Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Tuarascáil focal ar fhocal na n-imeachtaí
Dé Máirt, 29 Bealtaine 2018 - Strasbourg Eagrán athbhreithnithe

2021-2027 Multiannual Financial Framework and own resources (debate)
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada (GUE/NGL). – A Uachtaráin, caithfidh mé a rá go bhfuilim an-bhuartha mar gheall ar an tslí chun tosaigh atá léirithe ag an gCoimisiún don Aontas Eorpach leis an togra don chéad bhuiséad fadtéarmach eile. Tá tosaíochtaí an Choimisiúin soiléir. Ciorruithe dosna cláir le torthaí sóisialta - an Ciste Comhtháthaithe agus maoiniú i dtaobh forbairt tuaithe, mar shampla; agus méaduithe ar chláir mhíleata agus athchóirithe struchtúracha.

Cuireann an buiséad fad-téarmach seo béim ar bhagairtí seachtracha agus molann sé caiteachas míleata gan fasach roimhe seo. Bogadh a chuirfidh deireadh le neodracht na mBallstát ar nós Éire, agus a chuirfidh ceann de phrionsabail bunaithe an Aontais Eorpaigh bunoscionn. Tá an Eoraip faoi bhagairt, áfach. Tá an Eoraip faoi bhagairt ón éagothroime atá ag ardú, ó sheirbhísí sóisialta tearcmhaoinithe, ó dhífhostaíocht, ó éigeandálaí daonnúla, agus gan amhras, ó athrú aeráide.

Go bunúsach, a Choimisinéir, is aistriú níos faide ó Eoraip atá bunaithe go sóisialta, a chuireann síocháin agus slándáil eacnamaíochta chun cinn, atá le feiscint insan mbuiséad fadtéarmach seo. Is é fís an Choimisiúin don Eoraip ná Eoraip ina mbeidh níos lú maoinithe dhírigh, agus níos mó ionstraimí airgeadais. Níos lú tacaíochta, níos lú dlúthpháirtíochta, agus níos mó dár n-airgead caite ar ábhair mhíleata. Mínigh é seo dár bhfeirmeoirí, a Choimisinéir.

 
An nuashonrú is déanaí: 21 Meán Fómhair 2018Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais