Tairiscint i gcomhair rúin - B8-0077/2019Tairiscint i gcomhair rúin
B8-0077/2019

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le Gníomhaireacht Eorpach a chur ar bun chun féiniúlacht agus cultúr na hEorpa a chur chun cinn

14.1.2019

de bhun Riail 133 de na Rialacha Nós Imeachta

Innocenzo Leontini

B8‑0077/2019

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Gníomhaireacht Eorpach a chur ar bun chun féiniúlacht agus cultúr na hEorpa a chur chun cinn

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí, d’uireasa tuiscint nithiúil ar bheith faoi scáth féiniúlacht choiteann agus gan ‘mórtas Eorpach’ a chur chun cinn, go bhfuil sé i ndán don Aontas a bheith ar díth thacaíocht na saoránach;

B.  ag leagan béime ar an ngá atá le tionscnaimh chomhchoiteanna maidir le cultúr agus oideachas, atá dírithe ar an ógra go háirithe, a chur chun cinn ar an leibhéal Eorpach;

C.  ag meabhrú di go leagtar an-tábhacht ar an gcultúr le Conradh Liospóin, ina dtagraítear go sonrach, i mbrollach an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE), don mian a thugtar ‘d’oidhreacht chultúrtha, chreidimh agus daonnachais na hEorpa’ a bheith ina spreagadh agus gur ceann de na cuspóirí tosaíochta a bhfuil an tAontas tiomanta dó ná urraim a thabhairt do ‘shaibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus cosaint agus forás oidhreacht chultúrtha na hEorpa a áirithiú’ (Airteagal 3 CAE);

D.  á chur san áireamh di go sonraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil sé de chumhacht ag an Aontas, i réimse an chultúir, ‘gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhfuil sé mar aidhm leo tacú le gníomhaíocht na mBallstát, í a chomhordú nó í a chur i gcrích’;

1.  Á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh chun an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir a thiontú ina Gníomhaireacht Eorpach um Chur Chun Cinn Fhéiniúlacht agus Cultúr na hEorpa, agus a chur de phríomhchúram ar an nGníomhaireacht athchóirithe sin feasacht a mhúscailt ar bheith ag maireachtáil i sibhialtacht ársa agus ar bheith ar an aon chonair.

 

An nuashonrú is déanaí: 29 Eanáir 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais