Nós Imeachta : 2018/2851(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : O-000072/2018

Téacsanna arna gcur síos :

O-000072/2018 (B8-0401/2018)

Díospóireachtaí :

PV 01/10/2018 - 17
CRE 01/10/2018 - 17

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :


Ceisteanna Parlaiminteacha
PDF 186kWORD 16k
25 Meitheamh 2018
O-000072/2018
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000072/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Malin Björk, thar ceann an Ghrúpa GUE/NGL
Tanja Fajon, thar ceann an Ghrúpa S&D
Petras Auštrevičius, Sophia in 't Veld, Marietje Schaake, thar ceann an Ghrúpa ALDE
Terry Reintke, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE

 Ábhar: Cur chun feidhme Threoirlínte LADTI an Chomhairle, i dtaca le cúrsaí sa tSeisnia
 Freagra sa suí iomlánach 

Is uirlis thábhachtach iad Treoirlínte LADTI an Aontais Eorpaigh sa chomhrac i gcoinne na géarleanúna ar dhaoine LADTI lasmuigh den Aontas, agus i gcur chun cinn chearta an duine, lena n-áirítear cearta daonna daoine LADTI, ar fud an domhain.

I rith na bliana seo caite, rinneadh géarleanúint fhorleathan i roinnt áiteanna ar dhaoine ar measadh gur dhaoine LADT iad, go háirithe sa tSeisnia agus san Asarbaiseáin. I mí Aibreáin 2018, bhí bliain amháin caite ó tuairiscíodh sa nuachtán Rúiseach Novaya Gazeta gur coinníodh 100 fear i bpríosúin neamhoifigiúla ar amhras gur dhaoine LADT iad i Seisnia na Rúise, agus gur fhulaing siad céasadh agus uirísliú millteanach.

Mar sin féin, in ainneoin fianaisí an-láidir ó os cionn 100 íospartach, lena n-áirítear duine amháin a labhair amach go poiblí, ní raibh fiosrúchán neamhspleách agus trédhearcach ann go fóill, cé go leanann údaráis na Seisnia orthu ag spalpadh fuathchaint neamhbhalbh in aghaidh daoine LADT.

– Cad iad na bearta atá déanta ag an gCoimisiún le bliain anuas chun an ghéarchéim leanúnach seo a réiteach?

– Ar bhonn níos sonraithe, cad atá déanta ag an gCoimisiún chun tacú leis an tsochaí shibhialta agus leis an rialtas sa Rúis chun imscrúdú trédhearcach agus neamhspleách a thosú agus tacaíocht agus cúiteamh leormhaith a chur ar fáil do na híospartaigh?

– Cén chaoi a bhfuil urraim do chearta daonna daoine LADTI á áirithiú ag an gCoimisiún, sa Rúis agus in áiteanna eile, i dtaca le Treoirlínte LADTI an Aontais?

Teanga bhunaidh na ceiste: EN
An nuashonrú is déanaí: 27 Meitheamh 2018Fógra dlíthiúil