• EN - English
  • GA - Gaeilge
Ceist pharlaiminteach - E-000375/2019Ceist pharlaiminteach
E-000375/2019

Rialtas na hÉireann agus Apple Inc.

Ceist i gcomhair freagra scríofa E-000375-19
ar an gCoimisiún
Riail 130
Liadh Ní Riada (GUE/NGL)

An féidir leis an gCoimisiún a rá cén uair a bhfuil súil aige go ndéanfar an breithiúnas críochnaitheach ar an achomharc ó Rialtas na hÉireann agus Apple Inc. i gcoinne chinneadh an Choimisiúin go ndéanfaí ‘sochair chánach nach raibh dlite’ a aisíoc le cáiníocóirí na hÉireann.

An féidir leis an gCoimisiún meastachán a thabhairt ar na costais a bhaineann le cuntas eascró a chur ar bun i mbanc sa Ríocht Aontaithe chun na cistí a choimeád idir an dá linn agus a rá cé atá freagrach as na costais sin a íoc?

An féidir leis an gCoimisiún faisnéis a chur ar fáil freisin maidir le cé a bhainfidh tairbhe as an ús a fhabhrófar ar an EUR 14.3 billiún a bheidh á choimeád sa chuntas sin agus cé mhéad a bheidh i gceist leis an ús sin?

An nuashonrú is déanaí: 2 Aibreán 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais