Nós Imeachta : 2019/0043(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0018/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0018/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

OJ 11/03/2020 - 31

Téacsanna arna nglacadh :


<Date>{29/01/2020}29.1.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0018/2020</NoDocSe>
PDF 178kWORD 58k

<TitreType>MOLADH</TitreType>     <RefProcLect>***</RefProcLect>

<Titre>ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró</Titre>

<DocRef>(06847/2019 – C9‑0138/2019 – 2019/0043(NLE))


</DocRef><Commission>{LIBE}An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Bettina Vollath</Depute>

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró

(06847/2019 – C9‑0138/2019 – 2019/0043(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06847/2019),

 ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró (06846/2019),

 ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 77(2), pointí (b) agus (d), Airteagal 79(2) pointe (c) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0138/2018),

 ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0018/2020),

1. ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Montainéagró.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

a. Cúlra

Tá sé mar aidhm leis an gCinneadh a mholtar ón gComhairle formheas a dhéanamh ar an gComhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Ghníomhaireacht’) i Montainéagró mar a fhoráiltear dó i Rialachán (AE) 2016/1624 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach. Tharla an chaibidlíocht ar an gComhaontú Stádais roimh an athbhreithniú ar shainordú na Gníomhaireachta agus roimh ghlacadh an Rialacháin nua maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach. Rialachán (AE) 2019/1896.

Foráiltear d’fhéidearthachtaí éagsúla le Rialachán (AE) 2016/1624 i dtaca le comhar a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht le tríú tíortha. Is é atá i gceist le comhaontú stádais ná creat atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur ar fáil d’oibríochtaí na Gníomhaireachta ina n-imlonnófaí baill foirne ag a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin go dtí críoch triú tír. Foráiltear go sainráite in Airteagal 54(4) de Rialachán (AE) 2016/1624, i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe go n-imlonnófaí foirne ón nGarda Teorann agus Cósta Eorpach go dtí tríú tír i ngníomhaíochtaí ina mbeadh cumhachtaí feidhmiúcháin ag na baill foirne, nó inar gá sin de thoradh gníomhaíochtaí eile i dtríú tíortha, go dtabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an triú tír atá i gceist.

Is é cuspóir an chomhaontaithe stádais ná creat atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur ar fáil ar cheart dó raon feidhme na hoibríochta a leagan amach, chomh maith leis na rialacha maidir le dliteanas sibhialta agus coiriúil, agus cúraimí agus cumhachtaí na mball foirne imlonnaithe. Ina theannta sin, ba cheart go ráthófaí leis na comhaontuithe stádais lánurraim do chearta bunúsacha agus ba cheart go ndéanfaí sásraí tiomnaithe chun gearáin a dhéanamh a bhunú leo, a d’úsáidfí i gcás ina mbeadh sáruithe déanta ar chearta bunúsacha le linn na n-oibríochtaí sin.

Tá an Comhaontú Stádais le Montainéagró ar ceann de roinnt comhaontuithe comhchosúla atá tugtha i gcrích le tíortha na mBalcán Thiar.

b. Seasamh an Rapóirtéara

Measann an Rapóirtéir go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfaí i gcrích comhaontuithe foirmiúla atá ceangailteach ó thaobh dlí faoi chuimsiú comhar idir an Ghníomhaireacht agus tríú tíortha - in ionad socruithe oibre neamhfhoirmiúla a thabhairt i gcrích - chun trédhearcacht, grinnscrúdú poiblí agus maoirseacht dhaonlathach i dtaca le comhar den sórt sin a áirithiú. Ba cheart aon chomhaontuithe den chineál sin, arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha maidir le comhar idir an Ghníomhaireacht agus an tríú tír sin a bhreithniú go cúramach, ba cheart go mbeadh breisluach don Aontas acu, agus géarghá a bheith leo agus ba cheart dóibh a bheith comhréireach de réir cuspóra agus ábhair.

Dá bhrí sin, tá géarghá le tabhairt i gcrích comhaontuithe stádais, ní hamháin d’fhonn trédhearcacht agus cuntasacht ghníomhaíochtaí comhair na Gníomhaireachta le tríú tíortha a áirithiú, ach d’fhonn creat soiléir a áirithiú le haghaidh comhar le tríú tíortha maidir le bainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh chomh maith.

Leis an gComhaontú Stádais a n-iarrtar ar an bParlaimint a toiliú a thabhairt dó, lamhálfaí d’oibríochtaí comhpháirteacha, mear-idirghabhálacha teorann agus/nó oibríochtaí um fhilleadh ar chríoch Montainéagró le rannpháirtíocht na Gníomhaireachta. Ní bhainfeadh na hoibríochtaí um fhilleadh ach amháin le náisiúnaigh tríú tír a d’fhillfí as an Aontas Eorpach go Montainéagró.

Faoi Airteagal 4 den Chomhaontú Stádais, ní mór plean oibríochtúil a chomhaontú do gach oibríocht chomhpháirteach nó mear-idirghabháil teorann. Ní mór go leagfaí amach aidhmeanna agus cuspóirí oibríochtúla an ghnímh sa phlean sin, agus go n-áireofaí forálacha maidir le cearta bunúsacha, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta.

Faoi Airteagal 6 den Chomhaontú Stádais, tá sé de chumhacht ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta aon ghníomh i Montainéagró a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, go háirithe “i gcásanna ina mbeadh sáruithe déanta ar chearta bunúsacha nó ar phrionsabal an non-refoulement nó ar rialacha maidir le cosaint sonraí.” Leagtar síos faoi Airteagal 7 den Chomhaontú Stádais rialacha mionsonraithe maidir le dliteanas coiriúil agus sibhialta na Gníomhaireachta agus a foirne i leith gníomhaíochtaí a thugtar fúthu i Montainéagró.

Is foráil maidir le cearta bunúsacha atá in Airteagal 9 den Chomhaontú Stádais lena gceanglaítear ar Bhaill den fhoireann (atá imlonnaithe chuig Montainéagró) “cearta agus saoirsí bunúsacha a urramú go hiomlán, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn, dínit an duine agus toirmeasc ar chéastóireacht, íde nó pionós eile atá cruálach, ceart chun saoirse, prionsabal an non-refoulement agus toirmeasc ar ionnarbadh comhchoiteann, cearta an linbh agus an ceart go ndéanfaí an saol príobháideach agus teaghlaigh a urramú.” Áirítear freisin leis an Airteagal sin go n-urramaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

Ó thaobh aon chaibidlíochtaí chun comhaontuithe stádais a bhunú amach anseo, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896, d’iarrfadh an Rapóirtéir ar an gCoimisiún dul i mbun measúnú maidir le cearta an duine ar an triú tír i dtrácht roimh dhul i mbun caibidlíochta agus toradh an mheasúnaithe sin a chur in iúl go pras do Pharlaimint na hEorpa.

Ina theannta sin, spreagfadh an Rapóirtéir an Coimisiún, ar mhaithe le trédhearcacht, agus chun lamháil don Pharlaimint measúnú cuí a dhéanamh ar chomhaontuithe stádais, chun gach doiciméad a bhfuil gá leis a chur ar fáil go pras ionas gur féidir leis an bParlaimint a cuid oibre institiúidí a dhéanamh agus nósanna imeachta ábhartha an toilithe i gcomhréir le Riail 99(1) agus (4), agus Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta a thionscnamh, lena n-áirítear na dréachtleaganacha de na comhaontuithe stádais sula dtabharfar i gcrích iad.

Ag tabhairt ar aird go bhfuil bhur Rapóirtéir ina Rapóirtéir freisin ar chomhaontuithe stádais eile de chineál comhchosúil, tugann sí faoi deara go bhfuil roinnt difríochtaí substainteacha i bhforálacha na gcomhaontuithe stádais éagsúla:

 Níl foráil le fáil maidir leis an ngá gan bearta a dhéanamh ar dócha go gcuirfidís imeachtaí coiriúla féideartha i mbaol ach i gceann amháin de na comhaontuithe stádais.

 Tá foclaíocht éagsúil sna comhaontuithe stádais maidir leis an gceart eisceachtúil atá ag Baill d’fhoireann na Gníomhaireachta chun feidhmiú thar ceann an tríú tír, rud as a bhféadfadh éiginnteacht dhlíthiúil eascairt.

 Ar an gcuma chéanna, níl an fhoclaíocht sa chlásal idirdhealaithe 100 % comhsheasmhach i ngach ceann de na trí Chomhaontú stádais.

 Maidir le dliteanas coiriúil, ní dhéantar soiléiriú ar chineál ceangailteach dheimhniú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin – i dtaobh ar tharla an cion cóiriúil líomhnaithe le linn don bhall foirne a bheith i mbun dualgas – i ngach comhaontú stádais.

 Tá difríochtaí sna comhaontuithe stádais maidir leis an oibleagáid atá ar Bhaill eile den fhoireann fianaise a thabhairt mar fhinnéithe in imeachtaí coiriúla.

Iarrann an Rapóirtéir ar an gCoimisiún agus ar an nGníomhaireacht tuairisciú ar ais go dtí an Pharlaimint go pras - ar bhealach fiúntach - ar aon deacrachtaí oibríochtúla nó éagsúlachtaí ar an láthair a thagann chun cinn mar thoradh ar na difríochtaí sin sa chreat dlíthiúil.

D’ainneoin go raibh an Comhaontú Stádais caibidlithe agus comhaontaithe faoi shainordú a bhí ag an nGníomhaireacht roimhe seo (Rialachán (AE) 2016/1624), tá an Rapóirtéir ag súil go gcloífear le forálacha uile Rialachán (AE) 2019/1896 agus an Comhaontú Stádais seo á chur chun feidhme, go sonrach a mhéid a bhaineann le hAirteagal 110(2).

Mar chonclúid, measann an Rapóirtéir go bhfuil an Comhaontú Stádais atá beartaithe comhsheasmhach leis an samhail-chomhaontú stádais dá bhforáiltear sa teachtaireacht ón gCoimisiún faoin ábhar agus na forálacha ar cheart iad a bheith ar áireamh sa chomhaontú deiridh.

Nuair a bheidh an comhaontú seo i gcéim a chur chun feidhme, iarrann Parlaimint na hEorpa go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht in iúl do Pharlaimint na hEorpa go pras cé na gníomhaíochtaí arna ndéanamh mar chuid de chur chun feidhme an Chomhaontaithe Stádais agus meabhraíonn sí don Ghníomhaireacht an dualgas atá uirthi measúnú ar an gcomhar le tríú tíortha a chur san áireamh ina tuarascálacha bliantúla i gcomhréir le hAirteagal 73(7) de Rialachán (AE) 2019/1896.

I bhfianaise a bhfuil thuasluaite, molann an Rapóirtéir don Pharlaimint téacs an dréacht-chinnidh ón gComhairle a fhormhuiniú.

 

 

AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró

Tagairtí

06847/2019 – C9-0138/2019 – 2019/0043(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

9.10.2019

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

LIBE

21.10.2019

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim uathu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AFET

21.10.2019

 

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

AFET

6.11.2019

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Bettina Vollath

4.9.2019

 

 

 

Pléite sa choiste

9.1.2020

28.1.2020

 

 

Dáta an ghlactha

28.1.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

43

9

0

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Konstantinos Arvanitis, Katarina Barley, Pietro Bartolo, Vladimír Bilčík, Ioan-Rareş Bogdan, Saskia Bricmont, Clare Daly, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Nicolaus Fest, Andrzej Halicki, Balázs Hidvéghi, Antony Hook, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Fabienne Keller, Peter Kofod, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Magid Magid, Roberta Metsola, Claude Moraes, Nadine Morano, Maite Pagazaurtundúa, Emil Radev, Paulo Rangel, Terry Reintke, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Sylwia Spurek, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Dragoş Tudorache, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Patrick Breyer, Delara Burkhardt, Lívia Járóka, Beata Kempa, Ondřej Kovařík, Kris Peeters, Karlo Ressler, Petar Vitanov

Dáta don chur síos

29.1.2020

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

43

+

ECR

Patryk Jaki, Beata Kempa, Jadwiga Wiśniewska

ID

Nicolaus Fest, Peter Kofod, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche

PPE

Vladimír Bilčík, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Balázs Hidvéghi, Lívia Járóka, Jeroen Lenaers, Roberta Metsola, Nadine Morano, Kris Peeters, Emil Radev, Paulo Rangel, Karlo Ressler, Ralf Seekatz, Tomas Tobé, Javier Zarzalejos

RENEW

Antony Hook, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Ondřej Kovařík, Maite Pagazaurtundúa, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache

S&D

Katarina Barley, Pietro Bartolo, Delara Burkhardt, Evin Incir, Juan Fernando López Aguilar, Claude Moraes, Birgit Sippel, Sylwia Spurek, Petar Vitanov, Bettina Vollath, Elena Yoncheva

 

9

-

GUE/NGL

Konstantinos Arvanitis, Clare Daly, Cornelia Ernst

VERTS/ALE

Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Alice Kuhnke, Magid Magid, Terry Reintke, Tineke Strik

 

0

0

 

 

 

 

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 31 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais