Tuarascáil - A9-0041/2019Tuarascáil
A9-0041/2019

MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle thar ceann an Aontais maidir le tabhairt chun críche an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí

4.12.2019 - (11033/2019 – C9‑0049/2019 – 2018/0147(NLE)) - ***

An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht.
Rapóirtéir: Tomasz Piotr Poręba

Nós Imeachta : 2018/0147(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0041/2019
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0041/2019
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle thar ceann an Aontais maidir le tabhairt chun críche an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí

(11033/2019 – C9‑0049/2019 – 2018/0147(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11033/2019),

 ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (09685/2018),

 ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0049/2019),

 ag féachaint do Riail 105(1) agus do Riail (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0041/2019),

1. ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Dhaon-Phoblacht na Síne.

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Cúlra

Tar éis bhreithiúnais na Cúirte Breithiúnais sna cásanna ‘Aerspás Oscailte’ mar a thugtar orthu, an 5 Meitheamh 2003, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le tríú tíortha maidir le comhaontú ar leibhéal an Aontais a chur in ionad forálacha áirithe i gcomhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha atá cheana ann (an ‘t-údarú cothrománach’).

Is iad na cuspóirí atá ag comhaontuithe den sórt sin ná rochtain neamh-idirdhealaitheach ar bhealaí idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha a thabhairt d’aeriompróirí uile AE, agus, dá bhri sin, comhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha a thabhairt i gcomhréir le dlí an Aontais.

Riamh anall, bhíodh an caidreamh idir na Ballstáit agus tríú tíortha maidir le heitlíocht idirnáisiúnta á rialú le comhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha, ag na hiarscríbhinní a ghabhann le comhaontuithe den sórt sin agus ag comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha eile atá gaolmhar leo.

Mar sin féin, is sárú ar dhlí an Aontais í clásail ainmniúcháin  sheanbhunaithe atá i gcomhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha de chuid na mBallstát.

Ligeann siad do thríú tír na ceadanna nó údaruithe aeriompróra a dhiúltú, a tharraingt siar nó a fhionraí, ar aeriompróir é a bhí ainmnithe ag Ballstát ach nach bhfuil, den chuid is mó, faoi úinéireacht agus á rialú go hiarbhír ag an mBallstát sin nó ag a náisiúnaigh. Meastar go bhfuil an méid sin ina shiocair le hidirdhealú in aghaidh aeriompróirí de chuid AE atá bunaithe i gcríoch Bhallstáit ach atá faoi úinéireacht agus á rialú ag náisiúnaigh Ballstát eile.

Tá sé sin i gcontrárthacht le hAirteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena ráthaítear an chóir chéanna sa Bhallstát óstach do náisiúnaigh na mBallstát a bhfuil a saoirse bhunaíochta feidhmithe acu, leis an gcóir sin a thugtar do náisiúnaigh an Bhallstáit sin.

Tá tuilleadh saincheisteanna ann, amhail conarthaí tráchtála éigeantacha idir aerlínte i gcás inar cheart comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú trí na forálacha atá ann cheana i gcomhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha a leasú nó a chomhlánú.

Príomhfhorálacha an chomhaontaithe

Chun an breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais a chomhlíonadh agus i gcomhréir leis na sásraí agus na treoracha atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an “údarú cothrománach”, rinne an Coimisiún comhaontú a chaibidliú (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta) le Daon-Phoblacht na Síne (dá ngairtear “an tSín” anseo feasta) a thagann in ionad forálacha áirithe atá sna comhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha atá cheana ann idir na Ballstáit agus an tSín.

Le hAirteagal 2 den Chomhaontú, déantar na clásail ainmniúcháin sheanbhunaithe a ionadú le clásal ainmniúcháin de chuid AE, lena gceadaítear do gach iompróir AE tairbhiú den cheart bunaíochta. Le hAirteagal 4, réitítear coinbhleachtaí ionchasacha le rialacha iomaíochta an Aontais.

Ní dhéanfaidh an Comhaontú na forálacha atá i gcomhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha a leasú ná a chomhlánú ach amháin a mhéid is gá chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú. Glacann a fhorálacha ionad na bhforálacha atá cheana ann i 27 gcomhaontú aersheirbhísí déthaobhacha idir na Ballstáit agus an tSín nó déanann siad iad a chomhlánú.

Beidh an Comhaontú ina chuspóir bunúsach de bheartas seachtrach eitlíochta an Aontais trí chomhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha atá cheana ann a thabhairt i gcomhréir le dlí an Aontais.

Nós imeachta

Tá an chaibidlíocht bunaithe ar an “údarú cothrománach” arna dheonú ag an gComhairle agus na saincheisteanna a chumhdaítear le dlí an Aontais agus le comhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha á gcur san áireamh.

I gcomhréir le hAirteagal 218(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), rinne an Coimisiún an chaibidlíocht i gcomhairle le coiste speisialta. Chuathas i gcomhairle leis an earnáil tionsclaíochta chomh maith céanna le linn na caibidlíochta. Rinneadh na barúlacha a tugadh le linn an phróisis a chur san áireamh. Dheimhnigh na Ballstáit lena mbaineann cruinneas na dtagairtí a rinneadh do na comhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha. Chuir an earnáil tionsclaíochta béim ar a thábhachtaí atá bonn dlíthiúil fónta dá gcuid oibriúchán tráchtála.

Tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil i mí na Nollag 2017, síníodh an Comhaontú[1] an 20 Bealtaine 2019 sa Bhruiséil.

Chun an Comhaontú, thar ceann an Aontais, idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na tSíne maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí, a thabhairt chun críche, ní mór don Chomhairle toiliú Pharlaimint na hEorpa a bheith aici, mar a cheanglaítear le hAirteagal 218 CFAE.

I gcomhréir le Riail 105 agus Riail 114 (5), (7) agus (8) de rialacha nós imeachta na Parlaiminte, déanfaidh an coiste freagrach moladh a thíolacadh chun an gníomh atá molta a fhormheas nó a dhiúltú. Ansin glacfaidh an Pharlaimint cinneadh trí vótáil aonair, agus ní fhéadfar aon leasú ar an gcomhaontú a chur síos. Ní bheidh leasuithe i gcoiste inghlactha ach amháin má tá sé mar aidhm acu an moladh atá molta ag an rapóirtéir a fhreaschur.

Seasamh an Rapóirtéara

Iarmhairt dhíreach de chásdhlí na Cúirte Breithiúnais is ea an Comhaontú. Beidh sé ina chuspóir bunúsach de bheartas seachtrach eitlíochta an Aontais trí chomhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha atá cheana ann idir comhpháirtí tábhachtach an Aontais a thabhairt i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh.

I bhfianaise an mhéid sin thuas, molann an Rapóirtéir gur cheart do Choiste TRAN moladh fabhrach a thabhairt i leith thabhairt chun críche an Comhaontaithe.

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Dréachtchonradh idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí

Tagairtí

11033/2019 – C9-0049/2019 – 2018/0147(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

18.7.2019

 

 

 

An coiste freagrach

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

TRAN

16.9.2019

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Tomasz Piotr Poręba

3.9.2019

 

 

 

Dáta a ghlactha

3.12.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

43

0

0

Comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Massimo Casanova, Ciarán Cuffe, Johan Danielsson, Andor Deli, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, João Ferreira, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elena Kountoura, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Dominique Riquet, Cristian Terheş, Barbara Thaler, Petar Vitanov, Lucia Vuolo, Roberts Zīle

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Clotilde Armand, Tom Berendsen, Paolo Borchia, Carlo Fidanza, Michael Gahler, Ondřej Kovařík, Andrey Novakov, Anne-Sophie Pelletier

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Catherine Griset, Agnes Jongerius

 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

43

+

ECR

Carlo Fidanza, Peter Lundgren, Roberts Zīle

GUE/NGL

Elena Kountoura, Anne‑Sophie Pelletier, João Ferreira

ID

Paolo Borchia, Massimo Casanova, Catherine Griset, Philippe Olivier, Lucia Vuolo

NI

Mario Furore

PPE

Tom Berendsen, Andor Deli, Gheorghe Falcă, Michael Gahler, Jens Gieseke, Marian‑Jean Marinescu, Cláudia Monteiro de Aguiar, Andrey Novakov, Barbara Thaler, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska

RENEW

Clotilde Armand, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Ondřej Kovařík, Caroline Nagtegaal, Jan‑Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Andris Ameriks, Johan Danielsson, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Agnes Jongerius, Bogusław Liberadzki, Cristian Terheş, Petar Vitanov

VERTS/ALE

Ciarán Cuffe, Karima Delli, Anna Deparnay‑Grunenberg, Tilly Metz

 

0

-

 

 

 

0

0

 

 

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 13 Nollaig 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais