Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Díospóireachtaí
Dé Máirt, 15 Eanáir 2019 - Strasbourg Eagrán athbhreithnithe

Establishing the InvestEU Programme (debate)
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada (GUE/NGL). – A Uachtaráin, déarfainn leis an gCoimisinéir go bhfuilimid tar éis imeacht ón Juncker Plan go dtí an EFSI go dtí FC1 go dtí FC2 agus anois tá ainm nua againn, InvestEU.

Ach i ndairíre, cé go bhfuil an t-ainm difriúil tá an bunphrionsabal mar an gcéanna agus an infheistíocht dírithe i dtreo infheistíocht phríobháideach a mhealladh seachas infheistíocht phoiblí. Ní bheinnse dóchasach go bhfuil an infheistíocht chun imeacht go dtí an earnáil phoiblí. Ní fheicim, mar shampla, go mbeidh córas iompair ann do mhuintir tuaithe na hÉireann atá ag streachailt faoi láthair. Ní fheicim go mbeidh na hinfheisteoirí príobháideacha seo ag infheistiú i seirbhísí poiblí.

Do bhí reachtaíocht ann an uair dheireanach a bheadh ag cur leis an ngeilleagar sóisialta agus a bheadh ag cur airgead ar fáil do chomharchumainn; agus nílim róchinnte – mar níl na fíricí faighte agam agus aon uair a lorgaím na fíricí seo, ní gheibhim iad.

Níor chóir dúinn a bheith ag cur aon airgead i dtreo fórsaí míleata, táimid glan i gcoinne é sin. Agus mar sin, cé go bhfuil infheistíocht tábhachtach, agus táimid ar fad aontaithe air sin, braitheann sé ar cá bhfuil an dua chun an infheistíocht sin a dhéanamh agus is insan earnáil phoiblí ba chóir go mbeadh sé ag imeacht.

 
An nuashonrú is déanaí: 15 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil