Éigeandáil dhaonnúil sa Mheánmhuir: tacú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha
6.9.2018
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000097/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Ska Keller, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE
In éagmais dlúthpháirtíocht níos mó i measc na mBallstát i dtaca le bainistiú a dhéanamh ar imirce iarrthóirí tearmainn agus glacadh a chur ar fáil dóibh, lena n-áirítear trí chóras Bhaile Átha Cliath a fheidhmíonn, tá géarchéim bheartais ann ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta, ina bhfágtar údaráis áitiúla agus réigiúnacha (LRAnna) gan ach acmhainn agus treoir theoranta i ndáil le glacadh agus tacú le himircigh agus dídeanaithe. Cé go bhfuil dlúthpháirtíocht mhór léirithe ag mórán LRAnna i dtaca le fáiltiú le rochtain ar sheirbhísí amhail tithíocht, cúram sláinte agus oideachas agus an rochtain sin a áirithiú, agus le lánpháirtiú fadtéarmach imirceach agus dídeanaithe atá ina gcónaí ar an gcríoch áitiúil a chumasú agus a chur chun cinn, go minic ní thacaítear lena n-iarrachtaí ar an leibhéal náisiúnta le maoiniú leordhóthanach agus le creataí dlíthiúla.
I bhfianaise a bhfuil thuas, an measfadh an Coimisiún go bhfuil gá leis na nithe seo a leanas:
1. Dícheall a dhéanamh, ar leibhéal an Aontais, chun dlúthpháirtíocht níos mó agus comhordú níos éifeachtaí a bhaint amach i measc na mBallstát, lena n-áirítear trí athchóiriú ar chóras Bhaile Átha Cliath de réir mar a leagtar amach i dtuarascáil Pharlaimint na hEorpa maidir leis an tsaincheist sin?
2. Tiomantas fadtéarmach a chur ar fáil – ó rialtais náisiúnta agus ón Aontas – i dtaca le maoiniú díreach a mhéadú do chathracha agus do réigiúin trí rochtain dhíreach ar mhaoiniú ábhartha CAI do LRAnna a dheonú, go háirithe i bhfianaise phríomhról LRAnna i nglacadh iarrthóirí tearmainn a áirithiú, chomh maith le rochtain ar sheirbhísí agus lánpháirtiú fadtéarmach i bpobail óstacha?
3. Ardán a chur ar bun do LRAnna chun tarraingt suas agus comhroinnt a dhéanamh maidir lena bpleananna teagmhasacha faoi seach le haghaidh glacadh iarrthóirí tearmainn agus rochtain ar sheirbhísí amhail oideachas do leanaí i scoileanna áitiúla agus rochtain ar chúram sláinte agus tithíocht?
4. Creat dlíthiúil ar leith a fhorbairt chun tionscnaimh agus gníomhaíochtaí LRAnna a éascú i dtaca le fáiltiú roimh dhídeanaithe agus imircigh, agus chun dul i gcomhairle le leibhéil áitiúla agus réigiúnacha rialtais agus an creat dlíthiúil agus riaracháin thuasluaite á fhorbairt agus iad a dhéanamh rannpháirteach sna bearta arna nglacadh i ndáil lena gcríocha?
5. Beartais sholúbtha um imirce lucht oibre a chur ar bun chun a áirithiú gur féidir le cuideachtaí agus fostóirí rochtain a fháil ar na hacmhainní daonna atá de dhíth orthu, chun próisis chomhtháthaithe luatha a éascú agus chun rannpháirtíocht náisiúnach seachtrach i ngnóthaí na n-údarás áitiúil a chothú a luaithe a bheidh a stádas cónaithe soiléirithe, tríd an bPrótacal breise a ghabhann leis an gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil (CETS Uimh. 207) a shíniú agus a dhaingniú?