TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le margaí seandachtaí a chosaint
18.4.2019
Danilo Oscar Lancini, Mario Borghezio
B8‑0263/2019
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le margaí seandachtaí a chosaint
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí nach mór an luisneán ársa um margaí seandachtaí réad agus um dhíolachán réad athláimhe, a bhfuil a fhréamhacha sa Mheánaois agus i mórthraidisiún agus saoirse ré na bPobal, a urramú, a spreagadh agus a chosaint san Iodáil agus sa chuid eile den Eoraip;
B. de bhrí gurb ionann margaí seandachtaí agus sciar tábhachtach den olltáirgeacht intíre i mBallstáit aonair den Aontas Eorpach agus go bhfuil an claonadh chun seandachtaí onnmhairithe ag dul i leithne;
1. Á iarraidh ar an gCoimisiún plean Eorpach tacaíochta agus feabhais a ghlacadh, trí na meáin freisin, lena gcoinnítear an dé i dtraidisiún tábhachtach na margaí seandachtaí agus airnéisí i riocht is nach ligfí eagna na haimsire anallód i léig is go gcaomhnófaí oidhreacht bheoga ábhalmhór atá ina díol spéise ó thaobh na staire, na seandálaíochta, na healaíne, an cheoil, an mhíleatachais, na leabhareolaíochta agus na gcartlann de, agus é sin a dhéanamh trí bhíthin bearta um éascú cánach freisin.