Tuarascáil - A9-0019/2019Tuarascáil
A9-0019/2019

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann le ciandíolacháin earraí agus le soláthairtí baile áirithe earraí

18.10.2019 - (COM(2018)0819 – C8‑0017/2019 – 2018/0415(CNS)) - *

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Ondřej Kovařík
(Nós imeachta simplithe – Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta)


Nós Imeachta : 2018/0415(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0019/2019
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0019/2019
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann le ciandíolacháin earraí agus le soláthairtí baile áirithe earraí

(COM(2018)0819 – C8‑0017/2019 – 2018/0415(CNS))

(Nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0819),

 ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0017/2019),

 ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0019/2019),

1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;

4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú  1

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Déantar foráil le Treoir 2006/112/CE3 arna leasú le Treoir (AE) 2017/4  ón gComhairle4 go measfar, i gcás ina n-éascóidh duine inchánach, trí fheidhm a bhaint as comhéadan leictreonach amhail margadh, ardán agus tairseach nó ar shlí eile den tsamhail sin, ciandíolacháin earraí arna n-allmhairiú ó thríú críocha nó ó thríú tíortha i gcoinsíneachtaí de luach intreach nach mó ná EUR 150, nó earraí a bheith á soláthar laistigh den Chomhphobal ag duine inchánach, nach bhfuil bunaithe laistigh den Chomhphobal, do dhuine neamh-inchánach, go measfar an duine inchánach a éascóidh an soláthar na hearraí a fháil agus a sholáthar.. Ós rud é go ndéantar, leis an bhforáil sin, soláthar aonair a dheighilt ina dhá sholáthar, is gá a chinneadh cé acu ceann de na soláthairtí sin ar cheart eiseoladh nó iompar na n-earraí a chur ina leith chun a n-ionad soláthair a chinneadh go cuí.

(1) Déantar foráil le Treoir 2006/112/CE3 ón gComhairle arna leasú le Treoir (AE) 2017/24554  ón gComhairle go measfar, i gcás ina n-éascóidh duine inchánach, trí fheidhm a bhaint as comhéadan leictreonach amhail margadh, ardán agus tairseach nó ar shlí eile den tsamhail sin, ciandíolacháin earraí arna n-allmhairiú ó thríú críocha nó ó thríú tíortha i gcoinsíneachtaí de luach intreach nach mó ná EUR 150, nó earraí a bheith á soláthar laistigh den Chomhphobal ag duine inchánach, nach bhfuil bunaithe laistigh den Chomhphobal, do dhuine neamh-inchánach, go measfar an duine inchánach a éascóidh an soláthar na hearraí a fháil agus a sholáthar. Ós rud é go ndéantar, leis an bhforáil sin, soláthar aonair a dheighilt ina dhá sholáthar, is gá a chinneadh cé acu ceann de na soláthairtí sin ar cheart eiseoladh nó iompar na n-earraí a chur ina leith chun a n-ionad soláthair a chinneadh go cuí.  Is gá a áirithiú freisin go dtarlóidh teagmhas inmhuirearaithe an dá sholáthar sin ag an am céanna.

__________________

___________________

3 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

3 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

4 Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe i ndáil le cáin breisluacha i gcás soláthairtí seirbhísí agus ciandíolacháin earraí (IO L 348, 29.12.2017, lch. 7).

4 Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe i ndáil le cáin breisluacha i gcás soláthairtí seirbhísí agus ciandíolacháin earraí (IO L 348, 29.12.2017, lch. 7).

Leasú  2

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Cé go bhféadfaidh duine inchánach a éascóidh, trí fheidhm a bhaint as comhéadan leictreonach, soláthar earraí do dhuine neamh-inchánach sa Chomhphobal, go bhféadfaidh sé, i gcomhréir le rialacha atá ann cheana, an CBL a íoctar le soláthraithe nach bhfuil bunaithe sa Chomhphobal a aisbhaint, is é an baol atá ann ná go bhféadfaidh sé nach n-íocfaidh an duine neamh-inchánach an CBL leis na húdaráis chánach. Chun an baol sin a sheachaint, ba cheart go mbeadh an soláthar ón soláthraí a bhfuil earraí á ndíol aige trí fheidhm a bhaint as comhéadan leictreonach díolmhaithe ó CBL, agus ba cheart go mbeadh sé de cheart ag an soláthraí sin an CBL ionchuir a d’íoc sé i leith cheannach nó allmhairiú na n-earraí arna soláthar, an CBL ionchuir sin a aisbhaint.

(2) Cé go bhféadfaidh duine inchánach a éascóidh, trí fheidhm a bhaint as comhéadan leictreonach, soláthar earraí do dhuine neamh-inchánach sa Chomhphobal, go bhféadfaidh sé, i gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana, an CBL a íoctar le soláthraithe nach bhfuil bunaithe sa Chomhphobal a aisbhaint, is é an baol atá ann ná go bhféadfaidh sé nach n-íocfaidh an duine neamh-inchánach an CBL leis na húdaráis chánach. Chun an baol sin a sheachaint, ba cheart go mbeadh an soláthar ón soláthraí a bhfuil earraí á ndíol aige trí fheidhm a bhaint as comhéadan leictreonach díolmhaithe ó CBL, agus ba cheart go mbeadh sé de cheart ag an soláthraí sin an CBL ionchuir a d’íoc sé i leith cheannach nó allmhairiú na n-earraí arna soláthar, an CBL ionchuir sin a aisbhaint. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh an soláthraí cláraithe i dtólamh sa Bhallstát ina bhfuair an soláthraí na hearraí sin nó inar allmhairigh sé iad.

Leasú  3

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 66 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a) cuirtear isteach Airteagal 66a seo a leanas:

 

‘Airteagal 66a

 

De mhaolú ar Airteagail 63, 64 agus 65, maidir leis an teagmhas inmhuirearaithe i ndáil le hearraí a bheith á soláthar ag duine inchánach a meastar go bhfuair agus gur sholáthar sé na hearraí i gcomhréir le hAirteagal 14a agus i ndáil leis an soláthar don duine inchánach sin, tarlóidh sé agus tiocfaidh CBL chun bheith inmhuirearaithe tráth a ghlacfar leis an íocaíocht.’

Leasú  4

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 1 – mír 1 – pointe b

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(4a) in Airteagal 272, mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

(b) daoine inchánach nach bhfuil ceann ar bith de na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagail 20, 21, 22, 33, 36, 136a, 138 agus 141 á dhéanamh acu;’

(b) daoine inchánach nach bhfuil ceann ar bith de na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagail 20, 21, 22, 33, 36, 136a, 138 agus 141 á dhéanamh acu;’

Leasú  5

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe –a (nua)

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 369a – mír 1 – pointe 2 – fomhír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-a) sa chéad mhír, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i bpointe 2:

 

‘I gcás nár bhunaigh duine inchánach a ghnólacht sa Chomhphobal agus nach bhfuil buanbhunaíocht aige ann, is é an Ballstát ina dtosaítear ar na hearraí a eiseoladh nó a iompar a bheidh sa Bhallstát aitheantais. I gcás ina bhfuil níos mó ná Ballstát amháin ann ina dtosaítear ar na hearraí a eiseoladh nó a iompar, tabharfaidh an duine inchánach le fios cé acu ceann de na Ballstáit sin a bheidh sa Bhallstát aitheantais. Beidh an duine inchánach faoi cheangal ag an gcinneadh sin don bhliain féilire lena mbaineann agus don dá bhliain féilire ina dhiaidh sin.’

Leasú  6

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 7 – pointe a

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 369a – mír 1 – pointe 3 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) i gcás soláthar earraí arna dhéanamh trí bhíthin comhéadan leictreonach lena n-éascaítear na soláthairtí sin i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 14a i gcás inar sa Bhallstát céanna a thosaíonn agus a chríochnaíonn eiseoladh nó iompar na n-earraí arna soláthar;

(c) i gcás soláthar earraí arna dhéanamh ag duine inchánach a bhfuil na soláthairtí sin á n-éascú aige i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 14a i gcás inar sa Bhallstát céanna a thosaíonn agus a chríochnaíonn eiseoladh nó iompar na n-earraí arna soláthar;

Leasú  7

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 369g – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) ciandíolacháin earraí agus soláthairtí earraí laistigh den Chomhphobal i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 14a i gcás inar sa Bhallstát céanna a thosaíonn agus a chríochnaíonn eiseoladh nó iompar na n-earraí sin;

(a) ciandíolacháin earraí agus soláthairtí earraí laistigh den Chomhphobal;

 

(aa) soláthairtí earraí i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 14a i gcás inar sa Bhallstát céanna a thosaíonn agus a chríochnaíonn eiseoladh nó iompar na n-earraí sin;

Leasú  8

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 a (nua)

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 369g – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11a) in Airteagal 369g, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

2a. I gcás ina bhfuil ag an duine inchánach a bhfuil seirbhísí a chumhdaítear faoin scéim speisialta á soláthar aige buanbhunaíocht amháin nó níos mó, seachas an bhuanbhunaíocht sin sa Bhallstát aitheantais, óna soláthraítear na seirbhísí, áireofar ar an tuairisceán CBL freisin an luach iomlán diomaite de CBL, na rátaí infheidhme CBL, suim iomlán na cánach breisluacha comhfhreagraí in aghaidh an ráta agus an CBL iomlán is dlite i leith na soláthairtí sin, i gcás gach Ballstáit ina bhfuil buanbhunaíocht ag an duine inchánach, maille le huimhir aitheantais CBL aonair nó uimhir thagartha cánach gach buanbhunaíochta, arna miondealú de réir Ballstát tomhaltais.

Leasú  9

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12

Treoir 2006/112/CE

Airteagal 369zb – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

‘2. Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh an CBL dá dtagraítear i mír 1 iníoctha go míosúil. Is é an spriocdháta don íocaíocht ná an spriocdháta sin is infheidhme maidir le híocaíocht na dleachta allmhairiúcháin i gcásanna comhchosúla.’.

‘2. Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh an CBL dá dtagraítear i mír 1 iníoctha go míosúil faoin spriocdháta don íocaíocht is infheidhme maidir le híocaíocht na dleachta allmhairiúcháin.’.


 

 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

 

An 11 Nollaig 2018, ghlac an Coimisiún an togra seo, i gcomhréir lena theachtaireacht maidir le Plean Gníomhaíochtaí ionsar Limistéar aonair CBL san Aontas Eorpach.

Is é is aidhm don togra, atá ina chuid den Phacáiste r-thráchtála CBL (maille le Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle), ná rialacha mionsonraithe a leagan síos a bhfuil gá leo chun feidhmiú na rialacha nua CBL don ríomhthráchtáil a áirithiú i bhfianaise na leasuithe a tugadh isteach le Treoir 2017/2455 (‘an Treoir um ríomhthráchtáil CBL), a thiocfaidh i bhfeidhm in Eanáir na bliana 2021.

Soiléirítear leis go háirithe na cásanna ina meastar comhéadain leictreonacha amhail margadh, ardán agus tairseach díolacháin earraí agus seirbhísí idir úsáideoirí a éascú agus sonraítear leis an cineál faisnéise nach mór dóibh a choinneáil maidir le díolacháin arna ndéanamh trí chomhéadan leictreonach. Soiléirítear leis freisin na coinníollacha ar fúthu nach mbeidh margaí faoi dhliteanas CBL a íoc i leith soláthairtí earraí is mó ná an CBL arna dearbhú agus arna híoc i leith na soláthairtí sin.

 

An 12 Márta 2019, tháinig Comhairle ECOFIN ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i leith an togra.

Tá an Rapóirtéir i bhfách leis na leasuithe arna ndéanamh ag an gComhairle, ar an ábhar gur soiléire a thuilleadh dá ndroim an togra ón gCoimisiún. Fairis sin, aontaíonn an Rapóirtéir seasamh na Parlaiminte a ghlacadh a luaithe is féidir, chun bailchríoch mhear ar an nós imeachta reachtach agus na céimeanna bunriachtanacha don chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta a éascú chun go gcomhlíonfaí an spriocdháta do theacht i bhfeidhm an phacáiste r-thráchtála CBL in Eanáir na bliana 2021.

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Ciandíolacháin earraí agus soláthairtí baile áirithe earraí;

Tagairtí

COM(2018)0819 – C8-0017/2019 – 2018/0415(CNS)

Dáta a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint

21.12.2018

 

 

 

Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

14.1.2019

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

14.1.2019

 

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

IMCO

22.1.2019

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Ondřej Kovařík

18.7.2019

 

 

 

Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh

7.10.2019

Pléite sa choiste

7.10.2019

 

 

 

Dáta an ghlactha

18.10.2019

 

 

 

Dáta don chur síos

21.10.2019

 

 

An nuashonrú is déanaí: 4 Samhain 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais