Nós Imeachta : 2019/2817(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : B9-0039/2019

Téacsanna arna gcur síos :

B9-0039/2019

Díospóireachtaí :

PV 18/09/2019 - 7
CRE 18/09/2019 - 7

Vótaí :

PV 18/09/2019 - 9.6
CRE 18/09/2019 - 9.6
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :


<Date>{12/09/2019}12.9.2019</Date>
<NoDocSe>B9‑0039/2019</NoDocSe>
PDF 131kWORD 52k

<TitreType>TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN</TitreType>

<TitreSuite>chun an díospóireacht maidir leis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a fhoirceannadh </TitreSuite>

<TitreRecueil>de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta</TitreRecueil>


<Titre>maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE </Titre>

<DocRef>(2019/2817(RSP))</DocRef>


<RepeatBlock-By><Depute>Gunnar Beck</Depute>

<Commission>{ID}thar ceann an Ghrúpa um Chéannacht agus Daonlathas</Commission>

</RepeatBlock-By>


B9‑0039/2019

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE

(2019/2817(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don chinneadh saor agus daonlathach a rinne muintir na Breataine an 23 Meitheamh 2016,

 ag féachaint dá rún an 5 Aibreán 2017 maidir leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe tar éis a fógra go bhfuil sé i gceist aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach[1] agus dá rún an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le staid na caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe[2],

 ag féachaint do na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2019 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach,

 ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí gur vótáil 51.8 % de vótálaithe na Ríochta Aontaithe (17.4 milliún duine) an 23 Meitheamh 2016 chun an tAontas Eorpach a fhágáil — beagnach díreach an céatadán céanna de vótaí lenar toghadh Ursula von der Leyen ina hUachtarán ar an gCoimisiún Eorpach;

B. de bhrí go scoirfidh aon oibleagáidí airgeadais atá ag an Ríocht Aontaithe i leith AE  – agus vice-versa – mar a éilítear sa dlí idirnáisiúnta, ag deireadh na tréimhse fógra faoi Airteagal 50, mura gcomhaontófar a mhalairt;

C. de bhrí go bhfuil an Ríocht Aontaithe ar cheann de na glan-ranníocóirí is mó san Aontas agus go bhfuil an Ríocht Aontaithe ina ranníocóir glan in aghaidh gach bliana dá ballraíocht (seachas 1975);

D. de bhrí gur aontas custaim le comhtharaif sheachtrach is ea an tAontas Eorpach agus, dá bharr sin, nach limistéar saorthrádála é;

E. de bhrí gur club é AE a bhfuil ar intinn aige sochair a sholáthar do na Ballstáit atá i dteideal imeacht, ina ainneoin sin, má cheapann siad gur mó ualach na ballraíochta ná na sochair;

F. de bhrí go bhfuil tarraingt siar ordúil ag brath, ní hamháin ar mheon na Ríochta Aontaithe, ach ar dhea-thoil an Aontais agus na ngníomhaithe atá i mbun caibidlíochta thar a cheann;

G. de bhrí nár thacaigh tromlach parlaiminteach sa Ríocht Aontaithe leis an gcomhaontú um tharraingt siar atá á thairiscint ag AE agus, dá bhrí sin, nár éirigh leis teacht ar réiteach ar an bhféidearthacht tarraingt siar neamhrialáilte a bheith ann;

1. ag meabhrú di go bhfuil urraim do phrionsabail an daonlathais agus na héagsúlachta náisiúnta ar cheann de luachanna bunaidh Chonarthaí AE;

2. ag meabhrú d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit gan aird a thabhairt ar na prionsabail sin agus, ina ionad sin, an cinneadh daonlathach a rinne dēmoi na Breataine a urramú;

3. ag tacú go láidir leis an smaoineamh comhar idir-rialtasach idir Stáit uile na hEorpa a chumasú agus gnás a dhéanamh de – go deimhin, ba mar thoradh ar an gcomhar sin a bunaíodh an tAontas Eorpach;

4. ag tabhairt dá haire gur léirigh institiúidí AE gur spéis leo le fada raon feidhme a chuid inniúlachtaí a leathnú chun níos mó ná smaoineamh bunaidh ‘Eoraip na náisiún’, de réir mar a bhí ceaptha ag Charles de Gaulle, a chuimsiú;

5. den tuairim gurb ionann prionsabal na coimhdeachta agus an coincheap ‘Eoraip na náisiún’ agus go mbeadh sé ina chonstaic dhosheachanta ar chlaontaí ró-fhorleathan an láraithe agus na ró-rialála; faoi dhíomá go bhfuil neamhaird, treascairt agus lagú déanta ag an gCoimisiún agus ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar phrionsabal na coimhdeachta; ag cur i bhfáth an gá atá ann le prionsabal na coimhdeachta a athbheochan; á iarraidh go dtabharfaí ar ais inniúlachtaí áirithe chuig na Ballstáit;

6. ag cur in iúl gur díol sásaimh di traidisiúin dhaonlathacha bheoga i mBallstáit áirithe, ar traidisiúin iad a léiríonn freagairt i gcoinne threocht thubaisteach an láraithe;

7. á mheas gur rogha dhlisteanach do Bhallstát é toradh reifrinn na Ríochta Aontaithe cúl a thabhairt le ‘aontas buandlúite’;

8. den tuairim nach dtéann imeacht na Ríochta Aontaithe chun tairbhe na Ríochta Aontaithe amháin ach go dtéann sé chun tairbhe na mBallstát go léir, toisc go léiríonn sé go soiléir nach rud buan atá i mballraíocht AE agus gur rogha dhaonlathach í a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta;

9. den tuairim gur cheart aon socruithe nua idir an Ríocht Aontaithe atá ag imeacht agus an chuid eile den Aontas Eorpach a leagan amach ar bhonn cómhalartach, ós rud é go dtiocfadh doicheall agus fadhbanna amach anseo as rud ar bith eile;

10. in amhras go ndearnadh an Comhaontú um Tharraingt Siar a dhréachtú ar bhealach a áirithíonn cómhalartacht idir AE agus an Ríocht Aontaithe; maidir le mainneachtain Theach na dTeachtaí an Comhaontú um Tharraingt Siar a dhaingniú agus tromlach parlaiminte a fháil, ag cur i bhfáth gur léir nach léirítear leasanna na Ríochta Aontaithe go leormhaith sa Chomhaontú;

11. ag urramú, dá bhrí sin, rún dearbhaithe Boris Johnson an tAontas a fhágáil gan comhaontú um tharraingt siar mar bheart na rogha deiridh;

12. ag cur i bhfáth gur mhó an tairbhe a bhainfeadh saoránaigh, tomhaltóirí agus fiontair an Aontais as aon chomhaontú um tharraingt siar a bheith comhaontaithe go frithpháirteach;

13. ag tabhairt le fios gur chuir mainneachtain comhaontú um tharraingt siar atá inghlactha go frithpháirteach a chaibidliú folláine eacnamaíoch na milliún duine san Aontas i mbaol; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart na gníomhairí atá freagrach as caibidlíocht an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a thabhairt chun cuntasachta mura n-éiríonn leis na páirtithe comhaontú um tharraingt siar atá inghlactha go frithpháirteach a thabhairt chun críche; á iarraidh ar Michel Barnier, arb é ba chúis, ina cháil mar idirbheartaí an Aontais maidir le Brexit, le míonna díobhálacha éiginnteachta eacnamaíche agus polaitiúla lena sheasamh docht agus teaicticí naimhdeacha idirbheartaíochta, éirí as oifig láithreach;

14. amhrasach maidir leis an tairbhe a d’fhéadfadh a bheith le baint as síneadh eile;

15. ag cur i bhfios go láidir gur léirigh torthaí an reifrinn gur mian le muintir na Breataine an tAontas a fhágáil; á mheas gurbh fhearr  Brexit gan mhargadh agus aistriú chuig rialacha EDT sa chaidreamh idir  AE agus an Ríocht Aontaithe ná neamhaird a thabhairt ar thoil an phobail;

16. á áitiú nár cheart a thuilleadh moille a dhéanamh i dtaca le cineálacha nua dea-chomhair a chaibidliú idir AE agus an Ríocht Aontaithe ionas go bhféadfadh comhaontú den sórt sin teacht i bhfeidhm a luaithe is féidir;

17. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig Rialtas na Ríochta Aontaithe.

 

[1]IO C 298, 23.8.2018, lch. 24.

[2]IO C 346, 27.9.2018, lch. 2.

An nuashonrú is déanaí: 16 Meán Fómhair 2019Fógra dlíthiúil