Tairiscint i gcomhair rúin - B8-0593/2018Tairiscint i gcomhair rúin
B8-0593/2018

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir leis an bplean gníomhaíochta nua i gcoinne na bréagnuachta

17.12.2018

de bhun Riail 133 de na Rialacha Nós Imeachta

Nicola Caputo

B8‑0593/2019

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an bplean gníomhaíochta nua i gcoinne na bréagnuachta

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  ag féachaint di do thíolacadh an ‘phlean gníomhaíochta’, a rinneadh an 5 Nollaig, chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus i gcoinne scaipeadh na bréagnuachta ar líne san Eoraip i bhfianaise na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa i mí na Bealtaine seo chugainn;

B.  ag féachaint di don imní atá ann go bhféadfadh tríú tíortha áirithe tionchar a imirt ar thoradh na dtoghchán Eorpach, mar a tharla in 2016 i dtoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe, sa reifreann maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, sna toghcháin san Fhrainc in 2017, agus, le deireanas, in go leor toghcháin thábhachtacha eile san Eoraip;

1.  Is díol sásaimh di an ‘plean gníomhaíochta’ sin ach iarrann sí ar an gCoimisiún na cistí atá ar fáil don tascfhórsa i gcoinne na bréagnuachta, atá faoi stiúir na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, a mhéadú agus ‘Córas mear-rabhaidh’ a chruthú a luaithe is féidir idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit, i riocht is go n-éascófaí comhroinnt sonraí agus an mheastóireacht ar ghnéithe neamhfhaisnéiseacha chun rabhadh a thabhairt go pras maidir le bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann.

An nuashonrú is déanaí: 16 Eanáir 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais