Ceist pharlaiminteach - O-000104/2018Ceist pharlaiminteach
O-000104/2018

Ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i dtaca le himirce a bhainistiú

19.9.2018

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000104/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Cecilia Wikström, Sophia in 't Veld, Nathalie Griesbeck, Louis Michel, Maite Pagazaurtundúa Ruiz, Morten Helveg Petersen, Gérard Deprez, thar ceann an Ghrúpa ALDE

In éagmais dlúthpháirtíocht níos mó i measc Bhallstáit AE i dtaca le bainistiú a dhéanamh ar imirce agus glacadh a sholáthar d’iarrthóirí tearmainn, lena n-áirítear trí chóras Bhaile Átha Cliath a fheidhmíonn, tá géarchéim bheartais ann ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta, ina bhfágtar údaráis áitiúla agus réigiúnacha (UARnna) gan ach acmhainn agus treoir theoranta i ndáil le glacadh agus tacú le himircigh agus dídeanaithe. Cé go bhfuil dlúthpháirtíocht mhór léirithe ag mórán UARnna i dtaca le fáiltiú agus i dtaca le rochtain ar sheirbhísí amhail tithíocht, cúram sláinte, agus oideachas a áirithiú, agus le lánpháirtiú fadtéarmach imirceach agus dídeanaithe atá ina gcónaí ar an gcríoch áitiúil a chumasú agus a chur chun cinn, go minic ní thacaítear lena n-iarrachtaí ar an leibhéal náisiúnta le maoiniú leordhóthanach agus le creataí dlíthiúla.

I bhfianaise a bhfuil thuas, an measfadh an Coimisiún go bhfuil gá leis na nithe seo a leanas:

1. Dícheall a dhéanamh, ar leibhéal an Aontais, chun dlúthpháirtíocht níos mó agus comhordú níos éifeachtaí a bhaint amach i measc na mBallstát, lena n-áirítear trí athchóiriú ar chóras Bhaile Átha Cliath agus coinníollacha glactha a chur ar fáil de réir mar a leagtar amach i dtuarascálacha Pharlaimint na hEorpa maidir leis an tsaincheist sin?

2. Tiomantas fadtéarmach a chur ar fáil – ó rialtais náisiúnta agus ón Aontas Eorpach – i dtaca le maoiniú díreach a mhéadú do chathracha agus do réigiúin trí rochtain dhíreach ar mhaoiniú ábhartha CAI d’UARnna a dheonú, go háirithe i bhfianaise phríomhról UARnna i nglacadh iarrthóirí tearmainn a áirithiú, chomh maith le rochtain ar sheirbhísí agus lánpháirtiú fadtéarmach i bpobail óstacha?

3. Ardán a chur ar bun d’UARnna chun a bpleananna teagmhasacha faoi seach le haghaidh glacadh iarrthóirí tearmainn agus rochtain ar sheirbhísí amhail oideachas do leanaí i scoileanna áitiúla agus rochtain ar chúram sláinte agus tithíochta a tharraingt suas agus a chomhroinnt ar bhonn deonach?

4. Creat dlíthiúil ar leith a fhorbairt chun tionscnaimh agus gníomhaíochtaí UARnna a éascú i dtaca le fáiltiú roimh dhídeanaithe agus imircigh, agus chun dul i gcomhairle le leibhéil áitiúla agus réigiúnacha rialtais agus an creat dlíthiúil agus riaracháin thuasluaite á fhorbairt agus iad a dhéanamh rannpháirteach sna bearta arna nglacadh i ndáil lena gcríocha?

5. Beartais sholúbtha um imirce lucht oibre a chur ar bun chun a áirithiú gur féidir le cuideachtaí agus fostóirí rochtain a fháil ar na hacmhainní daonna atá de dhíth orthu, chun próisis chomhtháthaithe luatha a éascú agus chun rannpháirtíocht náisiúnach seachtrach i ngnóthaí na n-údarás áitiúil a chothú a luaithe a bheidh a stádas cónaithe soiléirithe, tríd an bPrótacal breise a ghabhann leis an gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil (CETS Uimh. 207) a shíniú agus a dhaingniú?

An nuashonrú is déanaí: 21 Meán Fómhair 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais