Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Díospóireachtaí
Déardaoin, 18 Aibreán 2019 - Strasbourg Eagrán athbhreithnithe

Cameroon
MPphoto
 

  Seán Kelly (PPE). – A Uachtaráin, is drochscéal an méid atá ag tarlú i gCamarún le déanaí, go háirithe a mhéid a bhaineann le cearta an duine agus, i gcás lucht an fhreasúra, go bhfuil siad á gcaitheamh isteach i bpríosún gan chúis - go háirithe, an ceannaire Maurice Kamto. Dá bhrí sin, is léir go bhfuil na fórsaí slándála ag dul i gcoinne a ndaoine féin. Tá a lán díobh tar éis a bheith díbeartha as a n-áit dúchais agus caite timpeall Camarún ar fad — suas le leathmhilliún díobh — agus tá 30,000 tar éis teitheadh chuig an Nigéir.

Dá bhrí sin, is ceart go gcuirfimis brú ar na húdaráis i gCamarún: ar dtús, chun Maurice Kamto agus a chomhghleacaithe a shaoradh; ansin, chun daonlathas a bhunú sa tír, agus go háirithe, chun go mbeadh meáin agus preas saor agus neamhspléach ann. Murach san, ní féidir mórán dul chun cinn a dhéanamh.

 
An nuashonrú is déanaí: 8 Iúil 2019Fógra dlíthiúil