aibreán 2016, ní mór an Clár seo a mheas ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais shonracha faireacháin, agus rórialáil agus ualaí riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh táscairí intomhaiste a bheith ar áireamh sna ceanglais sin, chun éifeachtaí an Chláir ar an talamh a mheas.

(27)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 den chomhaontú Idirinstitiúideach do Reachtóireacht Níos Fearr dar dáta an 13 Aibreán 2016, ní mór an Clár seo a mheas ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais shonracha faireacháin, agus rórialáil agus ualaí riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Ba cheart táscairí intomhaiste a bheith ar áireamh sna ceanglais sin, aon uair is féidir, mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh.

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú do gach duine, lena n-áirítear trí mheáin leictreonacha, trí nósanna imeachta sibhialta agus coiriúla éifeachtacha a chur chun cinn agus trí thacú le cearta íospartach na coireachta agus le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, agus na cearta sin a chur chun cinn.

(c)  rochtain chomhionann agus éifeachtach ar an gceartas a éascú do gach duine, lena n-áirítear trí mheáin leictreonacha, trí nósanna imeachta sibhialta agus coiriúla éifeachtacha a chur chun cinn agus trí thacú le cearta íospartach na coireachta agus le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, agus na cearta sin a chur chun cinn.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll go mbainistítear na ranníocaíochtaí ar bhonn éifeachtach lena áirithiú go seachnaítear aon chistiú dúbailte agus nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. [Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata].

1.  Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll go mbainistítear na ranníocaíochtaí ar bhealach éifeachtach chun a áirithiú go seachnaítear aon chistiú dúbailte agus nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna agus go bhfuil cuspóirí na ngníomhaíochtaí airgeadais comhlántach. [Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata].

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 17.

2.  Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh tarmligthe. Déanfar an gníomh tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit.

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí cearta is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach, cruinn agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná trí bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach ar bhreisluach Eorpach an Chláir a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

An clár um Cheartas.

Tagairtí

COM(2018)0384 – C8-0235/2018 – 2018/0208(COD)

Coistí freagracha

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

JURI

14.6.2018

LIBE

14.6.2018

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

CONT

14.6.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Dennis de Jong

2.7.2018

Riail 55 - Nós imeachta coiste comhlachaithe

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

5.7.2018

Dáta an ghlactha

15.11.2018

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

19

1

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nedzhmi Ali, Inés Ayala Sender, Zigmantas Balčytis, Dennis de Jong, Martina Dlabajová, Luke Ming Flanagan, Ingeborg Gräßle, Arndt Kohn, Gilles Pargneaux, Georgi Pirinski, Petri Sarvamaa, Bart Staes, Indrek Tarand, Derek Vaughan, Tomáš Zdechovský, Joachim Zeller

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Caterina Chinnici, Marian-Jean Marinescu, Julia Pitera, Richard Sulík

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

19

+

ALDE

Nedzhmi Ali, Martina Dlabajová

GUE/NGL

Luke Ming Flanagan, Dennis de Jong

PPE

Ingeborg Gräßle, Marian-Jean Marinescu, Julia Pitera, Petri Sarvamaa, Tomáš Zdechovský, Joachim Zeller

S&D

Inés Ayala Sender, Zigmantas Balčytis, Caterina Chinnici, Arndt Kohn, Gilles Pargneaux, Georgi Pirinski, Derek Vaughan

VERTS/ALE

Bart Staes, Indrek Tarand

1

-

ECR

Richard Sulík

0

0

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

TUAIRIM ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (16.01.2019)

chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um Cheartas

(COM(2018)0384 – C8‑0235/2018 – 2018/0208(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Angelika Mlinar

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ar an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar na coistí atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  De réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CFAE), ‘tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir’. Sonraítear in Airteagal 3 ina theannta sin gurb é ‘is aidhm don Aontas an tsíocháin, a luachanna agus dea-bhail a phobal a chur chun cinn’ agus, i measc nithe eile, ‘go n-urramóidh an tAontas an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú’. Athdhearbhaítear na luachanna sin agus cuirtear in iúl iad sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ('an Chairt').

(1)  De réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CFAE): ‘tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir’. Sonraítear in Airteagal 3 ina theannta sin gurb é ‘is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn’ agus, i measc nithe eile: ‘urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú’. Sonraítear in Airteagal 8 CFAE, ina theannta sin, go mbeidh sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach, ina ghníomhaíochtaí uile, éagothromaíochtaí a dhíothú, comhionannas inscne a chur chun cinn agus idirdhealú a chomhrac, agus a bheartas agus a ghníomhaíochtaí á sainiú aige; Athdhearbhaítear na luachanna sin agus cuirtear in iúl iad sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ('an Chairt').

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1 a)  De réir Airteagail 8 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart do ghníomhaíochtaí uile an Chláir um Cheartas tacú le príomhshruthú inscne, lena n-áirítear buiséadú inscne, agus príomhshruthú cuspóirí neamh-idirdhealaitheacha.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Ní mór na cearta agus na luachanna sin a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú, a roinnt ar na saoránaigh agus na pobail laistigh den Aontas agus a bheith i gcroílár shochaithe na hEorpa. Dá bhrí sin, cruthófar Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna, ina gcuimseofar an clár um Chearta agus Luachanna agus an clár um Cheartas i mbuiséad an Aontais. Tráth a chaithfidh sochaithe Eorpacha aghaidh a thabhairt ar antoisceachas, radacachas agus easaontais, is tábhachtaí murab ionann agus riamh ceartas, cearta agus luachanna an Aontais a chur chun cinn, a neartú, agus a chosaint, mar atá: cearta an duine, meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta. Beidh impleachtaí móra díreacha aige sin ar an saol polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch san Aontas. Mar chuid den Chiste nua, cumascfar sa chlár um Chearta agus Luachanna an Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus an clár um an Eoraip ar son na Saoránach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle11. Leanfaidh an clár um Cheartas (dá ngairtear an ‘Clár’ anseo feasta) de thacaíocht a thabhairt maidir le forbairt a dhéanamh ar limistéar Eorpach ceartais comhtháite agus comhar trasteorann, i leanúnachas leis an gClár um Cheartas don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 (dá ngairtear ‘an Clár ba réamhtheachtaí’ anseo feasta).

(2)  Ní mór na cearta agus na luachanna sin a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú, a roinnt ar na saoránaigh agus na pobail laistigh den Aontas agus a bheith i gcroílár shochaithe na hEorpa. Dá bhrí sin, cruthófar Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna, ina gcuimseofar an clár um Chearta agus Luachanna agus an clár um Cheartas i mbuiséad an Aontais. Tráth a chaithfidh sochaithe Eorpacha aghaidh a thabhairt ar antoisceachas, radacachas agus easaontais, is tábhachtaí murab ionann agus riamh ceartas, comhionannas, cearta agus luachanna an Aontais a chur chun cinn, a neartú, agus a chosaint, eadhon: cearta an duine, meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, comhionannas inscne, an smacht reachta agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Beidh impleachtaí móra díreacha aige sin ar an saol polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch san Aontas. Mar chuid den Chiste nua, cumascfar sa chlár um Chearta agus Luachanna an Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus an clár um an Eoraip ar son na Saoránach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle11. Leanfaidh an clár um Cheartas (dá ngairtear an ‘Clár’ anseo feasta) de thacaíocht a thabhairt maidir le forbairt a dhéanamh ar limistéar Eorpach ceartais comhtháite agus comhar trasteorann, i leanúnachas leis an gClár um Cheartas don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 (dá ngairtear ‘an Clár ba réamhtheachtaí’ anseo feasta).

__________________

__________________

10 Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).

10 Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).

11 Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip do Shaoránaigh’ don tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014, lch.3).

11 Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip do Shaoránaigh’ don tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014, lch.3).

12 Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).

12 Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Déanfar an Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna agus an dá chlár cistiúcháin atá mar bhonn faoi a dhíriú, go príomha, ar dhaoine agus ar eintitis a rannchuidíonn le beocht agus beatha a chur sna luachanna, sna cearta agus san éagsúlacht shaibhir is coiteann dúinn. Is é an cuspóir bunaidh an tsochaí seo againn atá bunaithe ar chearta agus atá cothrom, uilechuimsitheach agus daonlathach a chothú agus a chothabháil. Áirítear leis sin sochaí shibhialta bhríomhar, a spreagann rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine agus éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa a chothú, bunaithe freisin ar an stair agus ar an gcuimhne is coiteann dúinn. In Airteagal 11 de Chonradh ar an Aontas Eorpach sonraítear freisin go dtabharfaidh na hinstitiúidí, ar dhóigheanna iomchuí, an deis do shaoránaigh agus dá gcomhlachais ionadaíochta, a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

(3)  Déanfar an Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna agus an dá chlár cistiúcháin atá mar bhonn faoi a dhíriú, go príomha, ar dhaoine agus ar eintitis a rannchuidíonn le beocht agus beatha a chur sna luachanna, sna cearta agus san éagsúlacht shaibhir is coiteann dúinn. Is é an cuspóir bunaidh an tsochaí seo againn atá bunaithe ar chearta agus atá cothrom, uilechuimsitheach agus daonlathach a chothú agus a chothabháil. Áirítear leis sin sochaí shibhialta bhríomhar, a spreagann rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine agus éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa a chothú, bunaithe freisin ar an stair agus ar an gcuimhne is coiteann dúinn. Is den riachtanas é gluaiseacht láidir neamhspleách chearta na mban agus LGBTI a bheith ann chun feabhas a chur ar chomhionannas inscne. Dá bhrí sin, is den ríthábhacht don Aontas é dóthain tacaíochta a thabhairt do na heagraíochtaí, do na grúpaí pobail agus do na cosantóirí sin, i gcomhréir lena chroíluachanna, go háirithe dóibhsean atá ag obair i gcomhthéacsanna dúshlánacha. In Airteagal 11 de Chonradh ar an Aontas Eorpach sonraítear freisin go dtabharfaidh na hinstitiúidí do shaoránaigh agus do chomhachais ionadaíocha, trí bhealaí iomchuí, an deis a gcuid tuairimí a chur in iúl agus iad a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Foráiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú, le hurraim do chearta bunúsacha agus do chórais agus do thraidisiúin dhlíthiúla éagsúla na mBallstát. Chuige sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh chun comhar breithiúnach a fhorbairt in ábhair shibhialta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát i réimse chosc na coireachta agus chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn. Agus limistéar Eorpach ceartais á fhorbairt tuilleadh amach anseo ba cheart a áirithiú go dtabharfar lánurraim do chearta bunúsacha agus do phrionsabail agus do luachanna coiteanna, amhail an neamh-idirdhealú, comhionannas inscne, rochtain éifeachtach ar an gceartas do chách, an smacht reachta agus córas breithiúnach neamhspleách dea-fheidhmiúil.

(4)  Foráiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú, le hurraim do chearta bunúsacha agus do chórais agus do thraidisiúin dhlíthiúla éagsúla na mBallstát. Chuige sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh chun forbairt a dhéanamh ar chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus ar chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát i réimse chosc na coireachta agus i réimse chosaint chearta na n-íospartach, le haird chuí ar an ngné atá íogair ó thaobh inscne de. Agus limistéar Eorpach ceartais á fhorbairt tuilleadh amach anseo áiritheofar go dtabharfar urraim do chearta bunúsacha agus do phrionsabail agus do luachanna coiteanna, amhail an neamh-idirdhealú, an dlúthpháirtíocht, comhionannas inscne, cóir chomhionann bunaithe ar ghnéas, cine nó bunadh eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh, cosaint grúpa leochailigh, rochtain éifeachtach, uilíoch agus inscne-íogair ar an gceartas do chách, comhionannas faoin dlí, an smacht reachta, agus córas breithiúnach neamhspleách dea-fheidhmiúil.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  Ba cheart cistiú leanúint de bheith ar cheann de na huirlisí tábhachtacha chun na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha síos ag na Conarthaí a chur chun feidhme go rathúil. Ba cheart iad a bhaint amach, inter alia, trí Chlár um Cheartas solúbtha agus éifeachtach a bhunú lena bhféadfar pleanáil agus cur chun feidhme na spriocanna sin a éascú.

(5)  Ba cheart don cistiú leanúint de bheith ar cheann de na huirlisí tábhachtacha chun na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha síos ag na Conarthaí a chur chun feidhme go rathúil. Ba cheart iad a bhaint amach, inter alia, trí Chlár um Cheartas solúbtha agus éifeachtach a bhunú, lena bhféadfar pleanáil agus cur chun feidhme na spriocanna sin a éascú. Ba cheart go dtacódh an clár leis an obair atá ar bun ag eagraíochtaí um chearta na mban agus ag cosantóirí um chearta an duine in AE agus ar fud an domhain, agus iad ag seasamh leis an smacht reachta agus le tionscnaimh atá ag obair chun stad a chur leis an laghdú atá ag teacht ar an spás do shochaí shibhialta neamhspleách. Ba cheart go dtabharfaí aird chuí ar staid shonrach eagraíochtaí beaga agus meánmhéide na sochaí sibhialta a bhfuil deontais oibriúcháin ilbhliantúla agus cistiú neamh-chomharthaithe ag teastáil uathu, lena gcumhdaítear bunchaiteachas agus caiteachas struchtúrtha, seachas cistiú gearrthéarmach, tionscadalbhunaithe.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5 a)  Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an gClár solúbthacht agus inrochtaineacht a chistí a mhéadú agus na deiseanna agus coinníollacha cistiúcháin céanna a chur ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, bídís in AE nó lasmuigh de AE.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6 a)  Ba cheart go measfaí ionchorprú na gné inscne sna córais cheartais a bheith ina sprioc thábhachtach chun forbairt bhreise a dhéanamh ar réimse Eorpach an cheartais. Tá idirdhealú trasnach sa chóras ceartais fós ar cheann de na príomhchonstaicí ó thaobh rochtain chomhionann na mban ar cheartas. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfadh an clár rannchuidiú go gníomhach le díothú aon idirdhealaithe agus aon chonstaicí atá i mbealach daoine ó mhionlaigh, daoine faoi mhíchumas, imirceach, iarrthóirí tearmainn, daoine scothaosta, daoine atá ag cónaí i limistéir iargúlta nó daoine ó aon ghrúpa leochaileach rochtain a fháil ar cheartas agus tacú le nósanna imeachta agus cinntí sa chóras breithiúnach, ar nósanna imeachta agus cinntí iad atá éasca le úsáid d’íospartaigh agus atá íogair ó thaobh inscne de;

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  De bhun Airteagail 81(2)(h) agus 82(1)(c) CFAE, tacóidh an tAontas le hoiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí mar uirlis chun comhar breithiúnach a fheabhsú in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha. Is uirlis thábhachtach í oiliúint a chur ar ghairmithe ceartais chun tuiscint choiteann a chothú i dtaobh na dóighe is fearr leis an smacht reachta a chaomhnú. Rannchuidíonn sé sin le limistéar Eorpach ceartais a thógáil trí chultúr breithiúnach coiteann a chruthú i measc gairmithe ceartais na mBallstát. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear an dlí i bhfeidhm go ceart agus go comhleanúnach san Aontas agus muinín fhrithpháirteach idir gairmithe ceartais in imeachtaí trasteorann a áirithiú. Ba cheart na gníomhaíochtaí oiliúna a fhaigheann tacaíocht ón gClár a bheith bunaithe ar mheasúnuithe fónta ar riachtanais oiliúna, úsáid a bhaint as modheolaíocht úrscothach, imeachtaí trasteorann a bhailíonn gairmithe ceartais ó Bhallstáit éagsúla a áirithiú, gnéithe gníomhacha foghlama agus líonraithe a chuimsiú ann agus ba cheart dóibh a bheith inbhuanaithe.

(8)  De bhun Airteagail 81(2)(h) agus 82(1)(c) CFAE, tacóidh an tAontas le hoiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí mar uirlis chun comhar breithiúnach a fheabhsú in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha. Is uirlis thábhachtach í oiliúint a chur ar ghairmithe ceartais chun tuiscint choiteann a chothú i dtaobh na dóigh is fearr leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chaomhnú agus feasacht a ardú maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil reachtaíocht chomhionannais AE. Rannchuidíonn sé sin le limistéar Eorpach ceartais a thógáil trí chultúr breithiúnach coiteann a chruthú i measc gairmithe ceartais na mBallstát. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear an dlí i bhfeidhm go ceart agus go comhleanúnach san Aontas agus muinín fhrithpháirteach idir gairmithe ceartais in imeachtaí trasteorann a áirithiú. Ba cheart na gníomhaíochtaí oiliúna a fhaigheann tacaíocht ón gClár a bheith bunaithe ar mheasúnuithe fónta ar riachtanais oiliúna, úsáid a bhaint as modheolaíocht úrscothach, imeachtaí trasteorann a bhailíonn gairmithe ceartais ó Bhallstáit éagsúla a áirithiú, gnéithe gníomhacha foghlama agus líonraithe a chuimsiú ann agus ba cheart dóibh a bheith inbhuanaithe. Ba cheart go gcuirfí oiliúint shonrach maidir le hinscne ar fáil do bhreithiúna, do phóilíní agus d’ionchúisitheoirí chun a áirithiú go gcosnófaí, go n-aithneofaí agus go n-urramófaí mar is ceart íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, an fhoréigin inscne-bhunaithe agus coireanna eile agus go gcuirfí chun cinn an comhar agus dea-chleachtais sa chóras breithiúnach le nósanna imeachta atá éasca le húsáid d’íospartaigh agus atá íogair ó thaobh na hinscne de;

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8 a)  De bhun Chinneadh (AE) 2017/865 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le nithe a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus an cinneadh ábhartha maidir le tearmann agus non-refoulement, tacóidh an Clár le hoiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúna d’fhonn feasacht a ardú agus cur i bhfeidhm praiticiúil an Choinbhinsiúin a chur chun cinn laistigh den raon sin chun cosaint níos fearr a tabhairt d’íospartaigh an fhoréigin i gcoinne na mban agus na gcailíní ar fud AE.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Féadfaidh gníomhaithe éagsúla a bheith i gceist le hoiliúint bhreithiúnach, amhail údaráis dhlíthiúla, bhreithiúnacha agus riaracháin, institiúidí acadúla, comhlachtaí náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an oiliúint bhreithiúnach, eagraíochtaí oiliúna nó líonraí ar an leibhéal Eorpach nó líonraí de chomhordaitheoirí cúirte maidir le dlí an Aontais. Maidir le comhlachtaí agus eintiteas a shaothraíonn leas ginearálta Eorpach i réimse na hoiliúna breithiúnaí, amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (‘GEOB’), Acadamh an Dlí Eorpaigh (‘ERA’), Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna (‘ENCJ’), Comhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas-Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh, Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach agus an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí, ba cheart dóibh leanúint den pháirt atá acu i gcur chun cinn clár oiliúna a bhfuil gné cheart Eorpach iontu do na breithiúna agus don fhoireann bhreithiúnach, agus a bhféadfaí, dá bhrí sin, tacaíocht leordhóthanach airgeadais a dheonú dóibh i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo.

(9)  Féadfaidh gníomhaithe éagsúla a bheith i gceist le hoiliúint bhreithiúnach, amhail údaráis dhlíthiúla, bhreithiúnacha agus riaracháin, institiúidí acadúla, comhlachtaí náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an oiliúint bhreithiúnach, eagraíochtaí oiliúna nó líonraí ar an leibhéal Eorpach nó líonraí de chomhordaitheoirí cúirte maidir le dlí an Aontais agus comhlachtaí comhionannais. Ní mór tacú le comhar tras-earnálach idir breithiúna agus gairmithe leighis chun an oiliúint chuí a sholáthar do bhreithiúna agus d’fhoireann bhreithiúnach i ndáil le cásanna a bhaineann le foréigean inscne-bhunaithe agus foréigean i gcoinne na mban. Maidir le comhlachtaí agus eintiteas a shaothraíonn leas ginearálta Eorpach i réimse na hoiliúna breithiúnaí, amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (‘GEOB’), Acadamh an Dlí Eorpaigh (‘ERA’), Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna (‘ENCJ’), Comhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas-Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh, Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach agus an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí, ba cheart dóibh leanúint den pháirt atá acu i gcur chun cinn clár oiliúna a bhfuil gné cheart Eorpach iontu do na breithiúna agus don fhoireann bhreithiúnach, agus a bhféadfaí, dá bhrí sin, tacaíocht leordhóthanach airgeadais a dheonú dóibh i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo. Ag cur san áireamh go bhfuil banbhreithiúna tearc-ionadaithe sna poist is sinsearaí, spreagfar banbhreithiúna, ban-ionschúisitheoirí agus gairmithe dlí eile ar mná iad chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oiliúna.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)  Ba cheart don chlár tacú le clár oibre bliantúil GEOB, ar gníomhaire riachtanach é d'oiliúint bhreithiúnach. Is cás eisceachtúil é GEOB arae is é an t-aon líonra é ar leibhéal an Aontais a thugann le chéile comhlachtaí oiliúna breithiúnaí na mBallstát. Tá sé i riocht uathúil chun malartuithe a eagrú do bhreithiúna agus ionchúisitheoirí nua agus dóibh siúd a bhfuil taithí acu idir na Ballstáit uile agus chun obair na gcomhlachtaí náisiúnta oiliúna breithiúnaí a chomhordú maidir le gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú ar dhlí an Aontais agus chun cleachtais mhaithe oiliúna a chur chun cinn. Ina theannta sin soláthraíonn GEOB gníomhaíochtaí oiliúna den scoth, agus sin ar dhóigh chost-éifeachtúil ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, cuimsítear leis comhlachtaí oiliúna breithiúnaí ó thíortha is iarrthóirí mar chomhaltaí breathnóirí.

(10)  Ba cheart don chlár tacú le clár oibre bliantúil GEOB, ar gníomhaire riachtanach é d'oiliúint bhreithiúnach. Is cás eisceachtúil é GEOB arae is é an t-aon líonra é ar leibhéal an Aontais a thugann le chéile comhlachtaí oiliúna breithiúnaí na mBallstát. Tá sé i riocht uathúil chun malartuithe a eagrú do bhreithiúna agus ionchúisitheoirí nua agus dóibh siúd a bhfuil taithí acu idir na Ballstáit uile agus chun obair na gcomhlachtaí náisiúnta oiliúna breithiúnaí a chomhordú maidir le gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú ar dhlí an Aontais agus chun cleachtais mhaithe oiliúna a chur chun cinn. Ina theannta sin soláthraíonn GEOB gníomhaíochtaí oiliúna den scoth, agus sin ar dhóigh chost-éifeachtúil ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, cuimsítear leis comhlachtaí oiliúna breithiúnaí ó thíortha is iarrthóirí mar chomhaltaí breathnóirí.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10 a)  Ba cheart go dtacódh an clár freisin le cur chun cinn an dea-chleachtais idir cúirteanna go háirithe ó thaobh déileáil le foréigean inscnebhunaithe agus malartú acmhainní comhchoiteanna agus ábhar oiliúna maidir le foréigean inscnebhunaithe, le haghaidh breithiúna, ionchúisitheoirí poiblí, dlíodóirí, póilíní agus gairmithe eile a bhíonn i dteagmháil le híospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe;

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  De bhun Airteagal 67 CFAE, ba cheart don Aontas a bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus urraim ann do chearta bunúsacha, rud a bhfuil rochtain ar an gceartas ríthábhachtach lena aghaidh. Chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú, agus d'fhonn an mhuinín fhrithpháirteach atá fíor-riachtanach chun dea-fheidhmiú limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a chinntiú, is gá tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí údarás eile seachas údaráis bhreithiúnacha agus cleachtóirí dlí, agus chuig eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a rannchuidíonn leis na cuspóirí sin.

(14)  De bhun Airteagal 67 CFAE, ba cheart don Aontas a bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus urraim ann do chearta bunúsacha, rud a bhfuil rochtain ar an gceartas ríthábhachtach lena aghaidh. Chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú, agus chun íospartaigh na coireachta a chosaint, agus d'fhonn an mhuinín fhrithpháirteach atá fíor-riachtanach chun dea-fheidhmiú limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a chinntiú, is gá tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí údarás eile seachas údaráis bhreithiúnacha agus cleachtóirí dlí, agus chuig eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a rannchuidíonn leis na cuspóirí sin.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 CFAE, ba cheart don Chlár tacú le príomhshruthú chuspóirí an chomhionannais idir mná agus fir agus le cuspóirí an neamh-idirdhealaithe ina ghníomhaíochtaí uile.

(15)  De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 CFAE, ba cheart don Chlár cur chuige tras-earnálach a ghlacadh i leith chur chun cinn an chomhionannais inscne, tacú le príomhshruthú inscne, cearta comhionanna agus chuspóirí an neamh-idirdhealaithe ina ghníomhaíochtaí uile. Ba cheart faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna maidir le comhionannas inscne agus maidir le neamh-idirdhealú i ngníomhaíochtaí an Chláir.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  Ba cheart go rannchuideodh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag Rialachán seo le limistéar Eorpach ceartais a chruthú trí chomhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus trí dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Ba cheart do ghníomhaíochtaí cistiúcháin rannchuidiú le tuiscint choiteann ar luachanna an Aontais, an smacht reachta, eolas níos fearr ar dhlí an Aontais agus ar bheartais an Aontais, eolas agus dea-chleachtais a roinnt maidir le hionstraimí an chomhair bhreithiúnaigh a úsáid ag na páirtithe leasmhara go léir lena mbaineann, agus le hiomadú réiteach digiteach comh-inoibritheach a thacaíonn le comhar trasteorann leanúnach agus éifeachtach, agus ba cheart bonn fónta anailíse a sholáthar chun tacú le forbairt agus forfheidhmiú agus cur i bhfeidhm ceart dhlíthe agus bheartais an Aontais. Le hidirghabháil an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus barainneachtaí scála a ghiniúint. Fairis sin, is fearr is féidir leis an Aontas Eorpach ná na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghnóthaí trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil.

(16)  Ba cheart go rannchuideodh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo le limistéar Eorpach ceartais a chruthú trí chomhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus trí fheasacht a ardú maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go praiticiúil, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach, go háirithe dlí comhionannais AE, agus cur chun feidhme agus comhordú níos fearr a chur chun cinn idir na hionstraimí éagsúla cosanta íospartach de chuid AE go háirithe Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/JHA ón gComhairle agus Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an Ordú Cosanta Eorpach, Rialachán 606/2013 maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta agus Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chosc agus a Chomhrac agus na hÍospartaigh atá Thíos léi a Chosaint; Ba cheart do ghníomhaíochtaí cistiúcháin rannchuidiú le tuiscint choiteann ar luachanna an Aontais, an smacht reachta, eolas níos fearr ar dhlí an Aontais agus ar bheartais an Aontais, eolas agus dea-chleachtais a roinnt maidir le hionstraimí an chomhair bhreithiúnaigh a úsáid ag na páirtithe leasmhara go léir lena mbaineann, agus le hiomadú réiteach digiteach comh-inoibritheach a thacaíonn le comhar trasteorann leanúnach agus éifeachtach, agus ba cheart bonn fónta anailíse a sholáthar chun tacú le forbairt agus forfheidhmiú agus cur i bhfeidhm ceart dhlíthe agus bheartais an Aontais. Le hidirghabháil an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus barainneachtaí scála a ghiniúint. Fairis sin, is fearr is féidir leis an Aontas Eorpach ná na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghnóthaí trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16 a)  Ní chuireann córas ceartais an Aontais ceartas agus cosaint leordhóthanach ar fáil do mhná agus cailíní agus, dá bharr sin, ní fhaigheann íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe an tacaíocht is gá. Áiríonn sé sin freisin easpa cosanta agus tacaíochta i ndáil le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine chun críocha gnéis, mná ar dídeanaithe agus imircigh iad, daoine LGBTIQ agus daoine faoi mhíchumas.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla a éascú agus tacú leis an saghas sin comhair, agus an smacht reachta a chur chun cinn, lena n-áirítear tacú leis na hiarrachtaí chun éifeachtacht na gcóras ceartais náisiúnta a fheabhsú agus cinntí a fhorfheidhmiú;

(a)  comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla a éascú agus tacú leis an saghas sin comhair, agus an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chur chun cinn, lena n-áirítear tacú leis na hiarrachtaí chun éifeachtacht na gcóras ceartais náisiúnta a fheabhsú agus cinntí a fhorfheidhmiú agus cosaint íospartach le haird ar an ngné atá íogair ó thaobh inscne de;

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a a)  tacú le cearta comhionanna agus leis an neamh-idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, cine nó bunadh eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh, agus na cearta sin a chur chun cinn, comhrac i gcoinne fuath ban, an chiníochais, na seineafóibe, na homafóibe, agus cearta daoine faoi chumas agus cearta leanaí a neartú;

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  tacú le hoiliúint bhreithiúnach agus sin a chur chun cinn, d'fhonn cultúr coiteann dlíthiúil, breithiúnach agus smacht reachta a chothú;

(b)  tacú le hoiliúint bhreithiúnach atá íogair ó thaobh inscne de agus dírithe ar an íospartach agus é sin a chur chun cinn, d’fhonn cultúr coiteann dlíthiúil, breithiúnach agus smacht reachta a chothú, agus gné na hinscne agus reachtaíocht chomhionannais AE á gcur san áireamh;

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b a)  a áirithiú go ndéantar neartú ar an rochtain atá ag mná agus cailíní ar cheartas i gcásanna d’fhoréigean inscnebhunaithe, trí Choinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú agus trí reachtaíocht chuimsitheach a ghlacadh i gcoinne foréigean inscnebhunaithe san Aontas;

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú do gach duine, lena n-áirítear trí mheáin leictreonacha, trí nósanna imeachta sibhialta agus coiriúla éifeachtacha a chur chun cinn agus trí thacú le cearta íospartach na coireachta agus le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, agus na cearta sin a chur chun cinn.

(c)  rochtain éifeachtach, chomhionann agus atá saor ó idirdhealú ar an gceartas a éascú do gach duine, lena n-áirítear trí mheáin leictreonacha, trí nósanna imeachta sibhialta agus coiriúla éifeachtacha a chur chun cinn agus trí thacú le cearta íospartach na coireachta, go háirithe mná agus leanaí, agus le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, agus na cearta sin a chur chun cinn.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2 a.  Déanfar an buiséad a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí atá nasctha le cur chun cinn an chomhionannais inscne a léiriú go bliantúil mar mhír neamhspleách sa bhuiséad;

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 4 a

Príomhshruthú

I gcur chun feidhme a ghníomhaíochtaí uile, féachfaidh an Clár le comhionannas a chur chun cinn idir fir agus mná. Comhlíonfaidh an Clár freisin an toirmeasc ar idirdhealú atá bunaithe ar na forais a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt, i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 51 den Chairt agus laistigh de na teorainneacha sin.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2 a.  Is bealach a bheidh san fhaireachán freisin chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach a dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna comhionannais inscne agus neamh-idirdhealaithe i ngníomhaíochtaí an Chláir.

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit.

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá, a bheidh imdhealaithe ó thaobh inscne de i gcás inarb iomchuí, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, agus baileofar na sonraí sin ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit.

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin gClár agus ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 agus i gcomhréir le hAirteagal 5 (príomhshruthú). Beidh gach meastóireacht íogair ó thaobh inscne de agus áireofar iontu caibidil shonrach ar chomhionannas inscne ina mbeidh anailís mhionsonraithe ar an mbuiséad cláir atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le comhionannas inscne.

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Déanfar cothromaíocht inscne a áirithiú i gcomhdhéanamh an ghrúpa saineolaithe a rachfar i gcomhairle leo.

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  múscailt feasachta, faisnéis a scaipeadh chun eolas a fheabhsú ar bheartais an Aontais agus ar dhlí an Aontais lena n áirítear dlí substainteach agus dlí nós imeachta, ionstraimí comhair bhreithiúnaigh, cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus dlí comparáideach agus caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta;

1.  múscailt feasachta, faisnéis a scaipeadh chun eolas a fheabhsú ar bheartais an Aontais agus ar dhlí an Aontais lena n áirítear dlí substainteach agus dlí nós imeachta, ionstraimí comhair bhreithiúnaigh, cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus dlí comparáideach agus caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta; gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena n-áirítear abhcóideacht, dlíthíocht, slógadh poiblí agus oideachas, agus soláthar seirbhísí atá bunaithe ar chearta an duine; tacaíocht spriocdhírithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) atá ag obair ar shaincheisteanna áitiúla agus náisiúnta.

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2 a.  An dea-chleachtas a mhalartú maidir le cad iad na bealaí is fearr chun an ghné atá íogair ó thaobh inscne de a chur chun cinn agus a ionchorprú i ngach céim den chóras breithiúnach agus na bealaí is fearr chun a áirithiú go bhfuil rochtain chomhionann ar cheartas ann do chách.

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  gníomhaíochtaí anailíse agus faireacháin25 chun feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint ar na constaicí a d'fhéadfadh a bheith ar dhea-fheidhmiú an limistéir Eorpaigh cheartais agus chun cur chun feidhme dhlí an Aontais agus beartais sna Ballstáit a fheabhsú;

3.  gníomhaíochtaí anailíse agus faireacháin25 chun feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint ar na constaicí a d'fhéadfadh a bheith ar dhea-fheidhmiú an limistéir Eorpaigh cheartais agus chun cur chun feidhme dhlí an Aontais agus beartais sna Ballstáit a fheabhsú go háirithe i réimse na gceart comhionann agus uilíoch agus an rochtain neamh-idirdhealaitheach ar cheartas do gach duine san Aontas, gan beann ar a stádas cónaithe;

__________________

__________________

25 Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, bailiú sonraí agus staidrimh; forbairt modheolaíochtaí coiteanna agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí nó tagarmharcanna; staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí; measúnú tionchair; forbairt agus foilsiú treoracha, tuarascálacha agus ábhair oideachais.

25 Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, bailiú sonraí agus staidrimh; forbairt modheolaíochtaí coiteanna agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí nó tagarmharcanna; staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí; measúnú tionchair; forbairt agus foilsiú treoracha, tuarascálacha agus ábhair oideachais.

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  páirtithe leasmhara ábhartha a chur faoi oiliúint chun eolas ar bheartais an Aontais agus ar dhlí an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear inter alia an dlí substainteach agus an dlí nós imeachta, úsáid ionstraimí comhair bhreithiúnaigh an Aontais, cás-dlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an dlítheangeolaíocht agus an dlí comparáideach.

4.  páirtithe leasmhara ábhartha a chur faoi oiliúint chun eolas ar bheartais an Aontais agus ar dhlí an Aontais a fheabhsú, lena n áirítear inter alia an dlí substainteach agus an dlí nós imeachta, dlí an Aontais maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh na coireachta, úsáid ionstraimí comhair bhreithiúnaigh an Aontais, cás-dlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an dlítheangeolaíocht agus an dlí comparáideach.

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4 a.  Oiliúint shonrach inscne le haghaidh breithiúna, dlíodóirí, póilíní agus ionchúisitheoirí maidir le foréigean inscnebhunaithe agus nósanna imeachta atá éasca d’íospartaigh a úsáid, agus malartú an dea-chleachtais idir cúirteanna, go háirithe maidir le conas déileáil le foréigean inscnebhunaithe.

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.  forbairt acmhainní a dhéanamh ar líonraí tábhachtacha ar an leibhéal Eorpach agus ar líonraí breithiúnacha Eorpacha, lena n-áirítear líonraí arna mbunú le dlí an Aontais chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais a áirithiú, chun dlí an Aontais, spriocanna beartais agus straitéisí i réimsí an chláir a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh agus chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár.

6.  forbairt acmhainneachta a dhéanamh ar líonraí tábhachtacha ar an leibhéal Eorpach, ar líonraí agus eagraíochtaí um chearta na mBan, ar eagraíochtaí chearta LGBTIQ, agus ar líonraí breithiúnacha Eorpacha, lena n-áirítear líonraí arna mbunú le dlí an Aontais chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais a áirithiú, chun dlí an Aontais, spriocanna beartais agus straitéisí i réimsí an chláir a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh agus chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár.

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar faireachán ar an gClár ar bhonn sraith táscairí atá beartaithe tomhas a dhéanamh ar a mhéid atá cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir bainte amach agus d’fhonn na hualaí agus na costais riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí maidir leis an tsraith seo a leanas de tháscairí fíorthábhachtacha.

Déanfar faireachán ar an gClár ar bhonn sraith táscairí atá beartaithe tomhas a dhéanamh ar a mhéid atá cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir bainte amach agus d’fhonn na hualaí agus na costais riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí maidir leis an tsraith seo a leanas de tháscairí ríthábhachtacha agus i gcás inarb infheidhme beidh na sonraí sin imdhealaithe ó thaobh inscne de:

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

An clár um Cheartas.

Tagairtí

COM(2018)0384 – C8-0235/2018 – 2018/0208(COD)

Coistí freagracha

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

JURI

14.6.2018

LIBE

14.6.2018

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

FEMM

14.6.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Angelika Mlinar

14.9.2018

Riail 55 - Nós imeachta coiste comhlachaithe

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

5.7.2018

Pléite sa choiste

22.10.2018

Dáta an ghlactha

27.11.2018

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

18

2

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Daniela Aiuto, Maria Arena, Beatriz Becerra Basterrechea, Heinz K. Becker, Malin Björk, Vilija Blinkevičiūtė, André Elissen, Iratxe García Pérez, Anna Hedh, Teresa Jiménez-Becerril Barrio, Agnieszka Kozłowska-Rajewicz, Florent Marcellesi, Maria Noichl, Marijana Petir, João Pimenta Lopes, Liliana Rodrigues, Michaela Šojdrová, Ernest Urtasun, Jadwiga Wiśniewska, Anna Záborská

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Urszula Krupa, Edouard Martin, Clare Moody, Julie Ward

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Lynn Boylan

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

18

+

ALDE

Beatriz Becerra Basterrechea

EFDD

Daniela Aiuto

GUE/NGL

Malin Björk, Lynn Boylan, João Pimenta Lopes

PPE

Teresa Jiménez-Becerril Barrio, Agnieszka Kozłowska-Rajewicz

S&D

Maria Arena, Vilija Blinkevičiūtė, Iratxe García Pérez, Anna Hedh, Edouard Martin, Clare Moody, Maria Noichl, Liliana Rodrigues, Julie Ward

VERTS/ALE

Florent Marcellesi, Ernest Urtasun

2

-

ECR

Urszula Krupa, Jadwiga Wiśniewska

4

0

PPE

Heinz K. Becker, Marijana Petir, Michaela Šojdrová, Anna Záborská

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

An clár um Cheartas.

Tagairtí

COM(2018)0384 – C8-0235/2018 – 2018/0208(COD)

Dáta tíolactha chun PE

30.5.2018

Coistí freagracha

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

JURI

14.6.2018

LIBE

14.6.2018

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

14.6.2018

CONT

14.6.2018

FEMM

14.6.2018

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Heidi Hautala

9.7.2018

Josef Weidenholzer

9.7.2018

Riail 55 - Nós imeachta coiste comhlachaithe

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

5.7.2018

Pléite sa choiste

18.10.2018

19.11.2018

Dáta an ghlactha

4.2.2019

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

46

6

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Michał Boni, Jean-Marie Cavada, Daniel Dalton, Rachida Dati, Mady Delvaux, Laura Ferrara, Romeo Franz, Ana Gomes, Heidi Hautala, Filiz Hyusmenova, Sophia in ‘t Veld, Eva Joly, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Dietmar Köster, Cécile Kashetu Kyenge, Roberta Metsola, Claude Moraes, József Nagy, Péter Niedermüller, Julia Reda, Evelyn Regner, Judith Sargentini, Giancarlo Scottà, Helga Stevens, Traian Ungureanu, Axel Voss, Josef Weidenholzer, Kristina Winberg, Tadeusz Zwiefka

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Carlos Coelho, Sergio Gaetano Cofferati, Dennis de Jong, Gérard Deprez, Pascal Durand, Evelyne Gebhardt, Jytte Guteland, Anna Hedh, Lívia Járóka, Petr Ježek, Marek Jurek, Maite Pagazaurtundúa Ruiz, Barbara Spinelli, Josep-Maria Terricabras, Tiemo Wölken

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Birgit Collin-Langen, Stefan Eck, Stefan Gehrold, Françoise Grossetête, John Howarth, Ramón Jáuregui Atondo, Dominique Riquet, Paul Rübig, Gabriele Zimmer

Dáta don chur síos

6.2.2019

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

46

+

ALDE

Jean-Marie Cavada, Gérard Deprez, Filiz Hyusmenova, Sophia in 't Veld, Petr Ježek, Maite Pagazaurtundúa Ruiz, Dominique Riquet

EFDD

Laura Ferrara

GUE/NGL

Stefan Eck, Barbara Spinelli, Gabriele Zimmer

PPE

Asim Ademov, Michał Boni, Carlos Coelho, Birgit Collin-Langen, Rachida Dati, Stefan Gehrold, Françoise Grossetête, Roberta Metsola, József Nagy, Paul Rübig, Axel Voss, Tadeusz Zwiefka

S&D

Sergio Gaetano Cofferati, Mady Delvaux, Evelyne Gebhardt, Ana Gomes, Jytte Guteland, Anna Hedh, John Howarth, Ramón Jáuregui Atondo, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Dietmar Köster, Cécile Kashetu Kyenge, Claude Moraes, Péter Niedermüller, Evelyn Regner, Josef Weidenholzer, Tiemo Wölken

VERTS/ALE

Pascal Durand, Romeo Franz, Heidi Hautala, Eva Joly, Julia Reda, Judith Sargentini, Josep-Maria Terricabras

6

-

ECR

Daniel Dalton, Marek Jurek, Helga Stevens, Kristina Winberg

ENF

Giancarlo Scottà

PPE

Lívia Járóka

2

0

GUE/NGL

Dennis de Jong

PPE

Traian Ungureanu

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 12 Feabhra 2019Fógra dlíthiúil