Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Díospóireachtaí
Déardaoin, 28 Samhain 2019 - Strasbourg Eagrán sealadach

Situation of freedoms in Algeria
MPphoto
 

  Seán Kelly (PPE). – A Uachtaráin, is comharsa linn í an Ailgéir agus is ceart go mbeadh caidreamh maith againn léi, mar a bhíonn againn de ghnáth. Ach ag an am céanna, caithfidh imní a bheith orainn faoi cad atá ag tarlú ann le déanaí, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na heaglaisí.

Tá sé sin tábhachtach domsa agus do mo ghrúpa féin, mar is Críostaithe Daonlathacha sinne agus caithfimid seasamh do na Críostaithe agus na heaglaisí i gcoitinne timpeall an domhain. Agus níl aon chiall in aon chor leis an bhfíoras go bhfuil na heaglaisí á ndúnadh anois san Ailgéir agus géarchéim agus míchothromaíocht á mbronnadh orthu.

Dá bhrí sin caithfimid brú a chur orthu é sin a chosc mar - cad a dhéanann na heaglaisí? Níl siad ann ach chun grá agus cothromaíocht a chur chun cinn sa tír. Freisin, níl aon chiall leis an bhfíoras nach bhfuil cead ag daoine saoirse a bheith acu, go háirithe sna meáin, nó ag saoránaigh i gcoitinne agus ba chóir freisin go gcuirfimis brú orthu toghcháin shaora a bheith acu sa tír.

 
An nuashonrú is déanaí: 24 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil