Ceist pharlaiminteach - O-000017/2019Ceist pharlaiminteach
O-000017/2019

Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach chun geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach

19.2.2019

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000017/2019
ar an gCoimisiún
Rule 128
Christian Ehler, Paul Rübig, Kathleen Van Brempt, Zdzisław Krasnodębski, Fredrick Federley, Benedek Jávor, Neoklis Sylikiotis, Dario Tamburrano, Barbara Kappel
thar ceann An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

An 28 Samhain 2018, thíolaic an Coimisiún a Theachtaireacht dar teideal ‘Pláinéad Glan do Chách’. San fhís fhadtéarmach sin chun geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach, leagtar amach na seacht mbunchloch straitéiseacha is mó, a bhfuil trí cinn díobh ag díriú ar bheartas fuinnimh agus ceann amháin eile ar bheartas tionscail.

Cad iad na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún chun obair leantach chuí ar an Teachtaireacht a áirithiú, agus go háirithe, chun go nglacfadh an tAontas a straitéis fhadtéarmach do lár an chéid i gcomhréir le Comhaontú Pháras?

Cad iad na gníomhaíochtaí atá an Coimisiún ag smaoineamh ar a dhéanamh maidir le beartais fuinnimh, tionsclaíochta, agus taighde agus nuálaíochta faoi chuimsiú na straitéise fadtéarmaí?

Curtha síos: 19.2.2019

Curtha ar aghaidh: 21.2.2019

Spriocam le haghaidh freagra: 28.2.2019

An nuashonrú is déanaí: 27 Feabhra 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais