Nós Imeachta : 2019/2817(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : B9-0038/2019

Téacsanna arna gcur síos :

B9-0038/2019

Díospóireachtaí :

PV 18/09/2019 - 7
CRE 18/09/2019 - 7

Vótaí :

PV 18/09/2019 - 9.6
CRE 18/09/2019 - 9.6
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2019)0016

<Date>{12/09/2019}12.9.2019</Date>
<NoDocSe>B9-0038/2019</NoDocSe>
PDF 169kWORD 51k

<TitreType>TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN</TitreType>

<TitreSuite>chun clabhsúr a chur ar an díospóireacht maidir leis an staid mar atá ó thaobh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach</TitreSuite>

<TitreRecueil>de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta</TitreRecueil>


<Titre>maidir leis an staid mar atá ó thaobh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach </Titre>

<DocRef>(2019/2817(RSP))</DocRef>


<RepeatBlock-By><Depute>Guy Verhofstadt</Depute>

<Commission>{ECON}Comhordaitheoir Brexit PE</Commission>

<Depute>Manfred Weber</Depute>

<Commission>{PPE}Cathaoirleach Ghrúpa PPE</Commission>

<Depute>Iratxe García Pérez</Depute>

<Commission>{S&D}Cathaoirleach Ghrúpa S&D</Commission>

<Depute>Dacian Cioloş</Depute>

<Commission>{Renew}Cathaoirleach Ghrúpa Athnuachan na hEorpa</Commission>

<Depute>Philippe Lamberts, Ska Keller</Depute>

<Commission>{Verts/ALE}Comhchathaoirligh Ghrúpa Verts/ALE</Commission>

<Depute>Martin Schirdewan, Manon Aubry</Depute>

<Commission>{GUE/NGL}Comhchathaoirligh Ghrúpa GUE/NGL</Commission>

<Depute>Antonio Tajani</Depute>

<Commission>{CONT}Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla</Commission>

</RepeatBlock-By>


B9-0038/2019

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an staid mar atá ó thaobh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach

(2019/2817(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an 7 Nollaig 2000 (‘an Chairt’), a fógraíodh an 12 Nollaig 2007 in Strasbourg, agus a tháinig i bhfeidhm le Conradh Liospóin i mí na Nollag 2009,

 ag féachaint don fhógra a thug Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe don Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017, i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

 ag féachaint dá rúin an 5 Aibreán 2017 maidir le caibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe, tar éis di fógra a thabhairt go bhfuil sé i gceist aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach[1], an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an staid mar atá sa chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe[2], an 13 Nollaig 2017 maidir leis an staid mar atá sa chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe[3], agus an 14 Márta 2018 ar an gcreat maidir le caidreamh AE-RA a bheidh ann amach anseo[4],

 ag féachaint do na Treoirlínte ón gComhairle Eorpach (Airteagal 50) an 29 Aibreán 2017 i ndiaidh fhógra na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 50 CAE agus don Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 ina leagtar síos na treoracha don chaibidlíocht comhaontaithe le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ina leagtar amach na socruithe dá tarraingt siar ón Aontas Eorpach,

 ag féachaint do na Treoirlínte ón gComhairle Eorpach (Airteagal 50) an 15 Nollaig 2017 agus don Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh ón gComhairle an 29 Eanáir 2018 lena bhforlíontar Cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíochtaí le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, maidir le comhaontú ina leagtar amach na socruithe dá tarraingt siar ón Aontas Eorpach,

 ag féachaint don Tuarascáil Chomhpháirteach ó idirbheartaithe an Aontais Eorpaigh agus ó Rialtas na Ríochta Aontaithe an 8 Nollaig 2017, maidir leis an dul chun cinn faoi chéim 1 de na caibidlíochtaí faoi Airteagal 50 CAE maidir le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach,

 ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag Tarraingt Siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, faoi mar a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach é an 25 Samhain 2018 (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) agus do na ráitis a rinneadh i miontuairiscí chruinniú na Comhairle Eorpaí an dáta sin,

 ag féachaint don Dearbhú Polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, mar a d’fhormheas an Chomhairle Eorpach é an 25 Samhain 2018 (‘an Dearbhú Polaitiúil’),

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach (Airteagal 50) an 13 Nollaig 2018,

 ag féachaint don Ráiteas Comhpháirteach lena bhforlíontar an Dearbhú Polaitiúil agus an Ionstraim i ndáil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar an 11 Márta 2019,

 ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/476 ón gComhairle Eorpach an 22 Márta 2019, arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE,

 ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle Eorpach an 11 Aibreán 2019, arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE,

 ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/642 ón gComhairle an 13 Aibreán 2019, lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 ón gComhairle an 11 Eanáir 2019, lenar údaraíodh síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, faoi réir a thabhairt i gcrích,

 ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí gur teagmhas gan fasach agus ábhar aiféala é ‘Brexit’ a ndéanfaí a n-iarmhairtí diúltacha a mhaolú le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe (RA) ón Aontas Eorpach (AE);

B. de bhrí go mbeidh RA agus AE fós ina ndlúthchomharsana agus go mbeidh a lán leasanna fós i gcoiteann acu; de bhrí go bhfuil an creat le haghaidh dlúthchaidreamh den sórt sin leagtha amach sa Dearbhú Polaitiúil, ar dá bhun is féidir na leasanna coiteanna sin a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhíthin caidreamh trádála nua;

C. de bhrí go ndéanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht do shaoránaigh AE, agus go ngníomhóidh sí chun a leasanna a chosaint, ar fud an phróisis ar fad as a dtiocfaidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe;

D. de bhrí go bhfuil thart ar 3.2 milliún saoránach de chuid na 27 mBallstát atá fágtha (AE-27) ina gcónaí faoi láthair in RA agus go bhfuil 1.2 milliún saoránach de chuid RA (‘saoránaigh Bhriotanacha’) ina gcónaí in AE-27; de bhrí go ndeachaidh na saoránaigh sin chun cónaí i mBallstát eile ar bhonn na gceart atá acu faoi dhlí AE, agus ar an tuiscint go leanfadh siad de na cearta sin a bheith acu ar feadh a saoil;

E. de bhrí, ina theannta sin, gurb ann do 1.8 milliún saoránach a rugadh i dTuaisceart Éireann agus, de bhua Chomhaontú Aoine an Chéasta, atá i dteideal saoránacht Éireannach agus, ar an gcaoi sin, atá i dteideal shaoránacht AE agus chearta saoránachta AE san áit ina bhfuil cónaí orthu;

F. de bhrí go bhfuil oibleagáid sháraitheach ag AE agus ag RA, mar Bhallstát atá ag tarraingt siar, cur chuige cuimsitheach agus cómhalartach a áirithiú chun cosaint a dhéanamh ar chearta saoránach AE atá ina gcónaí in RA, agus ar chearta saoránach Briotanach atá ina gcónaí in AE 27;

G. de bhrí, i ráitis a tháinig le déanaí ó Rialtas na Ríochta Aontaithe i bhfabhar beartas éagsúlachta rialála ón Aontas a shaothrú, go ndéantar amhras a tharraingt ar a dhlúithe a bheidh caidreamh eacnamaíoch AE-RA amach anseo;

H. de bhrí nach mór nach ndéanfadh tarraingt siar RA ó AE an próiseas síochána i dTuaisceart Éireann a chur i mbaol ar bhealach ar bith ná dochar a dhéanamh do gheilleagar oileán na hÉireann, rud a tharlódh dá ndéanfaí an teorainn idir Tuaisceart Éireann agus Éire níos crua agus ar ceapadh an cúlstop a comhaontaíodh sa Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an Ríocht Aontaithe agus AE, a cheapadh chun é a chosc i ngach cás;

I. de bhrí go n-aithnítear le Comhaontú Aoine an Chéasta ‘dlisteanacht cibé rogha a dhéanann tromlach mhuintir Thuaisceart Éireann gan aon bhac maidir lena stádas’;

J. de bhrí go n-áitíonn Rialtas na Ríochta Aontaithe, nach mór an cúlstop a bhaint den Chomhaontú um Tharraingt Siar ach, go dtí seo, nach bhfuil aon tograí a fheidhmeodh de réir an dlí curtha ar aghaidh aici a d’fhéadfadh teacht ina ionad;

K. de bhrí gur cosúil gurb é príomhthosaíocht beartais Rialtas na Ríochta Aontaithe ná pleanáil a dhéanamh le haghaidh ‘imeacht gan mhargadh’ agus go gcreideann cuid de na comhaltaí de Rialtas na Ríochta Aontaithe, gurbh é ‘imeacht gan mhargadh’ an toradh is fearr a d’fhéadfadh teacht as próiseas na tarraingthe siar ag RA ó AE;

L. de bhrí go bhfuil sé ráite ag Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, gur ‘cliseadh ar státaireacht’ a bheadh i ‘Brexit gan mhargadh’;

M. de bhrí, i gcomhréir leis an Ionstraim Chomhpháirteach a bhaineann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a comhaontaíodh an 11 Márta 2019, ar áitiú RA, go nglactar leis san obair chomhpháirteach maidir le socruithe malartacha go ndéanfaí an Comhaontú um Tharraingt Siar a dhaingniú;

N. de bhrí go ndéanfadh tarraingt siar RA ó AE gan mhargadh damáiste an-mhór don dá pháirtí ó thaobh an gheilleagair de, mar a léirítear le figiúirí oifigiúla agus i dtuarascálacha ó Rialtas RA, is díréireach méid an damáiste eacnamaíoch a dhéanfaí do RA, lena n-áirítear a chríocha thar lear;

O. de bhrí go bhfuil aontacht institiúidí AE agus AE-27 fíorthábhachtach go fóill agus go ndéanfar í a choinneáil;

An Comhaontú um Tharraingt Siar agus an Dearbhú Polaitiúil

1. Creideann sí gur an-mhór chun leasa do RA, agus do AE, é go dtarlódh tarraingt siar RA ó AE ar dhóigh ordúil;

2. Creideann sí go fóill go bhfuil an Comhaontú um Tharraingt Siar, ós rud é go bhfágann sé gur féidir le RA imeacht ó AE ar an mbealach ordúil sin, atá cothrom agus cothromaithe, agus go dtugtar lánurraim leis do ‘línte dearga’ RA agus do phrionsabail AE araon;

3. Tugann sí dá haire gurb é luach an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar go dtugann sé deimhneacht dhlíthiúil do na daoine uile a ndeánfaidh tarraingt siar RA ó AE difear dóibh agus, a oiread is féidir, go bhfuil an méid seo a leanas ann:

 coimircí do chearta agus roghanna saoil shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu in RA agus do chearta agus roghanna saoil saoránach Briotanach a bhfuil cónaí orthu in AE-27,

 an cúlstop maidir leis an teorainn idir Éire agus Tuaisceart Éireann lena ndéanfar, in éagmais réitigh chomhaontaithe i gcomhthéacs comhaontú a bheidh ann amach anseo nó socruithe malartacha oibríochtúla lena dtabharfaí na ráthaíochtaí céanna, Comhaontú Aoine an Chéasta agus próiseas síochána Thuaisceart Éireann a chosaint agus ‘cruachan’ na teorann a sheachaint, agus, sa chaoi sin, lena dtacófar leis an gcomhar Thuaidh-Theas agus le geilleagar an oileáin uile, agus lena ndéanfar sláine mhargadh inmheánach AE a ráthú chomh maith,

 foráil do shocrú airgeadais aonair le RA, lena n-áirítear na dliteanais uile a thagann as ceangaltais gan íoc agus foráil maidir le míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe, dliteanais theagmhasacha agus costais airgeadais eile a thagann go díreach as tarraingt siar RA,

 mar a d’iarr RA, agus d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus leanúnachas a áirithiú, chomh maith le ham chun  caidreamh AE-RA a bheidh ann amach anseo a chaibidil, idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2020 a bhféadfar síneadh ama suas le dhá bhliain a chur léi,

 aghaidh á tabhairt ar shaincheisteanna eile deighilte lena gceadófar tarraingt siar rianúil RA ó AE,

 forálacha rialachais lena ndéantar ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) a choimirciú i dtaca le léirmhíniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, de réir mar is iomchuí;

4. ag tabhairt dá haire nach dtiocfaidh aon athrú ar na roghanna bunúsacha atá agus a bheidh os comhair na Ríochta Aontaithe i ndáil leis an teorainn idir Éire agus Tuaisceart Éireann, gan beann ar cibé rialtas a bheidh i gcumhacht; ag meabhrú di go ndearna Rialtas na Riochta Aontaithe an chéad togra de chuid AE maidir le cúlstop i gcás Thuaisceart Éireann amháin a dhiúltú, agus gur iarr sé ina dhiaidh sin go ndéanfaí é a athdhearadh san fhoirm atá anois le fáil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar; ag léiriú a hullmhacht chun filleadh ar chúlstop i gcás Thuaisceart Éireann amháin ach ag cur i bhfáth nach dtabharfaidh sí toiliú do Chomhaontú um Tharraingt Siar d’uireasa chúlstop;

5. ag tabhairt dá haire go dtacaíonn tromlach mór de na páirtithe polaitiúla a bhfuil ionadaíocht acu i gComhthionól Thuaisceart Éireann leis an gcúlstop agus, de réir suirbhéanna a rinneadh le déanaí, go dtacaíonn tromlach na saoránach i dTuaisceart Éireann leis;

6. ag meabhrú di nach n-úsáidfear an cúlstop ach mar rogha dheiridh amháin agus ag cur in iúl gur díol sásaimh di na bearta uile a dhéanann é sin a shoiléiriú; ag cur in iúl gur díol sásaimh di go háirithe, mar a fhoráiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar féin, go mbeidh obair agus infheistíocht dírithe ar scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí, ar deireadh, socruithe malartacha don teorainn, bunaithe ar theicneolaíochtaí nua, a úsáid amach anseo chun a áirithiú nach mbeidh teorainn chrua ar oileán na hÉireann;

7. ag tabhairt dá haire nach bhfuil na socruithe malartacha sin inghlactha ach amháin má bhíonn sé indéanta leo bonneagar fisiciúil ag an teorainn nó seiceálacha agus rialuithe gaolmhara a sheachaint, chun geilleagar an oileáin uile a chosaint, chun Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint, lena n-áirítear na coinníollacha is gá a choimeád le haghaidh comhar leanúnach Thuaidh-Theas, agus chun sláine mhargadh inmheánach AE a áirithiú;

8. ag creidiúint go bhfuil sé de dhualgas ar an Ríocht Aontaithe teacht chun cinn le tograí scríofa do shocruithe malartacha den sórt sin atá go hiomlán oibríochtúil, a dhéileálann go cuimsitheach leis na seiceálacha agus leis na rialuithe uile a dhéantar ag teorainn sheachtrach AE, atá comhsheasmhach le mír 43 agus le mír 49 den Tuarascáil Chomhpháirteach an 8 Nollaig 2017, agus lenar féidir aon éagsúlacht rialála amach anseo idir an Ríocht Aontaithe agus AE a chur san áireamh leo; ag cur in iúl gur oth léi nár chuir Rialtas na Ríochta Aontaithe tograí oibríochtúla dleathacha chun cinn go dtí seo a d’fhéadfaí a chur in ionad an chúlstop, d’ainneoin ráitis ó roinnt dá chomhaltaí maidir le socruithe malartacha a bheith ar fáil;

9. ag tabhairt dá haire go bhfuil an Dearbhú Polaitiúil, ina leagtar amach an creat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir AE agus an Ríocht Aontaithe, i gcomhréir leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2018 maidir leis an gcreat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir AE agus an Ríocht Aontaithe, ag iarraidh comhaontú comhlachais mar aon leis an ionchur mionsonraithe óna choistí, agus go léirítear ann na roghanna a rinne an Ríocht Aontaithe maidir le raon feidhme agus doimhneacht an chaidrimh a bheidh aici amach anseo le AE;

10. ag léiriú go bhfuil sí toilteanach an Dearbhú Polaitiúil a thiontú ina dhoiciméad de chineál níos foirmiúla agus níos dlíthiúla, ina leagfaí amach an aidhm atá ann comhaontú comhlachais idir AE agus an Ríocht Aontaithe a bhunú, ar comhaontú é a bheadh chomh dlúth sin, fiú mura mbeadh aon socruithe malartacha inmharthana ann, nach mbeadh gá leis an gcúlstop a imscaradh;

Gan mhargadh

11. ag meabhrú di, i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, in éagmais comhaontú nó síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 50(3) CAE, go scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 1 Samhain 2019;

12. ag cur i bhfáth gurbh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe a bheadh an fhreagracht go hiomlán dá dtarraingeodh an Ríocht Aontaithe siar ón Aontas gan comhaontú a bheith ann; ag tabhairt le fios chomh maith leis sin na himpleachtaí a bheadh ag ‘imeacht gan mhargadh’ den sórt sin ar an teorainn idir Tuaisceart Éireann agus Éire, mar aon leis na himpleachtaí ar oibríocht agus ar chur chun feidhme Chomhaontú Aoine an Chéasta;

13. ag tabhairt dá haire an cur i gcoinne láidir i dTeach na dTeachtaí, agus ar bhonn níos forleithne, don chinneadh maidir le Parlaimint na Ríochta Aontaithe a dhíscor go dtí an 14 Deireadh Fómhair 2019, rud lena ndéantar an fhéidearthacht maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas gan chomhaontú níos dóchúla;

14. ag cur in iúl gur díol sásaimh di, idir an dá linn, na bearta pleanála ullmhachta agus teagmhais le haghaidh cás ‘gan mhargadh’ arna nglacadh ag institiúidí AE agus ag AE-27; ag tabhairt dá haire go bhfuil siad aontaobhach, ar mhaithe le leas AE agus gur de chineál sealadach iad; ag cur i bhfios chomh maith leis sin, nach bhfuil na héifeachtaí céanna acu agus atá ag comhaontú lena gceadaítear tarraingt siar atá ordúil, ná nach ndéantar leo na tairbhí atá le baint as ballraíocht AE, ná na téarmaí d’aon idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar a mhacasamhlú; ag cur in iúl gur díol sásaimh di na tograí is déanaí a thíolaic an Coimisiún an 4 Meán Fómhair 2019 agus geallann sí go ndéileálfaidh sí leo a luaithe is féidir agus d’fhonn, go háirithe maidir le cúnamh airgeadais a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, a áirithiú go gcoinneofar na hualaigh a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin chomh híseal agus is féidir;

15. ag tabhairt dá haire nach féidir idirthréimhse a bheith ann in éagmais an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar ná aon ‘mhionsocruithe’ a cuireadh ar bun chun cabhrú leis an suaitheadh de thoradh tharraingt siar mí-ordúil na Ríochta Aontaithe ón Aontas a mhaolú;

16. ag cur i bhfáth nach dtarlóidh caibidlíochtaí breise idir AE agus an Riocht Aontaithe tar éis don Riocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas gan mhargadh, ach amháin ar choinníoll go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí agus a gealltanais i ndáil le cearta na saoránach, leis an socrú airgeadais agus le Comhaontú Aoine an Chéasta ina chodanna uile a chomhlíonadh;

17. ag tabhairt dá haire go mbeidh oibleagáidí airgeadais agus oibleagáidí eile na Ríochta Aontaithe fós ann i gcás ‘imeacht gan mhargadh’; á dhearbhú i gcás den sórt sin go ndiúltóidh sí toiliú a thabhairt d’aon chomhaontú nó d’aon comhaontuithe idir AE agus an Ríocht Aontaithe ach amháin má chomhlíonann, agus go dtí go gcomhlíonfaidh, an Ríocht Aontaithe a gealltanais;

18. ag meabhrú di, nuair a bheidh gealltanais den sórt sin comhlíonta, go mbeidh gá le cosaintí láidre agus le forálacha cothroime iomaíochta sna caibidlíochtaí maidir leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, d’fhonn margadh inmheánach AE a chosaint, agus chun go seachnófar gnólachtaí AE a bheith á gcur faoi mhíbhuntáiste ionchasach éagórach ó thaobh na hiomaíochta de; ag athdhearbhú di, ina leith sin, na coinníollacha a leagtar amach ina rún an 14 Márta 2018, go háirithe maidir le hardleibhéil cosanta comhshaoil, fostaíochta agus tomhaltóra a áirithiú; ag tabhairt dá haire nach ndéanfadh Parlaimint na hEorpa daingniú ar aon chomhaontú saorthrádála a mhainníonn leibhéil chosanta den sórt sin a urramú;

19. ag meabhrú di go bhfuil cosaint na gceart agus na roghanna saoil, lena n-áirítear an stádas fostaíochta agus teidlíochtaí sóisialta shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe, agus na saoránach Briotánach a bhfuil cónaí orthu in AE-27, fós mar chéad tosaíocht aici agus gur cheart gach iarracht a dhéanamh chun féachaint lena áirithiú nach ndéanfaidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas difear do na saoránaigh sin;

20. ag cur a himní in iúl maidir le cur chun feidhme Scéim Réiteach na Ríochta Aontaithe agus leis an ardleibhéil iarratasóirí, suas le 42 % nár tugadh dóibh ach amháin stádas réamh-lonnaithe, de réir na bhfigiúirí oifigiúla is déanaí ón Ríocht Aontaithe; ag meabhrú di gur féidir é sin a sheachaint má roghnaíonn an Ríocht Aontaithe nós imeachta riaracháin atá dearbhaitheach ina chineál agus lena gcuirfear ualach an chruthúnais ar údaráis na Ríochta Aontaithe i gcás go ndéanfar an dearbhú a agóid; á áitiú ar an Ríocht Aontaithe, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar a cur chuige;

21. á mholadh don Ríocht Aontaithe agus do AE-27 bearta a ghlacadh lena dtugtar deimhneacht dhlíthiúil do shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe, agus do shaoránaigh Bhriotanacha a bhfuil cónaí orthu in AE-27; ag meabhrú di a seasamh gur cheart do AE-27 cur chuige atá comhsheasmhach agus flaithiúil a shaothrú chun cearta na saoránach Briotánach a bhfuil cónaí orthu sna Ballstáit sin a chosaint;

22. ag cur in iúl gur cúis mhór imní di na fógraí contrártha ón Oifig Gnóthaí Baile le déanaí, maidir le saorghluaiseacht tar éis an 31 Deireadh Fómhair 2019, ar fógraí iad a chruthaigh éiginnteacht atá thar a bheith neamhchuidiúil do shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe, agus go bhfuil an baol ann go bhféadfadh na fógraí sin an timpeallacht naimhdeach ina leith a ghríosú, chomh maith le tionchar diúltach a imirt ar a gcumas na cearta atá acu a fhorfheidhmiú;

23. ag meabhrú di go bhfuil a lán saoránach Briotánach tar éis cur go láidir i gcoinne chailliúint na gceart atá acu faoi láthair de bhun Airteagal 20 CFAE; á mholadh go ndéanfadh AE-27 mionscrúdú ar conas a d’fhéadfaí é sin a mhaolú laistigh de theorainneacha dhlí príomha AE, fad is a dhéanfaí prionsabail na cómhalartachta, an chothromais, na siméadrachta agus an neamh-idirdhealaithe a chomhlíonadh go hiomlán;

Síneadh a chur le tréimhse Airteagal 50

24. ag tabhairt dá haire go ndearnadh Acht ó Pharlaimint na Ríochta Aontaithe a achtú an 9 Meán Fómhair 2019, lena gcuirtear d’oibleagáid ar Rialtas na Ríochta Aontaithe síneadh a iarraidh mura dtagtar ar chomhaontú le AE faoin 19 Deireadh Fómhair 2019;

25. ag léiriú go dtacódh sí le síneadh a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50, má tá cúiseanna agus cuspóir ann do shíneadh den sórt sin (amhail chun ‘imeacht gan mhargadh’ a sheachaint, toghchán ginearálta nó reifreann a thionól, Airteagal 50 a chúlghairm, nó comhaontú um tharraingt siar a fhormheas) agus i gcás nach ndéanfar dochar do shaothar agus d’fheidhmiú institiúidí AE;

26. ag meabhrú di nach leanfaidh sí ar aghaidh le haon vóta maidir le toiliú go dtí go mbeidh Parlaimint na Ríochta Aontaithe tar éis teacht ar chomhaontú le AE;

°

° °

27. ag tabhairt dá haire cinneadh Rialtas na Ríochta Aontaithe, sna himthosca reatha, gan Coimisinéir is iarrthóir a cheapadh don chéad Choimisiún Eorpach eile, ná ionadaithe ón Ríocht Aontaithe a chur chuig cruinnithe áirithe de chuid AE ón 1 Meán Fómhair 2019; ag cur i bhfáth nach ndéanfaidh sé sin difear do chumas institiúidí AE feidhmiú go rianúil, agus ag athdhearbhú, chomh fada agus a bhaineann le Parlaimint na hEorpa, go leanfaidh Comhaltaí na Ríochta Aontaithe de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) de bheith ina bhFeisirí a mbeidh a gcearta agus a n-oibleagáidí go léir slán, go dtí go dtarlóidh tarraing siar na Ríocht Aontaithe ón Aontas; ag meabhrú di, fad agus a bheidh sí fós ina Ballstát, go leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith ag tairbhiú de na cearta atá aici agus go mbeidh sí faoi cheangal na n-oibleagáidí atá uirthi de bhun na gConarthaí, lena n-áirítear prionsabal an chomhair dhílis;

°

° °

28. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh, chuig an gCoimisiún, chuig parlaimintí na mBallstát agus chuig Rialtas na Ríochta Aontaithe.

 

 

[1] IO C 298, 23.8.2018, lch. 24.

[2] IO C 346, 27.9.2018, lch. 2.

[3] IO C 369, 11.10.2018, lch. 32.

[4] IO C 162, 10.5.2019, lch. 40.

An nuashonrú is déanaí: 16 Meán Fómhair 2019Fógra dlíthiúil