Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
Ceisteanna Parlaiminteacha
PDF 5kWORD 19k
8 Márta 2018
P-000622/2018(ASW)
Freagra ón gCoimisinéir Vella thar ceann an Choimisiúin
Tagairt na ceiste: P-000622/2018

Níl aon eolas ar fáil don Choimisiún faoi luach eacnamaíoch iomlán na ngabhálacha éisc arna dtógáil i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na hÉireann ón uair a chuaigh Éire isteach san Aontas.

Is éard is féidir leis an gCoimisiún a thabhairt mar eolas ná luach iomlán na ngabhálacha arna dtabhairt i dtír ag cabhlach iascaigh na hÉireann ó bhí 2008 ann, an bhliain a cuireadh an Tuarascáil Eacnamaíoch Bhliantúil do Chabhlach Iascaigh an Aontais i dtoll a chéile den chéad uair.

De réir na Tuarascála Eacnamaíche Bliantúla do 2017(1), EUR 2.35 billiún a bhí sa luach iomlán sin, is é sin EUR 235 mhilliún in aghaidh na bliana ar an meán le linn na tréimhse sin. Is ionann sin agus thart ar 3.5 % de luach iomlán bliantúil na ngabhálacha arna dtabhairt i dtír ag cabhlach iascaigh an Aontais ina iomláine sa tréimhse chéanna.

(1)Tá an tuarascáil le fáil ag: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/reports/economic

An nuashonrú is déanaí: 20 Lúnasa 2018Fógra dlíthiúil