Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
Ceisteanna Parlaiminteacha
PDF 95kWORD 18k
20 Samhain 2018
E-005838/2018

Ceist i gcomhair freagra scríofa E-005838/2018

ar an gCoimisiún

Riail 130

Liadh Ní Riada (GUE/NGL)


  Ábhar:              Cúiteamh d'úinéirí soithí iascaireachta a deimhníodh go míchruinn go raibh siad daingean sular ceannaíodh iad

 Freagra i scríbhinn 

An bhféadfadh an Coimisiún a dheimhniú an féidir le Ballstát úsáid a bhaint as an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), as Státchabhair nó as aon chlár eile mar chabhair nó mar chúiteamh d’úinéir soithigh iascaireachta a cheannaigh soitheach iascaireachta idir 15 agus 24 mhéadar ar fad, i mBallstát eile, a raibh deimhniú oifigiúil ón úinéir ag gabháil leis inar cuireadh in iúl, go míchruinn, go raibh an soitheach daingean?

An bhféadfadh an Coimisiún a shoiléiriú ar cheart ceannaitheoir an tsoithigh a chúiteamh, tar éis dó a fháil amach nach bhfuil sé sábháilte de dheasca fabht sa dearadh nó locht folaithe, in ainneoin an mhéid a cuireadh in iúl sa deimhniú maidir le daingne, chun gur féidir leis athruithe a dhéanamh ar an soitheach chun go mbeidh sé sábháilte agus daingean don chriú agus do ghníomhaíochtaí iascaireachta?

Teanga bhunaidh na ceiste: EN
An nuashonrú is déanaí: 4 Nollaig 2018Fógra dlíthiúil