Nós Imeachta : 2018/2552(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : O-000015/2018

Téacsanna arna gcur síos :

O-000015/2018 (B8-0013/2018)

Díospóireachtaí :

PV 18/04/2018 - 25
CRE 18/04/2018 - 25

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :


Ceisteanna Parlaiminteacha
PDF 98kWORD 17k
6 Feabhra 2018
O-000015/2018
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000015/2018
chuig an gComhairle
Rule 128
Pavel Svoboda, thar ceann An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla

 Ábhar: Faisnéis faoi cháin ioncaim á nochtadh ag gnóthais agus brainsí áirithe (2016/0107(COD))
 Freagra sa suí iomlánach 

An 4 Iúil 2017, ghlac an Pharlaimint a cinneadh ar an togra maidir le treoir i leith tuairisciú poiblí de réir tíre (Treoir CBCR). Tá sé mar aidhm leis seo trédhearcacht agus grinnscrúdú poiblí a fheabhsú ar cháin ioncaim chorparáide agus freagracht chorparáideach a chothú trí cheanglais maidir le nochtadh a fhorchur i leith cuideachtaí áirithe. Is de bharr an nasc láidir idir an tionscnamh agus tuairisciú corparáideach a chinn an Coimisiún leasú a dhéanamh ar an Treoir Chuntasaíochta agus Airteagal 50(1) CFAE mar bhunús dlí aige. Aontaíonn cinneadh na Parlaiminte, atá bunaithe ar thuairim an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla an 12 Eanáir 2017, le rogha an Choimisiúin maidir le bunús dlí.

Lena cinneadh, thug an Pharlaimint sainordú chun tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an gComhairle d’fhonn an treoir a ghlacadh. Níor tháinig an Chomhairle ar aon chur chuige ginearálta fós, áfach, agus dealraíonn sé go gceistíonn cuid de na Ballstáit an bunús dlí atá beartaithe, agus iad ag moladh go mbaineann an togra le ‘forálacha fioscacha’ agus dá bharr sin gur cheart go mbeadh sé bunaithe ar Airteagal 115 CFAE.

Faoin gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ní mór don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún tuairimí a mhalartú má mheastar go mbeidh athrú ón ngnáthnós imeachta reachtach i gceist le modhnú ar an mbunús dlí.

Tá an Pharlaimint den tuairim nach bhfuil an togra maidir le treoir CBCR poiblí dírithe ar chomhchuibhiú cánach ná ar chomhar idir na húdaráis chánach a fheabhsú, ná ar oibleagáidí cánach nua a chruthú. Ní fhorchuirtear ach ar fhiontair áirithe an oibleagáid bhreise maidir le tuarascáil ar fhaisnéis cánach ioncaim a fhoilsiú. Dá bhrí sin, is éard atá ann ná dea-rialachas corparáideach.

I bhfianaise gealltanais idirnáisiúnta an Aontais agus an géarghá le trédhearcacht níos fearr maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim chun muinín shaoránaigh as na hinstitiúidí Eorpacha agus as an Aontas a chothú, conas a thugann an Chomhairle údar lena moill agus lena seasamh maidir le bunús dlí an togra, go háirithe ós rud é nach ndéanann sé aon difear do mhéid na gcánacha náisiúnta atá le híoc? Cén réiteach an bhfuil sé ar intinn aici a mholadh? An measann an Chomhairle gur tosaíocht é an comhad seo? Cad é plean na Comhairle chun dul chun cinn a dhéanamh ar an togra tábhachtach seo ionas gur féidir é a ghlacadh i rith an téarma reachtaigh reatha agus faoi Choimisiún Juncker?

Teanga bhunaidh na ceiste: EN
An nuashonrú is déanaí: 19 Feabhra 2018Fógra dlíthiúil