Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
Ceisteanna Parlaiminteacha
PDF 107kWORD 20k
26 Meán Fómhair 2018
E-004835/2018

Ceist i gcomhair freagra scríofa E-004835/2018

ar an gCoimisiún

Riail 130

Ramon Tremosa i Balcells (ALDE), Ana Gomes (S&D), Mark Demesmaeker (ECR), Josep-Maria Terricabras (Verts/ALE), Jordi Solé (Verts/ALE), Izaskun Bilbao Barandica (ALDE), Ivo Vajgl (ALDE), Ana Miranda (Verts/ALE), Lynn Boylan (GUE/NGL), Matt Carthy (GUE/NGL), Bart Staes (Verts/ALE), António Marinho e Pinto (ALDE), Liadh Ní Riada (GUE/NGL), Martina Anderson (GUE/NGL) agus Maria Lidia Senra Rodríguez (GUE/NGL)


  Ábhar:              Sárú neamhspleáchas na mbreithiúna sa Spáinn agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha - sárú Airteagal 6 agus Airteagail 47-49 de Chairt AE agus Threoir 2016/343

Rinneadh sceitheadh ar mhalartuithe ríomhphoist idir breithiúna sa Spáinn agus nochtadh ann gur úsáid siad teanga mar ‘éigneoirí’, ‘bastaird’, ‘míolra’, ‘frídíní’ agus ‘Naitsithe’ agus iad ag déanamh tagairt do ghluaiseacht neamhspleáchais na Catalóine.[1][2][3][4][5][6][7][8]

Tá na tuairimí seo ina sárú tromchúiseach ar phrionsabail an smachta reachta agus ar neamhspleáchas na mbreithiúna, rud a sháraíonn Airteagal 47 de Chairt AE um Chearta Bunúsacha.

Is é an Coimisiún caomhnóir na gconarthaí agus tá sé beartaithe aige faoi láthair cinntí a ghlacadh faoi Airteagal 7(1) maidir leis an Ungáir agus leis an bPolainn, ina luaitear go bhfuil ‘an Coimisiún Eorpach ag gníomhú chun an smacht reachta a chosaint san Eoraip’.[9]

Tá rialacha AE ann chun a áirithiú go ndéantar cearta bunúsacha na n-amhrastach a chosaint. Cosnaíonn Airteagal 6 den Chairt an ceart chun saoirse agus slándála, agus le hAirteagal 47-49 cosnaítear an ceart chun trialach córa, toimhde na neamhchiontachta, cearta na cosanta agus prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta. Ón 1 Aibreán 2018 i leith, le rialacha nua tá neartú tagtha ar an gceart chun trialach córa agus toimhde na neamhchiontachta (Treoir 2016/343).[10]

1.              An gcuirfidh an Coimisiún imscrúdú ar bun maidir leis na himthosca réamhluaite?

2.              An féidir leis an gCoimisiún a mhíniú conas atá na malartuithe sin idir breithiúna na Spáinne comhoiriúnach le neamhspleáchas na mbreithiúna agus urraim don smacht reachta sa Spáinn?

3.              Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/343, an ráthaítear neamhchlaontacht i dtrialacha pholaiteoirí na Catalóine agus cheannairí na sochaí sibhialta faoi chóras dlí na Spáinne?

[1]               https://twitter.com/AamerAnwar/status/1042518802800488448

[2]               https://www.lavanguardia.com/politica/20180920/451928218727/correos-filtrados-jueces-cataluna-independentismo-nazismo-golpistas.html

[3]               https://elmon.cat/politica/por-ellos-judicial

[4]               https://www.vilaweb.cat/noticies/escandol-revelen-desenes-de-correus-de-jutges-espanyols-insultant-lindependentisme/

[5]               https://www.eldiario.es/catalunya/politica/jueces-Catalunya-golpistas_0_816118687.html

[6]               https://www.elperiodico.com/es/politica/20180920/mensajes-chat-jueces-antes-despues-referendum-1-o-7044029

[7]               https://www.huffingtonpost.es/2018/09/19/los-mails-de-los-jueces-durante-el-proces-hablan-de-golpe-de-estado-y-sediciosos_a_23533025/

[8]               https://www.naciodigital.cat/noticia/163192/missatges/dels/jutges/contra/proc/amb/colpistes/ni/es/negocia/ni/es/dialoga

[9]               http://europa.eu/rapid/press-release_IP-18-4987_en.htm

[10]               https://eur-lex.europa.eu/content/news/EU-new-rules-right-to-presumption-of-innocence-right-to-presence-at-trial.html

Teanga bhunaidh na ceiste: EN
An nuashonrú is déanaí: 9 Deireadh Fómhair 2018Fógra dlíthiúil