Ceist pharlaiminteach - O-000026/2018Ceist pharlaiminteach
O-000026/2018

Freagracht shóisialta chorparáideach

1.3.2018

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000026/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Alberto Cirio, Sergio Gaetano Cofferati, Daniele Viotti, Elisabetta Gardini, Patrizia Toia, Laura Agea, Matteo Salvini, Barbara Spinelli, Lorenzo Cesa, Raffaele Fitto, Massimiliano Salini, Dario Tamburrano, Isabella Adinolfi, Marco Affronte, Daniela Aiuto, Tiziana Beghin, Brando Benifei, Goffredo Maria Bettini, Mara Bizzotto, Simona Bonafè, Mario Borghezio, David Borrelli, Mercedes Bresso, Renata Briano, Nicola Caputo, Fabio Massimo Castaldo, Salvatore Cicu, Angelo Ciocca, Lara Comi, Ignazio Corrao, Silvia Costa, Andrea Cozzolino, Rosa D'Amato, Nicola Danti, Paolo De Castro, Isabella De Monte, Eleonora Evi, Laura Ferrara, Lorenzo Fontana, Eleonora Forenza, Enrico Gasbarra, Elena Gentile, Michela Giuffrida, Roberto Gualtieri, Cécile Kashetu Kyenge, Giovanni La Via, Curzio Maltese, Barbara Matera, Stefano Maullu, Luigi Morgano, Alessia Maria Mosca, Alessandra Mussolini, Pier Antonio Panzeri, Massimo Paolucci, Aldo Patriciello, Piernicola Pedicini, Pina Picierno, Salvatore Domenico Pogliese, David-Maria Sassoli, Elly Schlein, Remo Sernagiotto, Renato Soru, Marco Valli, Marco Zanni, Flavio Zanonato, Damiano Zoffoli, Marco Zullo

Tá ceisteanna polaitiúla níos leithne ag eascairt as cás chuideachta Embraco, atá chun 497 fostaí a bhriseadh as a bpost ionas gur féidir léi táirgeadh a aistriú ón monarcha (neamhghníomhach) in Riva di Chieri na hIodáile go Ballstát eile. Tá an táirgeadh á aistriú ionas nach mbeidh ar an gcuideachta ach an méid is lú a íoc ó thaobh tuarastal agus cánach de. Is dumpáil shóisialta í seo i bhfabhar Ballstát ina bhfuil leibhéil tuarastal níos ísle; is dumpáil chánach í a mhéid a bhaineann le Ballstáit ina bhfuil rátaí níos ísle; iompar náireach atá ann, óir is gá feabhas a chur ar acmhainní daonna seachas iad a chaitheamh i dtraipisí chun méadú ar chorrlaigh atá ard cheana. Ní mór do mhargadh inmheánach an Aontais tacú leis an bhfás i réigiúin uile an Aontais, in áit tacú leis i réigiún amháin ar chostas réigiúin eile.

I bhfianaise a bhfuil thuas, an féidir leis an gCoimisiún:

1. feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a fhíorú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an iomaíocht laghdaithe idir na Ballstáit atá ina cúis le fadhbanna eacnamaíocha agus sóisialta i mórán de réigiúin an Aontais, agus a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil cistí poiblí á n-úsáid chun athlonnú laistigh de AE a spreagadh?

2. a dheimhniú, agus úsáid á baint as gach ionstraim aige chuige sin, nár baineadh mí-úsáid as cistí Aontais i gcás chuideachta Embraco go sonrach?

3. an fhreagracht shóisialta chorparáideach a sheoladh an athuair mar ghné lárnach den bhuiséad chun go bhféadfadh sí a bheith ina ceanglas chun cistí poiblí a fháil agus chun bheith rannpháirteach i dtairiscintí?

4. a mhíniú cé acu atá nó nach bhfuil an t-athlonnú inmheánach laistigh de AE chun pá agus cáin a rianú ag luí leis na Conarthaí?

5. a thabhairt le fios cé acu a chreideann nó nach gcreideann sé, i gcás cuideachtaí atá ag athlonnú laistigh de AE, gur cheart do na cuideachtaí sin rannchuidiú leis an ualach a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d’fhostaithe a bhristear as a bpost chun cabhrú leo teacht ar fhostaíocht amach anseo?

An nuashonrú is déanaí: 6 Márta 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais