Nós Imeachta : 2017/2843(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : O-000061/2017

Téacsanna arna gcur síos :

O-000061/2017 (B8-0325/2017)

Díospóireachtaí :

PV 11/09/2017 - 16
PV 14/09/2017 - 12.1
CRE 14/09/2017 - 12.1

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :


Ceisteanna Parlaiminteacha
PDF 93kWORD 16k
6 Iúil 2017
O-000061/2017
Trasnáil mhór i gcomhair freagra i scríbhinn maille le díospóireacht O-000061/2017
ar an gCoimisiún
Rule 130b
Beatrix von Storch, Robert Jarosław Iwaszkiewicz, thar ceann an Ghrúpa EFDD

 Ábhar: Trasnáil mhór - Deireadh a chur le UNRWA
 Freagra sa suí iomlánach 

Is gníomhaireacht uathúil de chuid na Náisiún Aontaithe í Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA). Fostaítear 30,000 duine inti, ar dhaoine áitiúla beagnach gach aon duine acu, agus tá líon an-bheag fostaithe idirnáisiúnta inti. Is cosúil go bhfuil easpa maoirseachta ann i leith a cuid cuntasaíochta agus gníomhaíochtaí, mar tá difríocht shuntasach ann idir í agus gníomhaireachtaí eile de chuid na Náisiún Aontaithe ó thaobh an rialachais inmheánaigh de. Mar sin féin, tugann AE tacaíocht airgeadais ollmhór, chomh maith le cineálacha eile tacaíochta, don ghníomhaireacht sin. Is cúis imní é seo, mar tá teipthe ar UNRWA fanacht amach ó ghníomhartha áirithe sceimhlitheoireachta. Thairis sin, tuairiscíodh go bhfuil fostaithe áirithe de chuid UNRWA rannpháirteach go gníomhach i ngríosú gníomhartha sceimhlitheoireachta, fiú iad siúd atá ag obair mar mhúinteoirí.

1. Cé mhéad maoinithe a chuir AE ar fáil do UNRWA ó 1998 (liostaigh de réir bliana, le bhur dtoil)? Ós rud é go bhfuil líon áirithe tuarascálacha tagtha chun solais a luann ardleibhéal éillithe agus caiteachas éagórach i measc na ndaoine a bhfuil baint acu le UNRWA, an bhfuil imní dá laghad ar an gCoimisiún faoi úsáid iomchuí na gcistí sin?

2. An bhfuil an Coimisiún ar an eolas gur baineadh úsáid as foirgnimh UNRWA chun tearmann a thabhairt do sceimhlitheoirí agus chun airm, amhail gunnaí agus roicéid, a stóráil?

3. An dtacódh an Coimisiún le cumasc UNRWA le príomhchomhlacht na Náisiún Aontaithe a chuireann cúnamh agus cabhair ar fáil do dhídeanaithe, i.e. Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), mar shampla, trí dhiúltú do shainordú UNRWA a athnuachan?

Teanga bhunaidh na ceiste: EN
Fógra dlíthiúil