Frith-éilliú
26.2.2018
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000021/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Ingeborg Gräßle, , thar ceann An Coiste um Rialú Buiséadach
Cuireann éilliú isteach ar fheidhmiú AE. Mar sin féin, tá difríochtaí móra idir na Ballstáit. Tugann roinnt figiúirí le fios gurb ionann costas an éillithe agus EUR 120 billiún sa bhliain, agus léiríonn figiúirí eile go bhféadfadh sé a bheith chomh hard le EUR 900 billiún. In 2011, agus an fhadhb á hadmháil aige, smaoinigh an Coimisiún ar phacáiste frith-éillithe ina raibh tacar beart chun an t-éilliú a chomhrac, lenar áiríodh tuarascáil frith-éillithe AE lena rinneadh measúnú comparáideach inchreidte a chur ar fáil do shaoránaigh na hEorpa maidir leis an éilliú (gan institiúidí AE a chur san áireamh). Sainaithníodh sa tuarascáil bearta chun na Ballstáit a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar an éilliú ar bhonn níos éifeachtaí. D’aithin an Coimisiún gurb é leas comhchoiteann an Aontais é chun a áirithiú go bhfuil beartais frith-éillithe éifeachtúla ag na Ballstáit uile. Dá bhrí sin, rinneadh iarracht leis an tuarascáil caighdeáin arda frith-éillithe a chur chun cinn trí aird a tharraingt ar laigí agus moltaí a eisiúint. Foráladh sa phacáiste rannpháirtíocht AE sa Ghrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GSE). Anois, sé bliana níos déanaí, tá an scéal ag dul in olcas: chuir an Coimisiún deireadh iomlán leis an tuarascáil in ainneoin an ráitis ón gCoimisinéir Timmermans i nDeireadh Fómhair 2016, níl aon dul chun cinn á dhéanamh i gcaibidlíocht GSE, agus níl a dhualgais á gcomhlíonadh ag AE faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (UNCAC).
1. Cad ba chúis leis an deireadh a cuireadh le tuarascáil frith-éillithe AE, agus cén fáth nár chuir an Coimisiún an dara tuarascáil i láthair agus é ullmhaithe cheana féin?
2. Toisc nach roghanna malartacha iad tuarascáil frith-éillithe AE agus moltaí an tSeimeastair Eorpaigh, agus gurb é fírinne an scéil é go bhféadfaidís cur lena chéile, cén chaoi a bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún cur le moltaí an tSeimeastair chun dul i ngleic leis na gnéithe eile den éilliú?
3. Cén chaoi a bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil institiúidí AE saor ó éilliú de gach aon sórt? Cathain a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ar a chomhlíonadh féin le UNCAC?