Ceist pharlaiminteach - O-000082/2017Ceist pharlaiminteach
O-000082/2017

Toirmeasc na Rúise - Earnáil torthaí agus glasraí AE

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000082/2017
ar an gCoimisiún
Rule 128
Czesław Adam Siekierski, , thar ceann An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe

Nós Imeachta : 2017/2950(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000082/2017
Téacsanna arna gcur síos :
O-000082/2017 (B8-0610/2017)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Tá toirmeasc allmhairithe na Rúise tar éis mórmhargadh onnmhairithe a cheilt ar tháirgeoirí torthaí agus glasraí na hEorpa agus níl amhras ar bith ach go mbeidh impleachtaí móra ag fadú an toirmisc sin go dtí an 31 Nollaig 2018 ar an earnáil seo in AE.

Don tríú bliain, bhí sé seo ina chúis le caillteanais shuntasacha do tháirgeoirí AE nach bhfuil aon bhaint acu leis an gcoinbhleacht san Úcráin. Ós rud é go bhfuil luaineacht leanúnach sna margaí talmhaíochta, tá toirmeasc na Rúise tar éis staid na dtáirgeoirí talmhaíochta in AE a dhéanamh níos measa fós.

Ós rud é nach indéanta sa ghearr/mheántéarma margaí nua eile a oscailt d’earnáil torthaí agus glasraí AE atá inchomparáide le margadh na Rúise, go háirithe i ngeall ar bhacainní neamhthairife ar an trádáil, tá gá le réiteach inbhuanaithe a mhairfidh go dtí go gcuirfear deireadh iomlán le toirmeasc allmhairithe na Rúise.

1. I bhfianaise a bhfuil luaite anseo thuas, an bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aon ghníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun tacú le táirgeoirí agus onnmhairitheoirí torthaí agus glasraí na hEorpa? Má tá, cad iad na bearta sonracha agus inbhuanaithe atá á mbreithniú aige?

2. Níor cheart táirgeoirí torthaí agus glasraí na hEorpa a fhágáil ar a gconlán féin. Cad a dhéanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle dá bhrí sin chun todhchaí tháirgeoirí agus onnmhairitheoirí torthaí agus glasraí na hEorpa a áirithiú?

3. Cad a dhéanfaidh an Coimisiún chun caillteanais na bhfeirmeoirí, mar thoradh ar thoirmeasc na Rúise, a fhritháireamh? An bhfoilseoidh an Coimisiún staidéar maidir lena éifeachtúla atá athstiúradh chuig margaí eile agus maidir le héabhlú tháirgeacht, dáileadh agus éileamh talmhaíochta AE ó tugadh isteach toirmeasc na Rúise, agus scrúdú ar leith á dhéanamh sa staidéar sin ar chás na dtáirgeoirí beaga agus ar an tionchar ar tháirgeoirí beaga?