Accession of Gabon to the 1980 Hague Convention on the Civil Aspects of International Child Abduction (A8-0007/2015 - Heidi Hautala)
Liadh Ní Riada (GUE/NGL), scríofa. — Chaith mise vóta i bhfabhar aontachas na Gabúine le Coinbhinsiún Apastaile na Háige mar go gcabhróidh an togra seo leis na húdaráis na páistí sin a tugadh chun siúil go héagórach a thabhairt ar ais. Cabhróidh an togra seo le gnéithe atá bainteach le coinbhleacht dlí chomh maith.
Cuirfidh sé seo réiteach pragmatach ar fáil i gcásanna inar tógadh páistí ó thír amháin go tír eile gan cead faighte, ar a laghad, ó cheann amháin de na tuismitheoirí. Mar aon leis sin, is é an príomhphrionsabal den togra seo ná chun a chinntiú gurb é leas an pháiste an rud is tábhachtaí in aon imeacht dlíthiúil. Creidim gur chóir dó seo a bheith mar thosaíocht i gcónaí.
Sin an fáth go raibh sé tábhachtach domsa mo thacaíocht a thabhairt don togra seo.