Ceist pharlaiminteach - O-000091/2018Ceist pharlaiminteach
O-000091/2018

Maoiniú don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT)

31.8.2018

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000091/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Czesław Adam Siekierski, thar ceann An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe

I bhfianaise gur cháin formhór mór na mBallstát na ciorruithe ar bhuiséad CBT i gcomhthéacs chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) an Choimisiúin, chuir an Pharlaimint i dtreis gur cheart go mbeadh talmhaíocht agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch ár bhfeirmeacha ina bpríomhthosaíochtaí do AE agus go leanfaidís de bheith ina bpríomhthosaíochtaí dó.

Tá soláthar slán intíre bia, ar féidir brath air, ina ghné riachtanach de shlándáil aon limistéir gheografaigh, agus is gá don Aontas CBT atá maoinithe go leormhaith a chothabháil chun slándáil bia a chríche a áirithiú agus chun inmharthanacht na feirmeoireachta Eorpaí a choimirciú. Ar an gcaoi sin rachaidh sé i ngleic leis na hionchais arda ó thaobh na talmhaíochta de, agus leis na bagairtí aimsire agus fíteashláintíochta, chomh maith le luaineacht na margaí domhanda.

Cheana féin tá feirmeoirí thíos le trádbhac na Rúise agus leis an gcoinbhleacht trádála leis na Stáit Aontaithe; níor cheart go mbeadh orthusan costais a sheasamh, ar costais iad a eascraíonn ó roghanna polaitiúla amhail Brexit, agus ó thosaíochtaí nua Eorpacha amhail imirce agus slándáil.

Dá bhrí sin, iarraimid ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an buiséad beartaithe CBT a mhéadú agus é a thabhairt ar ais chuig an leibhéal reatha AE-27, agus iarraimid go gcoinneofaí an buiséad sin i bhfíorthéarmaí le linn na chéad tréimhse CAI eile chun a áirithiú go mbeidh maoiniú cuí ann chun freastal ar chuspóirí CBT agus chun aon athnáisiúnú a sheachaint amach anseo.

Gan maoiniú imleor, conas is féidir linn a áirithiú go leanfaidh CBT ag soláthar cobhsaíochta d’fheirmeoirí agus ag soláthar bia ag praghsanna réasúnta chun leasa gach saoránach Eorpach, mar a cheanglaítear lenár gconarthaí?

An nuashonrú is déanaí: 5 Meán Fómhair 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais