Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Díospóireachtaí
Dé Máirt, 15 Eanáir 2019 - Strasbourg Eagrán athbhreithnithe

Assessing how the EU budget is used for public sector reform (A8-0378/2018 - Brian Hayes)
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada (GUE/NGL). – A Uachtaráin, is é Brian Hayes, Fine Gael, údar na tuarascála seo agus iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach ról níos lárnaí a imirt i riaracháin phoiblí na mBallstát. Tá sé seo in ainneoin nach bhfuil aon inniúlachtaí dlíthiúla ag AE i dtéarmaí riaracháin phoiblí náisiúnta.

Léiríonn an staidéar go soiléir conas a úsáideann an Coimisiún buiséad AE chun a thionchar a leathnú. Níl sé de chumhacht ag an gCoimisiún na Ballstáit a athchóiriú i dtaobh a gcuid riarachán poiblí náisiúnta. Mar sin, úsáideann an Coimisiún buiséad AE chun dreasachtaí airgeadais a thabhairt do thíortha a chuireann athchóirithe i bhfeidhm agus tá sé beartaithe acu €25 bhilliún a úsáid as seo sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile.

In Éirinn, tá a fhios againn go bhfuil an baol ann go nglactar le leasuithe ón gCoimisiún. Deir an tuarascáil gur cheart dúinn beartais a sheachaint a laghdaíonn pá agus polasaithe go sóisialta, ach is iad seo polasaithe cruinn atá ag Fine Gael agus Fianna Fáil agus ag an gCoimisiún Eorpach. Má thugaimid níos mó cumhachta don Choimisiún, feicfimid níos mó de na polasaithe seo agus sin í an chúis go bhfuil Fine Gael ag tacú leis seo.

 
An nuashonrú is déanaí: 15 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais