Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
Ceisteanna Parlaiminteacha
PDF 97kWORD 19k
28 Meán Fómhair 2018
E-004990/2018

Ceist i gcomhair freagra scríofa E-004990/2018

ar an gCoimisiún

Riail 130

Martina Anderson (GUE/NGL) agus Liadh Ní Riada (GUE/NGL)


  Ábhar:              Cearta teanga comharthaíochta

Trí úsáid a bhaint as sampla Pharlaimint na hÍoslainne, a d’fhormheas bille an 27 Bealtaine 2011 d’aon toil, lena n-aithnítear Teanga Chomharthaíochta na hÍoslainnise mar theanga mhionlaigh oifigiúil lena ngabhann cearta bunreachtúla agus mar phríomhtheanga do bhodhair na hÍoslainne:

An nglacann an Coimisiún leis gur cheart do Bhallstáit uile AE an stádas agus an t-aitheantas dlíthiúil céanna a thabhairt don teanga chomharthaíochta, ag aithint go gciallaíonn sé sin níos mó cosaint dhlíthiúil agus ceart, i dteannta rochtain níos fearr ar sheirbhísí poiblí, lena n-áirítear cúram sláinte agus oideachas?

Mar aitheantas ar an gcur chuige neamh-idirdhealaitheach i leith teanga chomharthaíochta nádúrtha a úsáid, mar a cheanglaítear faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD), agus ar rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain maidir le teangacha comharthaíochta agus ateangairí gairmiúla comharthaíochta[1]:

An nglacann an Coimisiún leis nach dtugann aitheantas siombalach amháin aon ráthaíocht d’úsáideoirí teanga maidir le cosaint dhlíthiúil nó bhunreachtúil agus, dá bhrí sin, gur cheart teangacha comharthaíochta ní hamháin a aithint ach, ag an am céanna, gur cheart tacaíocht a thabhairt dóibh, ní hamháin mar chomhréiteach ach mar mheán cumarsáide oifigiúil na bpobal teanga?

[1]               IO C 224, 27.6.2018, lch. 68.

Teanga bhunaidh na ceiste: EN
An nuashonrú is déanaí: 11 Deireadh Fómhair 2018Fógra dlíthiúil